Agus scéal ó Thuama á bhriseadh nach mbeadh sé deachair gan aontú leis an dochtúir san Irish Times anseo. Agus nach ait an rud é gur dúradh seo beagnach céad bliain ó shin agus nár tugadh aon aird uirthi? Cá raibh an stáit? Cá raibh an Eaglais? Cá raibh an pobal?
| “A great many people are always asking what is the good of keeping these children alive? I quite agree that it would be a great deal kinder to strangle these children at birth than to put them out to nurse.” An Dochtúir Ella Webb san Irish Times, 18 Meitheamh 1924. |
Cén saghas daoine muid nár éistíodh leithí? Nach rabhamar sásta stáid na daoine óga neamhurchóideacha seo a chuir i bhfolach.?
Cén saghas daoine iad, a bhí in ainm is a bheith coisricthe don Dia seo - "Dia an Grá" ? Nach bhfuil sé do-mhínithe? Cá raibh an grá anseo?
Conas ar léigh siad a dúirt Eoin sa Bíobla, "A chairde cléibh, tugaimis grá dá chéile mar gur ó Dhia an grá agus an té a thugann grá is ó Dhia a rugadh é, agus aithníonn sé Dia." Nach ag diúltú Dia a bhí ar siúl sna háiteanna seo? "An té nach dtugann grá ní aithnid dó Dia, mar is é Dia an Grá."
Dúirt an Pápa Benedict XVI tráth, "'Sí ifreann an áit nach bhfuil Dia ann!" Agus sa chás seo is sé Dia féin a bhí curtha in ifreann. I bhfocail an Mháistir "... mar is domsa a rinne sibh é!"
![]() |
| Liosta ó thaighde Chatherine Corless de na na páistí mar a foilsíodh san Galway Advertiser |
Níor éistíodh leis an Dr Webb sa bhliain 1924 agus níos deanaí sa bhliain 1946*, níor éistíodh agus fiú ionsaíodh ag lucht na heaglaise agus Airí Rialtais, Fr Flanagan of Boystown - "the world’s most foremost expert on boys’ training and youth care” - nuair a dúirt sé go neamh balbh: "You are the people who permit your children and the children of your communities to go into these institutions of punishment. You can do something about it."
Bhí na daoine a bhí i i bhfeighil sna tithe seo glán in aghaidh marú páistí sa bhruinne. Dá mba rud é go raibh cead ghinmhilleadh ann an mbeadh sé sin sásúil? Má athraítear focail an dochtúra - "It would be a great kinder to abort these children before birth!" an mbeadh sé sin pioc níos fearr?
Agus an é an eaglais faoi dearadh é seo go léir? Nach bhfuil rudaí fós ag tárlú nach bhfuil - go bhfios dom - aon baint ag an eaglais leo. Scéal Grace bhocht mar shampla? Mar a dúirt an tAth Flanagan. "I wonder what God's judgment will be with reference to those who hold the deposit of faith and who fail in their God-given stewardship of little children."
Tá fhios agam go bhfuil feachtas ar siúl faoi Alt 8 faoi láthair. Ar bhealach tá sé éasca a deireadh a chuir leis an alt sin agus cead a thabhairt do na dochtúirí deireadh a chur le saol sa mbroinn más sin toil an máthar. Ach an duine é nó í atá sa bhroinn? Dár liomsa is duine atá ann i gcónaí. Tá fhios agam nach aontaíonn gach éinne liom sa dearcadh sin ach go dtí seo ní fhaca mise aon cruthú ina coinne (ná ar a son). Mar sin is cosúil go bhfuil amhras ann.
Cá raibh na fir?
Sna díospóireachtaí seo tá an chuid cainte faoi na mná agus a cearta. Agus is ceart go mbeadh mar iompraíonn bean an taisce míorúilteach seo ar feadh trí ráithe. Ach tá duine eile sa phictiúr leis. An athair. Nach bhfuil dualgas nó/agus ceart aigesean sna cúrsaí seo. Ach go ró mhinic fágtar an bhean leithí féin, fiú ag a muintir féin. Fós!
Fiú muna gcreideann muid i nDia na gCríostaithe nach fíor go bhfuil beagáinín den ceart sa mhéid a dúirt a Máistir: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é...sa mhéid nach ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú díobh seo, ní dhearna sibh domsa é ach oiread.’ Seans go bhfuil sé ráite níos fearr ag an bhfealsúnaí Sasanach John Donne (1571-1631):
| "No man is an iland, intire of it selfe; every man is a peece of the Continent, a part of the maine; if a clod bee washed away by the Sea, Europe is the lesse, as well as if a Promontorie were, as well as if a Mannor of thy friends or of thine owne were; any mans death diminishes me, because I am involved in Mankinde; And therefore never send to know for whom the bell tolls; It tolls for thee...." |
Bíodh eagla orainn ach ag an am céanna bíodh dóchas againn mar anois tá an scéal againn, an fhirinne againn, agus saorfaidh an fhírinne muid - má ligimíd di!
* Only Father Flanagan of Boys Town shouted stop to child abuse in Ireland (Irish Central 10/3/2017)

"Is tír eachtrannach an t-am atá caite." mar a scríobh duine éigin, ní ag moladh scanaill a táim. Ach is beag duine a bhuail mé leis, cuma cén tír a tógadh é ann, nach raibh scannaill ann.
ReplyDeleteSeo cúntas a léigh mé i nuachtán an lá inniu : https://www.theguardian.com/commentisfree/2017/mar/11/abuse-in-plain-sight-molestation-rape-incest
Fearn
Is dóigh gur b'é soe an Ella Webb a sríobh an litir: https://en.wikipedia.org/wiki/Ella_Webb
ReplyDeleteFearn
GRMA as a dá píosa anseo. Ní raibh aon eolas agam ar an Dr. Web seachas an píosa luaite agam. Nach trua nach cuimhnítear ar ceanródaithe mar í agus an beirt a bhunaigh Ois. N. Ultan. (Mé ag ceapadh go bhfuair me mo BCG istigh ansin ar Shráid Charlemont i mBÁC).
Delete