31.7.13
Ag dul siar...
Tá an-taithí agam bheith ag léamh faoi Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin ar facebook. Tá sé siar siar i Leitir Mealláin i gCeantair na n-Oileán ach go dtí an deireadh seachtaine níor thug mé chuairt air.
Tá an foirgneamh féin suite ar bhóithrín caol casta cam Chonamarach, beagnach chomh faide siar agus is féidir le duine tiomáint ó dheas sa cheantair. Ach is fiú go mór cuairt a thabhairt ar an ionad! B'fhiú páistí scoile a thabhairt ann le fháil amach faoin saol agsu stair a sinsir.
Is i sean teach atá deisithe go deas atá an ionad féin. Agus tá sé lán de hábair a bhaineann, ní h-amháin leis an gceantair féin, ach leis an saol tuaithe in aon áit in Éirinn. Thuas staighre tá bailiúchán tabhachtach de nuachtáin, leabhair agus foilseacháin i nGaeilge le feiscint.
Seoid atá ann, agus is mór an creidiúint atá le dul do mhuintir na h-áite as tógra mar seo a eagrú. Tá sé tabhachtach go mbeadh achmhainn mar seo suite, mar atá sé seo, i gcroí-lár a ceantair féin.
Tháinig Coiste Oidhreachta Leitir Mealláin agus Gharumna le chéile chun Teanga, Cultúr agus Oidhreacht Cheantar na nOileán a chaomhnú agus a chur i láthair an phobail in ionad buan agus muintir na háite/turasóirí a mhealladh chuig an ionad seo. Mar chuid den tionscnamh d’oscail an tIonad Oidhreachta a dhoirse i Meitheamh na bliana 2009 agus an áit ar oscailt cúig lá na seachtaine ó shin i leith.
Tá tograí éagsúla idir lámha ag foireann oibre an Ionaid Oidhreachta le linn na bliana, lena n-áirítear togra ainmniú na ngarrantaí ar oileán Gharumna i gcomhar le Comhairle Chontae na Gaillimhe, Turais Scoile faoi Threoir, ord agus eagar á chur ar stair an cheantair agus í á tabhairt cothrom le dáta, chun roinnt a lua.
Is tabhachtach go mór an obair atá idir lámh acu. Is íontach an obair atá ar siúl acu gan mórán maoine ó na hÚdaráis Stáit atá in ainm is a bheith a thabhairt cabhair do thionscnamh mar seo. Tionscnamh a fás aníos ón bpobal féin.
7.6.11
Rámhaile ag an gCodú!
| Ise Áine! |
Chuaigh mé amach le fháil amach cé bhí ann.
Níor aithin mé an carr.
"Cé é seo!" a dúirt mé liom féin, "Duine atá caillte agus ag lorg eolais a bealaigh uainn?"
D'oscailíodh duras an tiománaí agus bean a bhí ann. "Mise, Áine" a dúirt sí agus an cuma uirthi go raibh aithne aici orm. Thosaigh an mé ag cúardú an bunachar sonraí istig i mo chloigeann. "Meas tú cé í?"
"Chonaic mé an jípín taobh amuigh agus shíl mé gur tú a bheidh ann!" a dúirt sí. "An raibh tú in Eanach Mheáin an lá faoi dheireadh?"
Ba leor nod don eolach!
Bí an Áine a bhíonn ar Rámhaille a bhí ann. Dúirt me ar a bhlag an lá faoi dheire go mbeinn i gCeantair na n-Oileán níos déanaí: "Beidh mé ag tiomáint anoir ansin (ó gCaorán na gCearc) i gcionn uair nó dhó - jeepín beag Mitsubishi......." a dúirt mé.
Ach ní fhaca mé í. Ach ós rud é go luaigh mé Caorán na gCearc, agus go raibh fhios aicí cá raibh an áit dríochta sin bhí a suíl amach agus í ag dul trén áit aréir. Agus chreid nó ná chreid d'éirigh lei an teach a aimsiú.
Bhí sé go deas buaileadh le duine den na blagálaithe is líofa agus is rialta minicíoch (má tá a leithéid d'fhocal ann!). Nach aisteach an rud go mbíonn aithne again ar dhaoine trén teicneolaíocht - an réaltacht fhíorúil mar a déarfa! Ach ar bhealach tá sé i bhfad níos íontaí feoil a chuir ar an bpearsantacht a bhíonn beagáinín teibí ar líne.
Anois nuair atá mé ag léimh píosa Rámhaile Áine, cloisfidh mé a glór, feicfidh mé an meangadh ar a aghaidh.
3.9.10
Seoda na nOileán

Tá Coiste Fhéile Chomórtha Joe Éinniú ag eagrú oíche mhór ceoil, amhrán agus damhsa i dteach ósta ‘Tí Mheaic’ i gCarna, ar an Aoine seo chugainn 10ú Meán Fomhair ag 9.00in, mar cheiliúradh ar an dlúthdhiosca nua ‘Seoda na nOileán’ atá curtha amach ar an margadh ag an bhfliúitadóir Marcus Ó hIarnáin (Béarla) as Ruisín na Manach (Carna) agus an boscadóir Johnny Ó Conghaile as Inis Bearacháin ó dhúchas. Tá cáil i bhfad agus i ngearr ar an mbeirt cheoltóirí seo agus is seoda ceart atá sa dlúthdhiosca nua.
Rinneadh taifead ar an gceol ar fad ar an teallach i dteach Mharcuis i Ruisín na Manach agus is álainn go deo an fuaim a thagann ón mbeirt dlúthchairde. Ag coinneáil comh-cheol leo ar an dtaifead spleodrach seo, tá Tim Edey ar an ngiotár agus Brian McGrath ar an bpianó.
I measc na haíonna speisialta a bheidh ag glacadh páirt sa cheiliúradh seo i dTigh Mheaic, beidh Proinséas, Breandán agus Labhrás Ó hIarnáin, chomh maith le ceoltóirí, amhránaithe agus damhsóirí áitiúla eile.
Is í Neansaí Ní Choisdealbha a bheidh mar aoí-chainteoir ar an oíche. Is ceoltóir den scoth í Neansaí agus bíonn sí le cloisteáil go minic ag craoladh ar Raidió na Gaeltachta.
Tá céad míle fáilte roimh cách ag an ócáid i gCarna!
14.8.10
Éistimís le Mná Leitir Mhóir
Is cosúil go raibh sí mar moltóir ag comortas Pheigín Leitir Mhóir le deanaí agus caith sí ama ag caint leis na cailíní féin ar ndóigh.
"Seo mná atá líofa sa Ghaeilge, a bhíonn ag imirt peile, sacair agus ag rámhaíocht. Seo iad na bruinnill ag an gcrosbhealach a raibh De Valera ag caint orthu nuair a bunaíodh an Stát seo ach feictear domsa go bhfuil dearmad déanta ar ghnáthphobal na Gaeltachta."
Cuireann sí an cheist: Ar labhair an Rialtas leo sular cuireadh le chéile an Scéim 20 bliain don Ghaeilge & don Ghaeltacht? Ar labhair an Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta leo sular ar chuireadar a tuairisc amach? Meas tú?
Díríonn Bernie ár n-aire ar rud atá an-bhunúsach ó thaobh na Gaeltachta de ar aon nós. Ní ceist teanga amháin é seo. Is ceist phobail atá ann. Ní ceist idéalach é seo do mhuintir na Gaeltachta, mar atá sé do mo leithéad-sa agus an-chuid i nGluaiseacht na Teanga. Éist le Bernie:
"Ní hé go bhfuil siad ag iarradh bheith ag labhairt Gaeilge – is í a dteanga nádúrtha í. Ní hé go bhfuil iachall orthu maireachtáil sa Ghaeltacht – is é a mbaile é agus tá siad ag iarradh fanacht ann."
Rud atá i bhfad níos bunúsaí ná an brionglóid -
Tá Éire Gaelach cheana sa Ghaeltacht againn ach an bhfuil sé saor?
Ní mór dúinn éisteacht le mná óga Leitir Mhóir, le Mná óga Chonamara, le Mná óga na Gaeltachta. Mar a dearfadh an té a dúirt fadó. "Éist! Caithfear éisteacht!"
18.7.10
Ar an tra bhán
Chuamar ar siúlóid inniú i gCeantair na nOileán síos chomh fada le céibh na Trá Báine. Bhí an lá go h-álainn agus ghlac mé pictiúir den leacht cuimhneacháin den ceathrar a fuair bás sa bhfarraige chrua fadó.Seo leagan d'amhrán na Trá Báine faoin dtragóid usfásach sin. Scríodh an amhrán seo ag a ndeirfúir a chuaigh ar imirce go Meiriceá.
Mo mhíle slán leat a Éirinn bhocht, is breá an rud é an t-earrach fhéin;
Níl caint ar obair bosannaí, ná rud ar bith mar é;
Seal ag tarraingt fheamainne, a' cur fhataí 's a' baint fhéir.
Níl fear ar bith, dhá bhoichte, nach bhfuil feilm aige fhéin.
Mo mhallacht ar na currachaí 's mo bheannacht ar na báid;
Mo mhallacht ar na currachaí atá thall insa Trá Bháin
A bhain mo cheathrar deartháir díom a raibh an fheilm acu ann.
Nach cuma leis an gCeallach é ó 'sé fhéin atá ina n-áit.
'S faraor géar nár cailleadh mé lá a baisteadh mé go hóg,
Nuair a fágadh i mo chadhain aonraic mé gan feithide an bhéil bheo
Níl deartháir a'am 's níl deirfiúir a'am 's níl mo mháithrín beo;
Tá m'athair bocht lag goilliúnach 's a Chríost, cé hionadh dhó.
Agus shoraidh dhíbhse, a dheartháireachaí, nach dtagann sibh i dtír;
Chaoinfeadh mná an bhaile sibh a gcleamhnaithe 's a ngaol;
Chuirfí cónraí geal' oraibh amach ó láimh an tsaoir;
Ní bheadh sibh dhá bpocáil idir farraigí ná dhá gcur ó thaobh go taobh.
Agus d'fhágadar an caladh againn ar maidin leis an lá.
Dia linn agus Muire! 'siad an triúr a chuaigh sa ngábh;
Níl blas ar bith dár cheannaíodar nach dtáinig dhon Trá Bháin;
Tháinig na maidí ar an duirling 's an curach ar an trá.
'S báitheadh Seán 's Peadar orm, bhí cathú agam ina ndiaidh,
Báitheadh deartháir eile orm, ó, Máirtín fadó ariamh.
'Sé Micil bocht ba mheasa liom dhá bhfaca mé ariamh
Ach mo mhallacht don tonn bháite, 'sé a d'fhága mé ina ndiaidh.
Nach é an Ceallach a bhí náireach nach labhródh sé le Bríd;
Chaith sí seacht seachtaine i stór na ragannaí
Níor chleachtas mhór é sin uirthi dhá mbeadh a muintir cruinn;
Ó bheadh sí ag baint na carraigín 's á triomú leis an ngaoth.
