Showing posts with label Bóthar. Show all posts
Showing posts with label Bóthar. Show all posts

31.1.13

Cú chosáin!


Tá Oiche ag na Madraí le reachtáil chun airgead a sholáthar le cosán a thogáil ó Foirgneamh TG4 go dtí crossbhothair Bhaile na hAbhainn dha eagrú ag Coiste Pobal na Tulaí i lathair na h-uaire. Tá siad ag súil go mbeidh sé ar an 2ú Lá Márta istigh ag Rásraon an gCon i nGaillimh (Béarla).

Tá ticead le fáil o bhail an choiste ar phragas €15 an duine no €25 ar chlann.(2+2)

Má tá duine ag iarraidh aon chunamh a thabhairt don choiste no ticeád a chuir san aireamh dean teanghmháil le Maire ag 086-3104573 no Nuala 572049.

Beidh siad thar a bheith búioch do aon tacaíocht don chúis tabhachtach seo! Baintear an úsáid as an chuid seo den bhóthar ag coisithe, go mór mór ag páistí scoile i rith na bliana agus scoláirí Gaeilge i gColáiste Chamais sa Samhradh.

Tá praghas an bhus istigh ar phraghas na ticéád. Tá bus ag fagáil Halla na Tulaí ar an oíche. Beidh tuilleadh eolas le fáil níos gaire don ócaid!!

• Tá suíomh ar facebook ag Oíche na Madraí anois - feach ar ché tá ag dul ann!

28.1.11

An chéad bhilleog....

Fuarathas an chéad bhilleog sa phost inniú.

Is ó Frank Fahey (FF) é agus é faoi seachbhóthar molta thar timpeall na Gaillimhe ón Aerphort chomh fad le beagáinín siar ó Bhearna. Mar a deireann sé, le "Éireann (sic) a thabhairt níos gaire (sic) go Conamara!"

Go néirí leis an iarracht. Ó rugadh ár ngarmhac is minic a déanann muid an turas go dtí an árd chathair. Tógann sé timpeall dhá uair ó Gaillimh ach uaireanta tógann sé suas le 50 neomaid dul trén gcathair.

Is coisúil go bhfuil casanna chúirte ar siúl faoi mar go bhfuil chuid den mbóthar ag dul tré áit speisialta caomhnaithe - pabháil aoilchloich tá mé ag ceapadh - agus tá roinnt daoine atá i gcoinne an scéim dá bharr is cosúil.

18.12.10

Titim sneachta...

Caorán na gCearc
Bhí orainn dul ar an gClochán inné agus rinne muid iarracht ceart go leor ach theip orainn ara an mbóthar idir Chasla agus Chamas. Rinneamar sleamhmiú dramatiúil ar chasadh cham ar an mbóthar - tá neart acu ann - agus chinneamar ar filleadh. Níor deineadh aon damáiste do charr buiochas le Dia.

Go dtí inné níor thit sneachta ar bith anseo i gCaorán na gCearc. Ag tús na bliana scríomar faoin bhfuacht i mí Eanáir, ach cé go raibh sé an fhauir ar feadh tréimhse fada ní raibh sneacht ar bith anseo ag an azm sin. I ndairíre ní dóigh liom gur thit sneacht ar bith anseo gur fiú trácht air leis na bliainta. Ach inné do thit sneachta anseo. Ní raibh sé an-throm ach bhí go leor ann le gach áit a chludú le cuilt bán álainn. Nach íontach an bealach a athraíonn an cuilt bán céanna crot áite.

Ach na bóithre! Agus an fuacht! Scéal eile ar fad a bhí ann. Rinne mé iarracht tiomáint chuig an siopa - Tigh Dick (Tá sé ar facebook) ach bhí charr tar éis dul ó smacht aréir ar an chnoc idir an Cloch Mór agus Baile na hAbhann. Bhíodar ag iarraidh an carr a tharraingt amach ón claí agus bhí moill mór ar an trácht a bhí go mall cheana féin. D'fhag mé an charr ag an mBáintreach agus shúil mé.

Maidin álainn a bhí ann, fuair agus géar, ach bhí an aer glán sláintiúil. Bhí sé spéisiúil na rudaí a thugann tú faoi dearadh agus tú ag siúil seachas ag tiomáint. Cloiseann tú an ciúineas, do chos ar an dtalamh, na beithigh, corr charr. Feicteann tú na plandaí, tagann na madraí suas chugat (in ionad bheith ag rith id dhiaidh sa charr) agus na radharcanna.

Seo dhá cheann de na pictiúirí a ghlach mé ar maidin. (Nach íontach an rud é an fón phóca?)
ón mBáintreach Bán ó dheas (Árainn ar chul!)
Caorán na gCearc go moch ar maidin ón teach (Inis Mór ar chul)

13.6.10

Sa bhus!


Tá seirbhís bus idir cathair an Gaillimhe agus Aerphort Bhaile Átha Cliath. Gobus (Béarla) an tainm atá ar an chomhlucht agus is comhlacht Gaillimheach í. Bhain mé triall as don gcéad uair ar an nDéardaoin se caite agus chuir sé íontas orm cé chomh chompórdach agus cé chomh sciopadh is a bhí sé. Leis an mótarbhealach nua anois ann níor thóg sé ach dhá uair agus trí ceathrú ó stop go stop. Stop sé le daoine a lingint amach i gcroí lár na cathrach agus ansin ar aghaidh chuig an gcathair trén tollán nua ón gcalaphort go dtí an M1 agus ansin chuig an aerfort.

D'fhéadfainn dul san eitileán ach chosnódh sé timpeall €120 agus tógadh sé bfhéidir an méid ceanna ama nuair a thógtar an dianchuardú, seiceáil isteach agus bheithe ag feithimh ar bhagáiste ar an taobh eile.

D'fhéadfainn dul ar an traen (€48.00+), atá beagáinín níos chompórdaí ach tógadh sé sin i bhfad níos mó ama agus bheadh orm bus, nó taicsí a fháil chuig an aerphort.

Ar an bus seo bhí nasc idirlíon WiFi (dílseacht gan sreang) le fáil saor in aisce.

Tríd is tríd bhí mé thar a bheith sásta leis. Chosnigh an ticéad fillte €25.00 orm.