Showing posts with label Club Áras na nGael. Show all posts
Showing posts with label Club Áras na nGael. Show all posts
16.11.12
Ceiliúradh 40 Bliain RTÉ Radio na Gaeltachta
Tiocfaidh laochra an tsean-nóis le chéile i gcathair na Gaillimhe oíche Shathairn seo chugainn, 24 Samhain, ag ócáid atá a eagrú ag Club Áras na nGael mar chomóradh ar bhunú Raidió na Gaeltachta 40 bliain ó shin.
Bheartaigh an Club nasc a dhéanamh idir chomóradh Raidió na Gaeltachta agus an amhránaíocht ar an sean-nós mar aitheantas ar thábhacht an Raidió i gcur chun cinn an tsean-nóis sa tréimhse sin.
Is í Treasa Ní Cheannbháin a bheidh mar bhean an tí don oíche agus i measc na haíonna a bheidh sa Chlub beidh laochra Iorras Aithneach, Johnnie Mháirtín Learaí Mac Dhonnchadha, Joe John Mac an Iomaire agus Josie Sheáin Jeaic. Ar ndóigh is iomaí amhránaí eile a bheidh i láthair chomh maith agus tá oíche den scoth geallta.
Beidh neart ceoltóirí le cloisteáil chomh maith agus cuirfear tús leis an tsiamsaíocht ag 9.30i.n.
9.3.12
Na Rósanna!
Agus Lá na mBan thart fuarathas na pictiúirí seo ó Chlub Chonradh na Gaeilge i nGaillimh. Bhí Comórtas Chlub Áras na nGael inné (Deardaoin 8ú Marta), i rith Seachtain na Gaeilge.
![]() |
| Buaiteoir Michelle Doocey, ó Béal Easa, Co. Mhaigh Eo, le Rós Chlub Aras na nGaeilge 2011 Áine Payne, agus Fear an Tí Eoin Mac Diarmada, atá mar aghaidh Seachtain na gaeilge 2012. |
![]() |
| Na Rósanna go léir- Aisling Ní Chonghaile, Bernadette Ní Chadhain, Michelle Doocey, Orla breathnach agus Shauna Mic Réamainn. |
Lipéid
Club Áras na nGael,
Comórtas,
Gaillimh
20.9.11
Jack & Jill níos saibhre!
![]() |
| Baba Ní Fhlatharta, Club Árus na nGael, ag bronnadh seic €1,720 ar Kathy Keighery ó Jack and Jill. Bailíodh an t-airgead mar thoradh ar chomóradh 25 bliain an Chlub. |
Tá an t-airgead bronnta ar Jack and Jill agus bainfidh siad leas as an airgead seo chun seirbhís bhanaltrachta a chur ar fáil do pháistí óga le fadhbanna néareolaíochta agus freisin chun tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh na bpáistí sin.
"Míle buíochas le gach duine a bhí páirteach agus a thug tacaíocht don chomóradh agus leanfaidh bhur dtacaíocht anois san obair atá ar siúl ag Jack and Jill." a deireann lucht an Chlub!
Lipéid
Carthanacht,
Club Áras na nGael,
Gaillimh
29.8.11
25 bliain ag fás!!! Duaiseanna le fáil!
Lóistín deireadh seachtaine do bheirt, ar an Aoine agus Satharn 4/5 Samhain, agus béile in Óstán an Brehon, Cill Airne, le linn Oireachtas na Samhna 2011, chomh maith le ticéid d’imeachtaí an Oireachtais atá mar phríomhdhuais sa chrannchur atá á eagrú ag Club Árus na nGael mar chuid de chomóradh 25 bliain an Chlub. Tá comhcheangal déanta ag an gClub leis an gcarthanacht Jack and Jill (Béarla) mar chuid de chomóradh 25 bliain an Chlub agus rachaidh iomlán an airgid ó dhíol na ticéid díreach chuig ciste Jack and Jill chun cabhrú leo san obair luachmhar atá idir lámha acu.
Tá an duais seo urraithe ag Oireachtas na Gaeilge agus beidh neart duaiseanna breátha eile le buachan nuair a dhéanfar an tarraingt le linn oíche cheiliúrtha an Chlub ar an Satharn 10 Meán Fómhair.
Déarfainn go mbeadh an-tóir ar na ticéid don oíche cheiliúrtha seo agus ní mór gníomhú láithreach má tá ticéad uait. Is féidir ticéid, luach €20, béile san áireamh, a cheannach ó oifig Chonradh na Gaeilge, 45 Sr. Doiminic, 091 567824. Níl ach líon teoranta ticéid fágtha ag an bpointe seo.
Beidh marquee feistithe i gclós Áras na nGael mar chuid den cheiliúradh agus is iad na ceoltóirí iomráiteach Liam Ó Maonlaí (Béarla) agus Rónán Ó Snodaigh (Béarla) a bheidh mar aoicheoltóirí na hoíche agus beidh neart ceoltóirí agus amhránaithe i láthair freisin mar chuid den spraoi.
Tá Club Árus na nGael ag súil go mbeidh oíche den scoth acu chun ceiliúradh ceart a dhéanamh ar obair an Chlub le 25 bliain anuas.

4.3.11
An Bhriotáin i nGaillimh!
Mar pháirt do Sheachtain na Gaeilge, tá Breizheire (Cumann Briotánach na hÉireann) ag eagrú Oíche Bhriotánaigh de cheoil agus damhsa ar an Máirt 15 Márta ag 8 i.n i gClub Árus na nGael, Gaillimh.
Beidh trí ghrúpa ag casadh i rith na oíche: Neketomtom, Malig’Laouen agus Les Ritals, agus beidh Lise Carrel ag cur taispeántas den dhamhsa Briotánaigh agus damhsaí eile i bhur láthair, agus beidh deis agat chomh maith Crepes deasa a bhlaiseadh ar an oíche- ní bheadh Oíche Bhriotánaigh ina iomlán gan iad a bheith ann!
Saor cead isteach.
![]() |
| Malig’Laouen |
Saor cead isteach.
Lipéid
An Bhriotáin,
Ceol,
Club Áras na nGael
29.11.10
"Bhuail mé le Sean-mháthair Obama!"
Is é Frank Reidy a bheidh mar aoi speisialta i gcomhair an Oíche Airneáin a bheidh ar siúl i gClub Áras na nGael 45 Sráid Doiminic , Gaillimh ar an 9 Nollaig.
Sa bhliain 1994, cuireadh an Ceannfort airm go dtí oirthear na hAfraice. Bhí sé ina bhall de mhór-iarracht idirnáisiúnta a cuireadh le chéile faoi scáth na Náisiún Aontaithe chun déileáil leis na fadhbanna iomadúla a d’eascair as líon mór teifeach a d’fhág Ruanda tar éis an chinedhíothaithe.
Beidh sé ag cur síos ar an leabhar Ó Chósta go Chósta a scríobh sé agus chomh maith leis sin beidh sé ag taispeáint sleamhnán do na háiteanna a raibh sé ag taisteal iontu.

Frank Reidy
8.11.10
Oíche Bhuitléarach i nGaillimh
Beidh Éamon de Buitléar i láthair mar aoi speisialta ar an Máirt 16 Samhain i gClub Áras na nGael ar Sr. Doiminic in nGaillimh i gcomhair Oíche Airneán sa Chathair .Is scríbhneoir agus scannánóir é Éamon de Buitléar. Is stiúrthóir bainistíochta é ar an gcomhlacht Éamon de Buitléar Teo (Béarla). Is comhlacht é seo a dhéanann sainfheidhmiú ar Fiadhúlra Scannánaíochta agus clár faisnéise le haghaidh an teilfís. Is eisean agus Garrit van Gelderen a rinne na cead scannáin teilifise ar dhúlra na tíre ar teilifís - an sraith íontach cáiliúil sin "Amuigh faoin spéir!".
Bhí baint aige le ceol traidisiúnta in éineacht le Séan Ó Riada agus ina dhiaidh sin, bhí baint aige le bunú an ghrúpa ceoil traidisiúnta Ceoltóirí Chulann 1961-1969. Nuair a fuair Seán bás (1972) bhunaigh sé Ceoltóirí Laighean. Tá roinnt de na ceirníní dá gcuid ceoil éisithe ag Gael Linn.
Beidh Éamonn ag taispeáint sleamhnáin dá chuid oibre agus ag cur síos ar a shaoil go dtí seo.
Is fiú go mór teacht go dtí an oíche airneáin seo.
21.6.10
Damhsa ag Lúnasa (agus Iúl!)
Campa Samhraidh Damhsa ar an sean nós le Emma O Sullivan.
Beidh Emma O Sullivan ag reáchtáil dhá Campa Damhsa ar an Sean Nós do pháistí an Samhraidh seo i Áras na nGael, Gaillimh.
Tá clú agus cáil ar Emma Ó Sullivan tar éis an taispeántas iontach a thug agus sí ag tógáil páirt san gclár “All Ireland Talent Show” (Bearla) i rith 2010. Bhí an pobal mar aon leis na moltóirí an tógtha le Emma agus an stíl álainn damhsa a bhí aice. Bíonn Emma ag múineadh Damhsa ar an Sean Nós do phaistí go lánaimseartha agus tá sí ríméadach go mbeidh sí in ann Campa Damhsa ar an Sean Nós a dhéanamh sa Chathair.
Beidh an Campa Samhraidh ar siúl i lár chathair na Gaillimhe in Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, ar feadh uair an chloig, dhá thráthnóna in aghaidh na seachtaine ar feadh trí seachtaine. Tosaíonn an chéadcampa ar an 6ú lá Iúil agus an dara cheann ar an 3ú lá Lunasa.
Tá costas do €60.00 ar an gCampa don phaiste.
Beidh Emma O Sullivan ag reáchtáil dhá Campa Damhsa ar an Sean Nós do pháistí an Samhraidh seo i Áras na nGael, Gaillimh.Tá clú agus cáil ar Emma Ó Sullivan tar éis an taispeántas iontach a thug agus sí ag tógáil páirt san gclár “All Ireland Talent Show” (Bearla) i rith 2010. Bhí an pobal mar aon leis na moltóirí an tógtha le Emma agus an stíl álainn damhsa a bhí aice. Bíonn Emma ag múineadh Damhsa ar an Sean Nós do phaistí go lánaimseartha agus tá sí ríméadach go mbeidh sí in ann Campa Damhsa ar an Sean Nós a dhéanamh sa Chathair.
Beidh an Campa Samhraidh ar siúl i lár chathair na Gaillimhe in Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, ar feadh uair an chloig, dhá thráthnóna in aghaidh na seachtaine ar feadh trí seachtaine. Tosaíonn an chéadcampa ar an 6ú lá Iúil agus an dara cheann ar an 3ú lá Lunasa.
Tá costas do €60.00 ar an gCampa don phaiste.
Lipéid
Ceol,
Club Áras na nGael,
Damhsa,
Emma O'Sullivan,
Gaillimh
1.4.10
Áirneáin sa Chathair
Ar an dara Máirt de gach mí bíonn Club Áras na nGael, 45 Sr. Doiminic i nGaillimh mar ionad do shraith oícheanta chultúrtha. Tá deireadh na sraithe sroichte acu anois go dtí an Fhómhair. Ach ná bí buartha gealltar sraith iontach eile amach anseo tar éis an tsamhraidh.Don oíche deiridh den sraith seo “Airneán sa Chathair” tá sár-oíche amach romhat áit a mbeidh Áine Ní Dhroighneáin ag canadh ar an Máirt 13 Aibreán ag 8.15 i.n. Is amhránaí / aisteoir í Áine agus bheadh aithne ag daoine uirthi mar Tara ó Ros na Rún agus ghlac sí páirt freisin sa sraith Na Cloigne. Táthar ag súil go mór le guth álainn Áine a chloisteáil ar an oíche.
Leis an sraith oícheanta chultúrtha seo tá sé i gceist pobal mhór na Gaillimhe agus go deimhin mórthimpeall a thabhairt le chéile. Bain taitneamh as an oíche amhránaíochta cois tine san ionad teolaí seo. D’éirigh go h’iontach leis an sraith le sár-oícheanta go dtí seo le Joe Steve Ó Neachtain, Lasairfhíona Ní Chonaola, Dermot Somers, Bob Quinn, Máire Holmes, Colette Nic Aodha agus Seosamh Ó Guairim.
Chun costais a chlúdú bíonn táille €5.00 ar an doras, €3.00 ráta lascaine. Tae, caife agus brioscaí san áireamh. Tá súil acu go mbeidh slua mór i láthair chun tacaíocht a thabhairt do na healaíontóirí iontacha seo. Fáilte roimh chách.
Bígí ann más féidir libh.
10.3.10
Rothaíocht go Casablanca
I mí Iúil 2009, bhí droch thimpist ag Stephen Murray, file, drámadóir agus scríbhneoir agus é ag sléibhteoireacht i Magairlí an Deamhain sa Lionáin. Suas le bliain dár gcionn, ar an 30 Bealtaine 2010, tá sé chun rothaíocht go dtí an Afraic (Béarla) chomh fada le Casablanca i Maracó i gcuideachta an aisteoir Eoin Geoghegan, mac léinn Andrew Hassette agus gruagaire Ryan Skelton. Táid á dhéanamh ar son OÍSPÍS na GAILLIMHE. (Béarla)
Tá na ceathrar fir chróga seo chun tús a chur leis an aistear i nGaillimh agus chun a mbealach a dhéanamh chomh fada le Corcaigh, bád a fháil go dtí an Fhrainc agus rothú síos thar na Piréiní, trasna cósta ó thuaidh na Spáinne, isteach go dtí an Phortaingéil, agus ansin go Giobráltar agus trasna chuig Maracó i gcomhair an chéim deiridh agus iad ag rothaíocht tríd an fhásach loiscneach chomh fada le Casablanca.Tá sraith gigeanna eagraithe acu agus iad ag súil €40,000 a bhailiú ar son Oíspís na Gaillimhe. Cuirfear tús leis an sraith “An Club Domhnach” ar Lá na Máithreacha, 14 Márta, i gClub Áras na nGael (Gaillimh) ag tosnú ag 3.00 i.n. Beidh an imeacht seo atá áisiúil do theaghlaigh ag rith ar bhonn sheachtanúil, áit a mbeidh bia, ceol beo, scannáin, biongó rúnda, tráth na gceisteanna agus tráthnóna le aoianna san áireamh.
29.1.10
Taispeántas scannáin Bhob Quinn
Ar an dara Máirt de gach mí bíonn Club Áras na nGael i gcathair na Gaillimhe mar ionad do shraith oícheanta chultúrtha. Don cheathrú oíche den sraith “Airneáin sa Chathair” beidh Bob Quinn scríbhneoir agus scannánóir - Cinegael (Béarla) - ag tabhairt taispeántas ar a chlár faisnéise “Fly Tippers”. Is léargas iontach é seo ar ghrúpa daoine as Conamara a bhí ag maireachtáil i Londain sna hochtóidí. Beidh sé ar siúl ar an Máirt, 9 Feabhra 2010 ag 8:15 i.n.
Tá taifead déanta ag Bob Quinn ar saol iarthar na tíre anois ar feadh dhá scór bliain go háirithe sa Ghaeltacht agus i gConamara. Mar thoradh ar seo, tá an-cháil ar a chuid scileanna griangrafadóireachta agus scannánaíochta. Tá roinnt mhaith dhá chuid saothair bunaithe timpeall ar an Ind, an Aifric agus na Stáit Aontaithe. Tá cuid acu ar thaispeántas i nGaillimh agus in L.A. freisin, rud a leiríonn a stádas mar ealaíontóir den chéad scoth.
Tógadh i mBaile Átha Claith é agus thrial sé roinnt postanna sular shocraigh sé ar phost mar láithreoir teilifíse nuair a bhí sé seacht mbliana is fichead d’aois. I 1969 rinne sé deoraíocht ar fhéin go Conamara, an áit a tugadh a shaothair faoi deara don chéad uair. Sa bhliain 1973 nuair theastaigh ó Cinegael, le Seosamh Ó Cuaig agus Toni Cristofides (nach maireann) áilleacht iarthar na hÉireann a chaomhnú, d’fhás cáil Quinn de bharr a chuid scileanna taifeada.
Ó shin i leith tá roinnt gradam faighte aige de bharr a chuid saothair scannáníochta: Poitín (1977), the Atlantean Trilogy (1981-1984), Dunaway (1987), The Bishop’s Story (1994), The Atlantacans: Navagatio (1998) agus an ceann is déanaí Vox Humana (2008). B’iad na gradaim is suntasaigh a bhfuil faighte ag Quinn ná iad seo a leanas: i 1988 toghadh é mar bhaill d’Aosdána, Pairlimint Ealaíona na hÉireann agus i 2001 thug Institúid Scannánaíochta na hÉireann (Béarla) an gradam dó i gcomhair an “t-éacht daonna is fearr”.
Leis an sraith oícheanta chultúrtha seo “Airneán sa Chathair” tá sé i gceist pobal mhór Gaeilge na Gaillimhe agus go deimhin mórthimpeall a thabhairt le chéile. I Mí Márta beidh Máire Holmes ag cur oíche filíochta i láthair le Seosamh Ó Guairim agus Collette Nic Aodha mar pháirt de Sheachtain na Gaeilge. Chomh maith leis sin, i mí Aibreáin táimid ag súil go mór le ceolchoirm beag ó Áine Ní Dhroighneáin.
Chun costais a chlúdú beidh táille €5.00 ar an doras, €3.00 ráta lascaine. Tá súil againn go mbeidh slua mór i láthair ann chun tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus do na healaíntóirí iontacha seo. Bígí ann más fidir libh. Fáilte roimh chách!
Tá taifead déanta ag Bob Quinn ar saol iarthar na tíre anois ar feadh dhá scór bliain go háirithe sa Ghaeltacht agus i gConamara. Mar thoradh ar seo, tá an-cháil ar a chuid scileanna griangrafadóireachta agus scannánaíochta. Tá roinnt mhaith dhá chuid saothair bunaithe timpeall ar an Ind, an Aifric agus na Stáit Aontaithe. Tá cuid acu ar thaispeántas i nGaillimh agus in L.A. freisin, rud a leiríonn a stádas mar ealaíontóir den chéad scoth.Tógadh i mBaile Átha Claith é agus thrial sé roinnt postanna sular shocraigh sé ar phost mar láithreoir teilifíse nuair a bhí sé seacht mbliana is fichead d’aois. I 1969 rinne sé deoraíocht ar fhéin go Conamara, an áit a tugadh a shaothair faoi deara don chéad uair. Sa bhliain 1973 nuair theastaigh ó Cinegael, le Seosamh Ó Cuaig agus Toni Cristofides (nach maireann) áilleacht iarthar na hÉireann a chaomhnú, d’fhás cáil Quinn de bharr a chuid scileanna taifeada.
Ó shin i leith tá roinnt gradam faighte aige de bharr a chuid saothair scannáníochta: Poitín (1977), the Atlantean Trilogy (1981-1984), Dunaway (1987), The Bishop’s Story (1994), The Atlantacans: Navagatio (1998) agus an ceann is déanaí Vox Humana (2008). B’iad na gradaim is suntasaigh a bhfuil faighte ag Quinn ná iad seo a leanas: i 1988 toghadh é mar bhaill d’Aosdána, Pairlimint Ealaíona na hÉireann agus i 2001 thug Institúid Scannánaíochta na hÉireann (Béarla) an gradam dó i gcomhair an “t-éacht daonna is fearr”.
Leis an sraith oícheanta chultúrtha seo “Airneán sa Chathair” tá sé i gceist pobal mhór Gaeilge na Gaillimhe agus go deimhin mórthimpeall a thabhairt le chéile. I Mí Márta beidh Máire Holmes ag cur oíche filíochta i láthair le Seosamh Ó Guairim agus Collette Nic Aodha mar pháirt de Sheachtain na Gaeilge. Chomh maith leis sin, i mí Aibreáin táimid ag súil go mór le ceolchoirm beag ó Áine Ní Dhroighneáin.
Chun costais a chlúdú beidh táille €5.00 ar an doras, €3.00 ráta lascaine. Tá súil againn go mbeidh slua mór i láthair ann chun tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus do na healaíntóirí iontacha seo. Bígí ann más fidir libh. Fáilte roimh chách!
Subscribe to:
Posts (Atom)