Cearta teanga sna cúirteanna- pictiúr nua seolta
Táthar tar éis sraith de shean-ghrianghraif an-stairiúil, 130 bliain d’aois, den deichniúr fear ar cuireadh dúnmharuithe Mhám Trasna ina leith a aimsiú agus a fhoilsiú don chéad uair.
Iar oifigeach airm (de chuid na Breataine)
Capt. J.J. Dunne a bhailigh iad. Gortaíodh é san Afraic i gCogadh na Zulu (roimh dhúnmharuithe Mhám Trasna) agus chaith sé an chuid eile dá shaol oibre mar oifigeach príosúin. Bhásaigh sé i 1910. Óna gharmhac (
Lieutenant Col. Armstrong) a fuair
Leabharlann Náisiúnta an hÉireann an bailiúchán agus níl aon amhras faoina bhfoinse stairiúil. Tá na pictiúir á gcur ar fáil go poiblí anseo anois le caoinchead na Leabharlainne Náisiúnta. Ag an leabharlann sin atá na cearta foilsithe.
Cainteoir dúchais Gaeilge a bhí i
Maolra Seoighe a cuireadh chun báis nuair a ciontaíodh é faoi bhaint a bheith aige le dúnmharuithe Mhám Trasna in 1882. Dúirt an staraí iomráiteach
Robert Kee, a básaigh ar an Aoine seo caite, go raibh cás Mhám Trasna i gcoitinne
“ar cheann de na cásanna a ba fhollasaigh d’iomrall ceartais i stair dlí na Breataine.”
|
Maolra Seoighe 1882 |
Tá na pictiúir de Mhaolra Seoighe le feiceáil i Músaem Cathrach an Gaillimhe agus ar an suíomh gréasáin
An Chomisinéir Teanga agus ar suíomh
Mám Trasna 1882 i dteannta leis na pictiúir stairiúla dóibh siúd eile a bhí gafa le cás Mhám Trasna.
Bhronn an Coimisinéir Teanga cóipeanna de na grianghraif stairiúla seo ar Mhéara Chathair na Gaillimhe,
an Comhairleoir Terry O’Flaherty agus ar
Mhéara Chontae na Gaillimhe an Comhairleoir Thomas Welby i Músaem Cathrach na Gaillimhe ar an Mháirt, 15 Eanáir 2013.
Bhí na grianghraif stairiúla seo
“slán sábháilte ach i bhfolach ón bpobal” dar leis an gCoimisinéir Teanga,
Seán Ó Cuirreáin a raibh a Oifig i bpáirt le Músaem Cathrach na Gaillimhe agus Conradh na Gaeilge in eagrú na hócáide chomórtha ar Mhaolra Seoighe agus Mám Trasna an mhí seo caite.
“Cuireann na pictiúir tuilleadh treise le anróiteacha an scéil agus leis na tragóidí phearsanta a bhí i gceist i Mám Trasna” a dúirt sé. Tá cóip tagtha chun solais anois freisin de rolla an phríosúin ina bhfuil mioneolas phearsanta faoin 10 fear a gabhadh i dtaca leis na dúnmharaithe.
Fear as Dúiche Sheoighe,
Padraig Canny, a bhfuil suim aige sa stair áitiúil agus a bhí i láthair ag
ócáid chomórtha na Gaillimhe a thug leide don lucht eagraithe gurbh ann do na pictiúir. Eagraíodh an ócáid, arr ar fhreastal an t
Uachtarán Micheal D. Ó h-Uiginn , le crochadh éagórach Mhaolra Seoighe as Dun Mharuithe, Mham Trasna a thabhairt chun cuimhne agus le h-aird a dhíriú ar cheart teanga sna cúirteanna.