Showing posts with label Ceol. Show all posts
Showing posts with label Ceol. Show all posts

27.10.15

Dáta don dialann! Más in mBÁC nó Béalfeirste thú!

Bí ag faire amach d’Aisteoirí Bulfin Bhaile Átha Cliath ag tús mhí na Nollag, nuair a chuirfidh siad an seó is déanaí acu, ceoldráma nuascríofa '1915' le hAodh Ó Domhnaill, 1915, ar stáitse i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste.

“Roghnaigh siad an bhliain mhícheart.
Roghnaigh siad an Oifig-an-Phoist mhícheart.
Ach bhain a n‑éirí amach (agus a gcuid amhrán) crathadh as Impireacht Shasana!”
Díoladh iomlán na dticéad don seó Nollag deireanach a léirigh Aisteoirí Bulfin, Laraedó (2013). Moltar, mar sin, ticéad a chur in áirithe le haghaidh 1915 go luath! Tá rátaí grúpa ar fáil chomh maith i mbliana. Gach eolas thíos.

• Ionad 1: Amharclann Smock Alley, Sráid an Mhalartáin Íochtarach, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath 8: Dátaí: 2, 3, 4 & 5 Nollaig
Am: 8 pm Áirithintí: (01) 677 0014 agus
Ticéid do na léirithe i Smock Alley: €15 (mic léinn agus pinsinéirí €12; lascainí do ghrúpaí 8 nó níos mó le fáil ach glaoch ar (01) 677 0014 – ráta grúpa €10)

• Ionad 2: Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste, Dátaí: 12 Nollaig
Am: 8 pm Áirithintí: (028) 9096 4180

Alt faoin léiriú seo san Irish Times: Dráma nua le hAisteoirí Bulfin, 1915, le stáitsiú thuaidh agus theas. (28/10/2015)

9.9.15

1915 ag teacht!

An féidir leat canadh? Cónaí ort i mBaile Átha Cliath?

Fuair mé an nóta gearr seo ó cumann aisteoirí san Árd Chathair ar maidin. Tá clú agus cáil ag an ngrúpa seo ach go bhfios dom sé seo a céad uair a thugadar futhu ceoldráma a léiriú - muna bhfuil fhios agat a mhalairt!

Cinnte, 'siad Aisteoirí Bulfin ar an ngrúpa is buaine agus is beoga i mbun na drámaíochta Gaeilge i mBaile Átha Cliat leis na blianta. Bunaíodh iad i 1967 nuair a tháinig Seán Ó Briain amach go Craobh Liam Bulfin de Chonradh na Gaeilge i Rath Maoinis i mBaile Átha Cliath ag timireacht do Chomhairle Náisiúnta Drámaíochta na Gaeilge. Compántas amaitéarach atá ann go bunúsach ach tá léirithe leathghairimiúla déanta acu ar stáitsí Bhaile Átha Cliath agus ar fud na tíre. Tá nua-dhrámaí á scríobh acu le fada an lá, agus tá Pádhraig Ó Giollagáin agus Aodh Ó Domhnaill ina bpríomhscríbhneoirí acu.

A Chara,

Tá 1915 ag teacht!

Beidh ceoldráma nuascríofa á chur ar stáitse ag Aisteoirí Bulfin ag tús mhí na Nollag. Cuirfear breis eolais amach faoi sin sna míonna atá amach romhainn.

Faoi láthair, áfach, tá aisteoirí (fir agus mná) a bhfuil cumas amhránaíochta acu á lorg againn chun páirt a ghlacadh sa léiriú nua seo. Beidh léamh scripte / éisteachtaí ar siúl Dé Céadaoin, an 9 Meán Fómhair, ag 6.30pm i Scoil Bhríde i Raghnallach (Luas: Coill na Feá).


Bheimis buíoch díot dá scaipfeá an scéal ar éinne ar d’aitheantas a mbeadh suim acu páirt a ghlacadh i gceoldráma Gaeilge i mBaile Átha Cliath.


Éinne a bhfuil suim acu páirt a ghlacadh sa léiriú seo ba cheart dóibh scéala a chur chuig aisteoiribulfin@gmail.com nó chuig Aodh Ó Domhnaill (scríbhneoir an cheoldráma!) ag 087 3128224. Lánfháilte roimh bhaill nua!


Beannacht,

Méabh Ní Loingsigh
Oifigeach Caidrimh Poiblí
Aisteoirí Bulfin

Ma tá suim agat:
- Bi i dteanghmhail leo ag aisteoiribulfin@gmail.com
- Fág teachtaireacht ar an suíomh Facebook atá acu, nó
- Tar ag an léamh-scripte seo! Oscailte do cách! 6:30in ar an Céadaoin seo (9ú MF) i Scoil Bhríde, Raghnallach (stad Luas Coill na Feá).


5.7.15

D'éirigh leo!

Slua mhaoiniú – cic sa tóin do chultúr na ndeontaisí
Le beagnach mí anuas tá pictiúir agus nasc chuig tógra Seo Linn sa chólún ar chlé againn. Bhí siad ag iarraidh €50,000 a fháil len a gcuid ceol agus beochta a leathnú amach. Ni raibh ach 30 lá acu leis an t-airgead a bhailiú agus uaireanta bhí sé mall go leo ar teacht isteach ach diaidh ar ndiaidh, lá in ndiaidh lae,  tháinig fás ar an méid a bhí geallta. Ar deireadh ar an 30 lá (B'shin Sathairn 4 IuL 2015) bhí 350 sásta €51,475 a chuir isteach sa bhosca. Agus tá an pictiúir athraithe dá bharr!

Is beagnach mí ó shin d'fhoilsíodar a scéim len a ngrúpa cheoil Seo Linn a thógaint isteach sa saol mór proifisiúnta. "Tá bhur gcabhair ag teastáil go mór uainn an mhí seo! Beagnach dhá bhliain i ndiaidh do Avicii vs Lurgan, agus na mílte uaireanta a chloig curtha isteach, tá an deis againn anois Seo Linn a thógáil don chéad chéim eile agus an Ghaeilge a chur ar fáil do chuile dhuine go lán aimsirthea i mbealach spraíul agus taitneamhach trí mheán an cheoil!!" 

Thug siad a dúshlán dúinn go gcabhródh muid leo go praiticiúil! "SEO Í ÁR nDEIS!
LIKEÁILIGÍ, ROINNIGÍ, SCAIPIGÍ agus TACAGAÍ linn lenár gcúis anseo ar Kickstarter!"

Agus d'éirigh leo.

Is dócha an rud is íontaí faoi seo ná an rud a dúirt blag Conchubhair Uí Liatháin faoi: "An rud atá spreagúil faoi mar smaoineamh ná go dtugann sé cúl don ghnath chosán atá gearrtha ag eagrais Ghaeilge suas fánaí géara sléibhte an mhaorláithis agus sinn ag lorg maoinithe chun tabhairt faoi thograí.  An toradh a bhionn ar sin, má bhionn an t-adh leat, go bhfaigheann tú do mhaoiniú ach go mbionn sé chomh ceangailte le coinníollacha nach mbainfear an tairbhe céanna as.  Mura mbionn an t-adh leat, sin dea smaoineamh eile curtha ó mhaith."

Níl mórán dreamanna anseo a rinne triáil as an saghas seo maoiniú, ach na dreamanna a rinne é, d'éirigh cuíosach maith leo. Agus mar a deireáin an Lithánach "Idir an dhá linn, má fheiceann tú togra fiúntach Gaelach ar fundit nó Kickstarter, tabhair tacaíocht do.   Gheobhaidh tú do chraiceann agus a luach as…"

Idir an dá linn ní gá ach brethnú ar an bpictiúir thuas le riméad ar Seo Linn, ar Stiofán Ó Fearail, Keith Ó Briain, Daithí Ó Ruaidh, Cathal Ó Ruaidh, Kevin Shortall agus Conor Moore a fheiscint. Go bhfeicfimíd iad ag scaipeadh a gcuid cheoil agus a ngliondar croí i measc pobal na tire agus ar fud na cruinne!

• Tá suíomh bríomhar facebook ag Seo Linn agus níos mó ná 11,000 á leanúint.

15.5.14

Ceol draíochta aimsithe agus foilsithe!


Is cuimhin liom go maith an Domhnach a chuala mé go raibh Seán Ó Riaida tár éis bháis. Ní minic a chuireann bás éinne ag caoine mé ach rinne bhás Sheáin Uí Riada é sin. Ba cineál "Spiorad na nGael" dom é.  Bhí an dúchas ag canadh go láidir tréna chuid ceoil.!Gael

Chonaic me roinnt uair é ag coirmeacha ceoil, ceann mór san halla a bhí ag an Olscoill atá anios ina Cheoláras Náisiúnta le Ceolteoirí Chualann a thaitn go mór liom. Chaill mé an ceann a bhí sa Gaiety  agus a deineadh ceirnín de níos déanaí.

Bhí cuid dá gcuid ceol claisicí ar cheirnín (Ceirníní Claddagh) agam fadó! Nomus Uimhir 1 - Hercules Dux Ferrariae agus Bernadette Greevy ag canadh amhráin sa Ghearmáinis le dánta ó Friedrich Hölderlin agus ceol le Seán féin. Ní fios dom an bhfuil an taifeadadh áirithe sin fós le fáil ach tá taifeadadh le fáil ó RTÉ (agus ar spotify) de chuid dá gcuid cheoil claisiceach!

Is féidir le mo cuimhne dul chom fad siar le hAmharclann na Mainistreach nuair a bhí sé in Amhraclann na Banríona (Sr an Phiarsaigh BÁC) sna caogadaí. Bhíodh geamaireacht ar siúl acu am Nollag ag an tráth sin agus is cuimhin liom gur sheinn an Stiurthóir Cheoil a bhí acu solo ar an bpiano. Bhí mé óg aga an am agus ní cuimhin liom cén píosa ceol a seineadh ach nach aisteach an rud é nach ndearnadh mé deamad ar sin - ní cuimhin liom rud ar bith eile ón oíche sin!

Anois tá nuacht mhaith ann againn go bhfuil taifeadadh nua a fhoilsiú ag Gael Linn. Ar thaifeadtaí ceoil nár eisíodh cheana, cruthaíonn an Riadach ceo meala agus é ag seinm a chuid cóiriúchán féin d’fhoinn mhóra ar an bpianó agus ar an gcruitchorda.

Ar an albam cloistear an Riadach féin i mbun ceoil le linn a cheolchoirm taifeadtha deireannach i mí Márta 1971. Cloistear rianta a taifeadadh  i mí Bealtaine 1971, cúig mhí roimh a bhás anaibí in aois 40 bliain  agus cinn eile fós ón mbliain 1966. Ábhar é seo nár chualathas cheana!

Ar an albam aoibhinn seo cloistear Seán Ó Riada ag seinm leithéidí: Do Bhí Bean Uasal, Carraig Donn agus Sliabh na mBan, chomh maith le foinn a chuir an Riadach féin os comhair an phobail den chéad uair: Aisling Gheal, Port na bPúcaí agus Cois an Ghaorthaigh.

Ina theannta sin, cloistear sraith de ghearrphíosaí ceoil a bhfuil téama an tírghrá mar shnaidhm eatarthu. Mar mhír spéisiúil sa bhreis, cloistear an Riadach ag aithris scéal seanchais. Ar leabhrán 12 leathanach tugtar cúlra na bpíosaí ceoil ar fad.

Is mór mar a chuireann an t-albam seo le clár saothar an Riadaigh. Seo an cnuasach is mó dá dá bhfuil ann agus ceol aonair á sheinm aige -  cnuasach eisiach den mháistir é féin ag seinm na bpíosaí ab ansa leis.

Bhí ról lárnach ag Seán Ó Riada maidir le ceol traidisiúnta na hÉireanna a chur chun cinn san aois seo caite. Trína chuid ceoil do na scannáin Mise Éire agus Saoirse?, rinne sé spiorad mhuintir na hÉireann a athbheochan agus, lena ghrúpa Ceoltóirí Chualann, rinne sé claochló ar conas mar a chuirtear an ceol i láthair an phobail.

13.2.13

Gradam Ceoil 2013

Is ar an mboscadóir cáiliúil as Dún na nGall Dermot Byrne a bhronnfar Gradam Ceoil 2013. 

Dermot Byrne
Fógraíodh sin agus duaiseoirí eile na bliana ag ócáid i Luimneach aréir. Tá ardmheas agus cáil ar fud an domhain ar Dermot, ball den ghrúpa aitheanta Altan le fada.

Tugann Gradaim eile na bliana seo aitheantas do cheoltóirí agus d’eagras a bhfuil gean orthu agus urraim dóibh: cumadóir agus fidléir as Tír Chonaill a bhí mar bhall bunaithe den Bothy Band, amhránaí binn ildánach as Corca Dhuibhne a bhfuil cáil an cheoil ar mhuintir ar fad, fear as iarthar an Chláir a bhí ina bhall bunaithe de Cheoltóirí Chualann agus de na Chieftains, fidléir óg as Muineachán agus eagras ar éirigh leis uirlis a bhí a mbaol báis a tharrtháil agus a chur chun cinn go héachtach.

Seo duaiseoirí Ghradam Ceoil TG4 Ceoil 2013:


• Gradam Ceoil: Dermot Byrne
• Ceoltóir Óg: Dónal McCague
• Gradam Saoil: Michael Tubridy
• Cumadóir: Tommy Peoples
• Amhránaí: Séamus Ó Beaglaoich
• Gradam Aitheantais: Na Píobairí Uilleann

Gheobhaidh siad ar fad duais airgid agus píosa speisialta dealbhóireachta a coimisiúnaíodh ó John Coll. Coiste neamhspleách a roghnaíonn na gradamóirí. Bronnfar na Gradaim ag Coirmcheoil agus Duaisbhronnadh i gCeoláras na hOllscoile, Luimneach ar an Satharn 30 Márta 2013, á chur i láthair ag Aoife Ní Thuairisg agus Páidí Ó Lionáird. Craolfar ar TG4 an oíche dar gcionn, Domhnach Cásca. Tá an ócáid sin á heagrú mar chuid de agus le tacaíocht ó Thóstal Éireann 2013 agus beidh maithe go leor i láthair mar bhronntóirí agus ag seinm ar an oíche.

Deir Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir gur “deis luachmhar é Gradam Ceoil TG4 ár meas a léiriú ar ealaíontóirí cumasacha a shaibhríonn agus a cheiliúrann ár n-oidhreacht luachmhar cheoil, i láthair a gcairde féin agus trí mheán na teilifíse agus an Idirlín.”

Deir Jim Miley, Stiúrthóir Togra Thóstal Éireann 2013 go bhfuil áthas air go bhfuil an Gradam Ceoil agus an Tóstal ag obair as láimh a chéile. “Is dlúthchuid d’fhéiniúlacht na hÉireann é an ceol traidisiúnta,” a deir sé “ agus tuilleann ár gceoltóirí meas agus urraim don tír seo i ngach ceard den domhan. Is tóstal ar leith é an Gradam Ceoil agus is deas a bheith luaite leis.”

13.8.11

Féile na bhféilte!

Fáilte roimh Éirí na Gréine!
Tá roinnt mhait seachtaine imithe ó scríobh mé anseo, Bhí mé bruidiúil cinnte ach bhí beagáinín leisce ann leis! Bhí mé i Londain i lár na míosa seo chugainn agus bhí mé chun scríobh faoi sin ach ansin thárla an áir san nIoruaidh, ionsaí an Taoisigh ar éilíteachas na Vatacáine, ciréibeanna i Sasana mar aon le h-imphléasc na stocmalartáin - an-chuid rudaí le scríobh faoi agus smaoinigh mé ar scríobh orthu go minic agus mé á chuir ar mo mhéar fhada bhocht!

Ach níl chun scríobh ortha san atá mé, nár ar aon rud brónach, ach faoi rud a árdódh ár gcroíthe.  Go dtí ar maidin níor smaoinigh mé air mar ábhar le scríobh faoi. Ach ar maidin bhí tuibht beag ó Conchubhair Ó Liatháin (iGaeilge an blaganna!), iar-eagarthóir ar Lá ag comhairliú dúinn dul chuig suíomh UTube: " #laoch Nic Gareiss agus Caoimhín Ó Raghallaigh http://www.youtube.com/watch?v=5yMdPIYOaBY - ar fheabhas. Excellent."
(Mar tá taithí agat ar twitter beidh tuiscint ar atá scríofa anseo, ach dóibh siúd nach bhfuil eolas ar twitter agaibh mínóidh mé chuid de. Nuair atá @ roimh focal - @igaeilge - sé sin ainm "tweet" duine agus tá dhá cheann anseo @igaeilge agus @FeileNaLaoch. Má tá # roimh focal mar #laoch, glaotar "Hashtag" ar sin agus baintear úsáid as iad seo le gach tuibht faoin ábhar áirithe sin a fhéiscint is cuma cé scríobh é!)

Bhí fhios agam go raibh an féile seo le bheith ar siúil mar comóradh ar shaol agus saothar Sheáin Uí Riada, a rugadh 80 bl ó shoin agus a fuair bás ag aois i bhfad ró óg 40 bliain ó shin. Fós is cuimhim liom bheith ag caoineadh nuair a chuala mé scéal a bhás, thall i Londain. Ní raibh aithne agam ar an bhfear ach is cosúil gur chuig a chuid ceoil go mór i bhfeidm orm. Chonaic mé é ag seinnt le Ceoltóirí Chualainn ag Coláiste na hOllscoille BÁC in Ardán Phort an Iarla - anois an Ceoláras Náisiúnta. Agus nuair a bhí mé óg chuaigh mé go Geamaireacht éigin in Amharclann na Manaistreach nuair a bhí an amharclann sin ar deoraíocht sa Queens i Sr an Phiarsaigh BÁC agus seinnadh píosa ceol solo ar an bpiano ag duine éigin. Cheapaim gur John Reidy a bhí ansin.

 Ach thar n-ais ar an bhféile. Bhí fhios agam go raibh sé ar siúil ó dheas ansi i gCúil Aodha, go raibh a mac agus a chomharba Peadair á stiúradh agus go raibh roinnt poiblíochta faoi ar na meáin sóisialta mar aon leis an raidío agus an teilifís ach seachas sin níor thugas mórán aird air. Go dtí anois agus tuibht úd Chonchubhair Uí Liatháin!

D'fhéach mé ar an bhfíseán agus b'íontach an ceol, agus an rinnce ag an damhseoir óg as Chicago, is cosúil. Deireann siad go ndearnadh sé stuidéar ar cheol cnagacht ar fud an domhain agus anseo i gCúil Aodh conacthas stíl agus réimse a chuid eolais. Bravo!

Lasadh lasair na féile i gcistín Uí Riada
Agus mé ag breathniú ar seo thugas faoi dearadh go raibh míreanna eile ann ón bhféile, Féile na Laoch agus thosaigh mé ag breathnú ortha siúd chomh maith. Léiríodh ann conas mar a d'imig cursaí na féile. Tusú le lasadh soilseáin nó tóirse ó tinteáin Sheáin féin i gCúil Aodh le rabhchán na féile a lasadh. Mórshiúil go dtí láthair na féile, Scoiríochteanna, paráidí, liotúirge i Séipéil Chuli Aodha, leis an gCór cáiliúil bunaithe ag Seán Ó Riada, agus scoláirí Mhagh Nuat agus thár aon rud eile - ceol.

Críochnaigh an féile le hAeríocht mór faoin aer san oíche i bpáirc inar buaidh na Ceiltigh ar  na Tuatha Dé Danann faoi dheireadh fadó. Ar bhealach is léiriú ar léinn, eolas, spéis agus meon an fhir athbheochannach sin Seán Ó Riada. Léinn, filíocht, amhránaíocht, damhsa, bailé, ceol claisiceach, traidisiúnta, ceol an phoball. Bhí mór uaisle is mion uaisle ann. Seán Ó Sé, Micheál D, Nuala Rua, Christy Moore,  an "Poc ar Buile" mar aon leis an "Auld Triangle" agus eile. Go deimhin bhí sé ina oíche go maidin. D'fhéadach Christy amhrán eile mar Lisdoonvarna a scríobh faoi!!

Is cosúil go rabhadar i ndán an poball ar a raibh an stáitse a iompú agus ar deireadh bhí se iompaithe i dreo éirí na gréine agus i neomad a bhí lán de siompbalachas seinn an ceol fhoireann téama Mise Éire le fáilte a chuir roimh éirí na gréine. Neomad dríochtúil gan amhras agus an corn aonair ag seinnt téama oscailte an ceoil dríochtúil sin. Tá an físeáin thíos a mhaireann timpeall 20 neomaid lán de spiorad na hocáide agus molaim do gach éinne breathnú air. Tá lucht deanta na bfíseáin, Beirín Beo,  le moladh go mór as an taifead seo a dhéanamh don domhan mór.

Molam go mór an obair mhóir a cuireadh isteach sa féile seo. Áit beag í Cúil Áodha ach tá ceachtanna le foghlaim ag aon féile, beag nó mór, ó Féile na Laoch, Féile na bhFéiltí!

7.4.11

25ú Féile Joe Éinniú 2011

Seosamh Ó hÉanaigh
Reachtáilfear Féile Chomórtha Joe Éinniú i gCarna, Conamara ag deireadh na míosa seo, ón Aoine 29ú Aibreán go Domhnach 1ú Bealtaine 2011. Déanann an fhéile seo comóradh ar shaol agus ar shaothar ceoil an amhránaí chlúití ón Aird Thoir, a bhásaigh i Seattle agus atá curtha ina pharóiste dúchais. Is ceiliúradh cúig bhliana fichead atá i bhféile na bliana seo mar go bhfuil an fhéile ar an bhfód ó 1986, agus ag dul ó neart go neart.

Tugtar tús áite san fhéile don amhránaíocht ar an sean nós agus d’amhránaíocht thraidisiúnta i dteanga ar bith ach cuirtear fáilte freisin roimh an gceol úirlise agus an damhsa. Is í Róisín Nic Dhonncha as an Aird i gCarna, a dhéanfaidh an seoladh oifigiúil in Áras Shorcha Ní Ghuairim ar an Aoine 29ú Aibreán ag 7.30pm.

Siad príomh imeachtaí an chláir i mbliana:
Seoladh an leabhair ‘Bright Star of the West: Joe Heaney, Irish Song-Man’ atá scríofa ag Dr. Lillis Ó Laoire & Dr. Sean Williams; 
Seoladh leabhair de Chumadóireacht Ceoil Mharcuis Uí Iarnáin as Ruisín na Manach - ‘An Chearc Fhraoigh’;
Seisiúin Ceoil agus Amhránaíochta;
Ceardlanna Amhránaíocht ar an Sean Nós, Damhsa ar an Sean Nós agus Ceol Úirlise (ceardlanna ar fad saor in aisce);
Seoladh Dlúthdhiosca nua de chuid an bhoscadóir Danny O’Mahony as Ciarraí;
Cuairt ar uaigh Joe Éinniú;
Comórtas Amhránaíochta don Aos Óg;
Taispeántas agus cur i láthair ar an Veidhlín Hardanger ón Iorua;
Ceadal Píobaireachta agus Portaireachta le h-aíonna as Alba agus Éire;
Céilí agus Seiteanna.
Beidh taispeántas pictiúir agus ábhar ón bhféile le 25 bliain anuas ar bun i gcaitheamh na deireadh seachtaine chomh maith.

Bíonn an-tóir i gcónaí ar cheolchoirm na féile agus is cinnte gur amhlaidh a bheidh i mbliana, mar go mbeidh cuid de na h-aíonna is mó i saol an cheoil ag tabhairt faoin stáitse in Óstán Chuan Charna ar an Satharn ag 7.30pm: Na hAlbanaigh - Mairí Smith, Ailean Domhnullach & Griogair Labhruidh, Danny O’Mahony, Patsy Broderick, Mick Mulkerrins, Liz & Yvonne Kane, Róisín Nic Dhonncha, Bairbre De Búrca, Ciarán Somers, David Power, Pádraic Ó Flatharta, Rosie Stewart, Nell Ní Chróinín, Cormac Ó Beaglaoich, Emma Ní Shúilleabháin agus Torgeir Straand ón Iorua.

Ticéid €20 le fáil ó Óstán Chuan Charna (B) (095) 32255.

24.3.11

Tacaíocht Chonamara do stailc!

Tugadh litreacha scoir do cheathrar as an naonúr fostaí de chuid Mheitheal Forbartha na Gaeltachta (MFG), in oifigí Ros Muc ar an gCéadaoin seo caite: Gearóid Ó Fátharta, Máire Uí Ghiobúin, Deirdre Nic Dhonnacha agus Tríona Ní Ráinne.

Táthar leis an oifig is Ros Muc a dhúnadh leis agus feidhmiú as an oifig in Indreabhán.

Tá sé deacair an meoin sin a thuiscint. Chun a bheith ró-shimplí bfhéidir tá i bhfad níos mó gá le fostaíocht i Ros Muc ná in Indreabhán. Cén fáth nár aistrigh siad an oifig in Indreabhán siar go Ros Muc? Deireann MFG ar an suíomh idirlíon: "Is forbairt pobail trí fhorbairt shóisialta, chultúrtha agus eacnamaíochta na Gaeltachta príomhaidhm Mheitheal Forbartha na Gaeltachta." Ní féidir le mórán a fheiscint conas a a deineann cinneadh mar seo forbairt shoisialta, chulturtha nó eacnamíochta ar cheantair Ros Muc nó ar Iorrais Aithneach siar uaidh!

Ar aon nós níl oibrithe Ros Muc ró shásta leis an gcinneadh. Rinneadar aigneachtaí leis an gceard chunann agus nuair nach raibh MFG sásta dul siar ar an cinneadh fógraíodh stailc oifigiúil. Táid ar picéad taobh amuigh den oifig in Indreabhán ó shin.

Tá muintir Chonamara taobh thiar na stailceoirí agus bhí teacht le chéile ar maidin leis an tacaíocht sin a léiriú. Ocáid spreagúil a bhí ann le ceol agus craic le slua breá.

Go n–eirí leo!
Griangrafanna le Trevor Ó Clochartaigh

4.3.11

An Bhriotáin i nGaillimh!

Mar pháirt do Sheachtain na Gaeilge, tá Breizheire (Cumann Briotánach na hÉireann) ag eagrú Oíche Bhriotánaigh de cheoil agus damhsa ar an Máirt 15 Márta ag 8 i.n i gClub Árus na nGael, Gaillimh.
Malig’Laouen
Beidh trí ghrúpa ag casadh i rith na oíche: Neketomtom, Malig’Laouen agus Les Ritals, agus beidh Lise Carrel ag cur taispeántas den dhamhsa Briotánaigh agus damhsaí eile i bhur láthair, agus beidh deis agat chomh maith Crepes deasa a bhlaiseadh ar an oíche- ní bheadh Oíche Bhriotánaigh ina iomlán gan iad a bheith ann!

Saor cead isteach.

1.2.11

Gradam ceoil 2011

Liosta Ghradam Ceoil TG4 2011 foilsithe

Is ar cheoltóir croíúil an chonsairtín as iarthar an Chláir, Noel Hill a bhronnfar Gradam Ceoil TG4 2011. Fógraíodh liosta iomlán na ngradamóirí éagsúla ag nuachtócáid i Músaem na Cathrach (Béarla) i nGaillimh tráthnóna.

Bronnfar Gradaim sna rannóga eile ar phíobaire óg fuinniúil as Co na Gaillimhe, ar amhránaí ildánach as Gaeltacht Chorca Dhuibhne, ar fhidléir aitheanta as tuaisceart Liatroime, ar phianadóir agus scoláire ceoil a bhfuil cáil dhomhanda air agus ar chumadóir cumasach as Chicago a thuill ainmniúcháin Grammy arú anuraidh. Seo liosta Ghradam Ceoil TG4 2011:

• Gradam Ceoil TG4 - Noel Hill
• Ceoltóir Óg TG4 - Pádraic Keane
• Gradam Saoil TG4 - Ben Lennon
• Cumadóir TG4 - Liz Carroll
• Amhránaí TG4 - Muireann Nic Amhlaoibh
• Gradam na gCeoltóirí TG4 - Micheál Ó Súilleabháin


Tá achoimre ar chúlra gach ceoltóra ar fáil ar shuíomh TG4. Gheobhaidh gach gradamóir duais airgid agus píosa speisialta dealbhóireachta a coimisiúnaíodh ó John Coll. Coiste neamhspleách moltóirí a roghnaíonn na buaiteoirí. Bronnfar na Gradaim ag Coirmcheoil agus Duaisbhronnadh in Áras Ceoldráma Loch Garman (Béarla) ar an Satharn 2 Aibreán, á chur i láthair ag Aoife Ní Thuairisg, a chraolfar ar TG4 Domhnach Cásca, 24 Aibreán.

Deir Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir gur scéim aitheantais a léiríonn an meas forleathan atá ar scoth na gceoltóirí atá sa nGradam Ceoil. "Tugann na Gradaim seo deis dúinn ár meas agus ar mbuíochas a chur in iúl d’ealaíontóirí a shaibhríonn ár saol agus a cheiliúrann agus a athnuann ár n-oidhreacht luachmhar cheoil " a dúirt sé.

26.1.11

Ionsparáid in Iarthair Chorcaí

Is minic a scrítear faoi imeachtaí i gConamara sa bhlag seo ach ar ndóigh tá ceantreache eile in Éirinn gur fiú dul ionta! Tá ceantair Mhuscraí i gcroí lár Iarthar Chorcaí ina measc!

Imbolc 2011, comhdháil inspioráideach, ag dul ar aghaidh ar an Satharn 12 Feabhra 2011, san Ionad Cultúrtha in mBaile Bhuirne. Is tionól aon lae é, agus beidh cainteoirí íontach ann, daoine a bhfuil obair nó taighde ceannródaíoch ar bun acu ó gach aon earnáil den saol - gnó, na healaíona, na heolaíochtaí &rl. Tá ríméad orainn go bhfuil cainteoirí den chéad scoth againn arís i mbliana, le saothar agus scéalta fíorspéisiúla ag gach duine acu.

Tá an chomhdháil ar siúl ar bhonn go hiomlán neamhbhrábhúsach - tá sé á eagrú againn mar thionscadal pearsanta, agus tá na cainteoirí ag tabhairt a gcuid ama saor in aisce don ócáid. Tá na sonraí go léir thíos anseo, ag tosnú leis na cainteoirí.

Dónal Lunn
y
Tá an cur síos "ceoltóir cáiliúil" i bhfad róbheag don fhear seo, ach níl spás a dhóthain anseo gach éacht a bhfuil déanta aige a bhreacadh síos! Beidh ceolchoirm speisialta san Ionad Cultúrtha ag Dónal an oíche roimh an gcomhdháil chomh maith.

Naoise Ó Conchubhair
Dearthóir a bhain amach na duaiseanna "Dearthóir Óg na Bliana", agus "Céimí na bliana" i 2008/2009, agus a bhfuil sárobair déanta aige in earnáil an ríomh-dearaidh ó shin.

Frank Allen
Príomhfheidhmeannach leis an Rail Procurement Agency (Béarla), an comhlacht a bhfuil sé mar dhualgas air bonneagar iarnróid éadroim na hÉireann, an Metro san áireamh, a chur i gcrích.

Sadhbh Ní Hogáin
Innealtóir le EOS Future Design a dhéanann sainfheidhmiú ar chúrsaí pleanála inbhuanaithe, agus a bhfuil saineolas aici ar an réimse sin.

Ciarán Mac an Bhaird
Léachtóir le matamaitic in NUI Maigh Nuad (Béarla) a dhíríonn isteach ar na slite is éifeachtaí matamaitic a mhúineadh le nua-teicneolaíocht.

Muireann Nic Amhlaoibh
Muireann Nic Amhlaoibh
Ceoltóir agus amhránaí cáiliúil, a bhfuil ardmholadh faighte aici ní amháin dá ceol féin, ach leis sin an obair atá déanta aici le Danú agus daoine mar Julie Fowlis.

Mícheál Ó Droighneáin
Saineolaí teicneolaíochta agus fiontraí a chomh-bhunaigh Maithú, comhlacht teicneolaíochta soghluaiste a thóg an phríomhdhuais leis i gcomórtas Barr 50 gnó Gaeilge i 2010.

Tríona Nic Giolla Choille

Stiúrthóir leis an Galway Refugee Support Group (Béarla), agus atá gníomhach i ngluaiseacht "Claiming Our Future" (Béarla). D'eagraigh siad ócáid i mBaile Átha Cliath le déanaí ar fhreastal níos mó ná míle duine uirthi.

Tabharfaidh gach cainteoir cur i láthair gairid, fiche nóiméad ar a mhéad, ar an obair a bhfuil ar siúl aige - tugann sé sin deis don lucht féachana réimse leathan d'ábhair a bhlaiseadh, chomh maith le cuid mhaith díospóireachta ina dhiaidh! Is seans iontach é bualadh le daoine a bhfuil cúrsaí ag éirí go hiontach leo, agus a bhfuil an Ghaeilge mar pháirt lárnach dá shaol ag an am céanna.

8.11.10

Oíche Bhuitléarach i nGaillimh

Beidh Éamon de Buitléar i láthair  mar aoi speisialta ar an Máirt 16 Samhain i gClub Áras na nGael ar Sr. Doiminic in nGaillimh i gcomhair Oíche Airneán sa  Chathair .

Is scríbhneoir agus scannánóir é Éamon de Buitléar. Is stiúrthóir bainistíochta é ar an gcomhlacht Éamon de Buitléar Teo (Béarla). Is comhlacht é seo a dhéanann sainfheidhmiú ar Fiadhúlra Scannánaíochta agus clár faisnéise le haghaidh an teilfís. Is eisean agus Garrit van Gelderen a rinne na cead scannáin teilifise ar dhúlra na tíre ar teilifís - an sraith íontach cáiliúil sin "Amuigh faoin spéir!".

Bhí baint aige le ceol traidisiúnta in éineacht le Séan Ó Riada agus ina dhiaidh sin, bhí baint aige le bunú an ghrúpa ceoil traidisiúnta Ceoltóirí Chulann 1961-1969.  Nuair a fuair Seán bás (1972) bhunaigh sé Ceoltóirí Laighean. Tá roinnt de na ceirníní dá gcuid ceoil éisithe ag Gael Linn.

Beidh Éamonn ag taispeáint sleamhnáin dá chuid oibre agus ag cur síos ar a shaoil go dtí seo.

Is fiú go mór teacht go dtí an oíche airneáin seo.

3.9.10

Seoda na nOileán


Coiste Fhéile Chomórtha Joe Éinniú ag eagrú oíche mhór ceoil, amhrán agus damhsa i dteach ósta ‘Tí Mheaic’ i gCarna, ar an Aoine seo chugainn 10ú Meán Fomhair ag 9.00in, mar cheiliúradh ar an dlúthdhiosca nua ‘Seoda na nOileán’ atá curtha amach ar an margadh ag an bhfliúitadóir Marcus Ó hIarnáin (Béarla) as Ruisín na Manach (Carna) agus an boscadóir Johnny Ó Conghaile as Inis Bearacháin ó dhúchas. Tá cáil i bhfad agus i ngearr ar an mbeirt cheoltóirí seo agus is seoda ceart atá sa dlúthdhiosca nua.

Rinneadh taifead ar an gceol ar fad ar an teallach i dteach Mharcuis i Ruisín na Manach agus is álainn go deo an fuaim a thagann ón mbeirt dlúthchairde. Ag coinneáil comh-cheol leo ar an dtaifead spleodrach seo, tá Tim Edey ar an ngiotár agus Brian McGrath ar an bpianó.

I measc na haíonna speisialta a bheidh ag glacadh páirt sa cheiliúradh seo i dTigh Mheaic, beidh Proinséas, Breandán agus Labhrás Ó hIarnáin, chomh maith le ceoltóirí, amhránaithe agus damhsóirí áitiúla eile.

Is í Neansaí Ní Choisdealbha a bheidh mar aoí-chainteoir ar an oíche. Is ceoltóir den scoth í Neansaí agus bíonn sí le cloisteáil go minic ag craoladh ar Raidió na Gaeltachta.

Tá céad míle fáilte roimh cách ag an ócáid i gCarna!

18.7.10

Ar an tra bhán

Chuamar ar siúlóid inniú i gCeantair na nOileán síos chomh fada le céibh na Trá Báine. Bhí an lá go h-álainn agus ghlac mé pictiúir den leacht cuimhneacháin den ceathrar a fuair bás sa bhfarraige chrua fadó.

Seo leagan d'amhrán na Trá Báine faoin dtragóid usfásach sin. Scríodh an amhrán seo ag a ndeirfúir a chuaigh ar imirce go Meiriceá.

Mo mhíle slán leat a Éirinn bhocht, is breá an rud é an t-earrach fhéin;
Níl caint ar obair bosannaí, ná rud ar bith mar é;
Seal ag tarraingt fheamainne, a' cur fhataí 's a' baint fhéir.
Níl fear ar bith, dhá bhoichte, nach bhfuil feilm aige fhéin.

Mo mhallacht ar na currachaí 's mo bheannacht ar na báid;
Mo mhallacht ar na currachaí atá thall insa Trá Bháin
A bhain mo cheathrar deartháir díom a raibh an fheilm acu ann.
Nach cuma leis an gCeallach é ó 'sé fhéin atá ina n-áit.

'S faraor géar nár cailleadh mé lá a baisteadh mé go hóg,
Nuair a fágadh i mo chadhain aonraic mé gan feithide an bhéil bheo
Níl deartháir a'am 's níl deirfiúir a'am 's níl mo mháithrín beo;
Tá m'athair bocht lag goilliúnach 's a Chríost, cé hionadh dhó.

Agus shoraidh dhíbhse, a dheartháireachaí, nach dtagann sibh i dtír;
Chaoinfeadh mná an bhaile sibh a gcleamhnaithe 's a ngaol;
Chuirfí cónraí geal' oraibh amach ó láimh an tsaoir;
Ní bheadh sibh dhá bpocáil idir farraigí ná dhá gcur ó thaobh go taobh.

Agus d'fhágadar an caladh againn ar maidin leis an lá.
Dia linn agus Muire! 'siad an triúr a chuaigh sa ngábh;
Níl blas ar bith dár cheannaíodar nach dtáinig dhon Trá Bháin;
Tháinig na maidí ar an duirling 's an curach ar an trá.

'S báitheadh Seán 's Peadar orm, bhí cathú agam ina ndiaidh,
Báitheadh deartháir eile orm, ó, Máirtín fadó ariamh.
'Sé Micil bocht ba mheasa liom dhá bhfaca mé ariamh
Ach mo mhallacht don tonn bháite, 'sé a d'fhága mé ina ndiaidh.

Nach é an Ceallach a bhí náireach nach labhródh sé le Bríd;
Chaith sí seacht seachtaine i stór na ragannaí
Níor chleachtas mhór é sin uirthi dhá mbeadh a muintir cruinn;
Ó bheadh sí ag baint na carraigín 's á triomú leis an ngaoth.
Leagan d'Amhrán na Trá Báinne a chas Seosamh Ó hÉanaí (Joe Éinniú)

21.6.10

Damhsa ag Lúnasa (agus Iúl!)

Campa Samhraidh Damhsa ar an sean nós le Emma O Sullivan.

Beidh Emma O Sullivan ag reáchtáil dhá Campa Damhsa ar an Sean Nós do pháistí an Samhraidh seo i Áras na nGael, Gaillimh.

Tá clú agus cáil ar Emma Ó Sullivan tar éis an taispeántas iontach a thug agus sí ag tógáil páirt san gclár All Ireland Talent Show (Bearla) i rith 2010. Bhí an pobal mar aon leis na moltóirí an tógtha le Emma agus an stíl álainn damhsa a bhí aice. Bíonn Emma ag múineadh Damhsa ar an Sean Nós do phaistí go lánaimseartha agus tá sí ríméadach go mbeidh sí in ann Campa Damhsa ar an Sean Nós a dhéanamh sa Chathair.

Beidh an Campa Samhraidh ar siúl i lár chathair na Gaillimhe in Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, ar feadh uair an chloig, dhá thráthnóna in aghaidh na seachtaine ar feadh trí seachtaine. Tosaíonn an chéadcampa ar an 6ú lá Iúil agus an dara cheann ar an 3ú lá Lunasa.

Tá costas do €60.00 ar an gCampa don phaiste.

19.5.10

Pictiúirí Fhéile Joe Éinniú 2010

Caoimhín Ó Raghallaigh agus Mick O'Brien (BÁC) ag tógáil páirt sa cheolchoirm in Óstán Chuan Charna, 1ú Bealtaine 2010.
Johnny Ó Clochartaigh agus Joe John Mac an Iomaire ag oscailt na féile in Áras Shorcha Ní Ghuairim ar an Aoine 30ú Aibreán 2010.
Lillis Ó Laoire, Allan MacDonald agus Griogair Labhruidh ag oscailt na féile in Áras Shorcha Ní Ghuairim ar an Aoine 30ú Aibreán 2010.
Máire Ní Mhaoilchiaráin ag bronnadh Corn Cuimhneacháin Joe Éinniú ar bhuaiteoir 2010 - Bertie Ó Domhnaill.
Micheál Ó Cuaig (Stiúrthóir na Féile) agus Sean Williams (USA) ag oscailt na féile in Áras Shorcha Ní Ghuairim ar an Aoine 30ú Aibreán 2010.
Niamh Ní Chuaig, Proinséas Ó hIarnáin, Breandán Ó hIarnáin agus Michelle Ní Chuaig ag baint sult as an gcraic in Óstán Chuan Charna ar an Domhnach 2ú Bealtaine 2010.
Paddy Fitzpatrick, Micheál Éinniú agus Meaití Joe Shéamuis Ó Fátharta ag oscailt na féile in Áras Shorcha Ní Ghuairim ar an Aoine 30ú Aibreán 2010.
Tim Dennehy a d'oscail an fhéile go h-oifigiúil, in éineacht le Johnny Mháirtín Learaí Mac Donncha agus Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha.

11.5.10

Indreabhán i mí Bealtaine

Tá sé beagnach i am do Phléaracha Chonamara. Deireann siad ar a suíomh: "Tá Pléaráca ag forbairt glór, ról agus páirtíocht an phobail Ghaeltachta tríd na healaíona agus tríd an cultúr agus an teanga a chur chun cinn."

Is In Indreabhán i gCois Fhairrge a bheidh sé i mbliana ar feadh trí lá agus oíche ón 20ú lá Bhealtaine. Is íontach clár na himeachtaí atá acu.

Sé Páidí Ó Lionáird a ósclódh na féile i dTí Chualáin agus is cosúil go mbeidh seó go maidin ann le léiriú ag Fíbín, bronnadh Gradam Phléaracha, seoladh Iris Phléaracha 2010 agus ceol le Beartla Ó Domhnaill & Ceann Gólaim, agus na himeachtaí go léir á stiúradh ag Máirtín Tom Sheánain. Agus níl ansin ach an tús!

Tá an trí lá eile lán de himeachtaí don aos óg agus dóibh siúd nach bhfuil ró óg. Mar shampla tá Seisiún an Phléaracha le bheith ar siúil go déanach ar an Aoine - "Scannán amuigh faoin aer" a deireann an clár! Agus oíche Shathairn tá láithreoir dosmachtaithe Raidío na Gaeltachta, Rónán "Beo" Mac Aodha Bhuí le bheith sa Póitín Stil lena Chabaret Craiceáilte.

Agus ar an oíche deireannach beidh comortas damhsa ar an sean nós, arís sa Poitín Stil nuair a scaoileadh Johhny Connolly a mheleodeon arís dúinn!

AN MBEIDH TÚ ANN?
Má tá tusa le bheith ann tá leathanach Facebook ag Pléaracha...

17.4.10

Féile Joe Éinniú

Is ar cheantar Iorras Aithnigh a bheidh an tarraingt nuair a reachtáilfear Féile Chomórtha Joe Éinniú na bliana seo i gCarna, Conamara, Co. na Gaillimhe, 30 Aibreán - 2 Bealtaine.

Tá an fhéile seo bunaithe ó 1986, le comóradh a dhéanamh ar shaol agus ar shaothar an amhránaí sean-nóis a bhásaigh i Seattle sna Stáit Aontaithe i 1984. Meastar gurbh é Joe Éinniú, a rugadh san Aird Thoir i gCarna i 1919, sár-fhonnadóir sean-nóis a linne féin.

Tá clár leathan imeachtaí leagtha amach don fhéile deireadh seachtaine, ar a mbeidh ceolchoirm mhór le Danny O’Mahony & Patsy Broderick, Edel Fox, Alan McDonald, Fiachra O’Regan & Sophie Lavoie, Griogair Labhruidh & Síle Denvir, Liz & Yvonne Keane, Máire Áine Ní Iarnáin, Ciarán Somers agus tuilleadh. Beidh ceardlanna amhránaíocht agus damhsa ar an sean nós ar bun ar an Satharn ó 10am–2pm in Áras Shorcha Ní Ghuairim. Taobh amuigh de na seisiúin ceoil agus foinn a bheidh ar bun sa gceantar ar feadh na deireadh seachtaine, beidh seoladh dlúthdhiosca nua “Faoi Bhláth” le Ciarán Somers agus Dave Sheridan ar an Domhnach in Óstán Chuan Charna; comórtas amhránaíochta don aos óg agus ócáid ómóis don amhránaí Seán ‘ac Dhonncha.

Beidh neart imeachtaí ar siúl i gCarna le haghaidh sean agus óg le linn deireadh seachtaine saoire bainc na Bealtaine!

1.4.10

Áirneáin sa Chathair

Ar an dara Máirt de gach mí bíonn Club Áras na nGael, 45 Sr. Doiminic i nGaillimh mar ionad do shraith oícheanta chultúrtha. Tá deireadh na sraithe sroichte acu anois go dtí an Fhómhair. Ach ná bí buartha gealltar sraith iontach eile amach anseo tar éis an tsamhraidh.

Don oíche deiridh den sraith seo “Airneán sa Chathair” tá sár-oíche amach romhat áit a mbeidh Áine Ní Dhroighneáin ag canadh ar an Máirt 13 Aibreán ag 8.15 i.n. Is amhránaí / aisteoir í Áine agus bheadh aithne ag daoine uirthi mar Tara ó Ros na Rún agus ghlac sí páirt freisin sa sraith Na Cloigne. Táthar ag súil go mór le guth álainn Áine a chloisteáil ar an oíche.

Leis an sraith oícheanta chultúrtha seo tá sé i gceist pobal mhór na Gaillimhe agus go deimhin mórthimpeall a thabhairt le chéile. Bain taitneamh as an oíche amhránaíochta cois tine san ionad teolaí seo. D’éirigh go h’iontach leis an sraith le sár-oícheanta go dtí seo le Joe Steve Ó Neachtain, Lasairfhíona Ní Chonaola, Dermot Somers, Bob Quinn, Máire Holmes, Colette Nic Aodha agus Seosamh Ó Guairim.

Chun costais a chlúdú bíonn táille €5.00 ar an doras, €3.00 ráta lascaine. Tae, caife agus brioscaí san áireamh. Tá súil acu go mbeidh slua mór i láthair chun tacaíocht a thabhairt do na healaíontóirí iontacha seo. Fáilte roimh chách.
Bígí ann más féidir libh.

9.3.10

Seoladh dlúthdhiosca Subhóró


Seolfar an dlúthdhiosca “Subhóró” i gcathair na Gaillimhe ar an Satharn beag seo (13 Márta ón 8.00 i.n ar aghaidh). Beidh sár-cheoltóirí na tíre ag bailiú chun ceiliúradh a dhéanamh ar Subhóró áit a ngealltar go mbeidh oíche den scoth idir ceol agus damhsa. I measc na ceoltóirí ar an oíche beidh Stiophán Mac Suibhne ar an gcairdín, an ceoltóir éirimiúil Louise Devitt ar an bhféadóg mhór agus ná caill amach ar an deis annamh, áilleacht agus binneas na cláirsí a chloisteáil le Úna Ní Fhlannagáin.

Bhí ráchairt mhór ar an dlúthdhiosca dúbailte, Subhóró – Ceol ón Acadamh. Rinneadh brabús €10,000 in imeacht roinnt míosa. Is é Subhóró - Cumann Ealaíon na Ceathrún Rua, Conamara agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a chuir an cnuasach ceoil, filíochta, damhsa agus litríochta béil i dtoll a chéile. Is foireann, mic léinn, agus cairde Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a bhí páirteach sa togra. Bhronn chuile dhuine a ghlac páirt a chuid buanna agus tallann saor in aisce.

Blaiseadh breá de chanúintí an cheoil agus na Gaeilge ó chósta go cósta atá sa dlúthdhiosca. Is é an ceoltóir, an Dr Charlie Lennon, an príomhléiritheoir agus rinneadh an taifeadadh i Stiúideo Cuan, An Spidéal, Co. na Gaillimhe. Tá 40 rian ar fad ar an dá dhlúthdhiosca – beagnach dhá uair an chloig go leith d’ábhar ó Thír Chonaill, ó Cho. Liatroma, ó Cho. na Gaillimhe, ó Cho. an Chláir, ó Chorca Dhuibhne agus ó Rinn Ó gCuanach. Tá éagsúlacht mhór ábhar anseo: sean-nós; ceol; amhráin; filíocht nua-chumtha; agus Gaelcheol tíre Chonamara.

Ar an gCéadaoin 24 Feabhra bhronn baill choiste an dlúthdhiosca Subhóró – Ceol ón Acadamh seic de luach €10,000 ar Gerry Cully ó Fhondúireacht Taighde agus Leighis na Leanaí in Ospidéal Mhuire na Leanaí, (Béarla) Cromghlinn. Bailíodh an t-airgead de thoradh dlúthdhiosca dúbailte a táirgeadh go speisialta agus a seoladh ag Oireachtas na Gaeilge 2009 i Leitir Ceanainn, i gConamara, i Rinn Ó gCuanach agus i gCorca Dhuibhne. Tá an-tóir ar an dlúthdhiosca ó shin.

Tá líon áirithe den dlúthdhiosca Subhóró – Ceol ón Acadamh ar fáil i gcónaí. Tá cóipeanna ar díol in ionaid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua, i gCarna, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Gaoth Dobhair chomh maith le Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge i Sráid Fhearchair agus i siopaí áitiúla i gceantar Chonamara ar luach €20. Tá sé ar fáil freisin ó Chló Iar-Chonnachta.