30.8.15

Nótaí Chois Fharraige! @CTribune

Seo nóta a fuair muid inniú:

A chairde,

Thóg Nótaí Chois Fharraige, an colún sa gCuradh Connachta, sos le linn Iúil agus Lúnasa mar nach raibh a dhóthain ábhar ag tíocht isteach leis an leathanach a líonadh go seachtainiúl. Tá áthas ar an gCumann Forbartha a rá go mbeidh an colún ag filleadh arís ar an Déardaoin seo chugainn, 3 Meán Fómhair. As seo amach, gach Luan, beidh muid ag cuartú scéalta agus grianghrafanna faoi imeachtaí a tharla an deireadh seachtaine roimhe nó imeachtaí atá le tarlú san am atá le tiocht.

Ba bhreá linn go speisialta torthaí na gcluichí a imríonn na clubanna spóirt sa gceantar ag an deireadh seachtaine a fháil, le cur sa gcolún agus tuairisc ghearr faoi na cluichí is tábhachtaí.

Má tá grianghraf  nó dhó le dul leis an scéal, bheadh fáilte rompu chomh maith, ach iad a bheith ar caighdeán maith agus i bhformad JPEG. Grianghrafanna nach n-usáidtear sa gcolún bíonn muid in ann iad a usáid ar an leathanach nuachta ar ár suíomh idirlíon .

Ba mhaith linn an t-ábhar a fháil roimh 2.30pm ar an Luan. Is fearr an ábhar a choinneál gearr, gonta agus ní ghá a bheith buartha faoi litriú ná gramadach, mar go ndéantar an t-ábhar a cheartú sara gcuirtear chun bealaigh é. Bíonn an colún le réiteach agus le cur chun bealaigh faoin 6.00 le bheith in am don Churadh Chonnachta. Is féidir an t-ábhar a chur ag an seoladh ríomhphoist seo:              

Obair dheonach a chuireann an colún le chéile, mar sheirbhís do phobal Chois Fharraige agus an fhad is atá ár ndóthain ábhar ag tíocht isteach coinneofar ar bun é. 

Tá muid an bhuíoch do Dave O' Connell, eagarthóir an Churadh Connachta, faoin deis a chur ar fáil dúinn. Is fúinne uilig atá sé an deis a thapú le eolas a scaipeadh agus poiblíocht a thabhairt do na himeachtaí atá ag tarlú sa gceantar. 

Ar ndóigh foilsítear an t-ábhar go léir a bhíonn sa gcolún, agus ábhar breise, ar an suíomh idirlíon againne

Tá muid buíoch faoi bhur dtacaíocht go dtí seo don cholún agus tá súil againn sna seachtainí atá le tíocht go mbeidh sibh in ann tairbhe a bhaint as, tré neart ábhair a sheoladh chugainn.


Ádh mór,

Donncha Ó hÉallaithe,
Cathaoirleach, Cumann Forbartha Chois Fharraige.


Éabha Ní Choisdealbha, 8 mbliana d’aois, ar Pháirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh 16 Lúnasa agus brat na Gaillimhe á chrochadh aici chun na mórtha fáilte a chur roimh fhoireann iománaíochta na Gaillimhe ag tús na himeartha. Ar ndóigh, bhuail Gaillimh Tiobraid Árann chun áit a fháil sa gcluiche ceannais in aghaidh Chill Choinnigh.
Pic: Ray Mc Manus
• Suíomh an Churadh Chonnachtach (Béarla do chuid is mó)


19.8.15

Béile deas faoi mhiongáire ó Shean-Phádraic!

Bhí lá deas inné againn. Bhí an aimsir go breá agus chinneamar dul isteach chuig an gcathair le h-aghaidh lóin.

Bhí roinnt rudaí le déanamh - í féin ag dul isteach i siopa (nó scór) - agus bhí seic agam le lóisteáil. De gnáth is istig sa Spidéal - agus uaireanta tré Ghaeilge má tá an t-adh linn. An uair seo chuaigh mé isteach i gCaisleán na Loinseach. Tá gléasanna ann anois gur féidir an lóisteáil a dhéanamh go huathoibríoch. Cheapfá go mbeadh sé éasca ach is cosúil go mbíonn an-chuid deachreachtaí leis an gcóras mar nuair a bhí mé fhéin ann bhí ar duine cabhrú le gach duine a bhain trial astu, mé fhéin san áireamh. Ar ar deireadh d'éirigh liom an gnó a dhéanamh.

Chuamar isteach chuig Artisan (Béarla) don lón. Áit deas agus bhíomar ann cheanna. Tá sé thuas staghaire agus is féidir bórd a fháil i bhfuinneog agus is íontach an áit é le bheith ag breathnú ar dhaoine ag siúl ar shráideanna na cathrach.

Trasna uainn bhí "Irish Traditional Café" pé rud é sin! Agus thugamar faoi deara go raibh daoime ag breathnú amach as na fuinneoga sa teach sin, a leithéid de Beckett, Yeats & Joyce agus an duine seo, an t-aon duine a bhí miongháire ar a agahidh aige agus é ag breathnú ar an saol. Cé bhí ann ach Sean Phádraic é féin!

Bhí an bia ar fheabhas mar is gnáth. Bhí colmóir ag an mbeirt againn a bhí an blasta. Bhí bakewell aici féin agus rud ar a dtugtar Oxford Mess a bhí agam fhéin, meascán torthaí, uachtair reoite, uachtar agus meireang agus iad go léir meascathae lena chéile. Agus ar ndóigh buidéal deas rosé iodáileach - ar son ár mbolg mar a déarfadh Naomh Pól! Agus cupáinín deas expresso mar críoch.

Mar is gnáth dom dúirt mé "Gura maith agat" leis an bhfreastalaí. Ar deireadh  d'fhiafraigh sé díom an raibh Gaeilge agam. Ba as Baile na hAbhann é agus bhí comhrá ghearr againn ansin.

Má tá tú sa proinnteach sin, Artisan, ná déan dearmad go mbfhéidir go mbeadh Gaeilge ag an bhfreastalaí.

...agus tá an bia ar fheabhas ann leis!

14.8.15

Cá bhfuaireadar m'ainm go mícheart?

Tár éis dom an píosa, "Sonraí á chosaint!" a scríobh anseo le déanaí chuireas litir chuig an GeoDirectory (gur leis AnPost iad.) Is mar seo a scríobh mé:

    "Fuair mé fógra sa teach seo le déanaí ó Eircode agus bhí m’ainm agus seoladh mícheart ann. Dúradh liom gur sibhse faoi deara é sin. Bheinn buíoch díot ach iad a athrú láithreach go dtí an leagan ceart.... 
    "...Bheinn buíoch díot leis gan m’ainm agus seoladh a roinnt arís le h-éinne gan cead agamsa i scribhinn."

Inniú a fuar me freagra uatha:


Scríobh mé anois cuchu ag moladh go ndéarfadh siad é sin don Coimisinéir Chosanta Sonraí.

Anois tá litir curtha ar aghaidh chuig Eircode agam!

• Féach leis ar Cód ar strae!


30.7.15

Sonraí á chosaint!

Scríobh mé píosa faoin gCod Phoist nua seo EirCode le déanaí - Cód ar strae!  Agus cinnte is ar strae atá siad. I measc na scéalta a chuala mé le déanaí ná bean as Cladhnach (in aice le Casla) a cuireadh isteach ag an Sruthán (An Ceathrú Rua) í. Bíodh sin mar atá tá rud éigin eile a chuir mé buair éigin orm.

Dúradh sna scéalta faoin gcód seo go bhfuil siad chun liostaí de na seoltaí seo a dhíol amach anseo. Ós rud é go bhfuil ainmneacha luaite, agus go minic ainmneacha agus slointí mícheart, níor theastaigh uaimse go mbeadh mó sheoladh a dtabhairt amach, ar ais nó ar éigean, don té a bheadh sásta íoch as. Mar sin scríobh me chuig An Comisinéir Cosanta Sonraí ag miniú an faitíos atá orm.

Scríobh an Coimisinéir seo ina tuairisc anuireadh go raibh imní air faoin gcód nua: Dúirt sé: “Faoin gcóras nua, is í Éire a bheidh ar an gcéad tír ar domhan ina mbeidh bunachar sonraí poiblí d'aitheantóirí do gach maoin a chabhróidh le saoránaigh, comhlachtaí poiblí agus le gnólachtaí chun gach teaghlach aonair sa Stát a aimsiú. ” (Féach An postchód leis an dlí a bhriseadh? 12 Bealtaine 2014)

Seo cóip den chomhreagras:

Litir 22 Iúl 2015

A chara,
Fuair mé an teachtaireacht ag fógairt an uimhir chóid nua ar an teach s’againne le déanaí.
Taobh amuigh den fhiric go bhfuil mo ainm litrithe go mí cheart tá mé beagáinín imníoch go bhfuil m’ainm bainte leis an seoladh. Deirtear go mbeaidh Eircód ag díol na seoltaí seo agus níor mhaith liom mo sheoladh a bheith á dhíol ag éinne le m’ainm & seoladh nó fiú gan iad.
Bheinn buíoch do chuid tuairimí a fháil ar seo.
Mise le meas ort,
Eoin Ó Riain (agus ní Owen Ó’Riain!)

Fuair mé freagra béasach ar chasadh an phoist (más féidir sin a tharla ar líne!). D'fhéadfadh an chuid eagraíochtaí stáit - Uisce Éireann ina measc - ceacht a fhoghlaim uatha!

Admháil: 22 Iúl 2015

Admhaím go bhfuarthas do rphost chuig an Coimisinéir Cosanta Sonraí.
Má bhaineann do rphost le ceist (ar leith ó ghearán foirmiúil faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí), ba cheart fhios a bheith agat gurb í ár n-aidhm, i gcomhréir lenár gCairt um Sheirbhís do Chustaiméirí, freagra a thabhairt duit laistigh de 15 lá oibre agus de ghnáth i bhfad roimhe sin.
Agus é seo á dhéanamh againn, rachaimid i dteagmháil go soiléir leat, ag tabhairt freagra iomlán ar do cheist.
Mura bhfuilimid in ann freagra a thabhairt laistigh den tréimhse sin, cuirfimid tú ar an eolas faoina stádas.

Le meas

An Comisinéir Cosanta Sonraí

Inné a fuair mé é seo uatha.

Freagra: 30 Iúl 2015

A dhuine uasail,
Maidir le do ceist, bhí oifig an Choimisinéir Cosanta Sonraí i dteagmháil le Eircode, agus de réir mar a thuigimid é, scriosadh eolas faoi na h-ainmneacha ón bunachar sonraí. 
Mar is Geodirectory an bunús an eolas faoi do sheoladh atá faoi choinneáil ag Eircode, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Geodirectory.ie (Béarla) chun an sonraí atá faoi choinneáil ar an bhunachar sonraí a cheartú. 
Beidh ort aon iarratas a cur isteach chun an eolas a cheartú nó, más iomchuí, a scriosadh; a dheanamh faoi alt 6 ó an tAcht Um Chosaint Sonraí, 1988/2003. 
Mise le meas,

Mar sin tá mé chun scríobh chuig GeoDirectory anois ag rá leo litriú ar m'ainm & sloinne a cheartu. Agus tá mé chun a rá leo gan mo sheoladh nó m'ainm a dhíol nó a roinnt le éinne,  cuma cá bhfuair siad iad, le dream ar bith gan cead scríofa a fháil uaimse.


25.7.15

Béasa an bhroic bheith ag tocailt faoi....

Téim chuig Tí Dic gach Sathairn leis an Nuachtáin a bhailiú le léamh go mall agus mé ag ithe bricfeasta go mall gan deifir.

Agus mé ag tiomáint soir chuig an siopa ar maidin thug mé faoi deara go raibh ainmhí éigin, cat b'fhéidir, marbh ar an mbóthar romham.  Ar mo bhealach anoir abhaile chonaic mé gur broc a bhí ann. Tháinig focail ó dhán éigin a bhí againn ar scoil fadó fadó chugam!

"Béasa an bhroic bheith a tocailt faoi.." na focail ach theip orm cuimniú ar an gcuid eile den dán. Nuair a thainig mé thár n-ais rinne mé na focail a googláil agus bhí an dán ann ceart go leor.

Agus mé á léamh tháinig cuid de na smaointe aisteacha a bhí agam agus mé á fhoghlaim na bliainta fada ó shin. Mar a cheap mé mar shampla go raibh sé aistead dhá "ar" a bheith le chéile in abairt mar , "Ar ar cruthaíodh ó neamh go lár!" Agus ar ndóigh "Aoir is sea an dán seo!" a dúradh linn.

"Toigh Corr a'Chait" an dán agus Séamas Dall Mac Chuarta (1647-1733), file iomráiteach Oirialla a scríobh é faoi muintir an bhaile sin in aice le hÓ Méith ar bhruach Loch Charlainne. Seo na focail mar atá siad ar shuíomh Clann Tuirc:

Uaigneach sin, toigh Chorr an Chait,
Is uaigneach a bhfir is a mná,
Is dá bhfaighdís ór is fíon
Cha dtig aon díobh i gceann cháich.

I gceann cháich cha dtig siad
Ar ar cruthaíodh thiar is thoir,
Ar ar cruthaíodh ó neamh go lár:
Ionann sin is béasa an bhroic.

Béasa an bhroic bheith ag tochailt faoi
I ndorchadas oíche is lae:
Ar ar cruthaíodh ó neamh go lár
I gceann cháich cha dtig sé.

Ní hionúin leis an ríbhroc aoibhneas, aiteas ná spórt:
Ní hionúin leofa saoi, draoi ná cumadóir ceoil;
Ní hionúin leofa Séamas caoch ná cuidiú Néill óig,
Is fanadh gach aon mar a mbíd, ag tochailt an phóir.

Nach aisteach na rudaí a spreagann cuimhne daoine!

13.7.15

Cód ar strae!

Chláraigh mé le dream fadó ionas go mbeadh ar daoine atá ag lorg mo theach-sa más ag úsáid satnav atá siad. Tá an córas thar a bheith éifeachtach agus oibríonn se go maith. Ní chosnaigh sé pingin rua orm.

Anois tá an Rialtas tár éis €27milliúin a caitheamh ar cód nach oibríonn ar satnav ar bith agus sheoladar é ar maidin. "Eircode" an t-ainm atá baistithe acu air. "Cuirfidh Eircode, an córas postchóid nua d’Éirinn, ar a gcumas do dhaoine agus do ghnólachtaí teacht ar gach seoladh in Éirinn, rud a dhéanfaidh an saol níos seolta réidh duit."  Nach ait an mac an saol? Deireann siad go ndéanann an rud céanna atá á dhéanamh ag LOC8 dom-sa le bliainta.

Ar ndóigh níor tugadh cead do LOC8 tairiscint a chur isteach toisc na coinníollacha a leagadh síos ag an Rialtas. Dúradh níos deanaí ag an Eoraip go raibh an proiséas tairiscintí a úsáideadh, lochtach.

Rinne mé mé fhéin a aimsiú ar an gcórás nua.

Is ceantair Gaeltachta é seo agus tá sé litrithe i gceart ar an suíomh.

Tá naoi dtithe thár timpeall ar mo theach-sa agus uimhreacha thar a bheith difriúil ag gach ceannn acu. Tá an céad trí litreacha "H91" ag gach ceann acu ach leis na ceithre tacar de dhigití ag an deireadh níl aon leanúnachas ionta.   A... atá agamsa ach tá E... ag tús trí sheoladh, P... ag dhá cheann agus ceann amháin an cód le T..., P..., V... D... agus N... . Tá H91 don gceantair ach níor éirigh liom a fháil amach cé chomh mór is atá an cheantair mar níl cead ag éinne níos mó ná 15 déag a chuardach ag aon am amháin! Tá H91 ag Baile na hAbhann agus an Tulaigh (Níos mó ná míle uainn) leis mar sin is beag cabhair atá ann d'éinne atá ag lorg mó theachsa thár an gcóras ainmneacha atá ann anois.

I ndairíre tá sé níos fearr ag éinne tiomáint chuig an baile s'againne leis an gnáth seoladh agus mapa ach ní fhéadfadh éinne dul ann gan ríomhaire de short éigin a bheith aige más ag brath ar an cód nua seo atáid.

Rud eile a thugas faoi deara ná go raibh dhá leagan d'ainm na h–áite ann. An ceann ceart agus ansin ceann i leagan trualaithe Béarla. Go bhfios dom ní cheart ach ach an ainm ceart Gaeilge a thabhairt ar logainmneacha sna ceantreacha Ghaeltachta.  Tuigtear dom go bhfuil míchruinneas ó thaobh ainmneacha Ghaeilge trí síos agus nach bhfuil siad sásta na botúin a cheartú. Ní oibríonn sé le Port Lairge (féach thuas!) mar shampla agus tá Leitir Mór aistrithe 14 km ó thuaidh acu!
Leitir Móir na Coille chois fharraige!!!





10.7.15

Ní raibh aon cheart le fáil!

Is cosúil nach bhfuil ticéad ar bith fágtha don dráma MAUM atá ar siúl i dTaibhdhearc na Gaillimhe​ i rith na seachtaine seo chugainn. Seo scéal truamhéalach éagóir dlithúil ar Maolra Seoighe a crochadh i 1882 don dúnmharú uafásach Mhám Trasna níos tuisce sa bhliain céanna.
Pic ón Dráma ag Seán Ó Mainnín
D'eagraigh an Coimisinéir Teanga ag an am, Seán Ó Cuirreáin, comóradh ar an gcás sa bhliain 2012 ag Ard Eaglais na Gaillimhe atá tógtha ar shuíomh an phríosúin. Leag Uachtarán na hÉireann bláthfhleasc ar an bplaic comórtha atá sa charr chlós ag an áit.

Is cinnte nach raibh páirt ar bith ag Maolra Seoighe san dúnmharú uafásach ach ní fhuair sé éisteacht ag an gcúirt mar ní raibh siad i ndán a chás a thuiscint gan teanga na daoine a bheith ag na huadaráis.

Scríobh James Joyce faoin gcás agus é ar deoraíocht i dTrieste:

'Ask him if he was in that neighbourhood at that hour.

The old man again began to talk, to protest, to shout, almost beside himself with the anguish of being unable to understand or to make himself understood, weeping in anger and terror. And the interpreter, again, dryly:

'He says no, "your worship".

Agus é ag eagrú na h-ocáide comórtha tháinig Seán Ó Cuireáin ar pictiúirí de na priosúnaigh, Maolra Seoighe ina measc. Insíodh ar conas ar aimsíodh na pictiúirí san píosa "Sean-ghrianghraif an-stairiúil ó Mhám Trasna!" againn (Ean 2013)

8.7.15

Peil na mBan go 2018.

Ag labhairt dó i bPáirc an Chrócaigh ag Seoladh Chraobh TG4 2015 i bPeil na mBan, d’fhógair Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir go bhfuil síneadh trí bliana aontaithe don chonradh urraíochta agus cearta craolta idir TG4 agus Cumann Peil Gael na mBan. Mairfidh an comhaontú nua go deireadh an tséasúir 2018. Le linn na tréimhse sin, beochraolfaidh TG4 suas le 60 cluiche Craoibhe gach Samhraidh, sa mbreis ar roinnt cluichí i gcomórtais eile de chuid an Chumainn.

Tosóidh clúdach teilifíse na Craoibhe 2015 ar an Satharn 25 Iúil. 17 cluiche craoibhe ar fad a bheochraolfar le linn an tséasúir sna grádanna Sóisear, Idirmheánach agus Sinsear. Is iad Cluichí Ceannais na hÉireann 2015 i bPáirc an Chrócaigh, 27 Meán Fómhair, buaic na craoibhe agus beidh an t-iomlán á bheochraoladh, mar is gnách, go heisiach ar TG4 agus ar fud an domhain ar an Seinnteoir.

Thréaslaigh Marie Hickey, Uachtarán, Cumann Peil Gael na mBan na forbairtí seo leis an Uasal Ó Gallchóir agus mhol an síneadh ama leis an gconradh. “Tá TG4 luaite le Peil na mBan in intinn an phobail le fada an lá anois,” a dúirt sí agus thug sí moladh ar leith don chlúdach domhanda a sholáthraíonn TG4 ar an gCraobh ar an Seinnteoir.

Thagair an tUachtarán freisin don fhloscadh a bhaineann le tús an tséasúir craoibhe. “Is ag an tráth seo bliana a ghéaraíonn an tsuim againn ar fad,” a dúirt sí, “idir imreoirí, lucht bainistíochta, oifigigh agus lucht leanta. Táthar ag ullmhú don Chraobh ón Nollaig agus seo anois muid ag a tús. Cá bhfios cad a tharlóidh? Go n-éirí go geal linn ar fad.”

5.7.15

D'éirigh leo!

Slua mhaoiniú – cic sa tóin do chultúr na ndeontaisí
Le beagnach mí anuas tá pictiúir agus nasc chuig tógra Seo Linn sa chólún ar chlé againn. Bhí siad ag iarraidh €50,000 a fháil len a gcuid ceol agus beochta a leathnú amach. Ni raibh ach 30 lá acu leis an t-airgead a bhailiú agus uaireanta bhí sé mall go leo ar teacht isteach ach diaidh ar ndiaidh, lá in ndiaidh lae,  tháinig fás ar an méid a bhí geallta. Ar deireadh ar an 30 lá (B'shin Sathairn 4 IuL 2015) bhí 350 sásta €51,475 a chuir isteach sa bhosca. Agus tá an pictiúir athraithe dá bharr!

Is beagnach mí ó shin d'fhoilsíodar a scéim len a ngrúpa cheoil Seo Linn a thógaint isteach sa saol mór proifisiúnta. "Tá bhur gcabhair ag teastáil go mór uainn an mhí seo! Beagnach dhá bhliain i ndiaidh do Avicii vs Lurgan, agus na mílte uaireanta a chloig curtha isteach, tá an deis againn anois Seo Linn a thógáil don chéad chéim eile agus an Ghaeilge a chur ar fáil do chuile dhuine go lán aimsirthea i mbealach spraíul agus taitneamhach trí mheán an cheoil!!" 

Thug siad a dúshlán dúinn go gcabhródh muid leo go praiticiúil! "SEO Í ÁR nDEIS!
LIKEÁILIGÍ, ROINNIGÍ, SCAIPIGÍ agus TACAGAÍ linn lenár gcúis anseo ar Kickstarter!"

Agus d'éirigh leo.

Is dócha an rud is íontaí faoi seo ná an rud a dúirt blag Conchubhair Uí Liatháin faoi: "An rud atá spreagúil faoi mar smaoineamh ná go dtugann sé cúl don ghnath chosán atá gearrtha ag eagrais Ghaeilge suas fánaí géara sléibhte an mhaorláithis agus sinn ag lorg maoinithe chun tabhairt faoi thograí.  An toradh a bhionn ar sin, má bhionn an t-adh leat, go bhfaigheann tú do mhaoiniú ach go mbionn sé chomh ceangailte le coinníollacha nach mbainfear an tairbhe céanna as.  Mura mbionn an t-adh leat, sin dea smaoineamh eile curtha ó mhaith."

Níl mórán dreamanna anseo a rinne triáil as an saghas seo maoiniú, ach na dreamanna a rinne é, d'éirigh cuíosach maith leo. Agus mar a deireáin an Lithánach "Idir an dhá linn, má fheiceann tú togra fiúntach Gaelach ar fundit nó Kickstarter, tabhair tacaíocht do.   Gheobhaidh tú do chraiceann agus a luach as…"

Idir an dá linn ní gá ach brethnú ar an bpictiúir thuas le riméad ar Seo Linn, ar Stiofán Ó Fearail, Keith Ó Briain, Daithí Ó Ruaidh, Cathal Ó Ruaidh, Kevin Shortall agus Conor Moore a fheiscint. Go bhfeicfimíd iad ag scaipeadh a gcuid cheoil agus a ngliondar croí i measc pobal na tire agus ar fud na cruinne!

• Tá suíomh bríomhar facebook ag Seo Linn agus níos mó ná 11,000 á leanúint.

21.6.15

Seanfhondóirí ón Iarthair ag insint a scéal.


Is dócha gur ceann de na míbhuntáistí leis an sao nua ná an scoilt idir na seandaoine agus na daoine óga ag fás aníos. Is ag plé le na rudaí draíochtúil, ríomhairí, na meáin shóisialta, agus fónin phóca. Cuid den gcuís, go mór mór amuigh faoin dtuath ná go bhfuil siad imithe as baile ag stáidéar nó le post a fháil agus fiú nuair atá siad sásta fanacht sa bhaile níl na seirbhísí nua seo le fáil acu agus níl fonn ortha cur futha ina gceantair dhúchais a thuile. Agus as go bráth leo soir go dtí an geal cathair!

Bhí cruinniú suimiúil i nGaillimh ar an Aoine seo caite inar bhalaigh slua le héisteacht le "Seanfhondóirí ón Iarthair" i gcúrsaí Chearta Sibhialta agus Ceardchumain. Is in halla Fhorais na Meicneoirí i lár an bhaile a bhí sé. Ní raibh fhios agam go raibh a leithéid d'áit ann ach tá ó tríocadái an naoiú aois déag.  Tá a cheann ceathru ar an Sráid Láir.

Rud nua don scríobhnóir seo an lipéad "seanfhondóir" ar dhaoine a bhí (beagáinín!) níos óige ná é féin. I ndairirí ní raibh aon chosúileacht ar na seanfhondóirí áirithe seo go raibheadar le h-éirí as an rás go raibh cuid acu ar phinsin!
Clé: John Cunningham, OÉG,  Seosamh Ó Cuaig, Conamara & Declan Bree, Sligeach
Bhí John Cunnighmam as OÉG sa chathaoir don gcéad mír. Declan Bree (Béarla)  as Sligeach a labhair ar dtús. Bhí seisean páirteach i ngluaiseachtaí sóisialacha ina gcathair féin, Sligeach, agus tá fós ina Comhairle Chontae ina chontae dhúchais. Roinn sé a scéal agus a ghníomhaíochas, go minic in aineoin bunaíochta stáit nó eaglaise, iad go minic ag obair as lamh a chéile in aghaidh a chuid gníomhachtaí. Ansin bhí caint againn ó Sheosamh Ó Cuaig agus labhair seisean faoi na daoine a d'imir tionchair, mar a Mháthair féin agus scéalta faoina uncali Colm Ó Gaora. Is mar gníomhaí i nGluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta a bhí sé sna seachtóidí. D'éirigh leis an nGluaiseacht roinnt rudaí a bhaint amach tré brú a chuir ar an Rialtas. Ina measc tá Raidío na Gaeltachta agus TG4 agus cé go bhfuil sé lag go leor, Údarás tofa na Gaeltachta (atá "spocaithe" anois ag Rialtas FG/LO).

Sa dara chuid den oíche bhí triúr bhan, Liz Walsh, Mary Cooke agus Bríd Carr ag comhrá le Tish Gibbons. Bhíodar i measc iad siúd a bhí ag troid go tréan sna seachtóidí le ceardchumann a bhunú agus cearta na n-oibrithe riaracháin san Ollscoil a chosaint. Bhí lucht bainistíochta na hOllscoile glan ina gcoinne agus d'úsáid siad larrachtaí an láidir na mná cróga seo a stopadh. Bhí sé deacair dóibh a bhí i láthar gan smaoineamh ar chúrsaí san Ollscoil sa lá atá inniú ann agus an éagóir a deineadh i gcás an Dr Micheline Sheehy Skeffington agus a comráidí. Dúradh leis gur mó an scannal céad blian ó bhi Francis & Hannah Sheehy Sheffington ag troid go láidir ar son cearta mná go bhfuil an troid fós ar siúl ag a ngár-iníon!

Bhí slua maith i láthair agus daoine óga atá ag tosú ar an turas aonrach an agóideora. In measc bhí daoine ó Misneach, dream spleodrach a thógann a n-inspioráid ón an sean dream, go mór mór Máirtín Ó Cadhain a bhunaigh an céad "Misneach". Cé nach n-aontaím le gach seasamh atá á thógaint aontaím go bhfuil sé tabhacht go gcloisfar a ghlór amach anseo - amch ar an sráid agus istigh sna chúlseomraí. Bhíodar ag díol an dara eagrán dá nuachtáin, Mionlach, ainm oiriúnach mar is beag rud nach ndéantar ó oibre na mionlaithe!

Tá sé tábhachtach go mbeidh Gaeil i lár an aonaigh nuair a thagann atá agóidí ar siúl. Is é an rud ar a dtugtaí an "nua-liobrálachas" atá ag cur polasaithe na déine i bhfeidhm ar nós an Cháin Uisce is atá ag gearradh buiséad caipitil Údaráis na Gaeltachta. Siad na "fórsaí níos láidre agus níos forleithne ann (sa stáit chóras) ar cuma leo ann nó as dár dteanga náisiúnta." (Seán Ó Cuirreáin 23/1/2014)

"Caithfidh Gaeil seasamh le cosmhuintir na tíre. Cé go bhfuil go leor bá ann don Ghaeilge, breathnaíonn go leor daoine ar chainteoirí na teanga mar ghrúpa faoi leith a mbreatnaíonn amach do mhaitheas na Gaeilge amháin. Tá na Gaeltachtaí ag meath. Má theastaíonn uainn an próiseis sin a stopadh beidh tacaíocht gnáth-mhuintir na tíre ag teastáil uainn." (Misneach 20/1/2013)

D'fhág mé an gcruinniú agus mé déanta óg arís i mo chloigeann cé gur sean-cnámh atá san cuid eile dem chorp.

An réabhlóid abú!

16.6.15

Aimsir déiseach! Radharc eile ó Súil eile!

Bliain ó shin bhí scéal faoin aimsir mar atá sé ag TG4 agus anois tá scéal faoi leathnú eile sa scéal! Radharc eile ar chúrsaí d'fhéadfá a rá.

Beidh deis ag pobal féachana TG4 ar fud domhain an aimsir sna Déise a fheiceáil feasta. Deimhníodh inniu go bhfuil sruth leanúnach pictiúir ar fáil ó cheamara breise aimsire atá feistithe anois i nGaeltacht na Rinne i bPort Láirge. Tá a leithéid de sholáthar ar fáil le tamall anuas ó cheamaraí TG4 atá suite i nGaeltachtaí eile - i nDún Chaoin (Ciarraí), i mBaile na hAbhann (Gaillimh) agus i nGaoth Dobhair ó thuaidh.

Irial Ó Ceallaigh (gan feasóg!)
Cuireadh i bhfearas an ceamara nua sna Déise le deis a thabhairt don phobal féachana ar fud an domhain léargas a fháil ar an aimsir ansin, réigiúin a bhfuil cáil na gréine air. Tig le daoine féachaint ar-líne ar an gceamara aon uair i rith an lae  agus bainfear leas go rialta as na pictiúir a sholáthraíonn an ceamara i bhfeasacháin ón Aimsir Láithreach seirbhís aitheanta TG4.

Mar a tharlaíonn, is as Gaeltacht na Rinne do dhuine de láithreoirí an fheasacháin sin, Irial Ó Ceallaigh agus is cinnte go mbeidh fonn air-san go bhfeicfí fód a dhúchais go minic ar a chúla féin agus é ag tuar na haimsire ar an teilifís.

Tá fáil freisin ar an Suíomh anois, ar liosta de théarmaí aimsire Gaeilge sna príomh-chanúintí Fáiltítear roimh thuairimí an phobail faoin liosta agus roimh mholtaí do théarmaí agus de nathanna a d’fhéadfaí a chur leis (nó a bhaint as).

Tionóladh cruinniú de Bhord TG4 sa Rinn inniu agus ag labhairt dó ansin ina dhiaidh, dúirt Pádhraic Ó Ciardha, Leascheannasaí TG4: “Is breá linn go raibh ar ár gcumas ceamara aimsire a shuíomh i nGaeltacht na Rinne agus beimid ag súil leis an dea-scéala uaidh go laethúil. Is deas mar a chum ár sinsir téarmaíocht bheacht Ghaeilge le cur síos ar gach gné den aimsir” a dúirt sé. “Léiríonn an cnuasach focal atá curtha ar fáil againn go dtí seo agus an raon canúintí atá ag ár láithreoirí aimsire, saibhreas agus éagsúlacht na teanga. Nílimid ach ina thús agus fáilteofar roimh théarmaí eile ach iad a sheoladh chugainn.”

14.6.15

Easóg ós ár gcomhair!

"Bhí an chaint sin mar a bheadh pláigh easógaí ann ag drannadh soir agus siar trí m’intinn agus ag stealladh smugairlí nimhe astu féin." (Caitríona Pháidín i gCré na Cille).

Bhíomar ar ár mbealach ar Bhóthar Sheanadh Féistín ó Uachtair Árd ó dheas - bóthar álainn gan amhras. Bhí neart caoire ar an mbóthar agus in áiteanna tá an drompla cuíosach garbh. Mar sin bhíomar ag tiomáint go mall.
Agus muid ag tiomáint tré tailte cuíosach oscailte, idir Seanadh Féistín agus Doire Choill, rith ainmhí ná bhachamar cheanna trasna ós ár gcomhair. Bhí dáth dorrcha rua nó donn air agus eireaball fada. Choinnigh sé a chorp íseal go leor is a bholg agus a eireaball thíos beagnach ar an dtalamh agus é ag rith. Ach céard a bhí ann?

Sílim fhéin gur easóg a bhí ann agus nuair a tháinig mé abhaile rinne mé beagáinín taighde. Tá siad le fáil thár timpeall na tíre ar fad. Agus san a rá is cosúil nach minic a feictear iad. Níl móran eolai faoi le fáil ar shuíomh Iontaobhais Fiadhúlra na hÉireann ach tá cur síos air agus ag a chuid nósanna le fáil ar shuíomh an "Vincent Wildlife Trust in Ireland." Is eagraíocht Sasanach atá ann go bunúsach ach tá an chuid obair á dhéanamh acu anseo leis agus deineann siad chomh oibriu le heagraíochta dhúlra in Éirinn. Ta an alt seo (Béarla) le Paddy Sleeman lán de eolas faoi Easóg.

Is gné éagsúil é Easóg na hÉireann nach faightear in aon tír eile. Uaireanta tugtar bláthnaid (weasel) air i mBéarla ach níl aon bhláthnaid le fáil in Éirinn. Is fearr leo bheith i gcoillte. Itheann siad coiníní, ubheacha, éin, éisc agus francaigh.

Cé ná pláigh easógaí a bhí an, mar a bhí ag Caitríona Pháidín, bé an chéad easóg a chonaic mé riamh é!

9.6.15

Cuairteoir ón Atlantach Theas i nGarmna!


Brú air an pic
chun é a dhéanamh
níos mó
Bhiomar a siúl i rith na deireadh seachtaine ar chosta Garmna. Tá siúlán ann ar an gcósta thoir ón dTrá Bhán ó thuaidh ar Chuan an Fhir Mhóir atá an dheas (agus sa bhfómhair bíonn togha sméara dubha le fáil ann ach ná habair é le h-éinne is rún é!). Agus muid ag siúl chonaiceamar dhá éan ag eitilt go tapaidh - eitilt fhaoileanda a deireann an foclóir - ós cionn na huisce agus ag tuirlint anois is aríst ar carraig árd ar an cósta nó beagáining amuigh uaidh.

Ní raibh ach an fón phóca agam agus nuair a thóg na héin na sosanna seo bhíodar beagáinín ró-fhada uainn. Bhí na dathanna an-shoiléir - dubh agus bán. Cheap mo bhean go raibh gob dearg ortha ach teip orm é sin a thabhairt faoi ndeara. Thóg mé pictiúr de cheann acu agus é ina sheasamh ar carrig amugh sa bhfarraige.

Ní pictiúir ró shoiléir atá ann mar rinne mé iarracht an "zoom" a úsáid. Tá sé soiléir gur éan dubh agus stríoca bána air atá ann. Nuair thangamar abhaile (tár éis coirceog deas uachtair reóite ó Tí Ruairí i Leitir Móir agus ar ndóigh cómhrá deas le fear a'tí!) rinne mé breis eolais a fháil ar shuíomh Cairde Éanlaith Éireann (Béarla). Tá me beagnach cinnte gur Guairdeall a bhí ann. Tá an cuid is mó acu le fáil i gCiarraí deirtear ach táid le fáil chomh thuidh le Dún na nGall agus ar chósta thoir na tíre.

Bíonn siad anseo don samhradh agus ansin eitlíonn siad ó dheas go dtí críocha an Atlantaigh Theas, áit atá chomh fhiáin leis an Atlantach sagainne is dócha!

4.6.15

Mór scannán le bheith ar an mór scáileán!

TG4 agus Cartoon Saloon ag comhoibriú go binn ar Amhrán na Mara

Den dara uair i mbliana beidh leagan Gaeilge de mhór-scannán do pháistí ar taispeáint i bpictiúrlanna ar fud na tíre faoi cheann míosa. Beidh Amhrán na Mara á thaispeáint sna pictiúrlanna ó 10 Iúil 2015. Bhí Spúinse as Uisce le feiscint níos luaithe sa bhliain sna pictiurlanna ar fud na tíre.

Is é an comhlacht aitheanta Cartoon Saloon (Béarla) i gCill Chainnaigh a léirigh agus Tomm Moore a stiúraigh, an té a stiúraigh The Secret of Kells, saothar ardchaighdeáin eile roimhe seo. Fuair an saothar nua seo ainmniúchán do ghradaim Oscar 2015 don Fhadscannán Anamúlachta is Fearr, éacht ar leith do shaothar Éireannach. Is é an comhlacht Macalla, a bhfuil cáil ar leith tuillte ag a shaothar le cartúin do TG4, a rinne Amhrán na Mara, an leagan Gaeilge, atá maoinithe ag TG4 agus Údarás Craolacháin na hÉireann.

Scéal draíochtúil geanúil atá sa scannán a bhfuil téamaí go leor ann ó bhéaloideas na farraige in Éirinn, an mhaighdean mhara agus an saol fo-thuinn, anamúlacht ildaite mhealltach, le guthú ó sár-aisteoirí agus le fuaimrian cheolmhar bhinn. Is cailín beag tostach í Saoirse a bhfuil a máthair imithe ó bhí sí ina naíonán. Ach tá dúchas ar leith ag Saoirse, a thugann í ar eachtra rúndiamhrach. Ar an gcliar guthaithe atá páirteach sa leagan Gaeilge tá Brendan Gleeson agus Fionnuala Flanagan, beirt aisteoirí a thacaíonn go rialta agus go fial le tograí TG4, Colm Ó Snodaigh, Lisa Hannigan, James Ó Floinn, Gráinne Bleasdale, Maurice O'Donoghue, Donncha Crowley, Niall McDonagh agus Tom O' Sullivan.

Deir Stiúrthóir Aschur TG4 Lis Ní Dhálaigh: “Is scéal álainn é seo a bhfuil an dúchas agus an nuál fite go healaíonta le chéile ann. Is breá ar fad linn go raibh ar ár gcumas leagan Gaeilge de a chur ar fáil don scáileán mór faoi láthair – agus don scáileán beag lá is faide anonn. Táim cinnte go mbainfidh an lucht féachana taitneamh agus sult as.”

 “Tugann TG4 tacaíocht agus spreagadh don chomhlacht s’againne agus ba mhór againn a bpáirtíocht fhial sa léiriú seo." a dúirt Paul Young ó Cartoon Saloon. "Tá bród agus ríméad orainn go bhfuil Amhrán na Mara á eisiúint i nGaeilge ag am céanna leis an leagan Béarla Song of the Sea. Rinne an chliar aisteoirí sár-obair sa dá theanga, go háirithe Brendan Gleeson agus Fionnuala Flanagan."

Dar le Jane Farley ó Mhacalla Teoranta, bhain siad an-taitneamh as an leagan Gaeilge den fhad-scannán seo a sholáthar. "Dúshlán agus pléisiúr ar leith ab ea leagan Gaeilge d’fhad-scannán a dhéanamh ach bhaineamar sult agus spraoi as freisin!"

25.5.15

Feileastream faoi bhláth!

Comhairtha samhraidh dúinne anseo ná teacht an phlanda feileastream faoi bhláth.

Is maith liom é cé go ndeirtear gur salachar atá ann thart anseo nuair atá sé le feiscint i ngarraí. Is comharthaí ar thalamh fluich iad. Faightear in áiteanna atá fliúch is mó, i riaisc nó ar bhruach shrutháin.

Tá tagairt do na plandaí sa bhéaloideas mar shampla i gCo Loch Garman bhí nós ann dornán bláthanna feileastraim a fhágáil taobh amuigh de na dóirse ar Lá Fhéile Choirp Chríost. Agus baineadh úsáid astu mar laghais ar scoilteacha.

Seo pictiúirí a thóg sa gharraí s'againe le deanaí. Nách álainn iad, ní fhéadfá salachar a thabhairt ortha?

21.5.15

Ó favella na Braisíle go cúl-seomra i nGaillimh!


Ni raibh mé in Aras na nGael riamh go dtí aréir. Is dócha gur áit cosúil le Club an Conartha i mBaile Átha Cliath, cúl seomra ina bhailíonn Pobal na Gaelige cosúil leis an Críostaithe sa tsean aimsir i gcathreacha Impireacht na Róimhe!

Bhí fógartha go raibh an t-údar ón Ísiltír, Alex Hijmans, le sliochta as a chuid scríobhnóireachta a léamh.  Bhí sé eagraithe ag a fhoilsitheoirí Cois Life agus Conradh na Gaeilge. Bhí fhios agam go ndearna sé seisiún léitheoireachta roimhe seo i mBaile Átha Cliath agus go mb'fhiú dul len é a chloisint. Agus b'fhiú!

Níl fhios agam caithin a thosigh an nós sin, go mbeadh údair ag dul ó cathair go cathair, ó tír go tír ag léamh as a gcuid saothir. Is dócha gurb é Charles Dickens an té is mó cáil a rinne é sin sa naoú aois déag, ach rinne daoine eile é leis. Tá cáil ar an dturas a thug Oscar Wilde ar an Stáit Aontaithe - "I've Nothing to declare except my genius!"

Is dócha go gcaitheadh bua aisteoireachta le bheith ag údar leis an obair léitheoireachta seo a dhéanamh. Is minic, ró-mhinic, agus daoine ag léamh go poiblí, nach bhfuil aon mothú nó tuiscint le cloisint nó le feiscint ann. Caithin a riabh tú ag Aifreann agus gur thug tú faoi dearadh cád a bhí á léamh ag na léachtaí, nó fiú an scéal san Soiscéal féin? Tá an bua seo ag Alex Hijmans, buíochas le Dia.

Léigh sé trí píosaí as a gcuid saothar le brí agus d'fhéadfa a rá gur ghlach sé páirt sna píosaí a léigh sé. Níl mé ag rá go raibh aisteoireacht ar siúl aige nó go raibh galamaisíocht ar siúl aige. Ní hea, bhí sé i bhfad níos caolchúisí ná sin, lámh amach, cuimilt a mhéir is a órdóg, nó a chloigeann a chuireadh mothúcháin nó gníomh sa scéal i gcuimhne duit agus a láidreoidh a inseacht a scéil.

Bhí trí píosaí á léamh aige, mar a dúirt mé, ceann ó leabhair atá foilsithe, ceann eile atá le foilsiú aige agus an triú ceann nár foilsíodh agus nár léadh ach uair amháin eile i mBaile Átha Cliath an seachtain roimhe. Ar ndóigh is ón millieu Phoirtingéleach Bhraisileach a thagann a chuid saothar (seachas a chéad úscéal) agus mas sin tá sé difriúl ó an-chuid scríobhnóireacht sa lá atá inniú ann sa tír seo. (B'fhéidir gur féidir a rá go bhfuil cuid de shaothar Thomáis Mhic Shíomáin bunaithe i bpáirt ar millieu na Catalóinise sa tslí céanna). Tá sé tabhachtach blasadh de chultúr eile a fháil, go mór mór cultúr atá éagsúil ón "ollchultúr" Meiriceánach Béarlach ina bhfuil muid báite in Éirinn.

Ina measc siúd a bhí ag éisteacht bhí turasóir teanga agus cultúir a mhínigh do Maitiú Ó Coimín luach na Gaeilge agus an “fhíorchultúir Ghaelaigh” do thurasóirí in Éirinn. Léigh anseo ar a dúirt sé: “Ná caill do dhúchas. Ná tógaidís uait é.”
Thug sé leis cúntas gearr ar a shaol agus ar a chuid scríobhnóireacht idir iriseoireacht agus ficsean. Luaigh sé an deachtaireacht scríobh i gcomhluadar nó comharsanacht gan teanga a chuid scríobhnóireachta thár timpeall air. Mar sin tá tabhacht ar bith lena chuairteanna ar Éirinn le snás a chuir ar a chuid saothair, iad a fhíordheimhniú.

Tá sé ag obair ar eagarthóireacht dá chéad leabhair eile, "Tearmann" atá le foilsiu i gcionn naoi míosa. Leabhair faoi fear as Éirinn, Eoin (ainm maith!) gníomhaí cearta daonna agus a thárla dó i mBraisil, le treabhanna bhundúchasaí agus úinéirí talún agus mar a tháinig sé ar an tuairim nach bhfuil an cuimhlint chomh simplí agus a cheapfá ar an gcéad amharc. Bhfuil macasamhail den gcoimhlint céanna le feiscint in Éirinn nó sa Tír Naofa?

Cheannaigh mé a chéad úrscéal, Aiséirí, atá suite i nGaillimh, agus mé ag súil go mór len é a léamh. Tá Favella agus Splancanna ó Shaol Eile cheanna agam.

• Bíonn Alex ag blagáil faoina shaol sa Bhrasaíl agus eile ar a shuíomh féin agus ar Twitter @alexhijmans go rialta.


18.5.15

Banríon na hÉireann!

An Mhaighdean Bheannaighthe Muire, Bainríoghan na h-Éireann.

Tá mé ag cíoradh irasmaí ó theach mo mhuintire agus carn mór páipéirí a bailíodh thár breis is seasca bliain ag mo thuismitheoirí. I ndairírí tá stuif ann ón a dtuismitheoirí siúd leis a théann siar chomh fada le deireadh na naoiú aoise déag.

An Carta
I measc na rudaí atá ann tá an cárta seo (ar dheis) gur cuimhin liom féin é nuair a deanadh é. Cárta ag comóradh oirniú chol ceathair mo mháthair, an tAth Maolmhuire Ó Fiaich CSSp sa bhliain 1956, atá ann. Cuireas ceist ar na meáin soisialta ag lorg níos mó eolais faoi agus fuair mé freagraí an spéisiúil faoi.

Ar an gcéad dul síos sé Leo Whelan (1892-1956) an ealaíontóir a rinne an pictiúir sa bhliain 1932 nó mar sin mar ceann den chnúascah pictiúirí a deineadh ag chéiliúradh an Chomhdháil Eocairisteach Idirnáisiúnta sa bhliain 1932. Deineadh don gcomhlucht foilsitheoireachta Gill a bhíodh siopa i Sráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliatha acu go dtí na seachóidí. Rinne sé trí pictiúirí ag an am ach is cosúil go cailleadh iad i dtine ann sa bhliain 1979. Dúnadh an siopa ach tá an cómhlucht féin fós ann mar "Gill & McMillan".

Maolmhuire L Ó Fiaich CSSp
timpeall an ama inar ornaíodh é
Rinne an ealaíontóir pictiúirí eile de daoine stairiúil mar Micheál Ó Coileáin agus Ristaerd Ó Maolcatha agus b'eiseann a rinneadh an déaradh ar stampa sa bhlian 1929 ag comóradh Fhuascailt na gCaitliceach le pictiúr de Dhónail Ó Chonaill.

B'fhéidr an rud is spéisiúla faoin bpictiúir seo ná go bhfuil fhios againn cé hiad na daoine a bhí mar mhainicíní ealaíontóra sa pictiúirí. Sheas Sarah nó Sally Deale (ní Byrne) dó. Ba dalta ag Seán Keating ag an gColáiste Ealaíona agus níos deanaí ball den bhfoireann ann í. Agus bé mac le Keating, Justin, ( a bhí mar Aire i Rialtas Liam Mac Coscair níos déanaí) a seas don leanbh sa phictiúr. Díoladh cóipeanna den bpictiúr sna triocadaí agus is cosúil leis go bhfuair mo ghaol, An Ath Maoilmhuire cead an pictiúr a úsáid ar an gcarta ag comóradh a oirniú ina shagart sa bhliain 1956.

Deirtear go bhfuair an Pápa Pius XI (1922-1939) cóip den bpictiúir agus gur mhol sé an ealaíontóir mar a rinne sé íomhá den "Madona" mar chailín Gaelach don gcéad uair.

Táim buíoch de mo cháirde ar Gaeilge Amháin as a gcuid eolais a roinnt liom go bhféidfinn beagáining níos mó taighde a dhéanamh faoin pictiúr seo a bhí aithne agam air ó bhí mé óg.

Agus mé ag breabhsáil ag lorg breis eolais ar an bpictiúir tháinig mé ar íomhá níos fearr de ar an suíomh pinterest seo:


4.5.15

Grá, Comhionannas, Cothramaíocht?


Tá an reifreann thárt agus an "bua" ag "Tá" mar sin tá an Bhunracht aithrithe. Tá alt machnamhach scrite (agus inste ar Raidío na Gaeltachta 11 Meith 2015) ag Ciarán Dunbar: An ann don chomhionannas. (Nós)

Ní minic a scríobhaim rud a ghortódh cáirde liom. Bhí drogall orm é seo a scríobh ach tá mé á scríobh mar go gcreidim go bhfuil dul amú agus mí thuiscint ag baint leis an reifreann atá le bheit ann ag deireadh na míosa seo.


“Féadfaidh beirt, gan beann ar a ngnéas, conradh pósta a dhéanamh de réir dlí.”
An cheist bunúsach nár freagraíodh in aon áit go bhfios dom ná, cad go díreach is pósadh ann? Cén fáth go bhfuil a leithéid ann?

Grá
Táthar ag rá gur vótáil ar son an grá atá le bheith ann. "Is annamh go mbíonn seans vótáil ar rud chomh trasfhoirmithe leis an ghrá againn!" a bhí ar chúntas giolchaireachta an Taoisigh (Béarla 16/4/2015).

Ach an mbíonn grá i gcónaí i bpósadh. Féach ar cleachtas in aimsir shean chara na Béarlóirí, Peig Sayers. Lá tháinig a deartháir chuici. Dúirt sé go dtiocfadh triúr fear go dtí an teach lá nó dhó ina dhiaidh sin leis an gcleamhnas a dhéanamh. Is beag rogha a bhí ag Peig ach glacadh leis.  ‘Bhí gach aon duine acu ró-mhaith d’fhear domsa dá mbeinn seacht n-uaire níos fearr ná mar bhíos.’ Bhí ar Pheig rogha a dhéanamh agus bhíodar pósta i gceann cúpla lá agus gan aithne acu ar a chéile. Cá raibh an grá ann? Ach pósadh a bhí ann agus is dócha gur fhás an grá as an bpósadh féin.

"Bhfuil grá agat dom?"
Tá radharc sa ceoldráma "Fiddler on the Roof," in gcuireann an athar sa scéal, Tevye ceist ar a bhean, Golda, "Golda, an bhfuil grá agat dom!" Agus is fiú a ndísréad (Béarla) a léamh. Tá an chuid de bhfealsúnacht an bhfíor phósadh le feiscint sna focail tá mé ag ceapadh. Agus muid ag caint faoi seo tá mé ag smaoineamh ar rud a dúirt oidhre choróin Shasana sular phós sé, "Cad is grá ann?"

Níl mé ag rá nár ceart grá a bheith ann ach an pointe atá mé ag iarradh a dhéanamh nach grá a thugann beirt le chéile i gcónaí tá an pósadh i bhfad níos casta ná san. Bhfuil ciall leis an sean nathán Béarla "I know there's love there, but though there's love there, there's dough there too but..!"

Comhionannas nó Cothramaíocht
Tá rud eile a deirtear gur ar son "Comhionannas" is ceart dúinn ár vóta a caitheamh. Ach an bhfuil muid ag rá gur ionann pósadh idir daoine leis an gnéas céanna agus an pósadh? Bhí duine ar chlár Cormac ag a cúig le déanaí agus rinne sé an pointe seo: nach ionan comhionnas agus cothramaíocht (Antoin Mac Unfraidh muna bhfuil dul amú orm).

Déarfaidh mé mar seo é. Tá cothramaíocht is in ainm a bheith idir fir angus mná. Ach ní h-ionainn iad. Tá siad difiriúil óna chéile.

Ar an gcaoi céanna tá me ag ceapadh go bhfuil an caidreamh idir fear agus bean, an conradh eatartha a dtugann muid Pósadh air difriúil ón gcaidremh idir beirt fhear nó beirt bhan. Cad é an difríocht? Uaireanta bíonn toradh ar an gcaidreamh idir fear agus bean nach féidir a bheith ann in aon chaidreamh eile - duine nua. Ní féidir mar sin pósadh idir fear agus bean a bheith comhionann le h-aon saghas conradh eile. Dár liomsa is é sinn bun agus barr an scéal.

San aois seo nuair atá béim á chuir ar an saibhreas iolrachas agus éagsúlacht, shóisialta agus chultúrtha, nach í a mhalairt de thuairim íoslaghdú difríochtaí an duine mar seo a mholadh?

Tréith riachtanach an phósta ná an fhíric bitheolaíochta gur féidir le fear agus bean a bheith páirteach le chéile mar dhaoine fireann agus baineann in aontas atá dírithe chuig giniúint beatha nua.  "Bhfuil seo fíor nó bréagach?"

Ta an-chuid argóintí á thabhairt ag dreamanna éagsúla i gcoinne an reifrinn seo maidir le páiste, cearta tuismitheoirí agus cad is clann é. Ach sílim go bhfuil siad ag díriú ar an rud mícheart. Is ar miniú ar an gconradh féin, conradh an phosadh is ceart a n-aird a dhíriú. "Cad is pósadh ann? Cén fáth a bhfuil pósadh ann?" 

Mar an gcéanna tá an taobh eile ag rá go bhfuil siad faoi leatrom ag an stáit agus go bhfuil gach éinne nach bhfeiceann sin ina "éadulangach" nó níos measa. Agus tá, ar ndóigh, tá firinne sa chaoi is go bhfuil daoine ann gur fuath leo an smaoineamh ar grá a bheith idir mna nó fir dá chéile.  Ach sé an bun cheist gur ceart dúinn díriú air ná "An pósadh é an conradh idir fear agus fear nó idir bean agus bean, nó, an sainmhiniú ar an chonradh idir fear agus bean é an pósadh?" Féach leis ar litir an Ollaimh John A Murphy (Béarla) san Irish Times (13/5/2015) gearr agus intuigthe agus ag deanamh an poinnte céanna.
Tá glactha leis an Reifreann.
Ní bheidh a leithéid de reifreann arís ann a deireann Cathal Mac Coille i dTuairisc.ie (31/5/2015)
Tá ceisteanna eile ann leis le freagairt. An mbeidh cead ag bean a máthair nó ag fear a deartháir a phósadh? Muna bhfuil cén cúis a bheadh le sin? Ceisteanna aisteacha b'fhéidir ach tá siad á chur. Bhí roinnt ceisteanna curtha ag Bruce Arnold in a bhlag (Béarla) agus is fiú iad a leamh má aontaoínn muid nó muna aontaíonn muid leis.

Treoir neamhspleach.
Chuir an Coimisiún Reifreann chuig gach teach sna 26 chontae - tháinig sé chugainn sa phost céanna agus an bille ó Uisce Éireann! Tá dhá ráiteas ann a thagann salach ar a chéile.

"Tá na cúirteanna tar éis a chinneadh gur aontas idir fear agus bean an pósadh ... Má ritear an reifreann, deanfar foráil sa Bhunracht go bhféadfaidh beir posadh, is cuma an den dá ghnéas nó den ghnéas céanna iad."

Ach in áit eile tá seo ann, "Ní bheidh aon athrú ar stádas an phósta sa Bhunracht."

De réir Airteagail 26 den bhunracht is í an Chúirt Uachtarach an cúirt achomhairc dheiridh dár liom. Mar má chuireann Uachtarán na hÉireann bille faoi bhráid na cúirte sin agus "...más é breith na Cúirte go bhfuil aon fhoráil de in aghaidh an Bhunreachta seo nó in aghaidh aon fhorála de, ní foláir don Uachtarán diúltú dá lámh a chur leis an mBille sin." 

Dár liomsa sé na breithiúnais a thugann "na cúirteanna" an léamh is cirte ar an mBunracht ó thaobh dlí dé. Mar sin de réir na Bunreachta, cinntithe ag na cúirteanna, is "aontas idir fear agus bean an pósadh!" Mar sin tá an reifreann chun stádas agus miniú an phósadh i mBunracht na hÉireann a athrú.

Sílim go bhfuil sé soiléir ar chén taobh atá mise sa Reifreann seo. Tá aiféal orm má ghortaíonn mo sheasamh éinne de mo chuid cáirde. I fiú go mór dom a gcairdeas agus ar bhealach tá mé ar buille le na húdaráis a chinn ceist mar seo a chuir ar phobal na hÉireann gan mórán fíor dhíospóireachta. Is cosúiul nach bhfuil an Taoiseach féin sásta dul i mbun díospóireachta faoi.

Dár liom féin go bhfuiul sé soiléir cad é an rud ceart a dhéanamh ar an 22ú lá Bealtaine 2015. Is léir nach bhfuil sé soiléir do a lán.

Go ndéanaimís an rud ceart istigh san mbothán vótaíochta ar an lá!

• Níor bhain mé úsáid as teagaisc na n-eaglaisí d'aon ghnó sa píosa seo thuas mar cheapaim nach rud "creidimheach" é an cheist san agus mar a deireann lucht "Tá" níl an  "ach pósadh sibhialta" atá i gceist. Ach ar ndóigh creidim go bhfuil argóintí ann atá bunaithe i dteagasc na h-eaglaisí, agus i mo chás fhéin sa chreideamh Caitlicaigh.  Tá caint cuíosach fada ar líne ón Dr Diarmuid Martin, Ard-Easpaig Bhaile Átha Cliath gur fiú a léamh mar istig ann tá tuiscint na hEaglaisí atá i gcomhpháirteachas le hEaglais na Róimhe. Arís is i mBéarla atá sé.

• Tá alt i dTuairisc.ie ag Pól Ó Meadhra, a deireann i measc rudaí eile "Tá sé ráite go forleathan faoi dhaoine atá i mbun feachtais i gcoinne an reifrinn seo, nó fiú faoi dhaoine atá ag smaoineamh ar vótáil ‘NÍL’, gur biogóidí iad." Léigh an alt anseo: "Tá an Rialtas agus lucht ‘TÁ’ ag iarraidh an dubh a chur ina gheal orainn…!"

30.4.15

TG4 ar ghearr liosta!

Teistiméireacht eile do chaighdeán agus d’éagsúlacht TG4 cláir dá chuid a bheith ainmnithe ar ghearrliosta Ghradaim IFTA (Béarla) na bliana seo. Tá cláir de chuid an chainéil Gaeilge ainmnithe do 7 ngradam.

Tá trí ainmniúchán faighte ag An Bronntanas do Ghradaim IFTA i dtaobh scripte agus aisteoirí. Ainmníodh Tom Collins/Eoin McNamee/Paul Walker don ghradam An Script Dráma is Fearr, tá Michelle Beamish ainmnithe don ghradam An Ban-Aisteoir is Fearr i bPríomhpháirt agus Charlotte Bradley ainmnithe don ghradam An Ban-Aisteoir is Fearr i bPáirt Taca.

An Bronntanas
Tá ag éirí tharr barr freisin leis an scannán An Bronntanas ag féilte sa bhaile agus thar lear. Go dtí seo, taispeánadh an scannán san Astráil, i mBarbadós, i Washington, i mBostún agus sa Róimh agus tá sé le taispeáint fós in áiteanna eile amach anseo sa mbliain. Bhain an scannán an gradam Jury's Special Award/Gradam Speisialta na Moltóirí amach ag Féile Scannán na hÉireann, Bostún chomh maith le trí ainmniúchán a fháil do Ghradaim Cumarsáide an Oireachtais i mbliana, ina measc ainmniúchán don ghradam ‘An tSraith Teilifíse is Fearr’.

Ainmnithe freisin don ghradam ‘An Ban-Aisteoir is Fearr i bPríomhpháirt’ tá Maria Doyle Kennedy don pháirt a bhí aici i Corp + Anam; sraith coiriúlachta mór le rá a bhfuil gradaim buaite aici faoi shaol pearsanta agus gairmiúil tuairisceora coiriúlachta teilifíse.

Blood Fruit 1984
Tá ainmniúchán faighte ag Blood Fruit sa chatagóir Gnéchlár Faisnéise George Morrison. Scéal é seo faoi stailc Dunnes Stores in 1984 nuair a dhiúltaigh Mary Manning, oibrí de chuid Dunnes Stores ar Shráid Anraí, a bhí bliain is fiche ag an am, seadóg Outspan a dhíol – gníomh a raibh tionchar aige ar fud an domhain.

Song of the Sea / Amhrán na Mara arna choimisiúnú ag TG4 agus Údarás Craolacháin na hÉireann ainmnithe i dhá chatagóir; An Scannán is Fearr agus An Script Scannáin is Fearr - Will Collins.

Tá sonraí beachta ar ainmniúcháin TG4 ar ghearrliosta ghradaim IFTA 2015 le fáil thíos. Is iad na Gradaim IFTA na gradaim is mó le rá sa tionscal scannán agus drámaíochta in Éirinn.

Thréaslaigh Ard-Stiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir leo sin ar fad a ainmníodh do ghradaim IFTA na bliana seo thar ceann TG4. “Tá ainmniúcháin faighte ag TG4 do Ghradaim IFTA gach bliain ó tháinig muid ar aer” a deir sé. “Léiriú ann féin ar chaighdeán uathúil agus nuálaíoch TG4 a bheith ainmnithe sna catagóirí céanna le roinnt den ábhar teilifíse Béarla chomh maith is atá le fáil.”

15.4.15

Ceardlann siorchais na n-óg ag Hall na Tulaí!

Beidh Siamsán na nÓg eile á eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta Dé Sathairn 18 Aibreán in Halla na Tulaí, An Tulach.

Ceardlann i Scileanna Sorcais a bheidh ar bun an uair seo leis an gcleasaí Stephen McGinley ó Galway Community Circus (Suíomh i mBéarla ach i nGaeilge an ocáid féin!).

Bhí Stephen i láthair ag roinnt siamsáin cheana agus bhain idir óg agus sean ard taitneamh as a chuid lámhchleasaíochta agus eile!

Cuirfear tús le himeachtaí ag a 2 a chlog.

Saorchead isteach do bhaill agus is féidir ballraíocht a ghlacadh ar an lá ar chostas €10 ar theaghlach in aghaidh na bliana.

Fáilte roimh chách. Gaeilge teanga na hócáide – iarrtar ar chuile dhuine a bheas i láthair cloí leis seo.

Ócáid í don teaghlach uilig agus ní mór do thuismitheoir nó duine fásta fanacht leis na gasúir.

Ceangailte leis seo tá póstaeir mhóra agus cuide bheaga agus ba bhreá linn dá bhféadfaí iad a chrochadh/scaipeadh in aon áit a bheadh feiliúnach le poiblíocht a dhéanamh ar an ócáid.

Tá an ócáid eagraithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta le maoiniú ó Roinn na Gaeltachta agus Comhairle Contae na Gaillimhe.