31.7.13
Ag dul siar...
Tá an-taithí agam bheith ag léamh faoi Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin ar facebook. Tá sé siar siar i Leitir Mealláin i gCeantair na n-Oileán ach go dtí an deireadh seachtaine níor thug mé chuairt air.
Tá an foirgneamh féin suite ar bhóithrín caol casta cam Chonamarach, beagnach chomh faide siar agus is féidir le duine tiomáint ó dheas sa cheantair. Ach is fiú go mór cuairt a thabhairt ar an ionad! B'fhiú páistí scoile a thabhairt ann le fháil amach faoin saol agsu stair a sinsir.
Is i sean teach atá deisithe go deas atá an ionad féin. Agus tá sé lán de hábair a bhaineann, ní h-amháin leis an gceantair féin, ach leis an saol tuaithe in aon áit in Éirinn. Thuas staighre tá bailiúchán tabhachtach de nuachtáin, leabhair agus foilseacháin i nGaeilge le feiscint.
Seoid atá ann, agus is mór an creidiúint atá le dul do mhuintir na h-áite as tógra mar seo a eagrú. Tá sé tabhachtach go mbeadh achmhainn mar seo suite, mar atá sé seo, i gcroí-lár a ceantair féin.
Tháinig Coiste Oidhreachta Leitir Mealláin agus Gharumna le chéile chun Teanga, Cultúr agus Oidhreacht Cheantar na nOileán a chaomhnú agus a chur i láthair an phobail in ionad buan agus muintir na háite/turasóirí a mhealladh chuig an ionad seo. Mar chuid den tionscnamh d’oscail an tIonad Oidhreachta a dhoirse i Meitheamh na bliana 2009 agus an áit ar oscailt cúig lá na seachtaine ó shin i leith.
Tá tograí éagsúla idir lámha ag foireann oibre an Ionaid Oidhreachta le linn na bliana, lena n-áirítear togra ainmniú na ngarrantaí ar oileán Gharumna i gcomhar le Comhairle Chontae na Gaillimhe, Turais Scoile faoi Threoir, ord agus eagar á chur ar stair an cheantair agus í á tabhairt cothrom le dáta, chun roinnt a lua.
Is tabhachtach go mór an obair atá idir lámh acu. Is íontach an obair atá ar siúl acu gan mórán maoine ó na hÚdaráis Stáit atá in ainm is a bheith a thabhairt cabhair do thionscnamh mar seo. Tionscnamh a fás aníos ón bpobal féin.
Lipéid
Ceantair na nOileán,
Oidhreacht,
Pobal,
Stair
26.7.13
Naomh Anna i gCeantair na nOileán
Inniú (26 Iúil) an lá a ndéanann daoine oilithreacht chuig Tobar Naomh Anna i dTír an Fhia - lean an comhartha ag barr an bhóthair sé sin an chéad bhóthar ar chlé tar éis Séipéal Thír an Fhia agus tóg an bóthar ar dheis ina dhiaidh sin.
![]() |
| An tobar |
A Naomh Anna, Máthair Mhuire, Le lán-mhuinín a thagaim chugat, Ag an tobar ós do chomhair-sa, Líon mo chroí le grá 's dóchas. Le do ghrásta ar an lá seo, Trocaire Dé go mbeidh le fáil agam, Éist le m'achainí go dtuga tú slán mé, I mbun mo ghráithe ins gach céard dom. Foai do choimirce, cuirim mo mhuintir, 'S chuile dhuine atá i mo thimpeall, Ar do lá féile, a Naomh Anna naofa, Sabháil muide - An Cine Daonna. Aimeán |
• Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin. (Facebook)
22.7.13
1700 bliain ó shin!
Glaoghtar Forógra Milano (Edictum Mediolanense) ar an dlí a thug Impire Iarthair agus Oirthear na Róimhe le chéile faoi Constantinus Magnus (Iarthair) agus Licinius (Oirthear) sa bhliain 313 AD
Trén bhforógra seo tháinig deireadh le trí chéad bhliain ghéarleanúna ar na Chríostaithe san impireacht. Fuaradar thár n-ais a chuid maoine agus bhí cead acu, sa deireadh, a gcreideamh a chleachtadh. Taobh istigh de 60 bliain deineadh ina Reiligiún Stáit san Impireacht í sa bhliain 380 AD faoi Theodosius.
Is ó Impireacht na Róimhe a thagann an-chuid de nósanna i Reiligiún na Criostaithe in Iarthair an domhain, focal mar Presbiterium, Pontifex Maximus, an Fáinne Solais a bhíonn thár timpeall pictiúirí naomh, agus ar ndóigh úsáid na Laidne féin thuas go dtí an lá atá inniu ann. Ar ndóigh tá nósanna eile ag Criostaithe agus Caitleachaí faoi ghnásaíochtaí eile nach ón Róimh iad, mar shampla gnásaíocht Bhiosántach Caitliceach, nó gnásaíocht Siriach Cailtliceach agus na Ceartcreidimhigh.
Ar an lá seo agus an Pápa ar a thuras siar go Braisil tá mé ag smaoineamh ar an ní a thóg an Críostaíocht amach as na gcatacóim agus faoi sholas na gréine seacht míle bliain déag ó shin i Milanó na hIodáile.
![]() |
| Constantinus Magnus |

An Róimh,
Creideamh,
Saoirse Creidimh
15.7.13
An bán ina dhubh!
Le seachtain anuas tá an aimsir go hálainn ar fad. Tá an ghrian "ag scoilteadh na chlocha" mar a deirtear thart anseo. In aimsir mar seo tá firinne i bhfocal an amhráin an grúpa Aerach, Siar go Chonamara, "...an áit a mbíonn an chraic 'san spraoi, an áit a mbíonn na mná sínte ar an dtrá, 'sna fir is breachta in Éirinn.."
Tá na bláthanna sa fál sceach, ar thaobh na boithre á theaspáint iad fhéin dúinn. Boladh álainn ag teacht chugainn ó chuid acu, agus crónán na mbeach ag bailiú meala agus corr féileacán ag caochaíl thart, ag dul ó planda go planda ag baint sult as an aimsir bhreá, solas agus teas na gréine.
Agus mé ag siúlóid ó dheas ón teach inné thug mé faoi deara go raibh na bláthanna go tiubh ar driseacha. Comhartha maith don fhomhair nuair a bheidh na bláthanna céanna ina sméara dúbha lonnrach milis. Fomhair nár chuireamar mar a glaogh mé ar cheana!
Mé ag súil go mór leis na píoga sméara dúbha agus subh deas amach anseo.

Bláthanna,
Dúlra,
Sméara Dubha
6.7.13
Colmcille sa bhaile ar deireadh!
Tá beagnach leath chéad bliain caite ó tógadh séipéal na Tulaigh i gConamara. Bé an céad séipéal tógtha in Éirinn faoi rialacha nua liotúirge a tháinig as Comhairle na Vatacáine (1963-1965).
Nuair a tógadh é bhí rún fuinneóg gloine stáin a cur ar an mbinn ó thiadh ós cionn na príomh doirse. De bharr easpa airgead ag an am níor cuireadh ann é. Is dócha gur tré dearmad nár deineadh aon rud faoi go dtí anois.
Le déanaí cuireadh isteach é agus anois tá sé le feiceál ina áit fhéin. Is foirgnimh caomhnaithe é Séipéil na Tulaigh agus mar sin bhí ar an bhfuinneog teacht leis na fuinneogaí eile sa séipéil cheana, ó thaobh dearadh dé: dearadh simplí, geal. Sílim gur éirigh leis an bhfuinneog nua na coinníollacha sin a comhlíonadh.
Is deas an íomhá é den naomh ar cloch ag snámh ar an bhfarraige, de réir seanachas béile na háite, gur tháinig sé aniar as Árainn ar charraig mhór.
Tá Bád Colmcille fós le feiscint in aice le Reilg Muighreas ar trá an Bhánraigh agus is ansin ar Lá Cholmcille a bhíonn Lá an Phatrúin, nó Lá an Tobair á céiliúradh gach bhliain leis an cianta!
Nach deas an rud é go bhfuil Naomh Colmcille anois le feiceáil ina Séipéal féin, Seipéal na Túlaigh?
| An Turas ar Lá an Tobair (Máirín MhicLochlainn 2012) Colmcille i seanchas na ndaoine (Coilimín an Fhárthara 1995) Johnny Chóil Mhaidhc agus Lá an Phatrúin! (1963) |
Lipéid
An Tulach,
Colm Cille,
Ealaíon
4.7.13
Cúram is cosaint?
Chuireann ráiteas ag smaoineamh mé - cén saghas aire a thugann muid mar stáit do mhná?
Agus a diospóireacht ar siúl faoin bille nua a bhfuil an ainm "Sabháilt beatha le linn torchais" - m'aistriúchán féin mar ní sé de chuirtéis ag lucht an Oireachtais leagan Gaeilge den bille a chuir ar fáil! - chonaic mé ráiteas ón Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh a chuir ag smaoineamh mé!
Thug an Seanadóir dúshlán don Aire Dlí, Comhionannas & Cosanta Alan Shatter mar gheall ar na coinníollacha uafásacha ag ionad Dlí Teaghlaigh Ceantair Átha Cliath ag Teach Dolphin.
“Caithfidh an tAire freagracht a ghlacadh as an droch stáid seo agus ba chóir dó cur in iúl don Seanad céard atá i gceist aige a dhéanamh leis an scéal a leigheas.
“Níl sé maith go leor go gcaithfidh mná atá trína chéile agus leochaileach, atá ar chúis amháin nó ar chúis eile ag fanacht le horduithe urchoisc, fanacht i gcoinníollacha atá chomh dona.
“Tá áird tarraingthe ag Women’s Aid (Bearla) cheana féin ar an ábhar seo, go háirithe ós rud é nach bhfuil áiseanna ann le h-íospartaigh agus mí-úsáideoirí a choinneáíl óna chéile.
“Níl sé seo maith go leor. Tá mé ag impí ar an Aire gníomhú láithreach le cinntiú go dtabharfar na h-áiseanna ag Teach Dolphin suas chuig an caighdeán cui don fichiú haonú aois."
Cheap mé go bhfuil an-chuid cainte faoi chúram mná le linn torchais sa díospóireacht faoin mbille "ghinmhilleadh" úd ach má fhéacann muid ar an cúram atá a thabhairt ag an stáit do mná chean féin atá faoi bhagairt (agus, cá bhfios, faoi baol deireadh a chuir lena mbeatha fhéin!) nach cheart dúinn dul i bhfad níos doimhne isteach sa scéal.
An bhhfuil aon chúram don bhean roimhe nó i ndiaidh an "gnáthamh míochaine" a bheid ceadaithe faoin mbille seo, luaite sa bille féin? Rud uafásach tromchúiseach deireadh a chur leis an mbeatha atá ina broinn ag bean.
An mbeidh na "coinníollacha uafásacha" rompu is atá roimh na mná bochta faoi bhagairt agus faoi dhibeart óna taighleach féin?
Agus a diospóireacht ar siúl faoin bille nua a bhfuil an ainm "Sabháilt beatha le linn torchais" - m'aistriúchán féin mar ní sé de chuirtéis ag lucht an Oireachtais leagan Gaeilge den bille a chuir ar fáil! - chonaic mé ráiteas ón Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh a chuir ag smaoineamh mé!
Thug an Seanadóir dúshlán don Aire Dlí, Comhionannas & Cosanta Alan Shatter mar gheall ar na coinníollacha uafásacha ag ionad Dlí Teaghlaigh Ceantair Átha Cliath ag Teach Dolphin.
![]() |
| Dídean le fáil? |
“Níl sé maith go leor go gcaithfidh mná atá trína chéile agus leochaileach, atá ar chúis amháin nó ar chúis eile ag fanacht le horduithe urchoisc, fanacht i gcoinníollacha atá chomh dona.
“Tá áird tarraingthe ag Women’s Aid (Bearla) cheana féin ar an ábhar seo, go háirithe ós rud é nach bhfuil áiseanna ann le h-íospartaigh agus mí-úsáideoirí a choinneáíl óna chéile.
“Níl sé seo maith go leor. Tá mé ag impí ar an Aire gníomhú láithreach le cinntiú go dtabharfar na h-áiseanna ag Teach Dolphin suas chuig an caighdeán cui don fichiú haonú aois."
Cheap mé go bhfuil an-chuid cainte faoi chúram mná le linn torchais sa díospóireacht faoin mbille "ghinmhilleadh" úd ach má fhéacann muid ar an cúram atá a thabhairt ag an stáit do mná chean féin atá faoi bhagairt (agus, cá bhfios, faoi baol deireadh a chuir lena mbeatha fhéin!) nach cheart dúinn dul i bhfad níos doimhne isteach sa scéal.
An bhhfuil aon chúram don bhean roimhe nó i ndiaidh an "gnáthamh míochaine" a bheid ceadaithe faoin mbille seo, luaite sa bille féin? Rud uafásach tromchúiseach deireadh a chur leis an mbeatha atá ina broinn ag bean.
An mbeidh na "coinníollacha uafásacha" rompu is atá roimh na mná bochta faoi bhagairt agus faoi dhibeart óna taighleach féin?
Lipéid
Alan Shatter,
Ginmhilleadh,
Mná,
Rialtas,
Trevor Ó Clochartaigh
28.6.13
Caoga bliain ó shin!
Caoga bliain agus an lá seo bhíos i gCorcaigh le Bráthaire na Toirbhearta thuas ar Sr na Blárnán!
Bhí an tUachtarán Ó Cinnéide, JFK na Stáit Aontaithe, le teacht agus ligeadh amach muid le dul thíos chuig an gcathair. Bhí ceamra beag bosca agam agus scannán beag follamh istigh ann. Chuaigh mé thíos chuig Halla na Cathrach. Bhí mé i mo sheasamh ag cúinne Céibh na hAontachta agus an droichead isteach go Sr Anglesea (Sr Inis Mhóin?).
Tháinig sé anuas in ingearán ag Dún Uí Choileáin agus anuas ansin tré Sr. Phádraig agus an Meall Theas agus ansin casadh ar dheis thar an droichead inár dtreo agus ansin ar chlé isteach chuig príomh doras Halla na Cathrach. Bhí an slua ró mhór agus dá bharr san theip orm pictiúr a fháil ann.
Ach bhí fhios agam cá raibh sé le dul nuair a bhí na searmanaisí thart sa halla. Cheap mé go mbfhéidir go mbeadh am agam brustú ar aghaidh i dtreo na áite sin tré na cúlsráideanna gau ag an deireadh d'éirigh liom áit compórdeach a fháil ag cúinne Br Victoria agus Bóthar na Páirce Láir. Buíochas le Dia bhí oráid an fhada ag Árd Maora Chorcaí - bhí sé luaite ag an Uacthtarán féin - agus bhí na himeachtaí fós ar siúil sa halla nuair a shrioch mé an áit agus cé go raibh an-chuid daoine ann bhí radharac maith agam ar an mbóthar. (Seo scannán gearr - 9 neom - ar YouTube ar an ocáid!)
Agus ansin go tobann bhí an caint go léir thart agus bhí sé ar an mbóthar arís. D'éirigh orm pictiúir réasúnta soiléar a ghlacadh agus chuir mé isteach im albam ghriangrafanna é chomh luath agus a réaladh é. Seo an pictiúir agus scríbhinn fear óg fiche bliain d'aois - agus chuir mé an dáta mícheart faoi - thárla sé ar an 28ú lá Meitheamh 1963.
Mo léan, taobh istigh de cúig mhí bhí muid ag dul síos arís chuig Aifreann ar son anama ár gcuairteoir uasal a tháinig abhaile ón Iarthair.
Ar dheis Dé go raibh sé.
Seo nasc chuig scannáin faoin gcuairt (Béarla)!

27.6.13
Íoróin!
An mise an t-aon duine nach thuigeann fealsúnacht daoine atá ar son ginmhilleadh, nó mar a deireann siad féin "rogha,!" agus atá i gcoinne phionóis an bháis?
Agus an mise an t-aon duine nach dtuigeann fealsúnacht daoine atá go láidir i gcoinne ginmhilleadh agus fós go láidir ar son phionóis an bháis?
Lig Gobharnóir Rick Perry, Texas, SAM, Kimberly McCarthy (Béarla) a bhású go dleathach inné. Is cosúil gur dúnmharfóir í an bhean seo a mhairaigh bean trí bhliain déag ó shin. Tá an poiliteoir seo, comharba George W Bush mar Gobharnóir ar Texas, go láidir ar son an píonós an bháis (Béarla). Cuireadh níos mó ná 230 daoine chun bháis i rith a thréimhse oifige.
Ach ag an am céanna deireann sé go bhfuil sé go mór ar son na beatha, nó ar san ar son na mbeo gan bhreith. Fiú nuair a bhíodar ag chur Kimberly McCarthy chun bháis bhí seiseann ag troid go thréan ar son na beo gan bhreith. (Béarla).
Mar a deirim ní thuigim!
Sílim go mbaineann loighic na doiléire leo siúd atá ag troid ar son an bille nua seo. Ní dóigh liom go mbeadh siad ar son pionós an bháis a thabhairt thár n-ais anseo. Ach i gcásanna áirithe deireann siad gur ceart dóibh, nó do dhochtúr, deireadh a chuir le saol duine gan bhreith.
Duine daona atá ann sa dhá chás.
Mar a deirim, ní thuigim!
• Féach ar "Dleathach ach mícheart?"
![]() |
| ¡Ar son agus i gcoinne! |

Polataíocht
1.6.13
An samhradh faoi dheireadh!
Agus an ghriain go hárd sa spéir bíonn níos mo seansanna dul amach ag siúil.
Leis an teas ar deireadh tá an féir agus gach plannda ag iarraidh an fás nach ligadh dóibh a dhéanamh sa bhfuacht in Aibreán agus go luath i mí Bealtaine a dhéanamh anois. Mar sin tá an-chuid le feiceáil.
Comhartha maith domsa ná teacht, go tobann, ar an magairlín, an magairlín meidhreach mar a glaoightear air. Tá mé ag ceapadh go bhfuil níos mó i mbliaina ann ach b'fhéidir go bhfuil mé chomh bréan den droch haimsir go dtí seo go dtugaim faoi deara na bláthanna deasa corcra ar thaobh an mbóthar níos mó ná roimhe.
Nó b'fhéidir, ó rud é go bhfuilim ó oirthear na tíre, áit nach bhfuil an bláth áirithe seo le fáil, go dtugaim faoi dear é!
Tá eolas faoin magairlín le fáil anseo ar suíomh faoi bláthanna fiáin na hÉireann anseo. (Béarla).
Nach aoibhinn an bláth é.

30.5.13
Seasca bliain ar Chomolungma!
![]() |
| Hillery & Tenzing |
I mBéarla báisteadh Everest ar an sliabh seo ag na Sasanaigh ar chúiseann éagsúla mar a léirítear ar an suíomh Wiki: Mount Everest. (Béarla) tá an-chuid ainmneacha eile tugtha air an sliabh árd seo, suite idir an Neipeal, An tSín agus an Tibéid
Tá saol Tenzing Norgay ar Wiki agus Hillery ar an suíomh céanna (Béarla). Mar laochra níor chliseadar ar an tideal san i mo shúile. Go mór mór Hillery a chait an chuid is mó dá shaol ag obair ar shaol na Sherpa, náisiún Tenzing, a fheabhsú. Ba laocra domsa siad go lá a mbás, Tenzing sa bhliain 1986 agus Hillery sa bhliain 2008.
29.5.13
Forbairt Naoínraí Teo ar chlár Primetime RTÉ
Is fada ó chonaic mé an méid tuíteanna nó tráchtanna ar facebook is a bhí ar an clár ar pháistí i naíolanna a bhí ar sheirbhís Béarla RTÉ Primetime aréir. Ar maidin d'éisigh Forbairt Naoínraí Teoranta ráiteas ag éirí as an gclár. Tá an ráiteas féin le fáil i bhfoirm pdf ar suíomh na heagraíochta féin!
"Is ábhar buartha d’earnáil luathbhlianta na hÉireann an méid a bhí le feiceáil ar chlár Primetime 28 Bealtaine 2013. Níl na droch-chleachtais a bhí le feiceáil ar chlár na hoíche anocht inghlactha i suíomh luathbhlianta ar bith. Ardaíodh neart ceisteanna gur gá tabhairt fúthu sa tréimhse amach romhainn agus é sin a dhéanamh i gcomhpháirt le chuile geallshealbhóir san earnáil, idir eagrais stáit, eagrais dheonacha, thuismitheoirí agus seirbhísí luathbhlianta.
Bíonn Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT) ag obair le naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht ag tabhairt tacaíochta, cúnaimh agus scileanna do na naíonraí sin chun caighdeán an chúraim agus luathoideachais sna seirbhísí luathbhlianta a ardú. Tugann FNT chuile tacaíocht do na naíonraí ionas gur féidir leo cloí leis na Rialacháin um Chúram Leanaí (Seirbhísí Réamhscoile), 2006, agus dul i ngleic le hAistear, Creatchuraclam na Luath-Óige, agus le Síolta, an Chreatlach Náisúnta Cáilíochta d’Oideachas na Luath-Óige. Cuirtear an tacaíocht seo ar fáil trí chuairteanna comhairliúcháin ó Oifigigh Forbartha FNT, féilire oiliúna leathan agus cuimsitheach agus trí bholscaireacht agus ionadaíocht a dhéanamh ar son phobal na luathbhlianta Gaeilge.
Molann FNT do gach naíonra eolas a roinnt go rialta agus go fial le tuismitheoirí, ar mhaithe na trédhearcachta agus an dea-chleachtais. Fáiltíonn Forbairt Naíonraí Teoranta féin roimh theagmháil agus fhiosrúcháin ó thuismitheoirí ar ábhar ar bith a bhaineann le seirbhísí naíonraí.
Tá Forbairt Naíonraí Teoranta ag obair leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus le páirtnéirí uile na hearnála chun ardchaighdeáin a chur chun cinn i ngach ghné d’obair sheirbhísí luathbhlianta na tíre. Tá ról lárnach á ghlacadh ag FNT i ndréachtadh, i bhforbairt agus i seachadadh an chur chuige nuabheartaithe do Chosaint Leanaí, i gcomhthéacs an Bhille Tús Áite do Leanaí, 2012. Is den riachtanas é go ndéanfaí infheistíocht in oiliúint agus san oideachas réamhsheirbhíse agus san fhoghlaim insheirbhíse d’oibrithe luathbhlianta, móide aitheantas cuí a chruthú don obair thábhachtach seo le leanaí óga.
Cuideachta dheonach uile-Éireann í Forbairt Naíonraí Teoranta a thacaíonn le seirbhísí, cúram agus oideachas trí Ghaeilge a chur chun cinn do pháistí ó aois an chliabháin ar aghaidh. Cuireann Foras na Gaeilge agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige maoiniú ar fáil d’Fhorbairt Naíonraí Teoranta."

Forbairt Naoínraí Teo (FNT),
Oideachas
12.5.13
An trá agus an tsíoraíocht ar Inis Oírr!
Ar an Satharn 18 Bealtaine ag 3pm beidh an taispeántas An Trá agus an tSíoraíocht á sheolah in Áras Éanna in Inis Oírr. Is í an t-oifigeach ealaíne le hEalaín na Gaeltachta (UnaG), Muireann Ní Dhroighneáin a bhéas mar aoichainteoir.
Seo saothar nua leis an ealaíontóir Nuala Ní Fhlathúin (ar dheis), sraith oibre a coimisiúnadh go speisialta d’Fhéile Phléaráca na bliana seo. Tarraingeadh na grianghrafanna don taispeántas seo le linn trí thuras go h-Inis Oírr i 2013, agus sé an tús phointe a bhí acu ná an gaol idir solas agus uisce, spéir agus talamh. Sa taispeántas in Áras Éanna beidh na céadta íomhánna fite le chéile agus leagaithe amach mar a bheadh cairpéad nó táipéis, iad curtha le chéile le píosaí beaga dealbhadóireachta chun nua-phátrún teibí a chruthú.

9.5.13
Dleatheach ach mícheart?
Is uirlis an-mhaol é an dlí áfach agus mar a theaspeáin Dónal Ó Conaill (agus sa chás seo An Cúirt Uachtarach) dúinn, is féidir cóiste agus ceithre chapaill a rith tré reacht ar bith! Tharais sin an féidir leis an dlí a bheith mícheart?
Is ceart dom a rá ar dtús nach n-aontaíom le breithiúnas na Cúirte Uachtaraí i gcás X a deireann, ina éifeacht, go bhfuil beatha an máthar níos tabhachtaí ná beatha an linbh ina bhruinne. Dár liomsa is duine é an linbh céanna atá faoi choimirce agus le caomhnú ag an máthair, agus ag an athair. Is duine é an leanbh ó neomad a thuismiú is cuma conas a gineadh é. Tagann chuid den tuairim seo ó teagasc na h-eaglise Caitlicí ar ndóigh. Creidim, tharais sin, cé nach bhfuil sé i gcreidimh sonrathach na hEaglaise sin, ach gur léir é i dteagasc Eoin Pól II, nach ceart aon duine a mharú - bíodh sé no sí neamhoirchóideach nó urchóideach! Níl cead ná cumhacht mar sin ag an stáit duine a dhaoradh ná a chuir chun bháis.
Cás na Gaillimhe
Dár liom féin i gcás na Gaillimhe, a thosaigh an díospóireacht seo, ní cabhródh an dlí nua seo atá ar intinn ag an Rialtas leis. Is cosúil, ón méid atá ráite ag a fhear chéile bocht, chuigh a bhean isteach san oispidéal i ndrochchaoi. Dúradh leí nach raibh seans dá laghad go sabháladh a páiste agus go raibh sí chun é a cailiúnt i gcionn tamall gearr. Rud nár thárla mar thóg sé i bhfad níos mó ama nár sin. Is tré "mífhortún leighis" a fágadh í go dtí go raibh sé ró dheireannach. Dár liomsa, agus ní dlíodóir ná saineoilaí leighis mé,(nó fiú diagaire!), ba ceart do na dochtúirí cabhair a thabhairt don máthar an leanbh a thabahiart chun breithe fiú nuair a bhí a chroi fós beo. Dár lioms ní dúnmharú a bheadh i gceist. (Ach táid ann a deireann go mbeadh sé i gcoinne an dlí agus bfhéidir go bhfuil an ceart acu.) Féach leis "Foirceannadh toirchis nó ginmhilleadh!" (Nollaig 2012)
Ach thár n-ais chuid an dlí nua seo atá á fhógairt ag an Riaitas. Már a dúirt mé tá mé den tuairim go raibh an Chúirt Uachtarach mí ceart ina mbreithiúnas. Is laige b'fhéidir i gcóras daonlathais goyr féidir le cúirteanna a bheith mícheart anois is arís ach i gcás na Cúirte Uachtaraí ní fios dom bealach a chuid breithiúnais a "cheartú!"
Tá sa bille seo iarracht breithiúnas bhunreachtúla na cúirte a chuir i bhfoirm dlí. Níl locht agam ar an rialtas faoi sin. Is léir gur ceart dóibh rud éigin a dhéanamh nuair a deireann an cúirt leo é a dhéanamh, cé go bhfuil an-chuid chásanna eile, cásanna i leith na Gaeilge ina measc, nuair nach ndearnadar rud ar bith. Ach sa cás seo tá siad chun lá a chuir i bhfeidhm a rialaíonn caithin is ceart deireadh a chuir le beatha duine gan breith (agus mar sin neamhoirchóideach).
Deireann Bunreacht na hÉireann:
"Admhaíonn an Stát ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha agus, ag féachaint go cuí do chomhcheart na máthar chun a beatha, ráthaíonn sé gan cur isteach lena dhlíthe ar an gceart sin agus ráthaíonn fós an ceart sin a chosaint is a shuíomh lena dhlíthe sa mhéid gur féidir é. "
Fasach?
Maidir leis an mbille nua seo bhí alt spéisiúil ag an iar-thaoiseach John Bruton faoi seo sna nuachtáin a theaspeáineánann laige eile ann. I gcás bhaoil féin-mharú mar shampla tá an seans ann go bhfuil se ag cruthú fasach (agus bfhéidir fasach áititheach) i gcásanna nach mbaineann le ginmhilleadh ar chor ar bith. Is fiú go mór an alt (gearr) seo a léamh anseo (Béarla).
Ta ceann acu ráite go gonta i litir a bhí san Irish Times i mBéarla le déanaí:
Ar bhealach ní thuigim-se féin, agus ní fheadfdh aon fhear a thuiscint go bunúsach na cásanna seo. Is féidir linn-ne go teoriciúil agus go teibí an cheist seo a phlé. Léas píosa ar line ar maidin a léirigh dom-sa an baol atá ann i mbreithiúnas na cúirte agus sa dlí nua seo atá beartaithe. Ceann de na cásanna atá i mbéal an pobal is ea "Cás C" agus bhí an bean seo sásta labhairt amach go poiblí faoi, ag caoineadh bás a linbh i 1997 (Béarla)
Ar deireadh b'fhéidir gur fiú breathnú siar ar shean-doiciméid a scríodh idir 40 AD agus 100 AD: "Ní mharóidh tú an ghin trína ruagairt agus ní chuirfidh tú an naoionán nuabhreithe chun bháis!" (Didache 2.2).
Agus bfhéidir, gur ceart dúinn ceist a chuir orainn fhéin más Críostaí muid: Céard a dhéanfadh Críost féin? Cad a rinne sé nuair a ionsaíodh é? Bhí seanmóin gearr ag an bPápa Nua ar an Sathairn (4 Bealtaine 2013) leis an fhreagra. Briathair Dé agus Ceansacht & Umhlaíocht (Béarla).

| Céard is Duine ann? Chuireann Aonghus Ó hAlmhain an cheist bunúsach! (16/5/2013) |

| "Sir, – If potential suicide is considered adequate reason for termination of pregnancy should it be considered adequate reason for termination of debt? – Yours, etc, PADRAIC NEARY, Tubbercurry, Co Sligo." (IT 2/5/2013) |
Ar bhealach ní thuigim-se féin, agus ní fheadfdh aon fhear a thuiscint go bunúsach na cásanna seo. Is féidir linn-ne go teoriciúil agus go teibí an cheist seo a phlé. Léas píosa ar line ar maidin a léirigh dom-sa an baol atá ann i mbreithiúnas na cúirte agus sa dlí nua seo atá beartaithe. Ceann de na cásanna atá i mbéal an pobal is ea "Cás C" agus bhí an bean seo sásta labhairt amach go poiblí faoi, ag caoineadh bás a linbh i 1997 (Béarla)
Ar deireadh b'fhéidir gur fiú breathnú siar ar shean-doiciméid a scríodh idir 40 AD agus 100 AD: "Ní mharóidh tú an ghin trína ruagairt agus ní chuirfidh tú an naoionán nuabhreithe chun bháis!" (Didache 2.2).
Agus bfhéidir, gur ceart dúinn ceist a chuir orainn fhéin más Críostaí muid: Céard a dhéanfadh Críost féin? Cad a rinne sé nuair a ionsaíodh é? Bhí seanmóin gearr ag an bPápa Nua ar an Sathairn (4 Bealtaine 2013) leis an fhreagra. Briathair Dé agus Ceansacht & Umhlaíocht (Béarla).
Lipéid
Dlí,
Ginmhilleadh,
Rialtas
6.4.13
Tráthnóna álainn!
![]() |
| Oileán an Bhromaigh ó chaladh Chaorán na gCearc |
![]() |
| Add caption |
Bhí an aimsir ciuin, agus an fairrige mar scathán gorm.
Ní raibh gaoth ar bith ann.
An grian íseal sa spéir.
Chonaic mé corr éisc ar carraig ós comhair Oileán an Bhromaigh.
Bhí sé ag breathnú tharr timpeall ag baint sásamh as an tráthnóna.
Ghlac mé pictiuir de.
Tráthnóna álainn le bheith amuigh i gConamara!
Lipéid
Caorán na gCearc,
Conmara,
Dúlra
28.3.13
Athrú síoraí?
Is léir go bhfuil athraithe tagtha ar an mbealach a oibríonn muid ó tháinig na meán soisialta i réim. Seachtain nó dhó ó shin shroic twitter, an córas giolcaireachta, seacht mbliain ar an saol. Tá facebook, blaganna agus LinkedIn ann agus ar ndóigh Google. An cuimhin le h-éinne nuair nach raibh siad ann?
Bhí mé ag smaoineamh ar na rudaí sin agus Foras na Gaeilge ag lorg daoine len a Suirbhé Pobail ar roghanna maidir le formáid seirbhís nuachta do phobal na Gaeilge a líonadh. (Ar líon tusa isteach go fóil é?) Tá mise agus na daoine atá ag léamh an blag seo i ndán an suirbhé sin a líonadh. Bainimíd-ne úsáid as na meán soisialta beag nó mór. Ach tá daoine ann nach bhfuil fhios acu céard tá ann. San baile fearainn ina bhfuil cónaí ormsa tá timpeal 25 tithe go bhfios dom tá 5 nó 6 chin "ceangailte" leis an idirlíon. Tá an áit seo sa Ghaeltacht agus seans go mbeidh tuairimí ag an 20 taighlaigh nach bhfuil ceangailte. Conas a bhfaighfidh FnaG a dtuairimí siúd?
Bíodh sin mar atá, is cinnte go bhfuil an cine daoine ag dul i dtreo an ceangailt seo mar is cinnte go bhfuil fón phóca ag an cuid is mó acu óg nó sean.
Ag smaoineamh dom ar na rudaí seo tháining mé ar alt suimiúil sa Huffington Post (Cá raibh sé sin deich mbliain ó shin?) faoin na meán soisialta agus ar an mbealach atá sé ag athrú ár módh oibre. Trén idirlíon tá muid go léir cónasctha ar bhealch nach raibh nach raibh indéanta roimhe seo. Mar shampla, níl aithne agam-sa, (gnáth duine, nach iriseoir mé, nach politeoir mé, nach duine a úsáideach na sean meáin ach iad a léamh, nó éisteacht leo nó breathnú isteach ortha) ar an cuid is m de na daoine a léifidh an píosa seo. San alt seo (Béarla) deireann an údar, Vala Afshar, go bhfuil cúig athraithe ar mhódh oibre an cine daoine de bharr na meáin soisialta. Bhí an rud céanna, ar bhealach, á rá i Seth Godin ina leabhair "Meatball Sundae!" (Béarla)
Seo rud nua. Seo athrú nach bhfaca muid ó chum Gutenberg an leabharlannaíocht i Mainz na Gearmáine!

14.3.13
An Pápa nua!
"Qui Sibi Nomen Imposuit Franciscum"
Nuair a tháining an Cairdinéal Tauron amach ar Loggia Lár Eaglais Naomh Peadair bhí gach éinne ag súil le togha duine de na Papabile, iad siúd a bhí na i mbéal lucht an phreasa, Schola (Milano), nó Scherer (Sao Paulo) nó fiú O'Malley (Boston). Ach bhí féirín gan coinne aige dúinn.
Habémus Papam
Bhí guth cuíosach lag ag an gCairdinéal agus é ag rá na focail traidisiúnta:
"Anunnuntio vobis gaudium magnum..."
Bhí ciúineas sa slua leis an ainm a cloisint. "Seoirse Máire.." Cén sloinne? Níor chuala mé an sloinne i gceart. Ach ansin dúirt sé ..."Qui Sibi Nomen Imposuit Franciscum"
Tháinig osna ón slua, "Cen duine é seo?" "Seo ainm nua ar fad!" "Prionsias.!"
Thóg tráchtaire RTÉ, Bryan Dobson, neomad nó dhó leis an eolas a thabhairt dúinn. Ar deireadh bhí sé aige agus dúirt sé gur Cairdinéal ón Airgintín abhí ann, Jorge Mario Bergoglio, 76 Bliain d'aois, agus leis an ainm Prionsias, an chéad duine a thóg an ainm sin. Mar aon leis sin Íosánach a bhí ann, an chéad Íosánach riamh a toghadh mar Pápa.
Ar ndóigh thosaigh gach éinne ag smaoineah ar cén brí a bhí le rogha ainm Il Poverello, Naomh Assisi, naomh bochtanais, naomh an dúlra, an naomh a fuair an teachtaireacht "Téir agus déan mo h-eaglais a ath-tógáil dom!" An siombal a bhí san ainm seo?
Seo muid
Thóg se cúpla neomad eile leis an fuinneog a oscailt arís agus ansin tháining sé amach.
Thug daoine a thuigeann na rudaí sin faoi dearadh go raibh sé spéisiúl nach raibh air ach a chuid éadaí bán. Ní raibh air an muzzetta, nó an fhallaing dearg le cóiriú eirmín leis an stól. Ní raibh ach an éidaí simplí bán air. Siombal eile? Bhi an cuma gur baineadh geit mór as nuair a sheas sé go cúthalach ós comhair an slua.
Ansin labhair sé, nós a thosigh Eoin Pól II, "Fratelli e sorelli, Buona sera..." Bhí Iodáilis mhaith aige! Agus bhí athás ag an slua Romhánach. "...chuaig na Cairdinéal chuig deireadh an domhain le bhúr n-easpag nua a fháil....ach seo muid!"
Ansin threoirigh an slua ag urnaí don iar-Phápa Benedict XVI, "Ár nAthair...Sé do Bheatha a Mhuire...Glór don Athair." Rud nua eile!
Ansin d'iarr sé ar gach éinne guidhe go ciúin leis roimh a chéad bheannú mar Pápa. Chroim sé a cheann agus tháinig ciúineas mór ar an slua, slua ollmhór sa chearnóg.
Ansin chuir sé air an stól agus thug sé a bheannacht Urbi et Orbi, don cathair agus don domhain. Briseadh eile leis an dtraidisiún a bhí anseo mar níor chan sé an bheannú.
Nuair a bhí an beannú thart dúirt se leis an slua go raibh sé le dul le guidhe ag scrín Salus Populi Romani - scrín Mhuire in Eaglais Mhuire Mhór.
Ag an deireadh dúirt sé "Oíche mhaith agus codladh sámh!"
Mar a deirim is cosúil gur duine nua atá mar Pápa againn. Tá comharthaí le feiscint agus le cloisint. A ainm, Iosánach, simplíocht a bheatha go dtí seo, a dhúcas mar "Papa Americano." Mar a dúirt duine éigin ar twitter: "Ní h-é Prionsias I chomh mór san againn ach Eoin Pól I!"
Mar a deireann siad sa Róimh, "Viva il Papa Francisco!"
Nuair a tháining an Cairdinéal Tauron amach ar Loggia Lár Eaglais Naomh Peadair bhí gach éinne ag súil le togha duine de na Papabile, iad siúd a bhí na i mbéal lucht an phreasa, Schola (Milano), nó Scherer (Sao Paulo) nó fiú O'Malley (Boston). Ach bhí féirín gan coinne aige dúinn.
![]() |
| Súiomh na Vatacáine ar maidin! (Spáinis) |
Bhí guth cuíosach lag ag an gCairdinéal agus é ag rá na focail traidisiúnta:
"Anunnuntio vobis gaudium magnum..."
Bhí ciúineas sa slua leis an ainm a cloisint. "Seoirse Máire.." Cén sloinne? Níor chuala mé an sloinne i gceart. Ach ansin dúirt sé ..."Qui Sibi Nomen Imposuit Franciscum"
Tháinig osna ón slua, "Cen duine é seo?" "Seo ainm nua ar fad!" "Prionsias.!"
Thóg tráchtaire RTÉ, Bryan Dobson, neomad nó dhó leis an eolas a thabhairt dúinn. Ar deireadh bhí sé aige agus dúirt sé gur Cairdinéal ón Airgintín abhí ann, Jorge Mario Bergoglio, 76 Bliain d'aois, agus leis an ainm Prionsias, an chéad duine a thóg an ainm sin. Mar aon leis sin Íosánach a bhí ann, an chéad Íosánach riamh a toghadh mar Pápa.
Habemus Papem (Smaointe Fánacha Aonghusa 4/4/2013)
|
Seo muid
Thóg se cúpla neomad eile leis an fuinneog a oscailt arís agus ansin tháining sé amach.
Thug daoine a thuigeann na rudaí sin faoi dearadh go raibh sé spéisiúl nach raibh air ach a chuid éadaí bán. Ní raibh air an muzzetta, nó an fhallaing dearg le cóiriú eirmín leis an stól. Ní raibh ach an éidaí simplí bán air. Siombal eile? Bhi an cuma gur baineadh geit mór as nuair a sheas sé go cúthalach ós comhair an slua.
Ansin labhair sé, nós a thosigh Eoin Pól II, "Fratelli e sorelli, Buona sera..." Bhí Iodáilis mhaith aige! Agus bhí athás ag an slua Romhánach. "...chuaig na Cairdinéal chuig deireadh an domhain le bhúr n-easpag nua a fháil....ach seo muid!"
Ansin threoirigh an slua ag urnaí don iar-Phápa Benedict XVI, "Ár nAthair...Sé do Bheatha a Mhuire...Glór don Athair." Rud nua eile!
Ansin d'iarr sé ar gach éinne guidhe go ciúin leis roimh a chéad bheannú mar Pápa. Chroim sé a cheann agus tháinig ciúineas mór ar an slua, slua ollmhór sa chearnóg.
Ansin chuir sé air an stól agus thug sé a bheannacht Urbi et Orbi, don cathair agus don domhain. Briseadh eile leis an dtraidisiún a bhí anseo mar níor chan sé an bheannú.
Nuair a bhí an beannú thart dúirt se leis an slua go raibh sé le dul le guidhe ag scrín Salus Populi Romani - scrín Mhuire in Eaglais Mhuire Mhór.
Ag an deireadh dúirt sé "Oíche mhaith agus codladh sámh!"
Mar a deirim is cosúil gur duine nua atá mar Pápa againn. Tá comharthaí le feiscint agus le cloisint. A ainm, Iosánach, simplíocht a bheatha go dtí seo, a dhúcas mar "Papa Americano." Mar a dúirt duine éigin ar twitter: "Ní h-é Prionsias I chomh mór san againn ach Eoin Pól I!"
Mar a deireann siad sa Róimh, "Viva il Papa Francisco!"
![]() |
| Simplíocht! Eoin Pól II agus Prionsias ar lá a dtogha |
12.3.13
Reoite i mí Márta...
Bhí sé fuair ar maidin.
Inniú lá na h-araidí bruscair anseo agus chuaig mé amach leo go luath. Bhí an féir beagáinín brioscánach faoi mo chosa agus mé ag siúl leis na málaí chuig ionad iontrála ár ndiméine!
Ar mo bhealach thug mé faoi deara go raibh an locháinín bheag atá againn i ngairdínín, atá á dhéanamh againn taobh leis an sciobóil, reoite. Bhí an oighear crua agus tiubh. Chuir sin íontas orm mar níor cheap mé go raibh sé chomh fuair sin. Bíonn díonta na tithe thár timpeall bán i gcónaí le sioch agus ní raibh ar maidin. Is cosúil gur oíche an-tirim a bhí ann gan mórán tais san aer.
Anois tá an ghriain ag éirí agus níl scamall sa spéir. Beidh an lá go hálainn.
Buíochas le Dia.

6.3.13
Calafort Chill Rónáin
Bhí slua maith ag an gcruinniú.
Is ar maidin a fuair mé teachtaireacht ón Roth (Eagráiocht de chuid Cumann na nInnealtoirí) ag rá go raibh léacht le bheith ann san Forbacha an oíche sin, maidir le Calafort Chill Rónáin.
![]() |
| Duais na nInnealtóirí |
Bhí an oíche flúich go leor tár éis deich lá a bhí fuair ach tirim agus cheap mé nach mbeadh mórán daoine i láthair ach bhí cathú orm. Bhí breis is dhá scór i láthair i seomra mór chompóirdeach romham.
Bhí Pádraig Ó Cinnéide BE - iarfhostaí den Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Joe Murphy BE CEng FIEI CDipAF RConsEI - comhairleoir, Punch Consulting Engineers (Béarla) a bhí leis an caint a thabhairt.
Léirigh Pádraig Ó Cinnéide ar an gcúlra leis an tionscanamh, an teacht agus imeacht, an idirghabháil idir poball Inis Mór, na hIascairí, lucht an Bháid Tarthála, lucht na mbád farantóireachta agus "na húdaraisí", Comhairle Chontae na Gaillimhe, An Rialtas, Údarás na Geltachta agus níos deanaí lucht Pleanála. Is cosúil gur sna seachtóidí a thosaigh an caint seo ach i ndairíre thosaigh an pleanáil ag tús an chéid seo, 2000, a thosaigh a pleanáil i gceart agus ansin an stocaireacht chun maoiniú a fháil. Faoi dheireadh fuarthas maoiniú (€39 milliún) sa bhliain 2007 agus thosaigh an obair ceart ansin.
Bhí constaicí eile ann seachas maorlathas ag an tionscnamh. Áit an-oscailte atá in Árainn idir an aigéin agus Cuan na Gaillimhe a chuireann le garbheacht agus neart na mara! Mar aon leis sin bhí fadhbanna le dromchla ghrinneill na farraige. In áiteachaa bhí sé ró bhog le portach doimhin faoi agus in áiteanna eile bhi fána chlaonais ar rófhána é. Rinneadar múnla nó mionsamhail oibríoch den suíomh le coincheapa éagsúla a thriaileadh. Nuair a bhí sé seo déanta acu bhíodar reidh leis an obair ceart a dhéanamh!
![]() |
| Neart carraigeacha |
Chuireadh leis an gcaladh a bhí ann le breis is céad bliain ionas go mbeidh na turasóirí sabháilte ón gnáth obair iascaireachta agus tionscalaíochta a bhíonn ar siúl ar chéibh gnóthach agus rinneadar an deisiúchán ar an sean céibh.
Bhí an-chuid pléascadh agus druileáil mar a bheitheá ag súil leis ach bhí ortha bheith an-chúramach gan chuir isteach ar an ndúlra, rónta agus eile a bhíonn sa bhfairrge sa cheantair sin.
![]() |
| Calafort Chill Rónáin 2011 |
D’éirigh leis an tionscadal seo an gradam “Engineering Project of the Year 2012” a bhaint amach, bunaithe ar vótáil poiblí, sa chomórtas “Engineers Ireland Excellence Awards”, comórtas oscailte don phobal ar fud na tíre. I measc na tógraí a bhí istigh don duais áirithe seo bhí Foirgneamh Titanic, Béal Feiriste, Skyline Páirc an Crocaigh agus Ionad Chuairteoirí Chlochán an Aifir i dtuaisceart Chontae Aontroim. Bé vótáil ón bpobal a shocraigh an toradh ar an gcomortas seo.
Tá mé ag súil le dul isteach go hInis Mór i rith na bliaina leis an éacht mór innealtóireachta a fheisint mé fhéin.
Lipéid
An Roth,
Árainn,
Innealtóireacht,
Údarás na Gaeltachta
28.2.13
Deireadh nós!
Seo litir a chuir mé agus a foilsíodh san eagrán deireannach de Gaelscéal (agus níos deanaí i Nuacht 24.
Cupán cáife agus Gaelscéal...
Seo píosa ón Gaelscéal deiridh inné:
"Cuireadh Gaelscéal i gcré na cille ag 18:00 aréir. Tá go leor irisí agus nuachtáin breátha thíos sa reilig chéanna, i mbun díospóireachta go deo.....
"I ndeireadh na dála, bhí conradh ann idir Thorann na dTonn, úinéir Ghaelscéal, agus Foras na Gaeilge. Faoi choinníollacha an chonartha sin, bhí Gaelscéal le bheith ag díol 9,000 chóip faoin am seo.
Ní raibh ná aon bhaol air agus ní bheadh choíche.
Mar sin de, tá an conradh briste, tá deireadh curtha leis, tá ré Ghaelscéal thart. Sin é."
An mbeidh nuachtán eile Gaeilge mar chomharba at Inniú, Anois, Lá, Foinse, Lá Nua, agus Gaelscéal. Ag Dia amháin atá a fhios mar is léir nach bhfuil a fhios ag Foras na Gaeilge!
Cupán cáife agus Gaelscéal...
| A chara, Bhí sé de nós agam cúpán mór láidir caifé a bheith agam agus Gaelscéal a léamh gach seachtain. Bhí neart le léamh inti agus is ansin a fuair mé an-chuid eolais faoi a bhí ag tarlúint sa saol Ghaolach thart timpeall na tíre. Rud tábhachtach, dar liom, ná an dearcadh a bhí ag roinnt de bhur n-iriseoirí sa Sé Chontae, dearcadh nach bhfuil ag na meáin Bhéarla ná fiú ag TG4 ná R na G. Ní thuigim an cinneadh caolaigeantach atá déanta ag Foras na Gaeilge, nó sa saol níos leithne céard atá ar siúil ag an Rialtas. Léiríonn na cinntí atá déanta , nó nach bhfuil á dheanamh acu, an neamh-shuim agus an easpa tuisceána ar chúrsaí teanga agus ar chúrsaí phobail. Guím gach rath ar an fhoireann bheag dhíograiseach a bhí ag Gaelscéal. Tá muid go léir go mór faoi caomhaoin agaibh. Go raibh míle maith agaibh Eoin Ó Riain Conamara |
Seo píosa ón Gaelscéal deiridh inné:
"Cuireadh Gaelscéal i gcré na cille ag 18:00 aréir. Tá go leor irisí agus nuachtáin breátha thíos sa reilig chéanna, i mbun díospóireachta go deo.....
"I ndeireadh na dála, bhí conradh ann idir Thorann na dTonn, úinéir Ghaelscéal, agus Foras na Gaeilge. Faoi choinníollacha an chonartha sin, bhí Gaelscéal le bheith ag díol 9,000 chóip faoin am seo.
Ní raibh ná aon bhaol air agus ní bheadh choíche.
Mar sin de, tá an conradh briste, tá deireadh curtha leis, tá ré Ghaelscéal thart. Sin é."
An mbeidh nuachtán eile Gaeilge mar chomharba at Inniú, Anois, Lá, Foinse, Lá Nua, agus Gaelscéal. Ag Dia amháin atá a fhios mar is léir nach bhfuil a fhios ag Foras na Gaeilge!
Lipéid
Foras na Gaeilge,
Gaelscéal,
Nuachtáin
21.2.13
Na cáirde ag damhsa!
Tá sé fógraithe ag an gcoiste náisiúnta de Chairde Rince Céilí na hÉireann go mbeidh an 5ú deireadh seachtaine náisiúnta den rince céilí á reachtáil acu san Ionad Comhdhála agus Spioradálta i Dromantine, Co. an Dúin ón 3-5 Bealtaine 2013. I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl thar an deireadh seachtaine beidh trí Fhíor-Chéilí, Fíor-Chéili na nÓg, cainteanna, cúrsa traenála do dhaoine gur mhaith leo rince céilí a mhúineadh, ceardlanna rince céilí agus Aifreann dátheangach.
Tá lóistín ar ard-chaighdeán ar fáil ar an láthair don deireadh seachtaine iomlán nó beidh fáilte roimh dhaoine teacht chuig na h-imeachtaí a oireann dóibh fiú muna bhfuil siad ag fanacht don deireadh seachtaine. Táthar ag glacadh le háirithintí don lóistín anois.
Beidh daoine ag teacht ó ghach chearn den tír agus thar lear don teacht le chéile seo a bhíonn ar siúl uair amháin gach trí bliana. Tá tuilleadh eolais faoin eagraíocht agus faoin deireadh seachtaine ar fáil ar an suíomh acu nó ón Rúnaí Náisiúnta Eilís Ní Mhearraí ar 087-2770873.

Subscribe to:
Posts (Atom)