Is cuimhin liom é a fheiscint agus a cloisint ag caint is ag rá a chuid filíochta, é féin agus an file as Árainn, Máirtín Ó Díreáin ag ocáid in amharclann i mBaile Átha Cliath.
Tá fís d'agallamh a rinne sé le hAindrias Ó Gallchóir ar RTÉ le fáil anseo. (20/5/1970)
Is cuimhin liom níos deanaí ag leamh níos mó faoin a shaol agus an droch shláinte a bhí aige. Is cuimhin liom níos deanaí a bheith corraithe nó míshocair faoin mbealach neamh-mhothálach a lamseáladh a fhostóirí é. Ba léir nár thuigeadar cé bhí ann nó an tabhacht a bhí leis. Ach ar bhealach is sin an saol a bhíonn ag mórán údair nó ealaíontóirí Ghaeilge ina dtír féin. "Mór mo náir mo chlann féin ag díol a máthair!"
Is bocht an rud é nach raibh An Post stampa a éisiúint in onóir don fhile seo, duine de mhórfhilí na hÉireann san bhfichiú haois.
Ni raibh mise go maith ar scoil go mór mór sa Ghaeilge ach tá dán amháin i nGaeilge a thaitn liom i gcónaí fiú nuair nach raibh fhios agam cérbh é an file féin. Tá mé ag ceapadh gurb é an rud a thaispeáin dom ar dtús go raibh rud éigin fiúntach sa Ghaeilge agus b'fhéidir sa bhfilíocht féin. Is dócha go dtathnaíonn sé lena lán againn:
Tá Tír na nÓg ar chúl an tí, Tír álainn trína chéile, Lucht cheithre chos ag súil na slí, Gan bróga orthu ná léine, Gan Béarla acu ná Gaeilge. Ach fásann clóca ar gach droím Sa tír seo trína chéile, Is labhartar teanga ar chúl a’ tí Nár thuig aon fhear ach Aesop, Is tá sé siúd sa chré anois. Tá cearca ann is ál sicín, Is lacha righin mhothaolach, Is gadhar mór dubh mar namhaid sa tír Ag drannadh le gach éinne, Is cat ag crú na gréine. Sa chúinne thiar tá banc dramhaíl, Is iontaisi an tsaoil ann, Coinnleoir, búclaí, seanhata tuí, Is trúmpa balbh néata, Is citeal bán mar ghé ann. Is ann a thagann tincéirí Go naofa, trína chéile, Tá gaol acu le cúl a’ tí, Is bíd ag iarraidh déirce Ar chúl gach tí in Éirinn. Ba mhaith liom bheith ar chúl a’ tí Sa doircheacht go déanach Go bhfeicinn ann ar cuairt gealaí An t-ollaimhín sin Aesop Is é in phúca léannta. |
Uachtarán na hÉireann, Carbhall Ó Dálaigh, ag socraid Sheáin Uí Riordáin 1977 |