Pages

7.1.17

Espresso foirfe eile!


Bhí orainn dul ó thuaidh go Caisleán a'Bhearraigh inné.

Nuair a bhí ár gcuid ghnó ansi críochnaithe againn chuamar ag lorg áit éigin le haghaidh lón. Duradh linn go raibh áit ann a bhí go maith. Café Rua (Béarla) a bhí ar an áit agus dúradh linn gur ar Shráid Spencer a bhí sé. Ach cá raibh Sr. Spencer? Ach b'shin ceist eile!

Agus muid caillte i lár an bhaile - tá sé i bhfad níos mó ná mar a cheapfá - bhíomar ag tiomáint thár timpeall agus ansin chonaiceamar comhartha "RUA" ar thaobh na sráide agus bhí sé faighte againn.

Is cosúil le siopa ar thaobh shráide cuinge é ach nuair d'féachamar isteach ann chonaiceamar go raibh staighre ag dul aníos go dtí an chéad urlár eile - an café féin. Bhí sé timpeall leath uair tár éis meán lae agus cé nach raibh sé plódaithe bhí neart daoine istigh ann ach níos deanaí bhí ar daoine dul i scuaine gearr.

Fuaireamar bórd deas ann, sean-bhórd, agus ag breathnú thár timpeall orainn thugamar faoi deara gur bailiuchán eicléictiúil - más féidir an focal sin a úsáid - throscáin a bhí acu idir boird agus cathaoireacha. An deas agus fáiltiúil. Bhi na freastailithe an cháirdiúil chomh maith.

Bhí bia-chlár ar chlárdubh acu faoin dtideal "Rogha an Lae" agus thugamar faoi deara go raibh rudaí eile scríofa i nGaeilge thár timpeall na háite. Níor chualmar éinne á labhairt áfach.

Agus an bia? Bhí an biachlár an mhaith, gearr ach bheadh fonn orainn gach rud a roghnú (ach amháin an béle le curaí, ach sin mise). Roghnaigh mise Sicín agus bhí turnipí graitin leis rud nua dúinne agus bhí an rogha glasrach (ní maith liom an focal "veigeatórach") le sillí nó curaí ag mo bhean. Bhí cáca (mar a bhí scríofa ar an gclárdubh) agam ansin, ceann cáife - ach bhí rogha deas le feiscint ar an gcúntóir acu. Agus ansin bhi caifí agam - mar is gnáthach dom d'ordaigh mé espresso.

Anois tá sé thár a bheith deachair Espresso ceart a fháil in Éirinn. Go dtí seo ní fhuair mé Espresso ceart anseo ach i gcorr áit in Éirinn (Da Mimmo i mBÁC nó i Venice na Gaillimhe!). Is ait liom san mar is féidir ceann ceart a fháil i ngach mion-caife nó ionad seirbhíse ar na motarbhealaigh san Iodáil gan aon trioblóid. Ach anseo, i gCaife Rua Chaisleáin a'Bhearraigh bhí sé le fáil. Molaim iad!

Bhí an bia go maith leis agus ní raibh sé ró dhaoir ach an oiread.

An céad uair eile atá tú i gCaisleán a'BHearraigh molaim duit buail isteach chuig an gCaife Rua - tá dhá sheoladh acu an ceann  eile ar Shráid Aontroime..

• Ar ndóigh is dócha go raibh an-cáife le fáil i gCaife Samhlaiochta Alex Hijmans ina leabhair Aiséirí.


@Rua_Mayo

2.1.17

Roghanna!

Tá alt san eagrán reatha den dTimire a chuir ag smaoineamh mé.

Alt le Leon Ó Giolláin atá ann agus tá cúntas ar bhean rialta, an tSr Clare, bean óg as Doire. Bhí sí ag obair i Meiriceá Theas nuiar a maraíodh í gcrith talún in Eacuadór i mí Aibreán. Ach an scéal a chuaig i bhfeidhm ná mar a chinn sí ar dul leis an saol rialta. "Cé gur tógadh mar Caitliceah mé ní shin le rá gur fhreastail me go rialta ag Aifreann nó gu bhain Dia le mo shaol," dúirt sí. Tá a scéal insti aici anseo ar YouTube (Spáinis 2011)

Chun scéal fada a dhéanamh gearr chuaigh sí tré thimpist ar oilthreachta chuig an Spáinn cé nár theastaigh uaithí dul agus ní raibh mórán spéis aici sna cúrsaí seo. Ar deireadh cuireadh brú uirthí freastal ag an séipéal ar Aoine an Chéasta ann. I rith an searmanais bhí gach duine ag dul chuig barr an séipéil leis an gcros a phógadh. Chuaig sise thuas mar bhí chuile duine ag dul ann agus phóg sí an cros, mar a rinne gach duine eile. Ach ag an neoméad sin, mhothaigh sí "buileadh láidir" istigh inti féin. Agus ag an nóiméad sin thuig sí cén brí a bhí sa cros. D'fhill sí chuig a suíochán agus thosaigh sí ag caoineadh go tréan.

Nuair a léigh mé thosaigh mé ag smaoineamh ar imeachtaí cosúil leis sin sa stair agus sa Bhíobla, Rudaí beaga nó rudaí móra a athraigh saol daoine ó bun go barr. Rudaí móra cosúil le Naomh Pól ar an mbóthair go Damascus - tá fhios ag chuile duine faoi sin is dócha.

Faoin gcrann fígí
Ach ní gá go mbeadh siad chomh dramatiúil agus tá samplaí sa Bhiobla. Natanael  mar shampla:
Chonaic Íosa Natanael ag teacht chuige agus dúirt ina thaobh: “Sin Iosraelach dáiríre nach bhfuil aon fheall ann.”
“Cén chaoi a n-aithníonn tú mé?” arsa Natanael leis.
D’fhreagair Íosa: “Sular ghlaoigh Pilib ort,” ar sé leis, “agus tú faoin gcrann fígí, chonaic mé thú.”
D’fhreagair Natanael é: “A raibí, is tú mac Dé, is tú rí Iosrael.”
D’fhreagair Íosa: “De bhrí go ndúirt mé leat,” ar sé leis, “go bhfaca mé thú faoin gcrann fígí creideann tú."
Níl tuairim againn cad a thárla faoin gcrann - ba rún idir Natanael & Íosa é.

Agus chreid sé.
Nó an scéal ag an tuama ar Domhnach Chásca tá rud eile
"...chuaigh siad chun an tuama. Chrom siad a mbeirt ar rith in éineacht agus rith an deisceabal eile níos luaithe ná Peadar agus is é is túisce a tháinig go dtí an tuama.  Nuair a chrom sé síos chonaic sé na línéadaí ina luí ansiúd, ach ní dheachaigh sé isteach. 
Ansin tháinig Síomón Peadar ina dhiaidh agus chuaigh sé isteach sa tuama, agus chonaic sé na línéadaí agus an brat a bhí ar a cheann – ní i dteannta na línéadaí a bhí sé, ach fillte in aon áit amháin leis féin. Ansin an deisceabal eile, a tháinig ar dtús chun an tuama, chuaigh sé isteach agus chonaic agus chreid sé."

Agus níos deanaí sa stair tá scéalta eile Aibhistín Hippo nuair a "chuala sé" guth ag rá leis "Tolle, lege!" (Tóg agus léigh!). , rud a rinne sé agus léigh sé é seo: "Mairimis go
béasach mar dhaoine atá faoi sholas an lae, gan ragairne gan meisce, gan striapachas
gan drúise, gan achrann gan éad. Agus cuirigí oraibh an Tiarna Íosa Críost mar éide
agus ná bígí ag déanamh cúraim den cholainn d’fhonn a hainmhianta a shásamh." (Rom:13;13-14)

Giovanni di Pietro di Bernardone (Naomh Prionnsias) nuair a labhair an cros leis ag iarraidh air a eaglais a bhí ina fhothrach a ath-thógáil.

John Wesley in Aldersgate i Londain sa bhliain 1738 nuair a mhothaigh sé rud éigin nua, "I felt my heart strangely warmed!"

Anjezë Gonxhe Bojaxhiu (Máthair Teresa) nuair a fuair sí a "glaoch istigh i nglaoch" ar an dtrael go Darjeeling from Calcutta.

Is dócha go dtarlaíonn rudaí beaga mar sin do chuile dhuine a athraíonn a mheoin nó modh a bheatha.

Uaireanta bíonn eagla orm éisteacht leis na guthanna sin ach tá an sean phaidir seo oiriúnach sílim. Tágann sa cnuasach an Ath Dhiarmuid Uí Laoghaire, Ár bPaidreacha Dúchais!"

"Ar eagla na habhann do bheith domhain
A Rí na foighne, glach mo lámh.
Ar eagla na tuile do bheith tréan,
A Mhuire féach is ná fág!"

@TimireFS