Showing posts with label Meiriceá. Show all posts
Showing posts with label Meiriceá. Show all posts

28.6.13

Caoga bliain ó shin!

Caoga bliain agus an lá seo bhíos i gCorcaigh le Bráthaire na Toirbhearta thuas ar Sr na Blárnán!


Bhí an tUachtarán Ó Cinnéide, JFK na Stáit Aontaithe, le teacht agus ligeadh amach muid le dul thíos chuig an gcathair. Bhí ceamra beag bosca agam agus scannán beag follamh istigh ann. Chuaigh mé thíos chuig Halla na Cathrach. Bhí mé i mo sheasamh ag cúinne Céibh na hAontachta agus an droichead isteach go Sr Anglesea (Sr Inis Mhóin?).

Tháinig sé anuas in ingearán ag Dún Uí Choileáin agus anuas ansin tré Sr. Phádraig agus an Meall Theas agus ansin casadh ar dheis thar an droichead inár dtreo agus ansin ar chlé isteach chuig príomh doras Halla na Cathrach. Bhí an slua ró mhór agus dá bharr san theip orm pictiúr a fháil ann.

Ach bhí fhios agam cá raibh sé le dul nuair a bhí na searmanaisí thart sa halla. Cheap mé go mbfhéidir go mbeadh am agam brustú ar aghaidh i dtreo na áite sin tré na cúlsráideanna gau ag an deireadh d'éirigh liom áit compórdeach a fháil ag cúinne Br Victoria agus Bóthar na Páirce Láir. Buíochas le Dia bhí oráid an fhada ag Árd Maora Chorcaí - bhí sé luaite ag an Uacthtarán féin - agus bhí na himeachtaí fós ar siúil sa halla nuair a shrioch mé an áit agus cé go raibh an-chuid daoine ann bhí radharac maith agam ar an mbóthar. (Seo scannán gearr - 9 neom - ar YouTube ar an ocáid!)

Agus ansin go tobann bhí an caint go léir thart agus bhí sé ar an mbóthar arís. D'éirigh orm pictiúir réasúnta soiléar a ghlacadh agus chuir mé isteach im albam ghriangrafanna é chomh luath agus a réaladh é. Seo an pictiúir agus scríbhinn fear óg fiche bliain d'aois - agus chuir mé an dáta mícheart faoi - thárla sé ar an 28ú lá Meitheamh 1963.

Mo léan, taobh istigh de cúig mhí bhí muid ag dul síos arís chuig Aifreann ar son anama ár gcuairteoir uasal a tháinig abhaile ón Iarthair.

Ar dheis Dé go raibh sé.

Seo nasc chuig scannáin faoin gcuairt (Béarla)!

17.9.09

Teach bán

Bóthar go dtí an White House

Sraith thábhachtach nua ó fhoireann léirithe Mhobs Mheiriceá, ina rianaítear stair eachtrúil agus ról lárnach na nÉireannach i bpolaitíocht na Stát Aontaithe le céad go leith bliain anuas.

Bóthar go dtí an White House seolta ag Ambasadóir SAM
Stair eachtrúil na nGael i bpolaitíocht Mheiriceá

B’é a Oirearcas, Dónal Ó Ruanaidh, (Daniel M Rooney) Ambasadóir nua na Stát Aontaithe in Éirinn a sheol an tsraith teilifíse seo le TG4 ag ócáid ina Áras cónaithe i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath inné.

Sraith thábhachtach í seo ina rianaítear ról lárnach na nÉireannach i bpolaitíocht na Stát Aontaithe le céad go leith bliain anuas. Le cabhair anailíse ó shaineolaithe staire agus ó thráchtairí polaitiúla agus ábhar go leor ón gcartlann físe, cuireann an tsraith seo, 6 chlár ar fad, síos ar chuid de na carachtair ba cháiliúla agus ba chonspóidí sa bpolaitíocht Ghael-Mheiriceánach.

Agus é ag seoladh na sraithe, dúirt an tAmbasadóir Ó Ruanaidh: “Mar ionadaí an Uachtaráin Obama agus phobal na Stát Aontaithe – agus mar dhuine de shliocht Éireannach mé féin - is ábhar bróid dúinn ar fad a bhfuil déanta ag Éireannaigh sa saol poiblí sa tír s’againn.”

Thug Bríd Seoighe, an léiritheoir sraithe le Abú Media, an comhlacht neamhspleách as Gaeltacht na Gaillimhe a sholáthar an clár do TG4: “Léirigh an taighde a rinne muid go bhfuil scéal mór iontach againn anseo, ina bhfuil na mílte scéal eile fite, a thugann léargas dúinn ar an mianach a bhí sna Gaeil agus an tuiscint a bhí acu ar thábhacht na polaitíochta chun cás an Éireannaigh agus a stádas a chur chun cinn sa Domhan Nua.”

Ghabh Pádhraic Ó Ciardha, Leascheannasaí TG4, buíochas leis an Ambasadóir as a thacaíocht don tsraith seo agus dúirt: “Tá léargas tráthúil ar fáil sa tsraith seo ar chumas an Éireannaigh é féin a chur chun cinn, ainneoin constaicí agus bacainní uaireanta ceacht ón stair nach miste a mheabhrú sa la atá inniu ann freisin.”
JFK i gCorcaigh Meith 1963

Le cabhair anailíse ó shaineolaithe staire agus ó thráchtairí polaitiúla agus ábhar go leor ón gcartlann físe, cuirfidh an tsraith seo, 6 chlár ar fad, síos ar chuid de na carachtair ba cháiliúla agus ba chonspóidí sa bpolaitíocht Ghael-Mheiriceánach.

Díreoidh gach clár ar dhuine amháin agus ar a thionchar ina cheantar féin lena linn agus ar a oidhreacht, idir phearsanta agus pholaitiúil. Cuirfidh an tsraith lenár dtuiscint ar an dul chun cinn a rinne na hÉireannaigh ina n-iarracht seilbh agus ceannas a fháil ar an struchtúir polaitiúil ag an leibhéal áitiúil, cathrach, Stáit agus náisiúnta.

Is é Richard 'Boss' Croker is ábhar do Chlár 1 (24/09/2009), fear a d’imir tionchar mór ar an saol i Nua Eabhrac tar éis an Ghorta Mhóir. B’as an gCarraig Dhubh i gCorcaigh ó dhúchas dó ach is ar chathair Nua Eabhrac a d’fhág sé a mharc mar gurbh é a fuair ceannas ar Tamanny Hall, eagras cumhachtach polaitiúil na cathrach.

Is iomaí sin cleas a rinne sé agus is iomaí gníomh cam salach freisin nó gur fhill an feall ar an bhfeallaire roimh dheireadh a shaoil. Dá ainneoin sin, léirigh sé go raibh na Gaeil in ann an córas a láimhsiú agus a neart mar chine a eagrú go háitiúil.

Alfred E Smith is ábhar don dara clár (1/10/2009), an chéad Chaitliceach agus an chéad duine de shliocht Éireannach a sheas d’Uachtaránacht na Stát Aontaithe (i 1928). Toghadh ina Ghobharnóir ar Nua Eabhrac é cheithre huaire ar fad agus chuir sé go leor tograí i gcrích chun leas na cathrach sin a d’fhág a rian go láidir uirthi. Dá ainneoin sin, spreag a iarracht ar an Uachtaránacht go leor ionsaithe ciníocha agus maslaí gránna agus léirigh go raibh go leor deacrachtaí le sárú ag na hÉireannaigh sula rachaidís chun cinn ag an leibhéal náisiúnta de pholaitíocht na Stát Aontaithe.

Cuirfear aithne ar Boss Tom Prendergast i gclár 3, (8/10/2009) duine de charachtair iontacha Kansas City sna 1920í agus fear a bhí lárnach i saol polaitiúil na nUachtarán Roosevelt agus Truman. Cé gur éirigh leis go leor infheistíochta a mhealladh chun na cathrach, thuill Kansas go leor míchlú freisin de thoradh na coiriúlachta agus an fhoréigin a bhí fairsing inti lena linn. Thug seo ar na húdaráis dul i mbun fiosrúcháin ar Phrendergast féin faoi dheireadh, ciontaíodh é ar chúis a bhain le seachaint cánach agus cuireadh i ngéibheann é. Cáineadh an tUachtarán Truman as dul chuig a shochraide i 1945.

Is í cathair Bhoston ceann de mhórionaid na nGael i Meiriceá le breis is céad bliain agus bhí James Michael Curley ar dhuine de na pearsain ba cháiliúla riamh de shliocht Gael sa gcathair sin. I gclár 4 (15/10/2009), tráchtfar ar chuid den iliomad eachtra a bhain lena shaol. Ní raibh saibhreas ná maoin ag a mhuintir ach d’éirigh leis dul go croílár na cumhachta sa gcathair sin agus greim a choinneáil ar an gcumhacht sin ar feadh i bhfad, cé go raibh fórsaí suntasacha ina choinne agus biogóideacht mar chúlra le cuid de.


Bhíodh triall na nGael ar Chathair na Gaoithe ón tús agus is é Richard J. Daley an polaiteoir is mó atá luaite le Chicago agus is é is ábhar do chlár 5 (22/10/2009). Polaiteoir conspóideach ab ea riamh é, ina laoch ag dream amháin agus ina namhad fíochmhar ag dreamanna eile. Bhí greim aige ar scair shuntasach den Pháirtí Daonlathach i lár an chéid seo caite. Dá réir sin ba mhór a thábhacht in ainmniúchán John F Kennedy mar iarrthóir an pháirtí sin i dtoghchán na hUachtaránachta i 1960. Is é a mhac, Richard M Daley, Méara Chicago faoi láthair.

Díríonn clár 6 (29/10/2009) ar an teaghlach Gael-Mheiriceánach is cáiliúla agus is cumhachtaí ar fad, clann Uí Chinnéide. Is scáthán as scéal iomlán na deoraíochta é a scéal siúd. Tháinig a sinsir go Meiriceá in aimsir an Ghorta agus de réir a chéile rinne siad dul chun cinn, glúin ar ghlúin, sa saol gnó agus ansin sa saol polaitiúil. Tar éis an Dara Cogadh Domhanda (inar maraíodh an mac ba shine, an té a bhí roghnaithe ag a athair le dul le polaitíocht) b’é John F. Kennedy dóchas an teaghlaigh agus d’éirigh leis i 1960 éacht pholaitiúil a dhéanamh nach ndearna éinne de shliocht Gael roimhe sin – bua a fháil agus é tofa mar Uachtarán ar na Stáit Aontaithe. Teaghlach ildánach casta ab ea na Cinnéidigh agus tá a rian go láidir fós ar pholaitíocht Mheiriceá, fiú le bás be, Eunice Shriver agus an Seanadóir Edward Kennedy i mí Lúnasa na bliana seo.

16.9.09

Ciníochas

An féidir leis?
Sean cheist mar bhagairt don bhrionglóid!

Bhí mé i Meiriceá níos túisce sa bhliain agus chuir sé iontas orm an méid naimhdeas a bhí ann i gcoinne an Uactharán nua Obama.

Ar ndóigh níl an polataíocht i Meiriceá cosúil leis an bpolataíocht anseo in Éireann. Is cineál cluiche atá againn anseo. Ná tá páirtí sa freasúra bíonn tú i gcoinne aon rud a deineann an Rialtas. Agus má tá tú "i bpower" tá fhios agat nach bhfuil ciall ar bit ag an dream eile. Ach ar bhealach tá meas de shaghas acu ar a chéile. Téann siad thíos ag bearr na Dála tar éis na catha!

Ach i Meiriceá tá a mhalairt de scéal ann! Is cosúil nach bhfuil meas madra ag chuid den fhreasúra ar Obama bocht. Cén fáth? Tá roinnt daoine a rá gur ciníochas atá i gceist. "Níl ceart ar bith ag duine gorm a bheith mar Uachtarán ar na Státaí!" dár leo. Deintear comparáid le Stalin, Mao agus Hitler, fiú nuair atá cuid acu mar Naitsíagh Nua.

Nuair a labhair sé le Comdháil Státaí Aontaithe Mheiriceá i rith na seachtaine seo chugainn d'úsáid duine de na teachtaí, as Carolina Theas, Joe Wilson an focal bréag ar úrlár an tí nuair a bhí an Uchtarán ag tabhairt oráid ar a phlean don chóras sláinte.
"South Carolina Republican Rep. Joe Wilson shouted "You lie!" after Obama had talked about illegal immigrants." (AP).

Tá daoine ann a deireann go ndúirt sé "You lie, boy!" Másla mór ar dhuine den cine ghorm i Meiriceá. Mar a dúirt colúnaí i gceann de na nuachtáin mór le rá an Washington Post: "Some people don't believe Wilson's outburst had anything to do with race. They'll tell you it's democracy in action. But tell that to the many African Americans who know first-hand the subtlety of post-racial slights. What had been our excitement over Obama's election is rapidly becoming consternation at a marked increase in racism and attendant racial disparities -- in health, income, jobs and housing - "

Agus deireann iar úachtarán S.A.M. Jimmy Carter go gceapann sé féin gur ciníochas atá i mbun an-chuid den chor i gcoinne seo.

'"I think it's based on racism," Carter said at a town hall meeting held at his presidential center in Atlanta. "There is an inherent feeling among many in this country that an African-American should not be president."'

Ach i ndairíre is ceart go n–eiródh le uchtrántacht Bharack Obama ar a chuid polasaithe ar an chinnithe thar a chine! Mar a deireann an Frankfurter Allgemeine: Bheadh léamh ar rath Uachtaránacht Obama sna uimhreacha; céatadán fás ar eacnamaíocht SAM; easnamh, fiaca, ráta difhostaíochta agus cúrsaí sláinte faoi árachas nó faoi chóras stáit; an méid daoine atá san Iarác agus an méid saigdiúirí a thagann abhaile i gcónra!

Is cosúil go bhfuil dainséar ann gur nimhneacht naimhdeas a chuid shaoránaigh féin a cuirfidh deire leis an brionglóid.