19.1.12

Ag foghlaim ceannaireachta ....

Bhí mé ag breathnú ar an ndíospóireacht sa tSeanad inné ag éisteacht leis an gcaint, cuid de a bhí go maith. Thosaigh mé ag smaoineamh ar an bealach a athraíonn an chuid daoine nuair a théann siad isteach sa bpoilitíocht.  Éiríonn siad cineál cúramach. Bíonn siad beagáinín coimeádach.

Féach ar a tharlaíonn do lucht an fhreasúra nuair a théann siad i gcumhacht. God tobann níl freagra na ceiste, níl eochair na fadhbe, ró éasca.  "Nuair a d'oscail muid na leabhar...." "Caithfimíd an ceist a iniúcadh!"

Ar amhairí an tsaoil chonaic mé píosa ó Seth Godin, an maragóir Meiriceánach, faoin ceannaireacht sa bpoilitíocht bunaithe ar an conspóid faoi cinsearacht (SOPA) ar an idirlín agus an iarracht a bhí ar siúil níos mó chumhacht a thabhairt don rialtas suíomhanna a dhunadh síos in ainm "cóipceart a chosaint!" Theip ar an acht sa chás seo ach...amach anseo? Cá bhfios!

Pé scéal é cheaop mé gur fiú go mór an píosa seo (Béarla) ó Seth Godin a léamh. Bain taitneamh as!

• Nuair a léigh mé Seth Godin don chéad uair scríobh mé píosa i mblag mo chomhluchta anseo (Béarla 10/10/2009).

10.1.12

Mo cúig soicind déag cháil!!

Léitear facebook agus twitter in an-chuid áiteacha agus nuair a fuair mé amach narbh raibh mé i ndán aon eolas faoin Muirear conspóideach Teaghlaigh a fháil ní hamháin gur scríobh mé chuig an Coimisinéir Teanga ach léirigh mé mo chuid míshastacht ar facebook agus ar twitter.

"Ní féidir liom é a íoch!"
Bhí freagra beagnach ar an toirt ó Oifig an Choimisinéara ag rá go raibh siad ag fiosrú an scéal. "Tá sé geallta i scéim teanga na Roinne Comhshaoil go gcuirfear ábhar statach ar shuíomh ar fáil go dátheangach agus go mbeadh aon seirbhís idirghníomhach ar líne curtha ar fáil go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla.

"Bhí an méid sin meabhraithe don Roinn roimh na Nollag agus tugadh le tuiscint dúinn go mbeadh fáil ar leagan Gaeilge den suíomh."
Dúradar go rabhadar ag fiosrú an scéil leis an Roinn Chomhshaol.

Taobh istigh de dá uair a chloig fuair mé glaoch ó RnaG ag iarraidh agallamh a dhéanamh agus craoladh é sin ar an Luain. Dúras narbh fhéidir liom an cáin nua seo a íoch mar nach raibh aon eolas agam i dteanga ársa na nGael!

Leagan Gaeilge más é bhúr dtoil é
Bhí ormsa dul go Baile Átha Cliath ar mo ghnó fhéin ar an lá sin. Agus mé ann fuair mé scairt ó TG4 agus ar amharaí an tsaoil bhí mé le bheith in aice le Montrose (Ceanceathrú RTÉ) agus bhíodar i ndán an agalamh a dhéanamh ansin uair nó dhó sular craoladh é ar an nuacht ar a seacht.  Níor mhair sé i bhfad ach sé mo chúig soicind déag de cháil é!

Má tá éinne ag iarraidh cóip shínithe dem phictiúir tá siad le fáil ar phraghas reasúnta ach scríobh chugam!

Agus céard faoin gcáin? Déanam pé teangabháil a dheinim leis an Rialtas i nGaeilge agus níl mé chun an nós sin a athrú anois. Má bhrisim an dlí bíonn orm íoch as ach má bhriseann an An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil a dlí féin?????

9.1.12

Míol mór Iomaí!

Caisealóid an focal atá ag an foclóir ar an míol mór marbh a tháinig isteach ar an dtrá ar Oileán Iomaí in Iarthar Chonamara i rith na Nollag.


Chuamar thiar ann len é a fheiscint ag an Deireadh Seachtaine.

Áit deas í Iomaí, oileán íseal in aice leis an gCladach Dubh. Is féidir siúil nó tiomáint chuig an oileán fiú nuair atá sé ina lán trá. Tionánamar trasna agus rinneamar an charr a pháircéal ar an dtrá. Ní rabhamar ró chinnte cá raibh an ollphéist mór ach chonaiceamar daoine ag siúil ó dheas agus leanamar é ag dreapadh thar na carraigreacha.

Tár éis leath-uiar a chloig shroich muid tráín bheag agus ag a bár bhi corp an mhíol mór ina luí ar a thaobh. Bhí sé íontach mór agus cé go raibh boladh áirithe ann ní raibh sé ró láidir.

Is cosúil nach bhfuil fhios ag na h-údaráis céard is ceart a dhéanamh. Tuairscíodh go raibh an Comhairle Chontae le cruinniú a bheith acu - ollchruinniú is dócha!

Chuamar thár n-ais chuig an carr ar an mbóthar a bhí i bhfad níos éasca ná an dreapadóireacht a rinneamar le dul ann! 




4.1.12

Ag breathnú isteach?

Chruthaigh an Nollaig go maith do TG4 de réir na bhfigiúirí féachana ó Nielsen TV Audience Measurement Ireland (Béarla), an miosúr oifigiúil teilifíse in Éirinn. Léiríonn na torthaí sin don tréimhse ó Oíche Nollag go Lá Caille gurb é an cainéal Gaeilge an t-aon chainéal dúchais ar éirigh leis scair fhéachana níos airde a fháil faoi Nollaig ná a ghnáth-scair i rith na bliana.

D’fhéach os cionn 2.7 milliún duine ar TG4 le linn na féile, 70% den phobal a d’fhéach ar aon teilifís i rith na Nollag.

Thuill an cainéal scair fhéachana 3.4% i rith na Nollag agus bhí TG4 sa cúigiú háit ar fad san ord tosaíochta teilifíse in Éirinn don fhéile, trí áit níos airde ná a ghnáth-ionad sa margadh i rith na bliana. Níl féachaint i dTuaisceart Éireann ná ar Sheinnteoir TG4 ar www.tg4.tv sa mbaile agus i gcéin ná ar threalamh taifeadta pearsanta in Éirinn san áireamh leis na figiúirí féachana teilifíse sin.

Ar na cláracha a thuill lucht féachana suntasach faoi Nollaig 2011 do TG4 bhí Rugbaí Beo (Mumha v Connachta) agus Ray McAnally, M’Athair ar Lá ‘le Stiofáin, agus Geantraí – Na Chieftains 50 Bliain agus an clár faisnéise Michael D – Rás go dtí an tÁras ar Lá Nollag.

Deir Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir, gur ábhar sásaimh agus misnigh iad na figiúirí seo dó. “Glactar leis go bhfuil an iomaíocht Nollag ar an gceann is géire ar fad sa margadh teilifíse in Éirinn,” a dúirt sé “agus is mó fós an dúshlán anois ó tá an rogha cainéal ag fairsingiú agus na modhanna féachana ag méadú ó mhí go mí. Cruthaíonn na torthaí seo go bhfuil meas agus éileamh ar an rogha sainiúil ábhair atá ar fáil ar an gcainéal s’againne, go háirithe ag an tráth speisialta seo den bhliain.”

Féach leis ar an an alt seo faoi TG4 san Irish Times 4/12/2011 (Béarla)


2.1.12

Cuireadh ón sagart!

Tá cónaí orainn-ne i bPáróiste an Chnoic i gCois Fharraige (Árd Deoise Thuama - Béarla!) . Bainmuid leis an dar séipéal sa pharóiste, Séipéal na Tullaí - séipéal stairiúil mar a thárlaíonn sé mar bé Séipéal Naomh Colmcille na Tullaí an chéad séipéal in Éirinn a tógadh faoi rialacha nua a tháining as an dara Comhairle Vatacáine sna seascadaí. Sé sin an céad eaglais sa tír a tógadh leis an altóir oiriúnach do íobairt an Aifrinn agus an sagart ag seasamh len a aghaidh i dtreo an phoball.  Romhe sin ba i Laidin agus lena dhroim don bpoball a deineadh an gnás Eocharaisteach - le ceithre chéad agus bfhéidir i bhfad níos mó bliaina. Ach ní faoi seo atá mé ag scríobh!

Naomh Colmcille, An Tullaigh
Tá sé de nós nuachtlitir beag a bheith again sa pharóiste le tamall anuas. Bíonn nuacht áitiúil, fógraí amantai Aifrinn agus rudaí suimiúla eile ann. Chuir mé spéis sa píosa seo, ó pheann an t-sagairt pháróiste, a bhí ann ar an Domhnach.

"Oíche Nollag/Lá Nollag
Bhí sé íontach an slua mór a fheicheál ag Aifreann na Nollag. Bhí sé deas daoine a fheiceáil ann nach bhfaca mé le píosa, b'fhéidir nach bhfaca mé aríamh ann, comh maith leis na daoine a fheicim ann go rialta. Is fíor sin faoi chuile duine idir sean agus óg ach caithfidh mé a rá go raibh sé íontach uilig an méid daoine óga a fheiceáil.

"Níl fhios agam cén fáth a raibh tú ann. B'fhéidir gur consias a bhí i gceist, b'fhéidir gur 'draíocht, na Nollag, b'fhéidir gur athnuachan creidimh, nó bfhéidir gur iarracht maith an ceann is fearr a fháil ar leisce, rud a bhíonn ar chuile dhuine againn ó amm go chéile ach nach bhfuil sé comh h-éasca ag cuid géileadh dó is mar atá ag cuid eile.

"Is cuma cén fath a raibh tú ann! Bhí tú ann agus bhí ár gcéiliúradh níos saibhre mar gheall go raibh tú ann. Iarraim oraibh uilig ach go háirithe ar na daoine óga iarracht a dhéanamh amach anseo an creidimh sin atá mé cinnte atá go domhain in bhur gcroí a athnuachan agus ar dtús, mar atá ráite agam cheanna, am a caitheamh le Dia chuile lá agus más féidir ar chor ar bith freastal ar an Aifreann níos rialta b'fhéidir ná mar a bhí sibh ag déanamh."

Ansin  chuireann sé dúshlán eile ós a gcomhair:

"Iarraim oraibh ansin páirt níos gníomhaigh a ghlacadh mar léitheoirí nó mar ministéirí. Tógann sé creideamh agus má dhéanann sibh macnamh air tá mé cinnte go bhfuil an creideamh sách láidir ag formhór agaibh, agus tógann sé misneach. Ta súil agam go bhfuil an misneach ag go leor agaibh. .."

Ag an deireadh tá cuireadh tugtha aige. "Más maith le éinne ceist creidimh, nó léitheoireacht nó ministreacht a phlé beidh fáile rompu glaoch isteach am ar bith!"

29.12.11

Dod' Léitheoir nó duit féin!

Léigh mé píosa i mblag Scott de Búitléir ar maidin a chuir ag smaoineamh mé! Chuireann sé an cheist. Cé mhéid léitheoirí atá agat? agus b'é an cheist féin a thosaigh mé ag smaoineamh!

Filíocht nua?
Cé mhéid léitheoirí atá agam-sa?

Bhuel tá níos mó ná blag amháin agam. Cinn in mBéarla a bhaineann  le mo chuid ghnó an cuid is mó. Bíonn thart ar míle nó míle go leith ag breathnú orthu siúd. Tá an ceann seo in a scrítear gach uile rud ní go rialta ach trí nó ceithre uair sa mhí. Tá spéis aga i gcúrsaí Gaeilge ach bheartaigh mé roinnt bhliain ó shin gan scríobh faoin nGaeilge nó faoin nGaeltacht sa bhlag seo, An Codú,  agus d'oscail mé ceann nua faoin ábhar sin - Gealtacht21. Agus tá ceann eile i mBéarla leis a bhaineann leis an ábhar chéanna. Is dócha gur chinn pearsanta iad siúd agus níl mé ró chinnte cé chomh cruinn is atá na figiúirí atá agam. Breis is míle a tháinig chuig An Codú i rith na bliana agus dhá mhile dha chéad chuig Gaeltacht21!

Ach ardaíonn Scott pointe eile "is cuma an líon má tá an t-ábhar sásúil go leo!" Tá cara agam i Meiriceá, Jon DiPietro. Tá staidéar deanta, agus á dheanamh aige ar marcaíocht agus na meán sóisialta. Tá nath cainte aige "Remarkable Content!" agus is fiú alt aige Remarkable Content’s “Big Three” a léamh, más a lorg léitheoirí atá tú. Agus tú ag meas méid do chuid leantóirí ní mór Friends, Followers, Fans? Phooey! a léamh leis! (I mBéarla atáid!). Féach ar an leathanach seo ag Wordpress - "Getting more site traffic!" Tá roinnt mhaith smaointe ansin.

Ach seans nach bhfuil tú ag scríobh do dhaoine eile ach duit fhéin amháin. Níl tú id aonair! Mar a deireann Seth Godin, guru agus blagadóir den scoth, a tháining mé air breis is dhá bhliain ó shin, sé blagadóireach filíocht nua (Béarla) na haoise seo.

Cuireann Scott an ceist, "más blagadóir thú; an bhfuil do chuid blagadóireachta sásúil go leor dod' léiritheoir?" Chuirfinn fhéin leis an gceist sin: "Bhfuil do chuid blagadóireacht sásúil go leor duit fhéin!" 

Féach píosa eile ó bhlag Aonghus Uí Almhain: Dom féin!

22.12.11

Cuireadh do Mhuire


An eol duit, a Mhuire,
Cá rachair i mbliana
Ag iarradh foscaidh
Do do Leanbh Naofa
Tráth a bhfuil gach doras
Dúnta ina éadan
Ag fuath is uabhar
An chine dhaonna?
Deonaigh glacadh
Le cuireadh uaimse
Go hoileán mara
San Iarthar cianda:
Beidh coinnle geala
I ngach fuinneog lasta
Is tine mhóna
Ar theallach adhaint.

Dán le Máirtín Ó Díreain, Nollaig 1942; (Dánta Aniar, 1943)
Pic: Risteárd Ó Cionga (1907-1974)

19.12.11

Blás Iodáileach i gcroí lár na Gaillimhe

Tá an Nollaig ag druidim orainn agus caitheamar am istig sa "gealcathair" inné. Bhí na sluaite istig ann agus chuamar ó siopa go siopa lenár liosta, é seo dó siúd, rud-ín beag dí siúd....isteach sa margadh Nollaig sa bhFaiche. Hataí aisteach ann, galúnach lámh dhéanta, bréagáin agus boladh íontach ó na bhothán bhia. Daoine ag rith anseo is ansiúd.

Bhí an-chuid déanta againn agus bhí ocras orainn. Chinneamar dul chuig proinnteach a bhí sa tSráid Láir ach, mo léan, ní raibh sé ar oscailt. Chuamar i dtreo Sráid na Súdairí Íocht. Sráidín beag atá ansin agus ní bheinn ag súil le mórán ann ach thugeamar faoi dearadh go raibh áitín an bheag ansin. Venice an t-ainm a bhí air. Ar bhealach chuir sé áiteacha san Iodáil in gcuimhne dom. Bhí an áit glan, an-bheag, agus éasca gan bacaint leis. Bhí ocras orainn agus bhaineamar triall as.


Cuireadh fáilte romhainn, bhí dhá bhoird le custaiméirí ionta agus ní raibh ach freastalaí amháin, Iodáileach. Thug sé an biachlár dúinn. Ní raibh mórán rogha air - comhartha maith dár linn in áit bheag. Béilte pasta agus pitsa don chuid is mó. 

"Ar mhaith leat rud éigin le n-ól?" Bhí mise ag tiomáint agus ní raibh ach uisce uaim. Theastaigh gloine fíon rosé ó mo bhean. Dúirt sé go raibh dhá chineál, cheann milis agus ceann "searbh" nó tirim. Ní raibh sí ró chinnte agus ansin dúirt an freastalaí, "An maith leat iad a thrialladh sula a ndéanann tú do rogha?" (Ní fhaca mise é sin ag tárlúint in aon áit eile riamh!) Thóg sí a ceann tirim, ceann Spáinneach a bhí go hálainn - boladh deas, sú chraobha agus sú talún agus iarbhlas úr, dár leis an píos a bhí scríofa i gclár an fhíona - is leor a rá gur thaitn sé leithí.


D'ordaíomar pasta, le cloicheáin friochtha agus beachán trimithe sa ghrian le anlann fhíona geal a bhí agamsa - di Roma. Bhí béile cosúil leis aicí fhéin ach go raibh anlann phesto agus teas bog churai.  Bá béile an-bhlasta a bhí ionta. Níor fhéadamar aon locht a fháil ar cheachtar den dá béile agus is beag a bhí fágtha nuair a bhíomar críochnaithe. 


Tá dhá rud a úsáidim mar shlat tomhais nuair atá me in phroinnteach Iodáileach. Fiúntas an tiramasú agus conas mar atá an cáifé expresso. Uaireanta bíonn an tiramasú ceannaithe ón taobh amuigh, - ach anseo bhí sé úr blasta agus beagáinín meisciúil mar is ceart é a bheith! Agus an cáife - expresso ceart Iodáileach, crema ceart ar a bharr agus láidir.

Agus an costas do bheirt €36.40 - praghsanna Iodáileach leis!


Bhí an seirbhís ar fheabhas, fear a bhí ann agus duine amháin sa chistín bídeach. Molaim go mór an áit agus beidh muid ar ais!

28.11.11

Tá an Nollaig ag teacht....agus an ríomhlóid!

"Aoine dubh" an tainm a thugann na Meiriceánaigh ar an lá i ndiaidh a mórfhéile bhuíochais -  Lá an Altaithe. Is ar an lá sion a thosnaíonn siad ag siopadóireacht don Nollaig!

Is maith liom siopadóireacht don Nollaig, na soilse, an ceol, chuile duine ag rith anseo is ansiúd ag lorg é seo nó é siud! Tá se de nós agam páipéar burlála gan aon rud scríofa ortha mar bíonn siad i gcónaí as Bearla, "Seasons Greetings" "Happy Christmas" agus eile! Ach inné chonaic mé bíogáil nó tuít "Dóibh siúd ar mhaith leo a mbronntanais a bheith i bpáipéir Gaelach!" (GRMA a Aonghuis Uí Almhain!). Bhí nasc aige chuig suíomh nár bhfaca mé cheanna. Comhlucht Éireannach, Dúrud, an suíomh a luaigh sé!


"Creideann Dúrud go bhfuil dlúthbhaint ag úsáid teanga i bpobal le sláinte eacnamaíoch an phobail áirithe sin. Nuair a bhaineann pobal leas as teanga ar leith, cruthaítear iliomad féidearthachtaí gnó, mar bíonn gá le seirbhísí agus le táirgí sa teanga áirithe sin, agus iad baill an phobail féin amháin a chuireann a leithéid ar fáil, murab ionann agus daoine i dtír éigin eile, faoi mar a tharlaíonn de ghnáth i gcás na hÉireann."

Cé go bhfuil gnó na comhluchta seo dírithe ar miondíoltóirí agus ní ar an "gnáth phobal" tá eolas ar atá á dhéanamh acu le feiscint acu ann. Is cosúil gur thosaigh siad san earnáil logánú, ag déanamh aistrúcháin bhogearraí ríomhaire agus eile. Sé Durud atá taobh thiar den dá suíomh scriobh.ie (cur síos ar na háiseanna ríomhaireachta agus idirlín is fiúntaí a bhaineann le scríobh sa Ghaeilge.) agus nascanna.ie (áis lárnach do dhaoine atá ag lorg eolais maidir leis na feidhmchláir agus na háiseanna ríomhaireachta ginearálta eile atá ann sa Ghaeilge!).  Ach ní chlíonn siad leis sin amháin agus táid sásta mar shampla, obair mar dáiliúchán earraí le baint éigin teanga leo!

Ina measc siúd tá an páipéir burlála thusluaite!

Rinne mé teangabháil leo le fáil amach cá raibh sé le fáil anseo i gConamara. Tháinig siad thar n-ais taobh istig le uair a chloig! Is cosúil go bhfuil sé le fáil ag An Spailpín Fánach ar an Spidéal. (Is fiú dul isteach ansin le brontannais Nollag le chuir isteach sa páipéar deas seo leis!!)

Is dócha go mbeidh an páipéar seo le fáil i siopaí Ghaelach in d'áit dúchais fhéin mar An Siopa Leabhair i Sr Fhearchair, BÁC. Chuir ceist orthu nuair a bhuaileann  tú isteach le haghaidh do chuid chartaí Nollaig ag Aonach na gCártaí!

12.11.11

Dóchas & Misneach inár gcroíthe?


Bhí mé ag breathnú ar insealbhú Micheál D. Ó hUiginn mar Úachtarán ar Éirinn. Chuir sé íontas orm nach raibh níos mó Gaeilge ag na tráchtairí ar RTÉ 1. Rud eile a chuir isteach orm ná an méid Béarla a bhí sa searmanais féin. Nuair a tháinig na daoine mór le rá isteach sa seomra fógraíodh "All rise!"

Bhí na paidreach go léir i mBéarla seachas an Ár n-Athair. Murach go raibh Béarla agam ní thuigfinn aon cheann de na paidreacha. Cá raibh an Ghaeilge éigeantach?

Ba i mBearla amháin a labhair an Taoiseach - ague beagán - fíor bheagán - den Ghaeilge tríd agus mar an gcéanna ag an Uachtarán nua, cé go raibh níos mó Gaeilge agus meas ar an nGaeilge ina oráid siúd. Tá an oráid le léamh i nGaeilge ar shuíomh an Úachtarán!

Léiríodh sclábhaíocht an stáit don Bhéarla mar mar atá léirithe go laethúil ag gach craobh den rialtas, suíomhanna idirlíon san áireamh. De gnáth bíonn URL (aimsitheoir aonfhoirmeach acmhainne) gach roinn bunaithe ar an ainm i mBéarla. (m.s. finance.gov.ie nó www.president.ie). Agus cloistear gearán go minic faoi chostas aistriúcháin agus is aistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge atá i gceist. Bheadh sé go deas na doiciméad a bheith scríofa i nGaeilge agus aistriúchán a dhéanamh ar sin.

Mar sin féin, tá meas agam ar an Uachtrán nua. Fearr deas lách é agus mar a dúirt an Taoiseach (i mBéarla) is fear uasal é agus bainfidh sé taitneamh as a thréimhse san uachtarántacht.

"A mhuintir na hÉireann agus a chairde na hÉireann sa bhaile agus i gcéin, níl ann d'onóir níos mó ná a bheith tofa i m'Uachtarán ar Éirinn. Gabhaim buíochas libhse, a mhuintir na hÉireann as an onóir atá bronnta agaibh orm agus glacaim le freagrachtaí ollmhóra na hoifige sin, freagrachtaí ar mór agam iad. 
.....
"A mhuintir na hÉireann, ar aghaidh linn le chéile leis an dóchas agus an misneach sin a bhí is ba chóir a bheith i gcónaí in ár gcroí."

Is fiú breathnú ar léarmheas "Grá faoi Ghruaim" (Néidí) ina blog "An bhfuil cead againn Uachtarán a thabhairt ar an bpresident arís?

Deireann sí ag a deireadh "Don chéad uair riamh bhí óráid againn inniu ina raibh ar dhuine Gaeilge agus Béarla a thuiscint, dá mba mhian leo an óráid ar fad a thuiscint. Mo cheol thú Michael D! Tá uachtarán againn go féidir linn go léir bheith bródúil as."

10.10.11

Tá siad ag teacht ....ach amháin Dana!

Mar a bhíodar ar TV3
Deimhníodh inniu go gcraolfar díospóireacht dátheangach teilifíse ar TG4 Dé Máirt seo chugainn, 18 Deireadh Fómhair ina mbeidh iarrthóirí do Thoghchán na hUachtaránachta páirteach. Áras 2011 is teideal don chlár nuálach seo, faoi chathaoirleacht Pháidí Uí Lionáird, ina mbeidh seisear de na hiarrthóirí á gcur féin i láthair agus i mbun plé dátheangach lena gcéilí comhraic. Chuir Dana Rosemary Scallon in iúl nach dtig léi a bheith páirteach sa gclár mar go raibh coinne eile déanta aici roimh ré. Craolfar an clár speisialta díospóireachta seo ag 7pm ar an Mháirt 18 Deireadh Fómhair agus athchraolfar é ag 11.05pm an oíche chéanna sin.

D’éirigh thar barr le Díospóireacht na gCeannairí ar TG4 le linn an fheachtais Olltoghcháin san Earrach, clár ar fhéach 500,000 duine ar na craolta teilifíse agus 30,000 eile ar an Seinnteoir.

Theastaigh ón gcainéal díospóireacht teilifíse a sholáthar idir iarrthóirí do Thoghchán na hUachtaránachta 2011 freisin. Tá formáid an chláir seo leagtha amach ag tabhairt san áireamh an éagsúlacht líofachta Ghaeilge atá ag na rannpháirtithe agus mian TG4 an deis a thabhairt dóibh ar fad iad féin a chur in iúl sa teanga sin agus díospóireacht a dhéanamh ina dhiaidh sin leis na hiarrthóirí eile ina rogha féin teanga.

Déanfaidh gach rannpháirtí tús-ráiteas gearr i nGaeilge. Ina dhiaidh sin leanfaidh díospóireacht 40 nóiméad nó mar sin agus a rogha teanga ceadaithe d‘iarrthóirí. Críochnóidh an plé le ráiteas gearr Gaeilge ó gach iarrthóir mar chlabhsúr. (Beidh an clár á réamhthaifeadadh le deis a thabhairt fotheidil a chur air don chraoladh.)

Deir Leascheannasaí TG4, Pádhraic Ó Ciardha, go bhfuil an cainéal thar a bheith sásta a leithéid de dhíospóireacht a eagrú agus a chraoladh. “Ní minic a fhaigheann pobal na hÉireann an deis Ceann Stáit a thoghadh" a dúirt sé. “Mar chraoltóir seirbhíse poiblí, is mian linn a bheith lárnach sa gcaibidil phoiblí faoin gcinneadh tábhachtach seo agus deis a thabhairt do phobal féachana TG4 cumas na n-iarrthóirí a mheas.” 

Pictiúir íontach le fáil "Díospóireacht TG4 "

3.10.11

Dul faoi na gréine...

Iarraidh orm an fhuinneoig ar bharr an tí a dhúnadh ar an lá deireannach de Meán Fomhair.

Rith mé thuas staghaire agus sular dhún mé í thug mé faoi dearadh go raibh dath cineál dearg sa spéir. Chuir mé mo chloigeann amach agus bhreathnaigh mé siar agus chonaic mé radhar álainn nár bhfaca mé cheanna.

Ghlaogh mé ar mo bhean agus d'fhéachamar beirt ar an radharc álainn.


Thóg mé pictiúir de le mo fón phóca agus chuir mé ar leathanach Facebook Gaeilge Amháin é. Bhí cara linn níos faide siar ná muide i mBaile Uí Chonghaile a thug faoi dearadh a spéir álain leis. Tá cónaí uirthe in aice le Ceann Léime agus togadh pictiúir álainn eile ansin de.


Is cosúil gur thug duine in Oideas Gael ó thuaidh dTír Chonail faoi deara é leis agus chuireadar féin pictiúir de thuas ar líne.


"Luí na Gréine sa Ghleann aréir - ní fhaca muid a leithéd ariamh roimhe!" a duradar.

Mar a dúirt an file:

"Níl aon chríoch eile
Mar luí na gréine..."

24.9.11

Dínasctha

Chuamar go Baile Átha Cliath ar maidin Daordaoine seo caite agus d'fhág mé an Mac sa bhaile! Rud annamh dom. De gnáth Tógaim liom é chuig gach áit.

Dhá nó trí seachtain ó shin chuamar ó dheas go Corca Dhuibhne agus thóg mé an ríomhaire liom mar is gnáth ach ní raibh seans agam úsáid a bhaint as ar feadh an deireadh seachtaine ar fad. Bhíomar chomh bhroidiúil san nar oscail mé an mála ina niompraítear é agus níor mhothaigh mé uaim é.

Ach anseo i mBaile Átha Cliath! Chaill mé Daoirdaoin agus Aoine agus ar Maidin Dé hAoine bhí mé á "missáil" go dona. Bainim úsáid as an ríomhaire don gnó atá agam - foilsím ar an líon agus ar pháipéar agus tá "gá" dom a bheith ceangailte i gcónaí. Thug deartháir mo bhean faoi dearadh go raibh mé beagáinín corrathóineach agus mífhoighneach. Chuir sé ceist ar mo bhean!

"Tá sé ag iarraidh bheith sa bhaile mar nár thóg sé a rIomhaire leis!"

"Oh!" adúirt an deartháir, "imleacán!"


Fagfhaimíd sin mar atá sé!

20.9.11

Jack & Jill níos saibhre!

Baba Ní Fhlatharta, Club Árus na nGael, ag bronnadh seic €1,720 ar Kathy Keighery ó Jack and Jill. Bailíodh an t-airgead mar thoradh ar chomóradh 25 bliain an Chlub.
Bailíodh €1,720 don charthanacht Jack and Jill (Béarla) mar thoradh ar chomóradh 25 bliain Club Árus na nGael i nGaillimh.

Tá an t-airgead bronnta ar Jack and Jill agus bainfidh siad leas as an airgead seo chun seirbhís bhanaltrachta a chur ar fáil do pháistí óga le fadhbanna néareolaíochta agus freisin chun tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh na bpáistí sin.

"Míle buíochas le gach duine a bhí páirteach agus a thug tacaíocht don chomóradh agus leanfaidh bhur dtacaíocht anois san obair atá ar siúl ag Jack and Jill." a deireann lucht an Chlub!

17.9.11

Oinniúin!

Mí ó shin scríobh mé "seo na h-oiniúin" ag céiliúradh sabháil na h-oiniúin anseo i gCaorán na gCearc. Idir an dá linn bhí siad á thirimiú le pé griain a bhí ann i mbliana. Ní raibh mórán.

Inniú rinneamar an cead rud eile a deintear leo - an crocadh. Ní ceart oiniúin a fhágáil i soitheach nó i gcarn mar tá gach seans go millfear iad, go n-éireoidh siad lofa. Mar sin tá an sean nós ann iad a crocadh in áit fuair.

Rinneamar sin inniu agus anois táid thoir sa chró againn, réidh le piocadh do phosóid blásta sa chistin, anraith, subh oiniúin, búiste i sicín rósta agus rudaí eile nach iad!

Tá ocras orma anois!

30.8.11

Peasair na luch!

Bain úsáid as na meáin soisialta nuair atá ceist agat! Má tá tú ag lorg eolais!

Bhaineas inné agus chuir mé cheist. Seo mar a labhair mé: "Bhíos in Iomaí (Co na Gaillimhe) agus tháinig mé ar an bláth seo sa bhfál ar thaobh an bhóthar ann ach níl fhios agam cén tainm atá air - smaoineamh ar éinne?"

Taobh istig de ceithre uair fichead bhí freagra ó Nuala Ní Chonghaile i mBaile na hAbhann, níos lú ná míle uainn i gCaorán na gCearc, leis an ainm agus an clann. Peasair na luch an t-ainm atá air agus is cuid den clann léagúmach í - .i. clann na píseanna agus pónairí! Ainm deas i nGaeilge i bhfad níos deise ná Béarla (tufted vetch). Tá sé le fáil go forleathainn in Éirinn dár le suíomh "Wildflowers of Ireland" (Béarla). Dála an scéal is foinse saibhir an suíomh sin má tá duine ag lorg eolais faoi bláthanna fiáine na tíre.

Bhí tráthnóna álainn againn ar an oileán sin Iomaí. Is íontach go deo bheith i ndán siúl - nó fiú tiomáint chiug oileán! Tá an taobh sin de Chonamar chomh difriúil ó Chonamara Theas agus Cois Fharraige ach tá sé fós gleoite le chuairt a thabhairt air.



29.8.11

25 bliain ag fás!!! Duaiseanna le fáil!

Lóistín deireadh seachtaine do bheirt, ar an Aoine agus Satharn 4/5 Samhain, agus béile in Óstán an Brehon, Cill Airne, le linn Oireachtas na Samhna 2011, chomh maith le ticéid d’imeachtaí an Oireachtais atá mar phríomhdhuais sa chrannchur atá á eagrú ag Club Árus na nGael mar chuid de chomóradh 25 bliain an Chlub. Tá comhcheangal déanta ag an gClub leis an gcarthanacht Jack and Jill (Béarla) mar chuid de chomóradh 25 bliain an Chlub agus rachaidh iomlán an airgid ó dhíol na ticéid díreach chuig ciste Jack and Jill chun cabhrú leo san obair luachmhar atá idir lámha acu.

Tá an duais seo urraithe ag Oireachtas na Gaeilge agus beidh neart duaiseanna breátha eile le buachan nuair a dhéanfar an tarraingt le linn oíche cheiliúrtha an Chlub ar an Satharn 10 Meán Fómhair.

Déarfainn go mbeadh an-tóir ar na ticéid don oíche cheiliúrtha seo agus ní mór gníomhú láithreach má tá ticéad uait. Is féidir ticéid, luach €20, béile san áireamh, a cheannach ó oifig Chonradh na Gaeilge, 45 Sr. Doiminic, 091 567824. Níl ach líon teoranta ticéid fágtha ag an bpointe seo.

Beidh marquee feistithe i gclós Áras na nGael mar chuid den cheiliúradh agus is iad na ceoltóirí iomráiteach Liam Ó Maonlaí (Béarla) agus Rónán Ó Snodaigh (Béarla) a bheidh mar aoicheoltóirí na hoíche agus beidh neart ceoltóirí agus amhránaithe i láthair freisin mar chuid den spraoi.

Tá Club Árus na nGael ag súil go mbeidh oíche den scoth acu chun ceiliúradh ceart a dhéanamh ar obair an Chlub le 25 bliain anuas.

25.8.11

Deireadh ré ríomhaireachta


Cailleadh Steve Jobs ar an 5ú Lá Deireadh Fomhair 2011.
Ar dheis Dé go raibh sé!
R.I.P.

Mac+
MAC Air
Steve Jobs
Is cuimhin liom an chéad uair a chonaic mé riomhaire Apple. Ní MAC a bhí ann ach ceann roimhe sin. Na hochtóidí a bhí ann agus is beag ríomhaire pearsanta a bhí ann. Commodore Pet a bhí agamsa, le téip-taifeadán! D'oibrigh sé maith ge loer. I ndairíre ba miórúilt mór é.

Ach ar ais chuig an Apple. Bhí luchóg leis agus pictiúiri ar an scálán, comhéadan graificeach a glaodh air! Bhí sé deas ach cheap mé nach n-oirfheadh sé leis an saol mór dairíre. Bréagán a bhí ann, dár liom.

Timpeall cúig bliain ina dhiaidh, thosaigh mé ag obair le chomhlucht ríomhaire a bhí ag díol ríomhairí agus ina measc bhí an ríomhaire nua seo ó Apple, an MAC. Mac Plus, Mac SE and MAC II a bhí ann i 1988 agus thit mé i ngrá leis mar ghléas. Bhí sé éasca an MAC a lamhseáil. Bhí cláracha úsáideach oifige leis agus bhí feidhmchláracha nua ar fad ann. Bhí an gluiseacht nua seo - foilsitheoireacht deisce, mar a tugtar air, a thug cumas do gach duine obair proifisiúnta chuir amach. Nuachtlitreacha, fiú irisí a fhoilsiú gan móran chostas. Rud atá á dhéanamh agam ó shin.

Agus d'fhéach an riomhaire go deas leis.

Tá mé ag smaoineamh ar seo inniú mar tá an nuacht amuigh anois go bhfuil fear mór an MAC, fear mór Apple, an iFear d;fhéadfá a rá tar éis a fhogairt go bhfuil sé ag éirí as mar príomh fheidhmeanach Apple. Nuacht i ndairíre nár tháinig gan coinne ach ag an am céanna a fhógraíonn deireadh ré ní hamháin in Apple féin ach in earnáil na ríomhaireachta chom maith. Ni fhaca mé Steve Jobs riamh. Ní raibh mórán eolas agam faoi seachas an méid a bhí ag gach éinne ach thar gach duine eile, Bill Gates san áireamh, is eiseann a bhí mar ceann ródaí sa réabhlóid a thug tairbhe na ríomhaireachta don saol mór.

Ar bhealach tá ríomhaire, fón cliste agus táibléid chomh forleathan anois ann de bharr físe Steve Jobs.

Anois, cé gur fear cuíosach óg é tá air éirí as de bharr droch-shláinte. Is olc an scéal é ní hamháin dó féin ach dúinne go léir. Tá súil agam go mbeidh saol fada toirthúil roimhe amach anseo.

An scéal san New York Times (Béarla)
Neart stuif faoi éirí-as Steve Jobs ó Rex Hammock: Thoughts on Steve and the future of Apple! (Béarla)
Scéal faoi Apple i nGaelscéal 19 Lúnasa 2011 (sular chualathas a scéal faoi Jobs) Faitíos ar Apple dul in iomaíocht dhíreach leis na comhlachtaí eile: Google 
Féach leis ar Titim an fhathaigh (Diarmuid Ó Muirgheasa Gaelscéal 2/9/2011)

• Smaointe Fánacha Aonghusa: Úlladhradh 7/10/2011 tár éis bhás Steve Jobs

17.8.11

Seo na hoinniúin!

D'éirigh go maith leis na hoinniúin i mbliaina agus táid go léir bainte anois. Buíochas le Dia!

Nach íontach an rud é, aimsir an fhomhair bia don geimhridh agus an earrach fásta agus le sabháil, oinniúin, fataí, cabáistí éagsúla, gach sórt glasra. I gcionn seachtaine nó dhó beidh muid ag bailiú sméara dubha.

Mar a deireann an sean amhrán diaga

"Ag Críost an síol,  
ag críost an fomhair
In iothlainn Dé go dtugtar sinn...:"

Aiméan!

13.8.11

Féile na bhféilte!

Fáilte roimh Éirí na Gréine!
Tá roinnt mhait seachtaine imithe ó scríobh mé anseo, Bhí mé bruidiúil cinnte ach bhí beagáinín leisce ann leis! Bhí mé i Londain i lár na míosa seo chugainn agus bhí mé chun scríobh faoi sin ach ansin thárla an áir san nIoruaidh, ionsaí an Taoisigh ar éilíteachas na Vatacáine, ciréibeanna i Sasana mar aon le h-imphléasc na stocmalartáin - an-chuid rudaí le scríobh faoi agus smaoinigh mé ar scríobh orthu go minic agus mé á chuir ar mo mhéar fhada bhocht!

Ach níl chun scríobh ortha san atá mé, nár ar aon rud brónach, ach faoi rud a árdódh ár gcroíthe.  Go dtí ar maidin níor smaoinigh mé air mar ábhar le scríobh faoi. Ach ar maidin bhí tuibht beag ó Conchubhair Ó Liatháin (iGaeilge an blaganna!), iar-eagarthóir ar Lá ag comhairliú dúinn dul chuig suíomh UTube: " #laoch Nic Gareiss agus Caoimhín Ó Raghallaigh http://www.youtube.com/watch?v=5yMdPIYOaBY - ar fheabhas. Excellent."
(Mar tá taithí agat ar twitter beidh tuiscint ar atá scríofa anseo, ach dóibh siúd nach bhfuil eolas ar twitter agaibh mínóidh mé chuid de. Nuair atá @ roimh focal - @igaeilge - sé sin ainm "tweet" duine agus tá dhá cheann anseo @igaeilge agus @FeileNaLaoch. Má tá # roimh focal mar #laoch, glaotar "Hashtag" ar sin agus baintear úsáid as iad seo le gach tuibht faoin ábhar áirithe sin a fhéiscint is cuma cé scríobh é!)

Bhí fhios agam go raibh an féile seo le bheith ar siúil mar comóradh ar shaol agus saothar Sheáin Uí Riada, a rugadh 80 bl ó shoin agus a fuair bás ag aois i bhfad ró óg 40 bliain ó shin. Fós is cuimhim liom bheith ag caoineadh nuair a chuala mé scéal a bhás, thall i Londain. Ní raibh aithne agam ar an bhfear ach is cosúil gur chuig a chuid ceoil go mór i bhfeidm orm. Chonaic mé é ag seinnt le Ceoltóirí Chualainn ag Coláiste na hOllscoille BÁC in Ardán Phort an Iarla - anois an Ceoláras Náisiúnta. Agus nuair a bhí mé óg chuaigh mé go Geamaireacht éigin in Amharclann na Manaistreach nuair a bhí an amharclann sin ar deoraíocht sa Queens i Sr an Phiarsaigh BÁC agus seinnadh píosa ceol solo ar an bpiano ag duine éigin. Cheapaim gur John Reidy a bhí ansin.

 Ach thar n-ais ar an bhféile. Bhí fhios agam go raibh sé ar siúil ó dheas ansi i gCúil Aodha, go raibh a mac agus a chomharba Peadair á stiúradh agus go raibh roinnt poiblíochta faoi ar na meáin sóisialta mar aon leis an raidío agus an teilifís ach seachas sin níor thugas mórán aird air. Go dtí anois agus tuibht úd Chonchubhair Uí Liatháin!

D'fhéach mé ar an bhfíseán agus b'íontach an ceol, agus an rinnce ag an damhseoir óg as Chicago, is cosúil. Deireann siad go ndearnadh sé stuidéar ar cheol cnagacht ar fud an domhain agus anseo i gCúil Aodh conacthas stíl agus réimse a chuid eolais. Bravo!

Lasadh lasair na féile i gcistín Uí Riada
Agus mé ag breathniú ar seo thugas faoi dearadh go raibh míreanna eile ann ón bhféile, Féile na Laoch agus thosaigh mé ag breathnú ortha siúd chomh maith. Léiríodh ann conas mar a d'imig cursaí na féile. Tusú le lasadh soilseáin nó tóirse ó tinteáin Sheáin féin i gCúil Aodh le rabhchán na féile a lasadh. Mórshiúil go dtí láthair na féile, Scoiríochteanna, paráidí, liotúirge i Séipéil Chuli Aodha, leis an gCór cáiliúil bunaithe ag Seán Ó Riada, agus scoláirí Mhagh Nuat agus thár aon rud eile - ceol.

Críochnaigh an féile le hAeríocht mór faoin aer san oíche i bpáirc inar buaidh na Ceiltigh ar  na Tuatha Dé Danann faoi dheireadh fadó. Ar bhealach is léiriú ar léinn, eolas, spéis agus meon an fhir athbheochannach sin Seán Ó Riada. Léinn, filíocht, amhránaíocht, damhsa, bailé, ceol claisiceach, traidisiúnta, ceol an phoball. Bhí mór uaisle is mion uaisle ann. Seán Ó Sé, Micheál D, Nuala Rua, Christy Moore,  an "Poc ar Buile" mar aon leis an "Auld Triangle" agus eile. Go deimhin bhí sé ina oíche go maidin. D'fhéadach Christy amhrán eile mar Lisdoonvarna a scríobh faoi!!

Is cosúil go rabhadar i ndán an poball ar a raibh an stáitse a iompú agus ar deireadh bhí se iompaithe i dreo éirí na gréine agus i neomad a bhí lán de siompbalachas seinn an ceol fhoireann téama Mise Éire le fáilte a chuir roimh éirí na gréine. Neomad dríochtúil gan amhras agus an corn aonair ag seinnt téama oscailte an ceoil dríochtúil sin. Tá an físeáin thíos a mhaireann timpeall 20 neomaid lán de spiorad na hocáide agus molaim do gach éinne breathnú air. Tá lucht deanta na bfíseáin, Beirín Beo,  le moladh go mór as an taifead seo a dhéanamh don domhan mór.

Molam go mór an obair mhóir a cuireadh isteach sa féile seo. Áit beag í Cúil Áodha ach tá ceachtanna le foghlaim ag aon féile, beag nó mór, ó Féile na Laoch, Féile na bhFéiltí!

17.7.11

Watergate, Hackergate agus Deoise Chluana!

Mar Caitliceach is mór an díomá agus déistin a chuireann mí-iompair ár gcliarlathas, a tháinig chun solais le fiche bliain anuas, orm.

Níos mó ná son b'fhéidir, tá mé corraithe as an mícháil a chuireann an teolas seo go léir ortha siúd atá agus a bhí gan smál sna cúrsaí seo. An gnáth sagart (easpaig ina measc), bean rialta agus bráthair, a thug a saol pearsanta, corp agus anam d'Íosa, mar an bealach, an fhirinne, agus an bheatha. A thug a saol ag tabhairt grá don Athair agus grá dá gcomhairsan mar a mhol Íosa dúinn!

Cuireadh beatha ghasúr i mbaol, cailleadh chuid acu, cuid eile chaileadar pé féin mheas a bhí acu ortha féin. Cuireadh bac ar a gcumas grá a thabhairt, rud a deirtear atá mar sprioch nó faidhm an saoil! Cuireadh deiredh le dóchas ionta.

Chuadar chuig an Máthair Eaglais le cúnamh agus suaimneas agus níor tugadh ach droim láimhe dóibh!

Agus ansin nuair a ceistíodh iad, udaráis na h-eaglaise, rinneadar iarracht an fhirinne a cheilt. An Eaglais a bunaíodh le bheith ina finné don fhirine ag folú faisnéise, ag cosaint Eaglas na firinne le bréag nó tré gníomh bréige.

Deirtear gur aonán spioradálta i an Eaglais. Deireann Naomh Pól gur cuid de coirp Chríost sinn. Mar sin creideann muid (mar Caitlicigh agus ma Chríostaí) go mairfidh sí is cuma cad a tharlódh. Ach mar aonán daonna?

Ar amharaí an tsaoil tharla mé ar an alt seo (Béarla) le John Dean, a bhí mar abhchóide ag an Uachtarán Nixon sna Stataí le linn scannall Watergate. Tá sé ag caint faoi an scannall atá ag tarliúint do Rupert Murdoch agus a chomhlucth. Cheap mé, mutatis mutandis, go raibh an-chuid den alt seo oiriúnach ag caint faoi troiblóidí na hEaglaise. Dá mba rud é gur gluaiseacht daonna amháin a bhí ann ba dheacair aon bhealach amach as a fheiscint.

Ansin smaoinigh mé ar shaol Chríost féin. Níor éirigh ró-mhaith lena bhfiontar fhéin agus é bheo. I ndairíre bhí deire leis nuair a básaíodh é. Mar a dúirt an beirt ar an mbóthar go hEmmaus, "muide ag súil leis gurbh eiseann a bhí chun Isráél a fhuaiscilt..."

Seans gur ar an dóigh chéanna a bfaigheadh an Eaglais, coirp Chríost, bás chomh maith. Seans go bhfuil muide mar an bheirt úd. "Daoine gan tuiscint, atá dúr ó chroí chun a bhfuil ráite...a creidiúinint..."

Is cinnte go bhfuil an-athrú sa saoil. Ní féidir linn muinín a bheith againn as rud ar bith saolta. Polaiteoirí, na bancanna, an eaglais, agus le déanaí na meáin, Táid go léir a thaispeáint chom lag agus chomh "neamhiontaofa" is atá siad.

Mar a deireann siad thart anseo, "Cé tá le trust?"

Dúirt Íosa linn fadó, "Is mise an bealach, an fhirinne, agus an bheatha!" Ar lean a Eaglais é?

Ar lean muid é?

7.7.11

Colm de Bhailís - Céiliúradh deireadh seachtaine

Déanfar comóradh an deireadh seachtaine seo romhainn ar an bhfile Cholm de Bhailís, comóradh atá á eagrú ón bhliain 1995 mar chuimhneachán air.

Colm de Bháilís 1796-1906
Tógadh an pictiúir i 1903

Rugadh Colm sa bhliain 1796 agus bhain sé cáil amach do féin mar chumadóir ar chuid d’amhráin mhóra Chonamara ar nós ‘Amhrán an Tae’ agus ‘Cúirt an tSrutháin Bhuí’.

Cuirfear tús le himeachtaí an tSiamsa le teacht le chéile ag 5.00in tráthnóna Dé Sathairn ag Teach an Phiarsaigh, ag déanamh comóradh ar an gcaoi ar tháinig an Piarsach i gcabhair ar Choilm de Bhailis agus é i dTeach na mBocht in Uachtar Ard. Ina dhiaidh sin tabharfar aghaidh ar uaigh Choilm de Bhailís ag Reilig Chill Chuimín in Uachtar Ard. I ndiaidh na hócáide seo fillidh an tslua ar Eanach Mheáin áit a mbeidh neart ceoil agus comhluadar sa Hooker Bar.

Ar an Domhnach beidh teacht le chéile ag Cúirt an tSrutháin Buí, áit a mbeidh Aifreann in ómós do Cholm agus filí eile an cheantair ag 3.00i.n. Leanfar ina dhiaidh sin le fleá agus féasta agus bronnfar Gradam Choilm de Bhailís agus roghnófar Banríon na Sairdín. Cuirfear críoch le himeachtaí an tsiamsa le seisiún ceoil sa Hooker Bar, Eanach Mheáin, ag 9.30i.n.

2.7.11

"Buail liom i Naomh Lughaidh, Lughaidh!"

Is féidir linn!
Mar is eol do chuid agaibh bhí mé as baile le dhá seachtain anuas. Cuid den am a bhí mé in mBaile Átha Cliath agus cuid eile sna státaí, tré Nua Eabhrach siar go cathair St Louis ar an Mississipi.

Bhí mé ann cheanna sna hochtoidí ach is i lár na cathrach a bhí mé an uair sin. An tráth seo bhí mé ag cruinniú den ISA (Cumann Idirnáisiúnta um Uathoibriú - a bhfuil sé mar onóir agam a bheith mar Leas-uachtrán ar an roinn foilsitheoireachta de), a bhí in ostán ar thaobh an Forest Park ina raibh Aonach an Domhain acu i 1904.

Páirc álainn atá anseo, is cosúil gurb é an páirc is mó dá short sna státaí, níos mó fiú ná an páirc mór lárnach in Nua Eabhrach.

Cé gur chaitheas an chuid is mó den ama istigh san Ostán ag cruinnithe, cuid acu leamh go leor agus cuid acu lá de mion-pholataíocht a bhíonn coitianta go leor i ngach eagraíocht, bhí sean agam dul soir istigh sa cathair féin chomh fada le bruach na habhann, an Mississippi (súil agam go bhfuil sé litrithe i gceart agam!).
Faoi uisce!
Lewis & Clark
Bhí an abha an-árd ar fad agus bhí an bóthar ar thaobh na habhann faoi uisce. Tá dealbh cáiliúil ansin de bheirt taiscéalaithe, Lewis & Clarke, a rinne turasanna stairiúil (Béarla) ó St Louis siar go dtí an tAigéan Suimhneach, ansin ach bhí sé faoin uisce seachas hata i lámh duine acu! Tá anseo pictiúir den dealbh nuair atá sé ar thalamh tirim agus mar a chonaic mé féin é. Glaoightear "Geata don Iarthar" ar St Louis.

Ar ndóigh, ní obair ar fad a bhí ar siúil againn agus bhí neart seansanna oicheanta deas sna phroinntithe, gan na tithe taibhairne a lua!

Ós rud é go raibh Uachtarán Barak Obama in Éirinn cúpla seachtaine roimhe cheannaigh mé ceann de T-léinte "Is Féidir Linn!" ag An Spailpín Fánach, anseo i gConamara agus ceann do bheirt comhráidaite ó Éirinn. Oiche amháin ar chaitheas é cuireadh ceist orm faoin manadh a bhí scríofa air. Mhinigh mé é agus dúirt gur in onóir dá Uachtarán a bhíomar á caitheamh. "Ní mo uachtarán-sa é!" an freagra a fuair mé. Nach ait an mac an saoil! Is dócha nár chóir dóibh siúid a bheith i dteach tabhairne ach ag "tea party" éigin!

Is maith liom dul go Meiriceá. Tá na daoine cáirdiúil agus cabhrach ach nach bhfuil mórán taithí acu ar an saol taobh amuigh agus ar bhealach is cuma leo faoin chuid eile den domhain. Is dream iad atá ina oileánaigh ar shlí agus tuigtear é sin nuair a cloistear nach bhfuil pásanna ach ag timpeall 10% acu.

20.6.11

Siúlóid shamhraidh!

Tá sé scamallach ar maidin.

Aréir chuaigh mé ag súil ó dheas ón teach cun na fairrige síos! Bhí an tráthnóna go hálainn, grianmhar cé go raibh gaoith láidir ann. Thug mé faoi deara go raibh bláthanna ar na feirdhriseacha a bhí ar thaobh an bhóthairín ó dheas. 

Chas mé ar dhéis ag an loch i dtreo an chéibh nua nó Céibh an Chaoráin. 

Bhí fear ag deisiú balla cloch! 

"Tá an samhradh tagtha faoi dheireadh!" 

"Sea ach tá báisteach geallta ar maidin!"

Éiríonn an bóthar beagáinín ansin agus nuair a d'fhéach mé ar ais ar an tsráid bhaile bhí solas na gréine le feiscint ag frithcaitheadh ó bhallaí binne na tithe.
Caorán na gCearc
Chuaigh mé ar aghaidh ansin, solas geal na gréine i mo chuid súile. Radharc álainn eile den oileánín beag ar a dtugtaí Oileán an Bhromaigh. Ní fios dom cén fáth. Bhí sé ina lá mhara.
Oileán an Bhromaigh
 Uaidh sin siar chomh fad leis an céibh í fhéin. Mar a dúirt mé bhí an taoide istigh agus d'féach sé go breá, mar nuair atá lag trá ann ní bhíonn le feiscint ag clocha agsu carraigreacha cludaithe le feamainn agus uaireanta le brúscar chomh maith. Ach tráthnóna aréir bhí se lá le huisce agus bhí bád ceangailte leis an gcé. Ba radharc aoibhinn é, an bád ceangailte, an farraige ciúin agus amuigh ar imeall an domhain Inis Meáin mar míol mór ina choladh go sámh!
Céibh an Chaoráin
D'iompagh mé ansin i dtreo an tí ansin. Bhí glaoch teileafón agam nuair a d'fhill mé. Mo dheathaáir ón Róimh. Is cosúil go bhfuil teocht ós cionn 30 céim ansin acu. Mheasas fhéin nach raibh a sharu le fáil ar aimsir samhraidh Chonamara!

7.6.11

Rámhaile ag an gCodú!

Mar a bhuail beirt bhlagálaithe ar a chéile i gCaorán na gCearc

Ise Áine!
Tráthnóna inné, chuala mé carr ag teacht isteach sa tsráid ós comhair an tí.

Chuaigh mé amach le fháil amach cé bhí ann.

Níor aithin mé an carr.

"Cé é seo!" a dúirt mé liom féin, "Duine atá caillte agus ag lorg eolais a bealaigh uainn?"

D'oscailíodh duras an tiománaí agus bean a bhí ann. "Mise, Áine" a dúirt sí agus an cuma uirthi go raibh aithne aici orm. Thosaigh an mé ag cúardú an bunachar sonraí istig i mo chloigeann. "Meas tú cé í?"
 
"Chonaic mé an jípín taobh amuigh agus shíl mé gur tú a bheidh ann!" a dúirt sí. "An raibh tú in Eanach Mheáin an lá faoi dheireadh?"

Ba leor nod don eolach!

Bí an Áine a bhíonn ar Rámhaille a bhí ann. Dúirt me ar a bhlag an lá faoi dheire go mbeinn i gCeantair na n-Oileán níos déanaí: "Beidh mé ag tiomáint anoir ansin (ó gCaorán na gCearc) i gcionn uair nó dhó - jeepín beag Mitsubishi......." a dúirt mé.

Ach ní fhaca mé í. Ach ós rud é go luaigh mé Caorán na gCearc, agus go raibh fhios aicí cá raibh an áit dríochta sin bhí a suíl amach agus í ag dul trén áit aréir. Agus chreid nó ná chreid d'éirigh lei an teach a aimsiú.

Bhí sé go deas buaileadh le duine den na blagálaithe is líofa agus is rialta minicíoch (má tá a leithéid d'fhocal ann!). Nach aisteach an rud go mbíonn aithne again ar dhaoine trén teicneolaíocht - an réaltacht fhíorúil mar a déarfa! Ach ar bhealach tá sé i bhfad níos íontaí feoil a chuir ar an bpearsantacht a bhíonn beagáinín teibí ar líne.

Anois nuair atá mé ag léimh píosa Rámhaile Áine, cloisfidh mé a glór, feicfidh mé an meangadh ar a aghaidh.

26.5.11

Glór na nGael agus An Tulach

Bhí lá mór ag buaitheoirí Glór na nGael in Áras an Uachtaráin le déanaí agus  bhí baill den choiste áitiúil, Coiste na Tulaigh, ann le buaileadh leis an Uachtarán. Ocáid mór a bhí ann, comóradh 50 bliain don eagraíocht agus don gComórtas.
Tomás Ó Neachtain agus baill den gCoiste ag caint leis an Uachtarán!
Bhuaigh Coiste Pobal an Tulaigh an chéad áit náisiúnta sa chomórtas do choistí gan cúnamh fostaíochta. Bhronn an tAire Donncha Mac Fhionnlaoich agus an Dr Íde Ní Uallacháin an duais cheana féin, seic do €10,000, ar Nuala Ní Chonghaile agus Tomás Ó Neachtain, thar cheann an choiste i dTeach Carton, Má Nuad, ar an 16ú lá Aibreáin 2011. (Féach an pic ag an bun!)

San Áras!
Na buaitheoirí ar fad leis an Uachtarán.

An bronnadh féin i Má Nuad mí Aibreáin 2011

25.5.11

An dá Eilís agus an Ghaeilge!

An chéad leabhar clóite Gaeilge feicthe ag an mBanríon Eilís II i gColáiste na Trionóide (Béarla)
Eilís II ag éisteacht le Robin Adams.
Ar chúl a fear chéile, Iar Úachtarán Máire Mhic Róibín
agus Ruairí Quinn, Aire Oideachais.


Nuair a thug an Bhanríon Shasana Eilís II cuairt ar Choláiste na Tríonóide le linn a Cuairt Stáit ar Éirinn le déanaí, thaispeáin Leabharlannaí an Choláiste, Robin Adams, an chéad leabhar riamh a cuireadh i gcló i nGaeilge in Éirinn di. D’fhoilsigh John Kearney aibítear agus caiticeasma- Aibidil Gaoidheilge 7 Caiticiosma- sa bhliain 1571 ar chlóphreas a chuir an Bhanríon Eilís I ar fáil.

Rinne William Bedell (1571-1642), aistriúchán go Gaeilge ar an Sean Tiomna. Propast ar Choláiste na Tríonóide agus Easpag na Cille Móire a bhí ann ag amanna difriúla. Foilsíodh an saothar seo, in éineacht le haistriúchán ar an Tiomna Nua a rinne William Daniel (a d’éag i 1628). Tugadh “Bíobla Bhedell” ar an saothar ina iomláine.

Rinne Daniel, a ceapadh ina Ardeaspag ar Thuama é i 1609, aistriúchán Gaeilge ar an Book of Common Prayer freisin. Chlóigh John Francke an leabhar seo - Leabhar na nUrnaithe gComhchoiteann - sa bhliain 1608. Rinneadh aistriúcháin go Gaeilge ar eagráin eile de Leabhair na hUrnaí Coitinne ag amanna éagsúla ina dhiaidh sin.

Nuair a bhí Bedell ina Phropast ar Choláiste na Tríonóide, chuir sé iachall ar ábhair mhinistir ó chúlraí Gaelacha freastal ar léachtaí i nGaeilge, ar mhaithe leis an soiscéal a scaipeadh i measc na nGael.

24.5.11

Seirbhís 'Cleamhnais' do dhaoine dífhostaithe!

Mar gheall ar chomh maith is a d'éirigh le cruinniú poiblí ar an gCeathrú Rua an tseachtain seo caite (dár críoch 21 Bealtaine!), tá sé socraithe go gcuirfear scór áit ar leataobh do rannpháirtithe  as Conamara ar an gclár 'Begin Again' (Béarla) atá dírithe ar dhaoine dífhostaithe a fháil ar ais ag obair. Is clár náisiúnta é seo a chuireann tréimhsí taithí oibre ar fáil do dhaoine le comhlachtaí agus as an 400 duine a ghlac páirt sa scéim anuraidh fuair 240 duine acu post buan ina dhiaidh. Tá cruinnithe poiblí dhá eagrú anois i gCois Fharraige, Ros Muc agus in Iorras Aithneach le daoine a chuir ar an eolas faoin gclár agus na deiseanna atá ar fáil ann.

Tá an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, atá ag tacú le forbairt an chláir i gConamara, ag moladh do dhaoine atá dífhostaithe faoi láthair agus d’fhostoirí atá ag lorg daoine le scileanna faoi leith, teacht chuig na cruinnithe eolais i Ros Muc idir a 3 agus a 5 a chlog agus i gCill Chiaráin ag a 7 a chlog Dé Luain seo chugainn (29 Bealtaine'11) agus in Óstán na Páirce sa Spidéal ag a 8 a chlog ar an Mháirt (30 Bealtaine), faoin gclár tacaíochta fostaíochta ‘Begin Again’.

‘Tá comhlachtaí amuigh ansin a bhfuil scileanna agus ceirdeanna faoi leith ag teastáil uathu’, a deir an Seanadóir Ó Clochartaigh. ‘Tá daoine ann chomh maith nach bhfuil ag iarraidh a bheith díomhaoin. Sa chlár seo déantar cineál cleamhnas eatarthu seo, áit a fhaigheann an duine dífhostaithe deis taispeáint d’fhostóir cén chumas atá iontu agus gur féidir leis an bhfostóir scileanna an té sin a mheas thar tréimhse trí mhí. Coinníonn rannpháirtithe a gcuid cearta leasa shóisialaigh ar fad agus faigheann siad tacaíocht bhreise i leith costais. Cuirtear traenáil agus tacaíocht phearsanta ar fáil chomh maith dóibh le linn an tréimhse. Go minic taréis an phroiséas seo bíonn caidreamh maith cothaithe agus socraíonn an chomhlacht post a thairiscint don duine. Tá gach duine ag buachan.’

Is togra náisiúnta atá in ‘Begin Again’ atá faoi scáth Aonad na Náisiúnta na hÉireann um Shárchumas Gnó (Irish Centre for Business Excellence) (Béarla). Tá sé ar siúl ó lár 2010 le tacaíocht ón Roinn Oideachas & Scileanna. Beidh ionadaithe ón gclár ar fáil Dé Luain le cur síos a dhéanamh air agus le ceisteanna a fhreagairt faoi.

Is féidir clárú ar-líne don chlár chomh maith le breis eolais a fháil ag www.beginagain.ie (Béarla) nó glaoch air comhordaitheoir an chláir san Iarthar, Mike Gaffney ag 087-9973575.

18.5.11

Lá'n Phátrún - Féile Choilm Cille!

Tá na socraithe imeachta do Lá fhéile Cholmcille, Lá'n Phátrúin nó Lá an Tobar, mar a tugtar ar go h-áitiúil, ar an 9ú Meitheamh beagnach críochnaithe. Tá an lá seo á chomóradh leis na céadta bliain agus i mbliana déanfar caoimhniúchán ar an ócáid a bhíonn ar bun ar an mBánrainn, Baile na hAbhann, ar an dtrá. Tá dhá tobar ann, Bád Choilm Cille agus ansin sa tsean reilg tá Cloch na hOifreála ann. Tugtar cuairt ar an trí hionaid in rith an tráthnóna.

Bád Choilm Cille
Beidh stair an phátrúin le fáil, mar aon le léacht spioradálta chomh maith le turas naofa ar an dá thobar. Beidh an cóir áitíúil agus ceol eile ar bun ann freisin. Tá comórtas ealaíona agus scríobhneoireachta á reachtáil idir na scoileanna áitiúla, agus bronnfar na duaiseanna i rith an chomórtha.

Beidh taispeantáis caith cruití thuas ag ceann bhothair na Bánrainne - beidh sé seo oscailte don phobal agus go mór mór do dhaoine óga a bhfuil suim acu ann. Is sean-nós traidisiúnta é seo a bhaineann le Féile an Phátrúin. Beidh ceol traidisiúnta le ceoltóirí áitiúla ar bun an oíche sin sa trí theach ósta atá lonnaithe sa gceantar agus táthar ag súil go mbainfear taitneamh as an lá spioradálta agus sóisíalta seo.

Tá an clár iomlán le feiscint ar facebook.

11.5.11

Grand Prix ag TG4

Thuill clár faisnéise as iarthuaisceart Maigh Eo an duais Eorpach is airde ar fad do TG4 ag comórtas Circom 2011 (Béarla)  i Timisoara na Rómáine ag deireadh na seachtaine seo caite. Thug an scannán An Píopa an phríomhdhuais, an Grand Prix, leis ó Circom chomh maith leis an duais sa rannóg Faisnéise.

Tá cáil agus duaiseanna go leor eile sa mbaile agus i gcéin bainte amach cheana féin ag an scannán faisnéise seo, léargas ón taobh istigh ar an scoilt i bpobal beag in iarthuaisceart Mhaigh Eo faoin leas nó a mhalairt a dhéanfaidh críochfort agus píobán gáis atá á dtógáil ansin.

Fear áitiúil, Risteárd Ó Domhnaill, a stiúraigh an saothar agus fuair sé maoiniú don togra ó TG4, ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó Bhord Scannán na hÉireann. Tá go leor duaiseanna aitheanta faighte ag an scannán seo cheana, ina measc an duais IFTA 2011 do Chlár Fada Faisnéise, Duais an Lucht Féachana ag Fleadh Scannán na Gaillimhe 2010 agus an duais fhaisnéise ag Féile na Meán Ceilteach 2011 i Steórnabhagh ar Oileán Leodhais in Albain an mhí seo caite.

Is é Circom cónaidhm na stáisiún réigiúnach teilifíse san Eoraip ina bhfuil os cionn 300 stáisiún ar fad as 38 tír páirteach. Tá ard-mheas ar a chuid comórtas agus bíonn caighdeán an-ard ag na saothair a bhíonn san iomaíocht iontu. Is í seo an ceathrú huair le deich mbliana a bhfuair cláracha TG4 duaiseanna ón gcomórtas ach an chéad uair an Grand Prix, an duais is airde ar fad ó Circom, buaite ag TG4.

D’fháiltigh Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, roimh an aitheantas idirnáisiúnta is deireanaí seo do shaothar an chainéil. “Is deas an rud i gcónaí duais a fháil,” a dúirt sí “ach is deise fós gradam ónár gcomhghleacaithe Eorpacha. Deimhníonn sé go bhfuil fiúntas inár gcuid clár agus meas ar ár gceardaíocht ag lucht teilifíse ó chultúir atá an-éagsúil linn.”

26.4.11

Cuarteoir luath!


Tá ceann de na garraí ós comhar an tí anseo i gCaorán an gCearc ina limistéar caomhantais - i ndairíre tá sé chomh clochach nach bhfuil fhios again ceard is ceart a dhéanamh leis. Leisciúil? Ní mise a dúirt é!

Bhí mé amuigh ag breathnú thar an balla inné nuair a tháinig mé ar phlanda álainn corcra. Bhí fhios agam go maigairlín a bhí inti ach bhí sé chom mór san agus chomh h-álainn gur ghlach mé grianghraf de agus chuir mé ar aghaidh chuig luibheolaí le níos mó eolas fháil. Seo a dúirt sé:

"Is breá liom do phictiúir! 

Sé an t-ainm air ná an Magairlín Gaelach, nó Dactylorhiza majalis, subspecies occidentalis (
Irish Marsh Orchid).   Is féidir spotaí bheith ar na duilleogaí no bheith gan spotaí.  D'réir roinnt san-eolaithe tá an chineál magairlín seo dúchasach don tír seo amháin mar tá sé difriúil ó chineáil eile i Sasana agus an Mór Roinn d'réir an chruth ghine(genes).     Ach mar sin fhéin tá an chlann Dactylorhiza an-chasta agus an-dheachair comhaontú a fháil i measc na san-eolaithe faoi ghnéithe áirithe den chlann.

Tá sé faoi bhláth an-luath i bhúr ghairdín mar ní bheinn ag súil leis bheith faoi bhláth go lár na míosa seo chugainn ar a laghaid. "


Mar a deirim ta an aimsir is fearr againn anseo i gConamara i gcónaí!

Breis eolas faoin Magairlín Gaelach ar shuíomh "Irish Wildflowers" (Béarla)

18.4.11

Gan náire!

Táthar le Eoin Pól II a bheannú go luath agus tá na hullamhúcháin faoi lá tseol i gcathair ársa na Róimhe. I measc na rudaí atá á dhéanamh tá foilsiú ar an ndian scrudú a deineadh ar a shaol agus ar a phearsa agus ar impleachtaí a threimhse mar phápa.

Cuireadh agallamh leis an sagart, an postalái, an Monsignor Slawomir Oder, a bhí ag seoladh a cúise tré an chóras iniúcadh thrénar chuirtear gach "iarrthóir" don gradam "Naomh" san eaglais. I measc na rudaí a dúirt sé bhí seo: (maith dom an Bhéarla)

"John Paul II is not a Polish phenomenon. This is the extraordinary thing, which struck me very much, and which is one of the elements of fascination of John Paul II. He was not ashamed to speak of his homeland, of its history, of using its language, of identifying himself also with the popular religiosity of Poland, to speak of his fellow countrymen. However, that man who felt so strongly tied to his nation, was also able to be a gift for others; John Paul II was a gift for humanity."

Nach minic a bhíonn náire orainn féin ár dteanga féin a labhairt, omós a thabhairt dár dtír féin dár ndúchas. Iad siúd a deireann go bhfuil teipthe ar Éirinn. Beag a dhéanamh den cúltúr ársa ár dtíre, rud a rinne na Sasanaigh ó 1366 agus roimhe anois tá daoine áirithe inár measc féin á dhéanamh le déanaí.

I fíu smaoineamh ar Eoin Pól, Pólanach agus saoránach an domhain sna laethanta seo nuair atá spiorad na tíre in ísle brí.