Pages
30.3.10
Uasghrádú suíomh TG4
Athchóiriú agus Uasghrádú ar Shuíomh Gréasáin agus ar Sheinnteoir TG4 don lucht féachana ar-líne
Tabharfaidh cuairteoirí ar-líne TG4 athraithe suntasach faoi deara ar na seirbhísí éagsúla ata ar fail ón suíomh as seo amach mar go bhfuil feabhas suntasach curtha ar TG4 BEO, ar CARTLANN TG4 agus ar an leagan amach atá ar an eolas cuimisitheach scríofa agus físiúil ata ar an Suíomh Gréasáin féin maidir le cláracha, seirbísí agus eolas corparáideach na seirbhíse.
Fágann an feabhas seo go mbeadh caighdeán pictiúir níos fearr ar fáil ag lucht féachana TG4 ar fud an domhain ón Seinnteoir agus go mbeidh sé níos fusa fós ag daoine theacht ar Chartlann clár Gaeilge an chainéil ar feadh míosa tar éis a g craolta.
Deir Máire Geoghegan-Quinn, Coimisinéir an Aontais Eorpaigh ar Thaighde, Nuálaiocht agus Eolaíocht "De bhrí go bhfuil cónaí orm thar lear, bainim leas rialta as Suiomh agus as Seinnteoir TG4 chun coinneáil i dtiúin leis an gcainéal. Is breá liom a thabhairt faoi deara gur pairtíocht idir TG4 agus TeliaSonera (Sualanais) atá sa bhforbairt seo, léiriú iontach ar an mbealach gur féidir le craoltóir ag ceann thiar na hEorpa dul i bpáirt le comhlacht mór Lochlannach chun leasa cultúrtha agus sóisialta a bhaint as teicneaolaiochtaí nua digiteacha.
Deir Peadar Ó Flatharta, Suíomh-Mháistir TG4 “Tá a fhios againn go bhfuil daoine ar fud an domhain ag ceangal le TG4 agus ag brath ar an Idirlíon don chaidreamh sin don bheochraoladh agus don tseirbhís chartlainne. Teastaíonn uainn go mbeadh an tseirbhís agus an pictiúir a chuirimid ar fáil ar an ardán sin ar an gcaighdeán is airde. Roghnaigh muid seirbhís MDS TeliaSonera MDS don chéim forbartha is deireanaí mar gur thuig An comhlacht ár riachtanas agus go raibh cruthaithe aige gur féidir brath air agus go bhfuil meas idirnáisiúnta air. Ba mhaith linn amach anseo go mbeadh forbairtí eile ar fáil uainn ar-líne, ina measc sruthíú idirghníomhach, foitheidealú idirghníomhach agus an cumas ag an lucht féachana a bheith ag comhrá le chéile fad atá siad ag féachaint ar ár gcuid clár.”
Dar le Anna Mossberg, Leas Uachtarán TeliaSonera International “D’oibrigh muid le TG4 ón tús chun an togra seo a dhearadh, a leagan amach agus a fheidhmiú de réir na riachtanas a bhí ann. Is deas linn mar a tháinig gach rud le chéile.”.
Is le TeliaSonera International Carrier an gréasán snáithín optach is mó san Eoraip, an tríú ceann is mó sa domhan agus é ag freastal ar bhreis is 85% de sholáthraithe Idirlín na hEorpa.
25.3.10
An Crisis
Deirtear gur minic an saol ag aithris ar an ealaín ach is ábhar imní a bheadh ann dá mbeadh bua na fáistine ag an sraithdhráma nua greannmhar Gaeilge seo. Díríonn an dráma ar imeachtaí ACT (An Chomhairle Teanga) eagras stáit a bhfuil a bhealaí féin aige chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Tar éis saoirse agus só na mblianta, tá ACT anois ina chíor thuathail ag giorruithe airgeadais an Rialtais, ag iarmhairtí na mbeartas aisteacha a mhaoinigh sé roimhe seo, ag aistiúlacht na ndaoine atá ag obair ann agus ag Aire nua Rialtais a bhfuil a dhearcadh pearsanta féin aige faoin gComhairle.
Is é an t-aisteoir grinn aitheanta Risteárd Cooper (Après Match agus go leor eile; ar dheis!) a ghlacann páirt Setanta De Paor, Stiúrthóir Gníomhach ACT le deich mbliana anuas agus caomhnóir na teanga, más fíor. Tá foireann fostaithe ag ACT ach ba dhoiligh a rá go bhfuil siad ag obair ann, cé is moite den pheata cainteach éinín ar a bhfuil Máirtín Ó Cadhain baistithe mar ainm.
Ar an drochuair, chuaigh Setanta agus an tAire nua-cheaptha ar scoil le chéile ach ní le gean ach le goimh a fhéachann an tAire ar Setanta agus ar a eagras. Teastaíonn ón Aire díoltas a agairt agus is maith a oireann dó go bhfuil srianta daingne le cur ar chaiteachas poiblí.
Is í Caoimhe (Kate Nic Chonaonaigh, - The Clinic, Ros na Rún; ar dheis), an bhean atá curtha isteach san eagras chun mianta an Aire a fheidhmiú. Beidh uirthi a fháil amach cad a bhíonn ar bun ag ACT. Is léir don dall gur ag streachailt leis an gcrosfhocail nuachtáin a chaitheann bainisteoir amháin, Muiris (Donncha Crowley-Rásaí na Gaillimhe, The Clinic, Kings) an lá.
Is suite ag Fáiltiú atá Aoife (Michelle Beamish, Rásaí na Gaillimhe, Seacht, Eden) ag cur fúithi, post breá socair suaimhneach do dhamhsóir atá traochta tar éis a seal le Riverdance.
Ar na haisteoirí eile sa tsraith, tá Norma Sheahan (The Clinic, Ondine & Intermission), Don Wycherley (Rásaí na Gaillimhe, Ondine, Zonad, Garage, Bachelor’s Walk), Barry McGovern (Na Cloigne, The Tudors, The General, The Clinic), Seán T. Ó Meallaigh (Na Cloigne, Rásaí na Gaillimhe, Kings) agus Bríd Ní Neachtain (Dancing at Lughnasa, Cré na Cille).
Is é Antoine Ó Flatharta a scríobh, drámadóir aitheanta bhfuil a shaothar léirithe ar an teilifís agus in amharclanna in Éirinn agus thar lear, ina measc RTÉ, BBC agus WDR.
Is í Martha O’Neill, Wildfire Films (Béarla) a léirigh an tsraith seo do TG4. Is é Charlie McCarthy a stiúraigh (Pure Mule, The Clinic, Legend, On Home Ground, Ros na Rún agus Glenroe.) Fuair an togra seo maoiniú ón scéim Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann. (Béarla)
21.3.10
Domhach fáidhiúil!
I measc na scealta go léir faoin díobháil atá déanta do pháistí óga ag sagairt agus easpaigh bhí scéal amáin a chuir isteach go mór orm.
Ní raibh baint nó páirt ag an eaglais leis an scéal seo, ach tá damáiste déanta do leanbh. Tá duine amháin marbh dá bharr agus tharla gach rud do réir dlí. Ní dlí canónach ach dlí na hÉireann.
Is fiú go mór an scéal le John Waters a léamh duit fhéin. “Drochíde thragóid chlann amháin” (Béarla) san Irish Times ar an Aoine.
Ar maidin bhí thréadlitir an Phápa á léamh i mbeagnach gach paróiste le linn an Aifreann. Ach arís ar ámharaí an tsaoil bhí na léachtaí agus an Soiscéal an oiriúnach. Is fiú iad a athrá anseo dár liom:
Seo as an chéad léacht:
“Ná meabhraígí níos mó na rudaí a tharla,
ná cuimhnigí ar an tseanaimsir.
Féach an nuacht atá á cur i gcrích agam,
tá sí ag gobadh amach, nach léir daoibh é?
Sea, tá mé chun bealach a réiteach san fhásach
agus cosáin san uaigneas
Na hainmhithe allta, tabharfaidh siad glóir dom,
na mic tíre agus na hulchabháin,
beidh mé ag soláthar uisce san fhásach,
aibhneacha sa dúiche fhiáin,
chun tart mo phobail thofa a chosc.
An pobal seo a dhealbhaigh mé dom féin,
déanfaidh siad mo mholadh a aithris!"
Iseáia 43
Agus an Soiscéal:
San am sin chuaigh Íosa go Cnoc na nOlóg. Bhí sé ar an bhfód arís sa Teampall go moch ar maidin, agus tháinig na daoine go léir chuige agus shuigh sé síos agus thosaigh ar iad a theagasc.
Thug na scríobhaithe agus na Fairisínigh bean ar rugadh uirthi in adhaltranas agus chuir siad ina seasamh i lár baill í agus dúirt siad leis: “A mháistir, rugadh ar an mbean seo i gcoir féin an adhaltranais. D’ordaigh Maois dúinn sa dlí bás a imirt ar a leithéidí seo le clocha. Cad deir tú más ea?” Dúirt siad an chaint sin á phromhadh, chun go mbeadh rud éigin acu le cur ina leith. Ach chrom Íosa síos agus thosaigh sé ag scríobh lena mhéar ar an talamh. Ós rud é nach ndeachaigh aon stad orthu ach á cheistiú, d’éirigh sé suas agus dúirt leo:
“An duine agaibh atá gan pheaca,
bíodh sé ar an gcéad duine ag caitheamh clocha léi.”
Agus chrom sé síos arís agus bhí ag scríobh ar antalamh. Arna chlos sin dóibh d’imigh siad leo ina nduine is ina nduine ag tosú leis na seanóirí, agus ag dul síos go dtí deireadh; agus fágadh Íosa ina aonar agus an bhean ina seasamh i lár baill. D’éirigh Íosa suas agus dúirt sé léi:
- “A bhean, cá bhfuil siad? Nár dhaor aon duine thú?”
“Ní dhearna aon duine, a dhuine uasail,” ar sí.
Dúirt Íosa léi: “Ná ní dhaoraimse thú ach oiread. Imigh leat agus ná déan peaca arís as seo amach.”
An éisteann muid leis an luinneog nó véarsa an Aifrinn - briathar Dé ó Ez 33:11:
"'Ní mian liomsa bás an chiontaigh,' a deir an Tiarna, 'ach go n-iompódh sé óna aimhleas féin agus go mairfeadh sé.'" An fiú éisteacht leis!
14.3.10
10.3.10
Rothaíocht go Casablanca
Tá na ceathrar fir chróga seo chun tús a chur leis an aistear i nGaillimh agus chun a mbealach a dhéanamh chomh fada le Corcaigh, bád a fháil go dtí an Fhrainc agus rothú síos thar na Piréiní, trasna cósta ó thuaidh na Spáinne, isteach go dtí an Phortaingéil, agus ansin go Giobráltar agus trasna chuig Maracó i gcomhair an chéim deiridh agus iad ag rothaíocht tríd an fhásach loiscneach chomh fada le Casablanca.
Tá sraith gigeanna eagraithe acu agus iad ag súil €40,000 a bhailiú ar son Oíspís na Gaillimhe. Cuirfear tús leis an sraith “An Club Domhnach” ar Lá na Máithreacha, 14 Márta, i gClub Áras na nGael (Gaillimh) ag tosnú ag 3.00 i.n. Beidh an imeacht seo atá áisiúil do theaghlaigh ag rith ar bhonn sheachtanúil, áit a mbeidh bia, ceol beo, scannáin, biongó rúnda, tráth na gceisteanna agus tráthnóna le aoianna san áireamh.
9.3.10
Seoladh dlúthdhiosca Subhóró
Seolfar an dlúthdhiosca “Subhóró” i gcathair na Gaillimhe ar an Satharn beag seo (13 Márta ón 8.00 i.n ar aghaidh). Beidh sár-cheoltóirí na tíre ag bailiú chun ceiliúradh a dhéanamh ar Subhóró áit a ngealltar go mbeidh oíche den scoth idir ceol agus damhsa. I measc na ceoltóirí ar an oíche beidh Stiophán Mac Suibhne ar an gcairdín, an ceoltóir éirimiúil Louise Devitt ar an bhféadóg mhór agus ná caill amach ar an deis annamh, áilleacht agus binneas na cláirsí a chloisteáil le Úna Ní Fhlannagáin.
Bhí ráchairt mhór ar an dlúthdhiosca dúbailte, Subhóró – Ceol ón Acadamh. Rinneadh brabús €10,000 in imeacht roinnt míosa. Is é Subhóró - Cumann Ealaíon na Ceathrún Rua, Conamara agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a chuir an cnuasach ceoil, filíochta, damhsa agus litríochta béil i dtoll a chéile. Is foireann, mic léinn, agus cairde Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a bhí páirteach sa togra. Bhronn chuile dhuine a ghlac páirt a chuid buanna agus tallann saor in aisce.
Blaiseadh breá de chanúintí an cheoil agus na Gaeilge ó chósta go cósta atá sa dlúthdhiosca. Is é an ceoltóir, an Dr Charlie Lennon, an príomhléiritheoir agus rinneadh an taifeadadh i Stiúideo Cuan, An Spidéal, Co. na Gaillimhe. Tá 40 rian ar fad ar an dá dhlúthdhiosca – beagnach dhá uair an chloig go leith d’ábhar ó Thír Chonaill, ó Cho. Liatroma, ó Cho. na Gaillimhe, ó Cho. an Chláir, ó Chorca Dhuibhne agus ó Rinn Ó gCuanach. Tá éagsúlacht mhór ábhar anseo: sean-nós; ceol; amhráin; filíocht nua-chumtha; agus Gaelcheol tíre Chonamara.
Ar an gCéadaoin 24 Feabhra bhronn baill choiste an dlúthdhiosca Subhóró – Ceol ón Acadamh seic de luach €10,000 ar Gerry Cully ó Fhondúireacht Taighde agus Leighis na Leanaí in Ospidéal Mhuire na Leanaí, (Béarla) Cromghlinn. Bailíodh an t-airgead de thoradh dlúthdhiosca dúbailte a táirgeadh go speisialta agus a seoladh ag Oireachtas na Gaeilge 2009 i Leitir Ceanainn, i gConamara, i Rinn Ó gCuanach agus i gCorca Dhuibhne. Tá an-tóir ar an dlúthdhiosca ó shin.
Tá líon áirithe den dlúthdhiosca Subhóró – Ceol ón Acadamh ar fáil i gcónaí. Tá cóipeanna ar díol in ionaid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua, i gCarna, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Gaoth Dobhair chomh maith le Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge i Sráid Fhearchair agus i siopaí áitiúla i gceantar Chonamara ar luach €20. Tá sé ar fáil freisin ó Chló Iar-Chonnachta.
Rós le piocadh!
Tá cáil bainte amach ag an gcomórtas seo a bhíonn ar siúl gach bliain mar pháirt de Sheachtain na Gaeilge. Tugann siad cuireadh dúinn dul isteach agus a bheith páirteach san oíche spórtúil seo áit a ngealltar go mbeidh neart gáire nuair a chuirfidh fear an tí Diarmuid de Faoite na cailíní áille faoi agallaimh.
Agus ná déan dearmad ar na “escorts” dathúil a bheidh ina gcuideachta. Ar an oíche beidh an tasc deacair ag na moltóirí, Eithne Nic Anraí (Bríd as Ros na Rún), Prionsais Breathnach (Údarás na Gaeltachta) agus láithreoir TG4 Sinéad Ní Loideáin Rós 2010 a roghnú.
Beidh Rós 2009 Barbara Nic Dhonncha, (An Sionnach Ninja, ar dheis) craoltóir i102-104 i láthair chun an teideal a bhronnadh ar Rós na bliana seo. Le neart ceol, craic agus caint, tá an oíche seo fheiliúnach do gach duine.