"Vous n'aurez pas ma haine!"
Léigh mé Khailil cúpla mí ó shin agus scríobh mé
píosa faoi i mí na Samhna seo caite. Ach le seachtain anuas tá mé ag leamh leabhair eile ar an ábhar ceanna. Bhí an dá chean cumtha sa bhfraincís agus an dha ceann faoin dtarlúint céanna. Ba úrscéal a bhí i Khalil ach insíonn an scéal seo a thárla go fírineach. Is leabhair beag é ach is mó is fiú é a léamh mar taispeánann sé cumhacht grá seachas fuath.
|
Bataclan, Paras, inniú |
"Oíche aoine goid sibh beatha duine den scoth, mo ghrá gheal, máthair mo mhic ach ní bheidh fuath agam oraibh." Leabhair ar fad eile atá anseo* ach bunaithe ar an lá uafásach céanna is a bhí Khailil. Bhí Bean an udair sa Bataclan, an oíche úd agus maraíodh í. Is cineál dialann atá sa leabhair seo a léiríonn a bhriseadh chroí agus ag an am céanna a ghrá dá mhac. Ní raibh sé sásta a shaol a mheilt le fuath nó cómhaslú. Roinneann sé cnamha a bhrón linn go lom agus uaireanta bhí orm stopadh á léamh ar feadh nóiméad nó dhó. (Rud éigint i mo shúil....)
An leabhair seo scríofa, agus aistrithe go maith. Bhí rud amháin a chuir isteach orm go raibh miniú (i mBéarla) ar focail áirithe a cheap na foilsitheoirí a bhí deachair is dócha.
Muna bhfuil siad léite agat molaim go mór é.
*Ní Bheidh Fuath Agam Oraibh (Insint ó chroí), Antoine Leiris (Aistriú: Colm Ó Lorcáin); Leabhair Comhar 2020, ISBN: 978-1-9162403-3-9.