Showing posts with label Eoraip. Show all posts
Showing posts with label Eoraip. Show all posts

20.8.13

Craic sa Chatalóin!

Ní minic a fhéacaim ar an BBC ach aréir bhí mé ag breathnú ar chlár faoi cibearshlándáil mar tá spéis agam san ábhar sin (féach mo leathanach i mBéarla ICS & SCADA Security). Nuair a bhí an clár thart bhí mé chun é a mhúcadh nuair a thug mé faoi deara go raibh clár i nGaeilge le bheith ar siúil "Art agus Tomaí san Eoraip!"

D'fág mé ar siúl é.

Tá áthas orm gur fhág! Clár spéisiúil spraoiúil atá ann. Aréir bhí an beirt gaiscígh, Art Hughes agus Tomaí Ó Conghaile, sa Chatalóin, ag féile dochreidthe ghlórach i Vilafranca - Castellers de Vilafranca (Caisleáin Vilafranca). Bhíodar ag tagairt do chultúr an réigiúin, mar is náisiún gan a stáit fhéin atá ann. Fuaireadar beagáinín cúlra ar an náisiún féin ón údar Tomás Mac Síomóin, atá ina chónaí sa ceantair le fada, i gceantair nach bhfuil faoi scáth chultúir BHéarla angla-meiriceánach.

Taobh istigh de leathuair a chloig bhí spórt, spraoí, eolas, agus beagáinín ól fíona - ach Tomaí bocht, ós rud é go raibh seisean ag tiomáint ní fhuair sé oiread agus braon!

Is anamh a fheictear clár chomh nádúrtha, eolasach, spreagúil, éadroim  agus greannmhar agus a bhí an clár seo. Bhí an beirt láthóir go maith compóirdeach le chéile. Bhí an-spóirt acu ann agus ba léir é sin.

Chaill mé an céad dá mír den srath seo, sa Bhriotáin agus san Ghearmáin ach LCD ní chaillfidh mé an eachtra deireadh ag an mbeirt áthasach glórach seo, ag Féile Thrumpa Mearaí i Guca na Seirbia.

7.5.12

I mo chíor thuathail....

Cad is ceart a dhéanamh? 

Rinne an Rialtas cinneadh reifreann a rith ag deireadh na míosa seo ar "Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta." 

Tá roinnt gearán agam faoin bhfeachtas. 

An fiú reifreann?
An céad rud ná an deifir atáid ag iarraidh an rud seo a chuir isteach sa bhunreacht. Níl mórán am ag an Coimisiúin Reifreann an conradh fhéin a scrúdú dúinn. An mbeidh muid fágtha leis an gconradh seo sa bhunreacht nuair nach mbeidh sé i bhfeidhm in aon cheann de na tíortha eile?

An dara rud an ainm atá á thabhairt acu ar an gConradh - An Conradh Cobhsaíochta.  Céard faoi na nithe eile. Nach bhfuil tabhacht ar bith leo siúd? 

Ach an triú rud an rud a chuireann isteach orm níos mó ná rud ar bith eile. An mbeidh an conradh seo ina dlí san Comhphobal riamh. Tá Rialtas na hÍsiltíre tar éis titim ar an gConradh chéanna. Anois tá fhios againn go bhfuil pobal na Gréige tar éis vótáil go trom i gcuinne na polasaithe céanna. Agus níos mó ná sin ar maidin tá fhios againn go bhfuil Úachtarán nua toghtha sa bhFrainc. Go bhfuil duine de phríomh ailtire na Conartha, Nicolas Sarkozy le h-imeacht. Bé cheann de na cloich is mó ar phaidrín Hollande. Mar a dúirt sé aréir:

"Le 6 mai doit être une grande date pour notre pays, un nouveau départ pour l'Europe, une nouvelle espérance pour le monde. Voilà le mandat que vous m'avez confié. Il est lourd, il est grand, il est beau..."

Mar sin is fís nua atá ag Hollande seachas an ceann a bhí ag "Merkozy." 

An mbeidh muid-ne ceangailte leis an sean-fís nó leis an "treoir nua don Eoraip, an dóchas nua don Domhain Mhóir?"