![]() |
| Baill Choiste na Tulaigh os chomhair Siopa Bhaile na hAbhann ag an mbronnadh |
Showing posts with label Oispís na Gaillimhe. Show all posts
Showing posts with label Oispís na Gaillimhe. Show all posts
20.1.13
Airgead d'Oispís na Gaillimhe
Bronnadh seic le h-aghaidh €700 ar Ospís na Gaillimhe (Béarla) ó chomortas Thráth na gCeist Boird a bhí ar bun i rith an Nollaig ag Coiste Pobail na Tulaigh i gConamra.
Dúirt ubhlabharaí thár cheann an Choiste "Míle buíochas do chuile dhuine a thug tacaíocht dúinn le h-aghaidh an Tráth na gCeist boird a chur ar bun agus a thug duaiseanna."
Lipéid
Coiste na Tulaigh,
Oispís na Gaillimhe
10.3.10
Rothaíocht go Casablanca
I mí Iúil 2009, bhí droch thimpist ag Stephen Murray, file, drámadóir agus scríbhneoir agus é ag sléibhteoireacht i Magairlí an Deamhain sa Lionáin. Suas le bliain dár gcionn, ar an 30 Bealtaine 2010, tá sé chun rothaíocht go dtí an Afraic (Béarla) chomh fada le Casablanca i Maracó i gcuideachta an aisteoir Eoin Geoghegan, mac léinn Andrew Hassette agus gruagaire Ryan Skelton. Táid á dhéanamh ar son OÍSPÍS na GAILLIMHE. (Béarla)
Tá na ceathrar fir chróga seo chun tús a chur leis an aistear i nGaillimh agus chun a mbealach a dhéanamh chomh fada le Corcaigh, bád a fháil go dtí an Fhrainc agus rothú síos thar na Piréiní, trasna cósta ó thuaidh na Spáinne, isteach go dtí an Phortaingéil, agus ansin go Giobráltar agus trasna chuig Maracó i gcomhair an chéim deiridh agus iad ag rothaíocht tríd an fhásach loiscneach chomh fada le Casablanca.Tá sraith gigeanna eagraithe acu agus iad ag súil €40,000 a bhailiú ar son Oíspís na Gaillimhe. Cuirfear tús leis an sraith “An Club Domhnach” ar Lá na Máithreacha, 14 Márta, i gClub Áras na nGael (Gaillimh) ag tosnú ag 3.00 i.n. Beidh an imeacht seo atá áisiúil do theaghlaigh ag rith ar bhonn sheachtanúil, áit a mbeidh bia, ceol beo, scannáin, biongó rúnda, tráth na gceisteanna agus tráthnóna le aoianna san áireamh.
Subscribe to:
Posts (Atom)
