Bhí an aimsir go dona i rith na seachtaine agus ní raibh seans againn dul ag siúl an 5km. Bhíomar istigh sa teach faoi dianglásáil ag an mbáisteach.
Pages
30.1.21
Ag siúl!
Bhí an aimsir go dona i rith na seachtaine agus ní raibh seans againn dul ag siúl an 5km. Bhíomar istigh sa teach faoi dianglásáil ag an mbáisteach.
16.1.21
Neodrachas?
Ta an toghchán thart agus duine nua le dul isteach sa Teach Bán.
Nuair a bhí an comhaireamh ar siúl bhí an chuid in Éirinn ag breathnú isteach ar CNN. Bhíomar faoi gheasa ag John King agus a bhalla dríochta. Bhí íontas orainn go raibh sé chomh eolach ar na toghcheantar is lú agus is iargúlta in Arizona nó Georgia.
Níos deanaí cheap mé go raibh an stáisiún claonta i gcoinne an Uachtaráin a chill an toghchán. Ní h-é nach naontóinn leis an dearcadh sin ach má deanaim comparáid leis na stáisiún in Éirinn ní dóigh liom go mbíonn siad leath chomh neamhbhalbh agus a bhí na láithreoirí ar CNN. Samhligh Brian Dobson ag rá: "Bhí an rud a dúirt an Taoiseach mícheart agus mí reasúnta!"Dúradh i gcónaí nuair a labhair Donald Trump amach ag rá gur raibh caimiléireacht ar siúl agus gur "goideadh" na milliún vótaí uaidh níor chuireadar fiacail istech ann "Tá sé ag bréagadóireacht!" nó "Níl fianaise ar bith ann!" (Ní fhaca mé aon stáisiún eile ach cloisim go raibh Fox News níos díograsaí ar son tuairimí Trump!). Má thárlaíonn rud mar sin i dpolataíocht in Éirinn bíonn na léirtheoirí neodrach (nó b'fhéidir níos caolchúiseaí). Chuirim i gcás an Arms Trial sna seachtóidí is cinnte gur insíodh bréag nó dhó ach sna meáin chuireadar na ráitaisí éagsúla ós ár gcomhair agus bhí sé soiléir conas mar a bhí rudaí. Cinnte tá spás ann do thuairimí éagsúla ach nach ceart go fágfaí iad siúd do na "saineolaithe" agus do na polaiteoirí féin? Ní ceart do na léitheoirí aontú nó gan aontú leo go hoscailte.*
Ní dhéanfidh mé trácht ar bith ar an neodrachas a bhí ag Éirinn i rith an Daradh Cogadh Domhanda nó "neodrachas claonta" mar a dúirt an fear eile!
Ar ndóigh tharla ansin an "éirí amach" i dTithe Pairliminte Washington - An Capital. Ar ndóigh bhí na tuairiscí an mhaith agus chuireamar aithne ar Donie O Sullivan i measc na sluaite. Bhí sé spéisiúl gut trachtaire ar chúrsaí mheáin shoisialta a bhí ann. Má bhí éinne a thuig tabhachta agus tionchar na meáin sin b'é Donie é. Mar a dúirt sé "Má tá ort tuiscint ar thabhacht na meán sóisialta ní gá ach breathnú thár timpeall anseo!"
Ach ansin cuireadh deireadh le cúntaisí Trump go tobann. Tá mé beagáinín amhrasach faoi sin caithfidh mé a rá. Ní sé go n-aontím le tuairimí an fhir sin ach go raibh an cumhacht ag comhlucht príobháideach deireadh a chuir le cúntas mar sin. Feicim go raibh an amhras céanna ag Angela Merkel na Gearmáine. “Is ceart bunúsach a bhfuil tábhacht bhunúsach leis an gceart saoirse tuairime. Ach ní ceart cur isteach ar an gceart bunúsach seo, ach amháin tríd an dlí reachtaithe ag ionadaithe tofa agus ní de réir chinneadh bhainistíochta ardáin na meán sóisialta!"
Ní gá ach breathnú ar an córas giolcaireachta agus ar chuid den stuif atá á chraobhscaoileadh ansin le feiscint go bhfuil gá le srian éigin. Agus ní tuairimí na h-eite dheis amháin atá i gceist anseo.
Tá meas tuilte ag gach éinne againn fiú an duine is nimhnaí nó is fealltaí. Ach tá meas tuilte ag an gnáth duine chomh maith.
*Tá alt foilsithe sa Sunday Times ag deanamh an pointe céanna. ("CNN no better than FOX..." Eagrán Éireannach 17/1/2021)
8.1.21
Buchenwald go Bun Gabhla!
Bheifí ag ceapadh go mbeinn in ann na leabhair ar fad nach bhfuil léite agam go dtí seo a léamh agus muid faoin dhianghlasáil. Ach mo léan, ní mar a síltear bítear. Thit cineal fuarchúiseacht nó spadántacht orm agus ar cúis amháin nó ar chúis eile ní raibh mé ábalta díriú ar aon rud go leanúnach.
Rinne mé iarracht leabhair Bhreandáin Uí Eithir, "Lig Sinn i gCathú!" a léamh. Níor éirigh liom suim a mhuscailt sa scéal agus stop mé á léamh. Is dócha go dtarlaíonn sin ó am go chéile. Is cuimhin liom agus mé óg dúradh liom an scéal seo nó an scéal siúd a léamh agus uaireanta theip orm an leabhair a chríochniú - thárla sé liom le "David Copperfield" mar shampla agus le "Gulliver's Travels." Bhí an diomá ag mo mháthair, a bhí ina léitheoir críochnaithe, agus níor thuig sí cad a bhí cearr liom. Ar ndóigh níor léas leabhair i nGaeilge go dtí go raibh i bhfad níos sine sa meánscoil. (Bé "An Fáinne Arabch" le Deasún Breathnach an cead ceann a léas agus tá sé agam fós - ach sin scéal eile!)
Agus an Nollaig ag buaileadh linn chinn mé ar thosú arís ag léamh. Chonaic mé rud éigin ar líne ag moladh leabhir eile le Breandán Ó hEithir - "An Nollaig Thiar."Foilsíodh é san bhliain 1989 agus is cuimhne chinn ata ann ar a shaol nuair a bhí sé óg ar Inis Mór. Díreach roimh agus i rith an dara Cogadh Domhanda a bhí ann agus tá léiriú an mhaith a shaol mar gasúr óg ar oileán atá ann.
Baineadh geit asam mar níl ar oileán iargualta in iarthair na hÉireann a thosnaíon an údar. Ní hea. Is i Weimar na Gearmáine a thosnaíonn sé. Ait go leor is ansin a bhí an Rialtas lag sa tír sin ón gCogadh Mór go dtí éirí Adolf Hitler agus an Triú Reich agus an Dara Chogadh Domhanda. Ach b'shin stair anois, sna hochtóidí, bhí an údar sa Ghearmáin agus chinn sé ar chuairt a thabhairt ar champa ghéibhinn Buchanwald.
Ar an turas ón gcampa bhuail sé le Gearmánach, seanfhear, agus chaitheadar an tráthnóna "ag chur síos ar an Nollaig thoir agus ar nósanna na Nollag thiar ar imeall na Mór-Roinne." Is dócha gur as sin a tháinig an leabhar seo - turas ó chuairt go Buchenwald siar go Bun Gabhla Árann.
Ta na leabhar íontach éasca le leamh. Cur síos beacht ar shaol in Árann nuair a lastar solas na Nollaig i lár na Gheimhridh. Ar ndóigh bhí an cogadh ar siúl don chuid is mó agus an léiriú ar an tionchar ar phoball an oileáin. An tabhacht a bhí leis an mbad, an Dún Aonghus, agus an ceangal a bhí ag na hoileannaigh ar siopaí áirithe i nGaillimh.
Domsa, mar "áitreabhach" i mbruach bhaile de chuid Bhaile Átha Cliath, is léiriú ar shaol atá doshamhlaithe. Gan aibhleis, ag úsáid connnle mar gnáth sholas. Raidió a úsáideann cadhnra fliúch agus an stró a bhí ortha le cinntiú go mbeadh cadhnra lódáilithe, go mór mór am Nollag.
Agus ansin go raibh gá dó dul "thar lear" l'aghidh oideachas tár éis bhunscoile. Agus ansin ag an deiredh é i mBaile Átha Cliath ag teacht abhaile don Nollag, an imní go gcaillfadh sé an bád ó Ghaillimh agus an turas ocht n-uaire abhaile de bharr aimsir geimhreata agus droch ghual d'inneal an bháid. Agus ansin bheith ag súil leis an turas ar ais go Bhaile Átha Claith agus a shaol ann. Cé nár thuig sé ag an am cad a bhí ag titim amach dó, "tuigim anois go raibh fonn orm a bheith sna fir, agus nach mbeadh an Nollaig thiar go deo arís mar a bhíodh."
* An Nollaig Thiar, Breandán Ó hEithir, Poolbeg Press, ISBN 1 85371 044 X