Is uirlis an-mhaol é an dlí áfach agus mar a theaspeáin
Dónal Ó Conaill (agus sa chás seo An Cúirt Uachtarach) dúinn, is féidir cóiste agus ceithre chapaill a rith tré reacht ar bith! Tharais sin an féidir leis an dlí a bheith mícheart?
Is ceart dom a rá ar dtús nach n-aontaíom le breithiúnas na Cúirte Uachtaraí i gcás X a deireann, ina éifeacht, go bhfuil beatha an máthar níos tabhachtaí ná beatha an linbh ina bhruinne. Dár liomsa is duine é an linbh céanna atá faoi choimirce agus le caomhnú ag an máthair, agus ag an athair. Is duine é an leanbh ó neomad a thuismiú is cuma conas a gineadh é. Tagann chuid den tuairim seo ó teagasc na h-eaglise Caitlicí ar ndóigh. Creidim, tharais sin, cé nach bhfuil sé i gcreidimh sonrathach na hEaglaise sin, ach gur léir é i dteagasc Eoin Pól II, nach ceart aon duine a mharú - bíodh sé no sí neamhoirchóideach nó urchóideach! Níl cead ná cumhacht mar sin ag an stáit duine a dhaoradh ná a chuir chun bháis.
Cás na Gaillimhe
Dár liom féin i gcás na Gaillimhe, a thosaigh an díospóireacht seo, ní cabhródh an dlí nua seo atá ar intinn ag an Rialtas leis. Is cosúil, ón méid atá ráite ag a fhear chéile bocht, chuigh a bhean isteach san oispidéal i ndrochchaoi. Dúradh leí nach raibh seans dá laghad go sabháladh a páiste agus go raibh sí chun é a cailiúnt i gcionn tamall gearr. Rud nár thárla mar thóg sé i bhfad níos mó ama nár sin. Is tré "mífhortún leighis" a fágadh í go dtí go raibh sé ró dheireannach. Dár liomsa, agus ní dlíodóir ná saineoilaí leighis mé,(nó fiú diagaire!), ba ceart do na dochtúirí cabhair a thabhairt don máthar an leanbh a thabahiart chun breithe fiú nuair a bhí a chroi fós beo. Dár lioms ní dúnmharú a bheadh i gceist. (Ach táid ann a deireann go mbeadh sé i gcoinne an dlí agus bfhéidir go bhfuil an ceart acu.) Féach leis
"Foirceannadh toirchis nó ginmhilleadh!" (Nollaig 2012)
Ach thár n-ais chuid an dlí nua seo atá á fhógairt ag an Riaitas. Már a dúirt mé tá mé den tuairim go raibh an Chúirt Uachtarach mí ceart ina mbreithiúnas. Is laige b'fhéidir i gcóras daonlathais goyr féidir le cúirteanna a bheith mícheart anois is arís ach i gcás na Cúirte Uachtaraí ní fios dom bealach a chuid breithiúnais a "cheartú!"
Tá sa bille seo iarracht breithiúnas bhunreachtúla na cúirte a chuir i bhfoirm dlí. Níl locht agam ar an rialtas faoi sin. Is léir gur ceart dóibh rud éigin a dhéanamh nuair a deireann an cúirt leo é a dhéanamh, cé go bhfuil an-chuid chásanna eile, cásanna i leith na Gaeilge ina measc, nuair nach ndearnadar rud ar bith. Ach sa cás seo tá siad chun lá a chuir i bhfeidhm a rialaíonn caithin is ceart deireadh a chuir le beatha duine gan breith (agus mar sin neamhoirchóideach).
Deireann Bunreacht na hÉireann:
"Admhaíonn an Stát ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha agus, ag féachaint go cuí do chomhcheart na máthar chun a beatha, ráthaíonn sé gan cur isteach lena dhlíthe ar an gceart sin agus ráthaíonn fós an ceart sin a chosaint is a shuíomh lena dhlíthe sa mhéid gur féidir é. "
Fasach?
Maidir leis an mbille nua seo bhí alt spéisiúil ag an iar-thaoiseach John Bruton faoi seo sna nuachtáin a theaspeáineánann laige eile ann. I gcás bhaoil féin-mharú mar shampla tá an seans ann go bhfuil se ag cruthú fasach (agus bfhéidir fasach áititheach) i gcásanna nach mbaineann le ginmhilleadh ar chor ar bith. Is fiú go mór
an alt (gearr) seo a léamh anseo (Béarla).
Ta ceann acu ráite go gonta i litir a bhí san Irish Times i mBéarla le déanaí:
"Sir, – If potential suicide is considered adequate reason for termination of pregnancy should it be considered adequate reason for termination of debt? – Yours, etc,
PADRAIC NEARY, Tubbercurry, Co Sligo."
(IT 2/5/2013) |
Ar bhealach ní thuigim-se féin, agus ní fheadfdh aon fhear a thuiscint go bunúsach na cásanna seo. Is féidir linn-ne go teoriciúil agus go teibí an cheist seo a phlé. Léas píosa ar line ar maidin a léirigh dom-sa an baol atá ann i mbreithiúnas na cúirte agus sa dlí nua seo atá beartaithe. Ceann de na cásanna atá i mbéal an pobal is ea "Cás C" agus bhí an bean seo sásta labhairt amach go poiblí faoi,
ag caoineadh bás a linbh i 1997 (Béarla)
Ar deireadh b'fhéidir gur fiú breathnú siar ar shean-doiciméid a scríodh idir 40 AD agus 100 AD:
"Ní mharóidh tú an ghin trína ruagairt agus ní chuirfidh tú an naoionán nuabhreithe chun bháis!" (Didache 2.2).
Agus bfhéidir, gur ceart dúinn ceist a chuir orainn fhéin más Críostaí muid: Céard a dhéanfadh Críost féin? Cad a rinne sé nuair a ionsaíodh é? Bhí seanmóin gearr ag an bPápa Nua ar an Sathairn (4 Bealtaine 2013) leis an fhreagra.
Briathair Dé agus Ceansacht & Umhlaíocht (Béarla).