Is léir go bhfuil athraithe tagtha ar an mbealach a oibríonn muid ó tháinig na meán soisialta i réim. Seachtain nó dhó ó shin shroic twitter, an córas giolcaireachta, seacht mbliain ar an saol. Tá facebook, blaganna agus LinkedIn ann agus ar ndóigh Google. An cuimhin le h-éinne nuair nach raibh siad ann?
Bhí mé ag smaoineamh ar na rudaí sin agus Foras na Gaeilge ag lorg daoine len a Suirbhé Pobail ar roghanna maidir le formáid seirbhís nuachta do phobal na Gaeilge a líonadh. (Ar líon tusa isteach go fóil é?) Tá mise agus na daoine atá ag léamh an blag seo i ndán an suirbhé sin a líonadh. Bainimíd-ne úsáid as na meán soisialta beag nó mór. Ach tá daoine ann nach bhfuil fhios acu céard tá ann. San baile fearainn ina bhfuil cónaí ormsa tá timpeal 25 tithe go bhfios dom tá 5 nó 6 chin "ceangailte" leis an idirlíon. Tá an áit seo sa Ghaeltacht agus seans go mbeidh tuairimí ag an 20 taighlaigh nach bhfuil ceangailte. Conas a bhfaighfidh FnaG a dtuairimí siúd?
Bíodh sin mar atá, is cinnte go bhfuil an cine daoine ag dul i dtreo an ceangailt seo mar is cinnte go bhfuil fón phóca ag an cuid is mó acu óg nó sean.
Ag smaoineamh dom ar na rudaí seo tháining mé ar alt suimiúil sa Huffington Post (Cá raibh sé sin deich mbliain ó shin?) faoin na meán soisialta agus ar an mbealach atá sé ag athrú ár módh oibre. Trén idirlíon tá muid go léir cónasctha ar bhealch nach raibh nach raibh indéanta roimhe seo. Mar shampla, níl aithne agam-sa, (gnáth duine, nach iriseoir mé, nach politeoir mé, nach duine a úsáideach na sean meáin ach iad a léamh, nó éisteacht leo nó breathnú isteach ortha) ar an cuid is m de na daoine a léifidh an píosa seo. San alt seo (Béarla) deireann an údar, Vala Afshar, go bhfuil cúig athraithe ar mhódh oibre an cine daoine de bharr na meáin soisialta. Bhí an rud céanna, ar bhealach, á rá i Seth Godin ina leabhair "Meatball Sundae!" (Béarla)
Seo rud nua. Seo athrú nach bhfaca muid ó chum Gutenberg an leabharlannaíocht i Mainz na Gearmáine!
Showing posts with label Foras na Gaeilge. Show all posts
Showing posts with label Foras na Gaeilge. Show all posts
28.3.13
28.2.13
Deireadh nós!
Seo litir a chuir mé agus a foilsíodh san eagrán deireannach de Gaelscéal (agus níos deanaí i Nuacht 24.
Cupán cáife agus Gaelscéal...
Seo píosa ón Gaelscéal deiridh inné:
"Cuireadh Gaelscéal i gcré na cille ag 18:00 aréir. Tá go leor irisí agus nuachtáin breátha thíos sa reilig chéanna, i mbun díospóireachta go deo.....
"I ndeireadh na dála, bhí conradh ann idir Thorann na dTonn, úinéir Ghaelscéal, agus Foras na Gaeilge. Faoi choinníollacha an chonartha sin, bhí Gaelscéal le bheith ag díol 9,000 chóip faoin am seo.
Ní raibh ná aon bhaol air agus ní bheadh choíche.
Mar sin de, tá an conradh briste, tá deireadh curtha leis, tá ré Ghaelscéal thart. Sin é."
An mbeidh nuachtán eile Gaeilge mar chomharba at Inniú, Anois, Lá, Foinse, Lá Nua, agus Gaelscéal. Ag Dia amháin atá a fhios mar is léir nach bhfuil a fhios ag Foras na Gaeilge!
Cupán cáife agus Gaelscéal...
| A chara, Bhí sé de nós agam cúpán mór láidir caifé a bheith agam agus Gaelscéal a léamh gach seachtain. Bhí neart le léamh inti agus is ansin a fuair mé an-chuid eolais faoi a bhí ag tarlúint sa saol Ghaolach thart timpeall na tíre. Rud tábhachtach, dar liom, ná an dearcadh a bhí ag roinnt de bhur n-iriseoirí sa Sé Chontae, dearcadh nach bhfuil ag na meáin Bhéarla ná fiú ag TG4 ná R na G. Ní thuigim an cinneadh caolaigeantach atá déanta ag Foras na Gaeilge, nó sa saol níos leithne céard atá ar siúil ag an Rialtas. Léiríonn na cinntí atá déanta , nó nach bhfuil á dheanamh acu, an neamh-shuim agus an easpa tuisceána ar chúrsaí teanga agus ar chúrsaí phobail. Guím gach rath ar an fhoireann bheag dhíograiseach a bhí ag Gaelscéal. Tá muid go léir go mór faoi caomhaoin agaibh. Go raibh míle maith agaibh Eoin Ó Riain Conamara |
Seo píosa ón Gaelscéal deiridh inné:
"Cuireadh Gaelscéal i gcré na cille ag 18:00 aréir. Tá go leor irisí agus nuachtáin breátha thíos sa reilig chéanna, i mbun díospóireachta go deo.....
"I ndeireadh na dála, bhí conradh ann idir Thorann na dTonn, úinéir Ghaelscéal, agus Foras na Gaeilge. Faoi choinníollacha an chonartha sin, bhí Gaelscéal le bheith ag díol 9,000 chóip faoin am seo.
Ní raibh ná aon bhaol air agus ní bheadh choíche.
Mar sin de, tá an conradh briste, tá deireadh curtha leis, tá ré Ghaelscéal thart. Sin é."
An mbeidh nuachtán eile Gaeilge mar chomharba at Inniú, Anois, Lá, Foinse, Lá Nua, agus Gaelscéal. Ag Dia amháin atá a fhios mar is léir nach bhfuil a fhios ag Foras na Gaeilge!
Lipéid
Foras na Gaeilge,
Gaelscéal,
Nuachtáin
Subscribe to:
Posts (Atom)

