Pages
▼
26.5.14
Campa cumarsáide ar an gCeathrú Rua!
Tá Campa Samhraidh Cumarsáide a reáchtáil ag Tuismitheoirí na Gaeltachta i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le maoiniú ónRoinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta arís i mbliana.
Cúrsa praiticiúil i scileanna cumarsáide a bheidh ann - Cur i láthair teilifíse agus raidió, taifead físe agus fuaime, iriseoireacht, ceardlanna le hiriseoirí agus láithreoirí aitheanta, turas ar chomhlachtaí cumarsáide i gConamara agus go leor eile.
Tá an campa féin le bheith san Acadamh ar an gCeathrú Rua agus scoth na n-áiseanna ar fáil ann. Coicís a bheidh i gceist arís i mbliana ón30 Meitheamh go dtí 11 Iúil (10 lá).
Costas €70 a bhéas ar an gcampa. Tá sé dírithe ar dhéagóirí ó theaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a gclann le Gaeilge.
Tá líon teoranta áiteanna ar an gcampa agus moltar do dhaoine iarratas a dhéanamh a luaithe agus is
féidir.
Tá chuile eolas faoin gcampa bhfoirm iarrta (pdf) anseo.
19.5.14
Siúlóid na Trá Báine!
Scríomar faoin damáiste a deineadh ar Toit Chónáin in aice linne i rith na stoirmeacha. Ar ndóigh is beag áit ar chosta Chnamara nár mhothaigh cumhacht na fairrige i rith an Gheimhridh.
Tá sé de nós againn dul siar chomh fada leis an Trá Bhán, i gCeantair na nOileán agus siúl taobh cladaigh ansin. Is ansin a bhíodh cuid de na sceacha sméara dubha is toirthúla sa cheantair. Ar ámharaí an tsaoil ní dhearna muid an siúlóid seo i mbliana go dtí an domhnach seo caite.
Agus is mó an t-athrú atá tagtha ar chuid den chosán ar chosta thoir an oileán ón dtrá bhán ó tuaidh. Bhíodh an cosán le feiscint agus bhí sé éasca teacht air. Ach anois tá an-chuid den cré sciobtha ag an bhfarraige agus bíon ort beagáinín níos mó dreapadóireacht. Tá sé soiléir gur imigh an uisce isteach i dtír agus go raibh leibhéil an árd air i rith na stoirmeacha i mí na Nollag agus Mí Eanáir.
Níos faide ó thuaidh ar an gcosán cé nach raibh an damáiste don chosán féin ach cé go raibh an cosán féin timpeall 20 troigh nó níos airde ón uisce ba léir go raibh tionchair ar na ballaí ar thaobh an chosáin. Bhí cuid acu atá ath tógtha ach bhí sé soiléar gur ballaí nua a bhí ann mar ní raibh rian de na sceacha nó fiú plandaí á gclúdú mar a bhí anuireadh. Bhí cuid eile nach raibh togtha agus iad lagtha go talamh.
Mar sin féin d'éirigh linn siúlóid iomlán deas slántúil a bheith againn.
Tá sé de nós againn dul siar chomh fada leis an Trá Bhán, i gCeantair na nOileán agus siúl taobh cladaigh ansin. Is ansin a bhíodh cuid de na sceacha sméara dubha is toirthúla sa cheantair. Ar ámharaí an tsaoil ní dhearna muid an siúlóid seo i mbliana go dtí an domhnach seo caite.
Leagtha ag an stoirm! |
Balla ath-tógtha |
Mar sin féin d'éirigh linn siúlóid iomlán deas slántúil a bheith againn.
15.5.14
Ceol draíochta aimsithe agus foilsithe!
Is cuimhin liom go maith an Domhnach a chuala mé go raibh Seán Ó Riaida tár éis bháis. Ní minic a chuireann bás éinne ag caoine mé ach rinne bhás Sheáin Uí Riada é sin. Ba cineál "Spiorad na nGael" dom é. Bhí an dúchas ag canadh go láidir tréna chuid ceoil.!Gael
Chonaic me roinnt uair é ag coirmeacha ceoil, ceann mór san halla a bhí ag an Olscoill atá anios ina Cheoláras Náisiúnta le Ceolteoirí Chualann a thaitn go mór liom. Chaill mé an ceann a bhí sa Gaiety agus a deineadh ceirnín de níos déanaí.
Bhí cuid dá gcuid ceol claisicí ar cheirnín (Ceirníní Claddagh) agam fadó! Nomus Uimhir 1 - Hercules Dux Ferrariae agus Bernadette Greevy ag canadh amhráin sa Ghearmáinis le dánta ó Friedrich Hölderlin agus ceol le Seán féin. Ní fios dom an bhfuil an taifeadadh áirithe sin fós le fáil ach tá taifeadadh le fáil ó RTÉ (agus ar spotify) de chuid dá gcuid cheoil claisiceach!
Is féidir le mo cuimhne dul chom fad siar le hAmharclann na Mainistreach nuair a bhí sé in Amhraclann na Banríona (Sr an Phiarsaigh BÁC) sna caogadaí. Bhíodh geamaireacht ar siúl acu am Nollag ag an tráth sin agus is cuimhin liom gur sheinn an Stiurthóir Cheoil a bhí acu solo ar an bpiano. Bhí mé óg aga an am agus ní cuimhin liom cén píosa ceol a seineadh ach nach aisteach an rud é nach ndearnadh mé deamad ar sin - ní cuimhin liom rud ar bith eile ón oíche sin!
Anois tá nuacht mhaith ann againn go bhfuil taifeadadh nua a fhoilsiú ag Gael Linn. Ar thaifeadtaí ceoil nár eisíodh cheana, cruthaíonn an Riadach ceo meala agus é ag seinm a chuid cóiriúchán féin d’fhoinn mhóra ar an bpianó agus ar an gcruitchorda.
Ar an albam cloistear an Riadach féin i mbun ceoil le linn a cheolchoirm taifeadtha deireannach i mí Márta 1971. Cloistear rianta a taifeadadh i mí Bealtaine 1971, cúig mhí roimh a bhás anaibí in aois 40 bliain agus cinn eile fós ón mbliain 1966. Ábhar é seo nár chualathas cheana!
Ar an albam aoibhinn seo cloistear Seán Ó Riada ag seinm leithéidí: Do Bhí Bean Uasal, Carraig Donn agus Sliabh na mBan, chomh maith le foinn a chuir an Riadach féin os comhair an phobail den chéad uair: Aisling Gheal, Port na bPúcaí agus Cois an Ghaorthaigh.
Ina theannta sin, cloistear sraith de ghearrphíosaí ceoil a bhfuil téama an tírghrá mar shnaidhm eatarthu. Mar mhír spéisiúil sa bhreis, cloistear an Riadach ag aithris scéal seanchais. Ar leabhrán 12 leathanach tugtar cúlra na bpíosaí ceoil ar fad.
Is mór mar a chuireann an t-albam seo le clár saothar an Riadaigh. Seo an cnuasach is mó dá dá bhfuil ann agus ceol aonair á sheinm aige - cnuasach eisiach den mháistir é féin ag seinm na bpíosaí ab ansa leis.
Bhí ról lárnach ag Seán Ó Riada maidir le ceol traidisiúnta na hÉireanna a chur chun cinn san aois seo caite. Trína chuid ceoil do na scannáin Mise Éire agus Saoirse?, rinne sé spiorad mhuintir na hÉireann a athbheochan agus, lena ghrúpa Ceoltóirí Chualann, rinne sé claochló ar conas mar a chuirtear an ceol i láthair an phobail.
12.5.14
An postchód leis an dlí a bhriseadh?
Sheol an Coimisinéir Cosanta Sonraí, Liam Ó hÉacháin, a thuarascáil bhliantúil le haghaidh 2013 ar an Luain (12/5/2014). Amhail blianta roimhe seo, déanann an tuarascáil achoimriú ar ghníomhaíochtaí na hOifige le linn 2013 trí thagairt a dhéanamh d’imscrúduithe agus d’iniúchtaí sonracha faoinar tugadh mar aon le hachoimre ar shaincheisteanna beartais agus gníomhaíochtaí AE/idirnáisiúnta.
Thug mé spéis san píosa seo. Tár éis a bhreithiúnas ar a dúirt an Iar-Aire Dlí & Cirt faoin dTeachta Wallace is dócha go mbeidh daoine a tabhairt níos mó aire ar na teachtaireachtaí a thagann ón a oifig amach anseo. An mbeidh an cinneadh conspóideach agus costasach (€20m) ag an Aire Cumarsáide dleathach?
Seo mar a deireann tuairisc an Choimisinéara:
Chuaigh an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha i dteagmháil leis an Oifig seo maidir le postchód uathúil seacht gcód8 a leithdháilfear ar gach teach sa tír in 2015. Chuamar i dteagmháil leis an Roinn ar an tsaincheist seo in 2006 agus arís eile in 2010 nuair a léiríomar buairt thromchúiseach go bhféadfaí a mheas gurb ionann bunachar sonraí poiblí a rinne nasc idir cód le seoladh aonaid singil mhiondíola agus sonraí pearsanta áititheoirí an áitribh sin. I gcomhthéacs na hÉireann, cuid thábhachtach dá bhféiniúlacht é seoladh baile duine agus is é an dara píosa is tábhachtaí d’fhaisnéis phearsanta chun féiniúlacht duine a dhearbhú. Anuas air sin, i gcás teach teaghlaigh, d’fhéadfadh postchód nasc a dhéanamh le go leor daoine aonair i gcúrsa a ngníomhaíochtaí laethúla. Go bunúsach, sáraíonn an postchód uathúil seacht ndigit a bhfuil i gceist le “seoladh”, mar gheall, trí theicneolaíocht nua-aimseartha agus “Sonraí Móra” a úsáid, is furasta é a ghlacadh isteach in aon sórt gléis nó tacar sonraí leictreonaigh a d’fhéadfaí a úsáid do chuspóir ar bith, ar a uain sin, idir sheirbhísí Stáit agus saothrú tráchtála. Ina leith seo, léiríomar an bhuairt go bhféadfadh na tacair shonraí a dhéanfadh an postchód seo a dhearbhú faisnéis íogair faoi dhaoine aonair a shainaithint gan stró, ina measc siúd bheadh áiteanna sonracha ina bhfuil patrúin shonracha choireachta nó ghalair a shainaithint. Fíoraíodh an bhuairt thromchúiseach seo idir an dá linn, nuair a d’fhógair an tAire an 8 Deireadh Fómhair 2013 gur chomhaontaigh an Chomh-Aireacht le tabhairt isteach an chóid uathúil seacht ndigit do gach bosca litreach sa Stát faoi by 2015. Fostaíodh cuibhreannas a bhfuil Capita Ireland ina gceannas orthu9 chun an postchód nua a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a oibriú agus…
Níl an Oifig seo feasach ar conas a chinnteoidh an Cuibhreannas seo, i gcomhar leis an Roinn, go gcosnófar ceart an tsaoránaigh Aonair i leith cosaint (agus Príobháideachas) sonraí amach anseo tríd an bpostchód seo a úsáid. Go háirithe, cibé acu má dhéanfar an chosaint seo a imfhálú go reachtúil, ar nós a beartaíodh a dhéanamh maidir le haitheantóirí leighis seacht ndigit uathúla amhail a bheartaigh an Bille um Aitheantóir Aonair Sláinte, 2013 nó conas a bheidh comhlachtaí poiblí agus príobháideacha i gcomhlíonadh an Achta um Chosaint Sonraí, agus an Postchód seo á úsáid. Rinneamar fiosrúcháin ón Roinn chuige seo agus leanfaimid le hamhlaidh a dhéanamh, ar feitheamh soiléiriú iomlán maidir leis an mbealach a oibreoidh an córas postchóid i gcomhlíonadh na nAchtanna um Chosaint Sonraí. |
10.5.14
Cruinniú le iarrthóirí sa Seanscoil! (12/9/2014)
Tá curtha in iúl ag deicniúr dena iarrthóirí atá ainmnithe le seasamh don Chomhairle Chontae i dtoghcheantar Chonamara sna toghcháin áitiúla, go mbeidh siad i láthair ag cruinniú poiblí a bhéas ar bun ar an Luan seo chugainn, 12 Bealtaine, i Seanscoil Sailearna ag tosnú ag 8.30pm, atá eagraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige.
Sí Gormfhlaith Ní Thuairisg ó Raidió na Gaeltachta a bhéas mar aoi-chathaoirleach ar an gcruinniú:
Seo a leanas na iarrthóirí a bhéas i láthair (san ord inar tháinig siad ar ais chuig na heagraithe ag glacadh leis an gcuireadh.):
Tá sé i gceist an cruinniú foirmeáilte a chríochnú suas thart ar 10.00pm. Beidh cúpán tae/caifé ar fáil ag an bpoinnte sin dona iarrthóirí agus do dhaoine a bhéas ag iarraidh fanacht thart le castáil a chéile.
Pic: RTÉ |
Sí Gormfhlaith Ní Thuairisg ó Raidió na Gaeltachta a bhéas mar aoi-chathaoirleach ar an gcruinniú:
(i) tabharfar 3 nóim. do gach iarrthóir cur i láthair a dhéanamh, ach iad a bheith ann ag an tús;
(ii) d'fhéadfadh go gcuirfidh Gormfhlaith Ní Thuairisg roinnt beag ceisteanna ar na iarrthóirí;
(iii) beidh deis ag na daoine a bhéas i láthair ceisteanna a chur ag an bpoinnte sin;
- Máirín Mhic Lochlainn (Sinn Féin);
- Macdara Hosty (Fianna Fáil);
- Pádraig a' Táilliúra Ó Conghaile (Neamhspléach);
- Tomás Ó Curraoin (Sinn Féin Poblachtánach);
- Seán Ó Tuairisg (Fianna Fáil);
- Daithí Ó Cualáin (Neamhspléach);
- Joe Ó Cualáin (Cearta Chonamara);
- Joe Curran (An Lucht Oibre)
- Seosamh Ó Laoi (Fine Gael)
- Máirtín Lee (Fianna Fáil).
Tá sé i gceist an cruinniú foirmeáilte a chríochnú suas thart ar 10.00pm. Beidh cúpán tae/caifé ar fáil ag an bpoinnte sin dona iarrthóirí agus do dhaoine a bhéas ag iarraidh fanacht thart le castáil a chéile.
2.5.14
Ó bhreith go béal an bháis!
Seo físeán gearr ar an Naomh Éanna, bád finscéalach Árainn. Bhíodh an turas amach go na h-oileáin ón gcathair, turas a thóg breis is trí uair a chloig. Is cuimhin liom ag dul siar agus bhí orainn fanacht i nGaillimh thár oíche le bheith in am d'imeachta an bháid!
Bhí sí le briseadh ach tá feachtas ar siúl chun i a shabháil agus a thógaint thár n-ais go Gaillimh, le bheith mar óstallán agus bialann ar thaobh na céibhe!
Go n-éirí go geal leis an bpleán!
Naomh Éanna - Ó Bhreith go Béal an Bháis ó Dhonncha Mac Con Iomaire ar Vimeo.
Bhí sí le briseadh ach tá feachtas ar siúl chun i a shabháil agus a thógaint thár n-ais go Gaillimh, le bheith mar óstallán agus bialann ar thaobh na céibhe!
Go n-éirí go geal leis an bpleán!
Naomh Éanna - Ó Bhreith go Béal an Bháis ó Dhonncha Mac Con Iomaire ar Vimeo.