Pages

29.8.13

Neart scéalta iontais don Fhómhar i sceideal nua TG4

Tár éis an moladh a thugamar don chlár "Art & Tomaí san Eoraip" ar an mBBC tá anois nuacht  tagtha isteach chugainn ar na cláracha atá le bheith ar TG4 sa bhFomhair.

Tá daoine ag caitheamh anuas ar TG4 agus a laghad daoine a bhíonn ag breathnú air as daonra na tíre, i gcomparáid leis na meáin Bhéarla. Sílim fhéin nach bhfuil an cothramaíoct á thabhairt sna suirbhéanna úd. Níl suirbhé, go bhfios dom, déanta ar lucht labhairt na Gaeilge seachas ar dhaonra iomlán na tíre. Is ar phobal na Gaeilge atá cláracha TG4 dírithe go spéisialta. Teaspánfaidh suirbhé mar sin figiúirí (céadtadán) i bhfad níos spéisiúla dúinn.

Bíodh san mar atá tá fhios ag poball na Gaeilge cé chomh maith is atá an obair atá ar siúil ag TG4 le sparáinín beag airgid!
Laithreoirí: Colman Mac Séalaigh & Máire-Treasa Ní Dhubhghaill
Tá scóp agus úire sa rogha tarraingteach atá ar fáil i gclársceideal TG4 a seoladh ag ócáid i mBaile Átha Cliath le déanaí. Cuimsíonn an sceideal nua scoth na faisnéise, - idir stair Stailc 1913 agus Seachtar Laoch Dearmadta 1916 anuas go mallacht an tsagairt ar pheileadóirí Mhaigh Eo i 1951, más fíor agus stair Pháirc Thuamhain i Luimneach, ionad imeartha a scanraíonn fir mhóra rugbaí as gach ceard den Eoraip. Cloisfear togha an cheoil agus John Spillane ag fánaíocht leis ó bhaile go baile ag cumadh amhrán ar nós Raiftearaí na linne seo. Beifear sa tóir ar phlúr na marcach óg rásaíochta agus ar thóir na ndamhsóirí is lúfaire agus is ealaíonta, beidh beochraoladh eisiach ar mhór-chluichí iomána, peile agus rugbaí ar fáil agus beidh soláthar mealltach ábhair i nGaeilge ar fáil go laethúil do pháistí.

Ag labhairt dó ag an seoladh dúirt Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir go raibh an tseirbhís ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin agus na deiseanna éagsúla a eascrann as an margadh reatha. Luaigh sé dúshlán na n-acmhainní ach go háirithe agus an cainéal ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn i saol plódaithe na meán.
“Tá an teilifís traidisiúnta ag seasamh an fhóid go maith ó thaobh dílseacht an lucht féachana,” a dúirt sé. “Tá ábhar TG4 ar fáil anois, ní amháin ar an scáileán teilifíse ar fud na hÉireann ach ar an Seinnteoir ar fud an domhain agus ar ghoiris chliste fóin freisin.” Luaigh sé gur ar an teilifís, sa mbaile a fhéachtar fós ar 85% den ábhar in Éirinn, cé go bhfuil úsáid na gcórais eile ag méadú de réir a chéile.

Luaigh sé freisin dílseacht an lucht féachana do TG4 le bliain anuas, tráth ar fhéach ós cionn dhá chéad míle duine ar an meán ar bheochraolta an chainéil ar na cluichí Gaelacha gach Domhnach san Earrach agus idir 75,000 agus 100,000 ar chláracha faisnéise, ceoil agus drámaíochta Gaeilge an chainéil. “Léiríonn seo go bhfuil cáil ar chaighdeán ár gcuid craolta” a dúirt sé agus mhol sé raon agus fuinnimh an chlársceidil Fómhair 2013.

20.8.13

Craic sa Chatalóin!

Ní minic a fhéacaim ar an BBC ach aréir bhí mé ag breathnú ar chlár faoi cibearshlándáil mar tá spéis agam san ábhar sin (féach mo leathanach i mBéarla ICS & SCADA Security). Nuair a bhí an clár thart bhí mé chun é a mhúcadh nuair a thug mé faoi deara go raibh clár i nGaeilge le bheith ar siúil "Art agus Tomaí san Eoraip!"

D'fág mé ar siúl é.

Tá áthas orm gur fhág! Clár spéisiúil spraoiúil atá ann. Aréir bhí an beirt gaiscígh, Art Hughes agus Tomaí Ó Conghaile, sa Chatalóin, ag féile dochreidthe ghlórach i Vilafranca - Castellers de Vilafranca (Caisleáin Vilafranca). Bhíodar ag tagairt do chultúr an réigiúin, mar is náisiún gan a stáit fhéin atá ann. Fuaireadar beagáinín cúlra ar an náisiún féin ón údar Tomás Mac Síomóin, atá ina chónaí sa ceantair le fada, i gceantair nach bhfuil faoi scáth chultúir BHéarla angla-meiriceánach.

Taobh istigh de leathuair a chloig bhí spórt, spraoí, eolas, agus beagáinín ól fíona - ach Tomaí bocht, ós rud é go raibh seisean ag tiomáint ní fhuair sé oiread agus braon!

Is anamh a fheictear clár chomh nádúrtha, eolasach, spreagúil, éadroim  agus greannmhar agus a bhí an clár seo. Bhí an beirt láthóir go maith compóirdeach le chéile. Bhí an-spóirt acu ann agus ba léir é sin.

Chaill mé an céad dá mír den srath seo, sa Bhriotáin agus san Ghearmáin ach LCD ní chaillfidh mé an eachtra deireadh ag an mbeirt áthasach glórach seo, ag Féile Thrumpa Mearaí i Guca na Seirbia.

4.8.13

Béile blasta sa garraí ar chúl!

Thugas faoi deara go bhfuil an-chuid éin thár timpeall an tí le trí mí anuas. Seans go mbíonn siad ann i gcónaí ach nár thug mé faoi deara iad go dtí le deanaí!

Scríobh mé cheana faoin ár gcara sráide a bhíonn linn i gcónaí ach tá slua éin a thagann chuig an garraí ar chúl an tí. Is cosúil gur druideanna atá ionta agus bíonn béile breá blasta acu gach maidin.  Éan atá comónta go leor anseo dár le Cairde Éanlaith Éireann (Béarla).

Itheann siad gach sord rud idir feithidí beaga, caora agus síolta. D'éirigh liom an pictiúir seo a thógaint ón bhfuinneog sa chistin ar maidin.

Tá éan eile atá le feiscint agus is caislín cloch atá ann. Seasann sé thuas ar bharr fheochadáin nó giolcach tanaí.