Showing posts with label Inis Oírr. Show all posts
Showing posts with label Inis Oírr. Show all posts

12.5.13

An trá agus an tsíoraíocht ar Inis Oírr!

Ar an Satharn 18 Bealtaine ag 3pm beidh an taispeántas An Trá agus an tSíoraíocht á sheolah in Áras Éanna in Inis Oírr. Is í an t-oifigeach ealaíne le hEalaín na Gaeltachta (UnaG),  Muireann Ní Dhroighneáin a bhéas mar aoichainteoir.

Seo saothar nua leis an ealaíontóir Nuala Ní Fhlathúin (ar dheis) sraith oibre a coimisiúnadh go speisialta d’Fhéile Phléaráca na bliana seo. Tarraingeadh na grianghrafanna don taispeántas seo le linn trí thuras go h-Inis Oírr i 2013, agus sé an tús phointe a bhí acu ná an gaol idir solas agus uisce, spéir agus talamh. Sa taispeántas in Áras Éanna beidh na céadta íomhánna fite le chéile agus leagaithe amach mar a bheadh cairpéad nó táipéis, iad curtha le chéile le píosaí beaga dealbhadóireachta chun nua-phátrún teibí a chruthú.