Fuair mé brontannas le deanaí de mhacasamhail den gcéad leathannach den Irish Times don 25 Deireadh Fómhair 1945.
Bhí an cogadh mór díreach thart agus bhí nuacht faoi chúrsaí a bhain leis sin ann mar shampla "Quisling executed secretly!" Bhí nuacht faoi stoirmeacha ar an gcósta agus tuairisc ar cheist a cuireadh i bpairlimint Westminster, "Why Britain gave Ireland more tea!"
Agus bhí cursaí Gaeilge sna hollscoileanna á phlé is cosúil chomh maith ag Úachtarán na hÉireann ag an am, Seán T. Ó Ceallaigh. Bhí sé ag caint ag cruinniú bliantúil Chomdháil Náisiúnta na Gaeilge agus bhí an Taoiseach san am sin i láthair chomh maith. N'fheadair cad a gceapafadh siad faoin slad atá déanta ag na húdaráis agus deireadh curtha acu leis an gcómhdháil féin?
Alt eile atá ann ná imní an TD General Mulcahy (FG) faoin gcealú údaráis áitiúil ag an Rialtas (F). Spéisiúil sa lá atá inniú ann agus údaráis áitiúil curtha ar ceall ag an Rialtas seo (FG-LO) agus caint ar chinn eile a nascadh le chéile.
Ar ndóigh tá píosa ann ag rá "Seven new Barons created!" Agus tá tuairisc faoi tine mór, 40 tonna fhéir, ar fheirm sa Chúlóg. N'fheadair cé mhéid feirmeacha atá san áit sin anois!
An príomg scéal áfach mar an moill a cuireadh ar eitileán Meiricánach ag Aerfort Rineanna leis na stoirmeacha 80 míle san uair. Is cosúil go dtóg an turas treas Atlantach ó Gandar go hÉirinn timpeall 8 go leith n-uaire.
Agus bhí fógraí ann do Pigotts (Gramaphone Records), Switzers (lonnaithe san áit a bhfuil Brown Thomas anois), Tullamore Dew, agus Murdock's (Crua earraí - Dún Laoghaire & Bré). Bhí na ceithre chinn sin ar bharr an leathanach ar an dá thaobh de theideal nó ainm an nuactáin. Bhí dhá fógraí ag a bun, "..On every score Cork!" Odeacork don úrlár (O'Dea & Co, Sr. Wolfe Tone). An dar ceann ag a bun ná ceann le málaí do na mná ó Cassidy's (Sr Seoirse, BÁC).
28.10.15
27.10.15
Dáta don dialann! Más in mBÁC nó Béalfeirste thú!
Bí ag faire amach d’Aisteoirí Bulfin Bhaile Átha Cliath ag tús mhí na Nollag, nuair a chuirfidh siad an seó is déanaí acu, ceoldráma nuascríofa '1915' le hAodh Ó Domhnaill, 1915, ar stáitse i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste.
• Ionad 1: Amharclann Smock Alley, Sráid an Mhalartáin Íochtarach, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath 8: Dátaí: 2, 3, 4 & 5 Nollaig
Am: 8 pm Áirithintí: (01) 677 0014 agus
Ticéid do na léirithe i Smock Alley: €15 (mic léinn agus pinsinéirí €12; lascainí do ghrúpaí 8 nó níos mó le fáil ach glaoch ar (01) 677 0014 – ráta grúpa €10)
• Ionad 2: Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste, Dátaí: 12 Nollaig
Am: 8 pm Áirithintí: (028) 9096 4180
Alt faoin léiriú seo san Irish Times: Dráma nua le hAisteoirí Bulfin, 1915, le stáitsiú thuaidh agus theas. (28/10/2015)
“Roghnaigh siad an bhliain mhícheart.
Roghnaigh siad an Oifig-an-Phoist mhícheart.
Ach bhain a n‑éirí amach (agus a gcuid amhrán) crathadh as Impireacht Shasana!”
Díoladh iomlán na dticéad don seó Nollag deireanach a léirigh Aisteoirí Bulfin, Laraedó (2013). Moltar, mar sin, ticéad a chur in áirithe le haghaidh 1915 go luath! Tá rátaí grúpa ar fáil chomh maith i mbliana. Gach eolas thíos.Roghnaigh siad an Oifig-an-Phoist mhícheart.
Ach bhain a n‑éirí amach (agus a gcuid amhrán) crathadh as Impireacht Shasana!”
• Ionad 1: Amharclann Smock Alley, Sráid an Mhalartáin Íochtarach, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath 8: Dátaí: 2, 3, 4 & 5 Nollaig
Am: 8 pm Áirithintí: (01) 677 0014 agus
Ticéid do na léirithe i Smock Alley: €15 (mic léinn agus pinsinéirí €12; lascainí do ghrúpaí 8 nó níos mó le fáil ach glaoch ar (01) 677 0014 – ráta grúpa €10)
• Ionad 2: Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste, Dátaí: 12 Nollaig
Am: 8 pm Áirithintí: (028) 9096 4180
Alt faoin léiriú seo san Irish Times: Dráma nua le hAisteoirí Bulfin, 1915, le stáitsiú thuaidh agus theas. (28/10/2015)
Lipéid
Aisteoirí Bulfin,
Baile Átha Cliath,
Béal Feirste,
Ceol,
Drámaíocht
25.10.15
Tá mé ag fás!
Inniú tá céilúradh ar súil sa teach s'againne. Tá sprioch aoise scriosta ag fear a' tí.
![]() |
| Fadó! fadó! (1946) |
Ansin na seascaidí - Yuri Gagarin; Bás JFK; Idéalachas an óige, trial as saol na mBráthar agus múinteoireachta; suim sa Ghaeilge; Comóradh 1916 agus céad chuairt ar an Ghaeltacht; Suim sa Chreidimh - Blian Phádraig Eoin XXIII agus Comhairle na Vatacáine; Ionradh na Seicslóvaice; Cúrsaí Ghnó agus tréanáil sa Ghearmáin; Cearta Sibhialta na Gaeltachta; Iarconnacht 85; An Réalt.
Na seachtóidí: Deora ag bás ró-luath Sheáin Uí Riada; Scoil Dhún Chaoin; Grá agus pósadh agus páistí - nach íontach an méid atá i bhfolach sna trí fhocal sin? Masla an Rialtais ar Chearbhail Ó Dálaigh, Uachtarán na hÉireann; Cuairt Eoin Pól II go hÉireann.
Sna h-ochtóidí: Céad cuairt ar Meiriceá; Obair go chrua; deireadh na chomhlachta sa lag trá eacnamaíochta; I Sasana ag lorg obair; Teacht agus imeacht an galar dubhach; Is dócha gur dubh iad na cuimhne den ndeich mbliana sin - ach aisteach an rud é nach féidir smaoineamh ar rudaí taobh amuigh den saol pearsanta?
Sna nóchaidí: Feabhas ar chúrsaí agus amach ó tholán an bhuandhurachadais; Tosach Read-out agus arís ábalta cuimhneamh ar chúrsaí taobh amuigh; An gluaiseacht charasmatach a chabhraigh go mór le cúrsaí pearsanta; Na páistí ag fás aníos; Titim bhalla Bherlin; Charlie & Garrett; Na céad scéalta faoi mí-úsaid leanaí agus páistí ag sagairt; Táiríde na mban sna "Tearmain Magdaláine!"
An fichiú h-aonú aois, an fabht mílaoiseach nár thárla. Na páistí fásta? Gluaiseacht thiar, cónaí sa Ghaeltacht faoi dheireadh (Iarchonnacht 1985 sa bhlian 2003!). An t-idirlín ann nó as? Bás tuismitheoirí; Acht teanga agus Coimisinéir Teanga; Ionadaí i ngluaiseacht proifisiúnta domhanda - turasanna chuig tíortha éagsúla, Meiriceá agus mórthír na hÉorpa. Teip ar eacnaíomht na tíre; Easpa muinín san Eaglais, sa Stáit, san chóras baincéireachta, sa Rialtas, san Eoraip.
Agus anois? Fós ann. Sláintiúil agus slánchéillí (?).
Agus fós le teacht - nach bhfuil sé ráite ag bárd mór Shasana:
| "... Last scene of all, That ends this strange eventful history, Is second childishness and mere oblivion, Sans teeth, sans eyes, sans taste, sans everything." |
Ach i ndairíre is le dóchas dírítear ar an saol sna todhchaí de bharr uisce an bháiste mar a dúirt Peadair Aspal fadó:
- "...Déanann sé sibhse a shlánú anois, agus ní mar ghlanadh salachair choirp é, ach mar impí chun Dé ar son coinsiasa ghlain trí aiséirí Íosa Críost. Chuaigh seisean suas ar neamh agus tá ar dheasláimh Dé agus aingil agus tiarnais agus cumhachtaí ag géilleadh dó."
Buíochas le Dia. "Amen. Tar, a Thiarna Íosa."
20.10.15
"Deichniúr marbh ó aréir!"
Dán scríofa ag Marion Gunne faoin dtubaist a thárla i gCarraig Mhaighin 10/11 Deireadh Fomhair 2015.
Mairgne ar an 10 de lucht siúil na hÉireann a d'éag an tseachtain seo i mo cheantar féin (Dún Laoghaire-Ráth an Dúin), go ndéana Dia grásta orthu, is go dtuga sólás dá maireann dá muintir.
Deichniúr marbh i ndóiteán na hoíche aréir
i mbachlainn gheal Dé go gcastar iad
mar ní móide clos trácht tharstu thar sáile
is do-gooders abhus ag díriú ar chúrsaí eile
ag soláthar bheith istigh agus fáilte
do dhaoine nach dá muintir féin
droim láimhe acu do lucht cónaithe
ar an dealús ar bhéal dorais acu féin
i mbotháin neamhbhuana shuaracha
agus ar thaobh lom an bhothair mhóir
mar an leanbh sé mí d'aois a loisceadh
mar na clanna iomlána de mhuintir misli
a dódh ina mbeathaidh faoi chom oíche aréir
mar ár ndeichniúr marbh.
Beannacht Dé ar anamnacha na marbh! Aiméan!

Marion Gunne
Beannacht Dé ar anamnacha na marbh! Aiméan!
Lipéid
Cuimhne,
Filíocht,
Marion Gunne
9.10.15
Casadh na taoide?
Bhí mé ag na pictiúirí aréir.
Ba ceann de na scannáin a bhíonn á theaspáint ag Club Scannáin Shailearna sa Seanscoil anseo i gConamara gach Deardaoin. Ní minic a bhíonn seans agam freastal ortha ach nuair a chonaic mé ábhar an scannán áirithe ann cheap mé go raibh cineál gaol ann idir a théam agus an coimhlint éagothrom idir pobal áitiúl eolasach Árann agus ár Rialtas maorlathach aineolach atá fós ar siúl.
Scéal pearsanta John O’Brien a bhí sa scannán seo, I mBéal na Stoirme*, a rinneadh thar thréimhse ocht mbliana. Iascaire beag ó Inis Bó Finne é a sheas roimh na húdaráis san Eoraip agus anseo in Éirinn chun a chearta iascaireachta seanbhunaithe i bhfarraigí Dhún na nGall a chosaint. Léargas a bhí ann ar na dúshláin mhóra a bhíonn le sárú ag iascairí beaga agus ag na pobail ina maireann siad. Bhí léiritheoir an scannáin Loic Jourdan is láthair leis ceisteanna a fhreagairt agus níos mó eolais ar an scannán a roinnt linn.
Is oileán beag nach bhfuil ró fhada ón mór thír i dtuaisceart Dhun an nGall é Inis Bó Finne. Diaidh ar ndiaidh tá rialacháin agus rialacha atá déanta ag na húdaráis i mBaile Átha Cliath agus sa Bhruiséal ag réabadh agus ag scriosadh phobail oileánda mar Inis Bó Finne. Baineann na rialacha céanna le gach duine sa chomhphobail gan tagairt no gan bacadh do riachtainisí na phobail beaga stairiúil traidisiúnta seo.
Is iascairí iad muintir Inis Bó Finne agus de réir rialacha a chuir Rialtas Bheaile Átha Cliath i bhfeidhm tógadh a slí bheatha uatha gdtí an pointe nach raibh cead acu iasc ar bith a thógaint ón bhfarraige, fiú an baoite a úasáideadh le gliomach nó portán a gabháil. Creid nó ná creid bhí ortha anois iasc reoite a cheannach ó lucht na dtrálaer mór atá ag scuabadh iasc go rialta ag fíor na spéire uatha. I gceann de na cruinnithe léitear tras-scríbhinn de theachtaireacht ó ceann de na trálaeir mór céanna ag iarraidh eolas a fháil ar shuíomhanna nó na háiteanna ina raibh potaí gliomaigh ionas go mbeadh siad i ndán trálú gan chuir isteach ortha! Seo in áit nach raibh ceart ag an iascaire tradisiúnta na háite aon iascaireach a dhéanamh.
Léiríon an scannán an bealach ar chuaigh sé chuig na hoileán eile i nDún na nGall, Tóraigh agus Árann Mór agus fuair sé daoine sa bhaile a bhí sást seas leis, mar an sagart, an Ath John Joe in Árann Mór, oileánach é féin ach go raibh a oileán tréigthe cheanna féin. Ansin ag lorg níos mó tacaíocht chuaigh sé i dteangabháil le hoileánaigh agus iascairí eile ar fud na hEorpa, sa tSualainn, sa Bhriotáin agus an Chorsaic sa Meán Mhuir. Cé go raibh gach oileán difiriúil bhí an fhadhb céanna acu le maorlathais náisiúnta agus Eorpacha.
Chuaigh sé go dtí an Bruiséal. Tá na radharcanna sa scannán ansin i measc na cinn is éifeachtaí ann. Léiritear an obair crua a bhí roimh an oileánach simplí nach raibh uaidh ach bheit sa bhaile ag obair mar a rinne a shinsear leis na cíonta. Trácht dianghlórach - sráideanna plódaithe - pasáistí fada gan críoch - cruinnithe síoraí agus seomraí ostáin doicheallach neamhtharraingteach - daoine neamhthuisceanach.
Bhuail sé le an chuid daoine ar ndóigh, cuid acu a bhí sásta cabhrú leis agus cuid eile gur cuma leo. Dár liomsa tháinig beirt politeoirí go maith as, Pat the Cope a bhí ina Fheisire Eorpach i rith an ama agus an Coimisinéir Iascaireachta, Maria Damanaki, arb oileánaí í féin. Dár liomsa an cuid is mó de na poiliteoir bhi an port céanna acu agus a chualamar le déanaí i gconspóid oileánach eile le deanaí - an proiséas a leanúint.
Tár éis ocht mbliana fógródh polasaí nua Eorpach i gcúrsaí iascaireachta anuireadh a thug, don gcéad uair, aitheantas do na phobail bheaga traidisiúnta. Agus anois tá gach rud i geart? Níl faraoir. Tá ar an Rialtas s'againne gníomhú ar an bpolasaí seo anois agus mar a dúirt an té a dúirt, "...tic-toc, tá an t-am ag sleamhnú agus más fíor gur go mall a mheileann muilte Dé, is léir gur níos moille fós a mheileann muilte an státchórais..."
Léiríonn an scannán seo John O'Brien agus é ar a thuras fada ó 2006 go 2014, turas nach raibh gan íobairt mór dó féin is dá chlann. Chaill se imeachtaí sa chlann comóradh 4 agus 7 bliana dá ioníon mar shampla. Agus anois tá bagairt eile ann ar shaol Phobal Inis Bó Finne. Tá caint ar Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta a dhéanamh den gceantair sin de Dhún na nGall, Tóraí agus Inis Bó Finne san áireamh. Agus mar a dúirt John O'Brian féin, níl fhios aige an bhfuil an fuinneamh aige anois le troid eile a thosú.
Tá ceachtanna le foghlaim anseo. Tá ceacht le foghlaim ag pobal na Gaeltachta "nach dtiocfaidh gíog ná míog astu féin go mbeidh sé rómhall," i bhfocal Sheasaimh Uí Chuaig. Tá ceach le foghlaim ag an stáit chóras, a bheith i gcónaí ag éisteach leis an bpobal. Agus tá ceacht le foghlaim ag na polaiteoirí. Bhí sé spéisiúl nach raibh ach Feisire amháin as Éirinn a bhí gníomhach san obair seo. Bhí sé spéisiúl nach raibh teachta dála níos ghníomhaí sa troid seachas a bheith ann don "gairm ghrianghraf" nuair a thug Taoiseach na h-ama chuig Árann Mór.
Is fiú go mór an scannán seo a fheiscint agus níos mó ná ceachtann a fhoghlaim as.
*Breis eolas faoin scannán i mBéarla anseo: A Turning Tide in the life of Man.
Féach leis ar shuíomh facebook: Irish Islands Marine Resource Organisation agus ar suiomh idirlím: Cumann Acmhainní Mara Oileáin na hÉireann (Béarla don cuid is mó!)
Ba ceann de na scannáin a bhíonn á theaspáint ag Club Scannáin Shailearna sa Seanscoil anseo i gConamara gach Deardaoin. Ní minic a bhíonn seans agam freastal ortha ach nuair a chonaic mé ábhar an scannán áirithe ann cheap mé go raibh cineál gaol ann idir a théam agus an coimhlint éagothrom idir pobal áitiúl eolasach Árann agus ár Rialtas maorlathach aineolach atá fós ar siúl.
Scéal pearsanta John O’Brien a bhí sa scannán seo, I mBéal na Stoirme*, a rinneadh thar thréimhse ocht mbliana. Iascaire beag ó Inis Bó Finne é a sheas roimh na húdaráis san Eoraip agus anseo in Éirinn chun a chearta iascaireachta seanbhunaithe i bhfarraigí Dhún na nGall a chosaint. Léargas a bhí ann ar na dúshláin mhóra a bhíonn le sárú ag iascairí beaga agus ag na pobail ina maireann siad. Bhí léiritheoir an scannáin Loic Jourdan is láthair leis ceisteanna a fhreagairt agus níos mó eolais ar an scannán a roinnt linn.
Is oileán beag nach bhfuil ró fhada ón mór thír i dtuaisceart Dhun an nGall é Inis Bó Finne. Diaidh ar ndiaidh tá rialacháin agus rialacha atá déanta ag na húdaráis i mBaile Átha Cliath agus sa Bhruiséal ag réabadh agus ag scriosadh phobail oileánda mar Inis Bó Finne. Baineann na rialacha céanna le gach duine sa chomhphobail gan tagairt no gan bacadh do riachtainisí na phobail beaga stairiúil traidisiúnta seo.
Is iascairí iad muintir Inis Bó Finne agus de réir rialacha a chuir Rialtas Bheaile Átha Cliath i bhfeidhm tógadh a slí bheatha uatha gdtí an pointe nach raibh cead acu iasc ar bith a thógaint ón bhfarraige, fiú an baoite a úasáideadh le gliomach nó portán a gabháil. Creid nó ná creid bhí ortha anois iasc reoite a cheannach ó lucht na dtrálaer mór atá ag scuabadh iasc go rialta ag fíor na spéire uatha. I gceann de na cruinnithe léitear tras-scríbhinn de theachtaireacht ó ceann de na trálaeir mór céanna ag iarraidh eolas a fháil ar shuíomhanna nó na háiteanna ina raibh potaí gliomaigh ionas go mbeadh siad i ndán trálú gan chuir isteach ortha! Seo in áit nach raibh ceart ag an iascaire tradisiúnta na háite aon iascaireach a dhéanamh.
Léiríon an scannán an bealach ar chuaigh sé chuig na hoileán eile i nDún na nGall, Tóraigh agus Árann Mór agus fuair sé daoine sa bhaile a bhí sást seas leis, mar an sagart, an Ath John Joe in Árann Mór, oileánach é féin ach go raibh a oileán tréigthe cheanna féin. Ansin ag lorg níos mó tacaíocht chuaigh sé i dteangabháil le hoileánaigh agus iascairí eile ar fud na hEorpa, sa tSualainn, sa Bhriotáin agus an Chorsaic sa Meán Mhuir. Cé go raibh gach oileán difiriúil bhí an fhadhb céanna acu le maorlathais náisiúnta agus Eorpacha.
![]() |
| John O'Brien |
Bhuail sé le an chuid daoine ar ndóigh, cuid acu a bhí sásta cabhrú leis agus cuid eile gur cuma leo. Dár liomsa tháinig beirt politeoirí go maith as, Pat the Cope a bhí ina Fheisire Eorpach i rith an ama agus an Coimisinéir Iascaireachta, Maria Damanaki, arb oileánaí í féin. Dár liomsa an cuid is mó de na poiliteoir bhi an port céanna acu agus a chualamar le déanaí i gconspóid oileánach eile le deanaí - an proiséas a leanúint.
Tár éis ocht mbliana fógródh polasaí nua Eorpach i gcúrsaí iascaireachta anuireadh a thug, don gcéad uair, aitheantas do na phobail bheaga traidisiúnta. Agus anois tá gach rud i geart? Níl faraoir. Tá ar an Rialtas s'againne gníomhú ar an bpolasaí seo anois agus mar a dúirt an té a dúirt, "...tic-toc, tá an t-am ag sleamhnú agus más fíor gur go mall a mheileann muilte Dé, is léir gur níos moille fós a mheileann muilte an státchórais..."
![]() |
| An slua a bhí ag an scannán ag impí ar an Rialtas moltaí an Fothchoiste um Iascach a chuir i gcríoch |
Tá ceachtanna le foghlaim anseo. Tá ceacht le foghlaim ag pobal na Gaeltachta "nach dtiocfaidh gíog ná míog astu féin go mbeidh sé rómhall," i bhfocal Sheasaimh Uí Chuaig. Tá ceach le foghlaim ag an stáit chóras, a bheith i gcónaí ag éisteach leis an bpobal. Agus tá ceacht le foghlaim ag na polaiteoirí. Bhí sé spéisiúl nach raibh ach Feisire amháin as Éirinn a bhí gníomhach san obair seo. Bhí sé spéisiúl nach raibh teachta dála níos ghníomhaí sa troid seachas a bheith ann don "gairm ghrianghraf" nuair a thug Taoiseach na h-ama chuig Árann Mór.
Is fiú go mór an scannán seo a fheiscint agus níos mó ná ceachtann a fhoghlaim as.
*Breis eolas faoin scannán i mBéarla anseo: A Turning Tide in the life of Man.
Féach leis ar shuíomh facebook: Irish Islands Marine Resource Organisation agus ar suiomh idirlím: Cumann Acmhainní Mara Oileáin na hÉireann (Béarla don cuid is mó!)
Lipéid
Aontas Eorpach,
Club Scannán,
Dúlra,
Iascaireacht,
Rialtas,
Scannán,
Seanscoil,
Seosamh Ó Cuaig
26.9.15
"Boladh na gcaorach..."
Deireann muid paidir speisialta i rith gach Aifrinn don bPápa agus don Easpag, agus deirtear a n-ainmneacha ós ard ag an sagart.
Uaireanta smaoiním ar cé h-é an duine seo an tEaspag. Téann an chuid fós ag Aifreann sa tír seo cé nach mbíonn na h-eaglaisí chomh lán don Aifreann Domhnaigh agus a bhíodh. Ach uiareanta chuirim ceist orm fhéin, "Cá bhfuil an Easpag?"
Sea! Tá an sagart mar fear ionad do easpag sa paróiste ach, taobh amuigh de shearmanais sacraiminte Cóineartaithe, nuair a théann duine "faoi lámh easpaig," is beag seans atá ag an gnáth duine buaileadh leis an easpag.
Deireann Caiticiosma na hEaglaise Caitlici. Alt 893 (agus molaim d'éinne an caiticiosma a léamh le teagasc ceart na hEaglaise a thuiscint) faoin Easpag: "Naomhaíonn siad í (an Eaglais) lena n-eiseamláir, 'ní ag tiarnú ortha siúd atá faoin bhur gcúram ach in bhur samplaí don tréad' (1 Pead. 5,3). Is amhlaidh sin "a thagann siad, mar aon leis an tréad a thaobhaíodh leo chuig an bheatha shíoraí'(LG 26)" (Alt 893).
Ach sibhse a théann go rialta chuig Aifreann an Domhnaigh, caitheann a bfhaca sibh bhur n-easpag áitiúil. Nach bhfeacann muid an Pápa níos minicí ná ár n-easpag féin? Cinnte feictear easpaig áirithe ar teilifís ag caint faoi rudaí úafásacha de gnáth nó rudaí conspóideacha ach conas a "naomhaíonn" siad an tréad. Bhfuil rud ar bith níos éifeachtaí ná buaileadh le duine, duine a fheiscint nó bheith ag éisteacht leis? An leor an corr litir thréadach?
![]() |
| Easpag sa bhus |
Bhí rud éigin spéisiúl á rá ag an bPápa faoi ról an té atá ornaithe san Eaglais dhá bhliain ó shin. "Is é seo atá ag iarraidh oraibh," a dúirt sé. "Bígí mar aoirí le boladh na gcaorach." Is ceannairí agus treorachaí agus múinteoirí iad cinnte, ach an aoirí iad dairíre muna mbíonn aithne acu ar a dtréadsa ortha agus aithne orthasan ag a dtréad? Nach ceart go mbeadh siad ag seasamh in aice linn agus muid ag fulaingt, á leathnú trócaire dúinn, ag tacú linn agus ár spreagadh?
Cinnte tá Easpaig mar sin ann, le "boladh na gcaorach," ach nach fíor é freisin gur cineál SB, stiúrthóir bainistíochta ar eagraíocht cuid eile acu? "An bainisteoir é...nach bhfuil ag chur a craiceann féin agus a chroí féin ar an líne...duine brónach, crosta... in ionad iad a bheith mar aoirí ag maireachtáil le "boladh na gcaorach", aoirí i measc na n-ealta, iascairí na bhfear," a dúirt Prionnsias. (Maith dhom an aistriúchán garbh seo tá aistriú go Béarla dá chaint go léir ar fáil ar shuíomh na Vatacáine.)
Ar thug d'easpag cuairt ar do pharóiste, ar bhuail sé le na caoraigh?
13.9.15
An Iodáil ar an dTrá Thuaidh!
Ba lá speisialta dúinn inné ach bhíomar i mBaile Átha Cliath agus ní sa bhaile.
Chinneamar le dul amach chun céiliúradh beag a dhéanamh - béile deas i bproinnteach deas a bhí i gceist againn. Chualamar go raibh áit deas ar An dTrá Thuaidh. Is ó deisceart na cathrach agus mar sin is tír iargualt é tuaisceart na cathrach. Áit a bheadh marcáilte ar na sean learscáileanna "here be dragons!" Thógamar bus isteach chomh fada le Droichead Newcomen agus is ansin atá Da Mimmo (Béarla).
Áit an-bheag atá ann b'fhéidir leath dosáen nó beagáinín níos mó bóird inti. Tá na mílte caféanna no trattoria mar seo le fáil san Iodáil ach in Éirinn níl siad chomh coitianta. Is cosúil go mbaineann sé leis an gClann Iodálach Fuscairdi, as Casalattico ó dheas ón Róimh. Cheanníodar an áit seo sna seascaidí agus thosnaíodar ag díol iasc agus sceallóga, mar a rine an-chuid iodálaigh i mBaile Átha Cliath, agus áiteann eile ag an am. Cúig bliain ó shin rinne mac na clainne sin, Tino Fuscairdi, an chuid aistrithe ar an áit agus d'oscail sé Da Mimmo, mar Sapori D Italia (Blas na hIodáile). Agus d'éirigh leis, oh d'éirigh leis cinnte.
Chomh luath agus a chuamar isteach cuireadh fáilte is fiche romhain ag an mbainisteoir (Tino é feín?). Cuireadh chun suí muid agus léamar an gnáth bhia chlár agus bhí na béiltí speisialta ar chlár dubh. Mar is gnáth i proinntithe san iodáil cuireadh arán le beagáinín pesto agus gloine uisce ós ar gcomhair agus muid ag léamh. Roghnaíos Ravioli an lae agus d'ordaigh mo bhean orchiette (cluaisíní beaga - cineál pasta). Rognaíomar boidéal deas fíon "Gavi" - fíon geal a thatníonn linn.
Gan mórán moille, thainig an bia agus bhí sé ar fheabhas. Bhí an pasta agamsa díreach i gceart, "al dente" ach ní ró chrua agus bhi anlann trátaí agus uachtair (sílim) a bhí díreach ceart. Bhí blas íontach ann nach raibh ró láidir. Bhí blas nios láidre ag anlann orecchietti mo bhean le blas ó ispíní na hIodáile istig ann. Agus ar ndóigh chuir an fíon leis an béile go mór.
Ach fagaim na rudaí is deise chuig an deireadh. An milseog! Déarfaidh éinne le aithne orm an tabhacht atá leis an mír seo d'aon bhéile liom. Deirtear, agus ní shéanaim é, go ndeanaim mo rogha den bpríomh chúrsa tár iniúcadh a dhéanamh den chuid seo den mbia chlár. Ar aon nó rine me mo rogha - trimisiú! Ar bhlais tú riamh é? Neam! Neam! Agus is beag áit in Éirinn a deanann tirimisiú ná tirimisiú Da Mimmo. Nó b'fhéidir san Iodáil!
De gnáth sé an rud a deireann liom gur proinnteach fíor Iodálach é ná an cáife. D'fhoghlaim mé ceacht nuair a bhí mé san Iodáil gan cappuchino a ordú i ndiaidh béile ach cáife - cáifé mar a deineann na hIodálaigh é. Nó mar a deirtear taobh amuigh den tír sin - espresso. Mar sin ag deireadh gach béile tá sé de nós agam cupáin espresso a ordú agus diaidh ar ndiadh is cupán beag atá beagnach lán de uisce te donn - caife istigh ann ceart go leor ach an iomarca uisce. Ruad nach fíor cupán cáife Iodálach ann, rud nach gcuirtear ós do chomhair ag aon áit san Iodáil.
Bhuel, a cháirde, is féidir liom a rá libh gur cáife ceart láidir, blasta, Iodáileach atá le fáil san áit seo.
Ná déan dearmad ar an ainm Da Mimmo ar an dTrá Mór i mBaile Átha Claith. Is fiú go mór bheith cróga agus dul ó thuaidh len é a thriail.
• Tá léarmheas i mBéarla scríofa ar Tripadviser agam! (30/9/2015)

An Iodáil,
Baile Átha Cliath,
Bia
9.9.15
1915 ag teacht!
An féidir leat canadh? Cónaí ort i mBaile Átha Cliath?
Fuair mé an nóta gearr seo ó cumann aisteoirí san Árd Chathair ar maidin. Tá clú agus cáil ag an ngrúpa seo ach go bhfios dom sé seo a céad uair a thugadar futhu ceoldráma a léiriú - muna bhfuil fhios agat a mhalairt!
Cinnte, 'siad Aisteoirí Bulfin ar an ngrúpa is buaine agus is beoga i mbun na drámaíochta Gaeilge i mBaile Átha Cliat leis na blianta. Bunaíodh iad i 1967 nuair a tháinig Seán Ó Briain amach go Craobh Liam Bulfin de Chonradh na Gaeilge i Rath Maoinis i mBaile Átha Cliath ag timireacht do Chomhairle Náisiúnta Drámaíochta na Gaeilge. Compántas amaitéarach atá ann go bunúsach ach tá léirithe leathghairimiúla déanta acu ar stáitsí Bhaile Átha Cliath agus ar fud na tíre. Tá nua-dhrámaí á scríobh acu le fada an lá, agus tá Pádhraig Ó Giollagáin agus Aodh Ó Domhnaill ina bpríomhscríbhneoirí acu.
Ma tá suim agat:
- Bi i dteanghmhail leo ag aisteoiribulfin@gmail.com
- Fág teachtaireacht ar an suíomh Facebook atá acu, nó
- Tar ag an léamh-scripte seo! Oscailte do cách! 6:30in ar an Céadaoin seo (9ú MF) i Scoil Bhríde, Raghnallach (stad Luas Coill na Feá).

| A Chara, Tá 1915 ag teacht! Beidh ceoldráma nuascríofa á chur ar stáitse ag Aisteoirí Bulfin ag tús mhí na Nollag. Cuirfear breis eolais amach faoi sin sna míonna atá amach romhainn. Faoi láthair, áfach, tá aisteoirí (fir agus mná) a bhfuil cumas amhránaíochta acu á lorg againn chun páirt a ghlacadh sa léiriú nua seo. Beidh léamh scripte / éisteachtaí ar siúl Dé Céadaoin, an 9 Meán Fómhair, ag 6.30pm i Scoil Bhríde i Raghnallach (Luas: Coill na Feá). Bheimis buíoch díot dá scaipfeá an scéal ar éinne ar d’aitheantas a mbeadh suim acu páirt a ghlacadh i gceoldráma Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Éinne a bhfuil suim acu páirt a ghlacadh sa léiriú seo ba cheart dóibh scéala a chur chuig aisteoiribulfin@gmail.com nó chuig Aodh Ó Domhnaill (scríbhneoir an cheoldráma!) ag 087 3128224. Lánfháilte roimh bhaill nua! Beannacht, Méabh Ní Loingsigh Oifigeach Caidrimh Poiblí Aisteoirí Bulfin |
Ma tá suim agat:
- Bi i dteanghmhail leo ag aisteoiribulfin@gmail.com
- Fág teachtaireacht ar an suíomh Facebook atá acu, nó
- Tar ag an léamh-scripte seo! Oscailte do cách! 6:30in ar an Céadaoin seo (9ú MF) i Scoil Bhríde, Raghnallach (stad Luas Coill na Feá).
Lipéid
Aisteoirí Bulfin,
Baile Átha Cliath,
Ceol,
Drámaíocht
30.8.15
Nótaí Chois Fharraige! @CTribune
Seo nóta a fuair muid inniú:
A chairde,
Thóg Nótaí Chois Fharraige, an colún sa gCuradh Connachta, sos le linn Iúil agus Lúnasa mar nach raibh a dhóthain ábhar ag tíocht isteach leis an leathanach a líonadh go seachtainiúl. Tá áthas ar an gCumann Forbartha a rá go mbeidh an colún ag filleadh arís ar an Déardaoin seo chugainn, 3 Meán Fómhair. As seo amach, gach Luan, beidh muid ag cuartú scéalta agus grianghrafanna faoi imeachtaí a tharla an deireadh seachtaine roimhe nó imeachtaí atá le tarlú san am atá le tiocht.
Ba bhreá linn go speisialta torthaí na gcluichí a imríonn na clubanna spóirt sa gceantar ag an deireadh seachtaine a fháil, le cur sa gcolún agus tuairisc ghearr faoi na cluichí is tábhachtaí.
Má tá grianghraf nó dhó le dul leis an scéal, bheadh fáilte rompu chomh maith, ach iad a bheith ar caighdeán maith agus i bhformad JPEG. Grianghrafanna nach n-usáidtear sa gcolún bíonn muid in ann iad a usáid ar an leathanach nuachta ar ár suíomh idirlíon .
Ba mhaith linn an t-ábhar a fháil roimh 2.30pm ar an Luan. Is fearr an ábhar a choinneál gearr, gonta agus ní ghá a bheith buartha faoi litriú ná gramadach, mar go ndéantar an t-ábhar a cheartú sara gcuirtear chun bealaigh é. Bíonn an colún le réiteach agus le cur chun bealaigh faoin 6.00 le bheith in am don Churadh Chonnachta. Is féidir an t-ábhar a chur ag an seoladh ríomhphoist seo:
Obair dheonach a chuireann an colún le chéile, mar sheirbhís do phobal Chois Fharraige agus an fhad is atá ár ndóthain ábhar ag tíocht isteach coinneofar ar bun é.
Tá muid an bhuíoch do Dave O' Connell, eagarthóir an Churadh Connachta, faoin deis a chur ar fáil dúinn. Is fúinne uilig atá sé an deis a thapú le eolas a scaipeadh agus poiblíocht a thabhairt do na himeachtaí atá ag tarlú sa gceantar.
Ar ndóigh foilsítear an t-ábhar go léir a bhíonn sa gcolún, agus ábhar breise, ar an suíomh idirlíon againne.
Tá muid buíoch faoi bhur dtacaíocht go dtí seo don cholún agus tá súil againn sna seachtainí atá le tíocht go mbeidh sibh in ann tairbhe a bhaint as, tré neart ábhair a sheoladh chugainn.
Ádh mór,
Donncha Ó hÉallaithe,
Cathaoirleach, Cumann Forbartha Chois Fharraige.
• Suíomh an Churadh Chonnachtach (Béarla do chuid is mó)

19.8.15
Béile deas faoi mhiongáire ó Shean-Phádraic!
Bhí lá deas inné againn. Bhí an aimsir go breá agus chinneamar dul isteach chuig an gcathair le h-aghaidh lóin.
Bhí roinnt rudaí le déanamh - í féin ag dul isteach i siopa (nó scór) - agus bhí seic agam le lóisteáil. De gnáth is istig sa Spidéal - agus uaireanta tré Ghaeilge má tá an t-adh linn. An uair seo chuaigh mé isteach i gCaisleán na Loinseach. Tá gléasanna ann anois gur féidir an lóisteáil a dhéanamh go huathoibríoch. Cheapfá go mbeadh sé éasca ach is cosúil go mbíonn an-chuid deachreachtaí leis an gcóras mar nuair a bhí mé fhéin ann bhí ar duine cabhrú le gach duine a bhain trial astu, mé fhéin san áireamh. Ar ar deireadh d'éirigh liom an gnó a dhéanamh.
Chuamar isteach chuig Artisan (Béarla) don lón. Áit deas agus bhíomar ann cheanna. Tá sé thuas staghaire agus is féidir bórd a fháil i bhfuinneog agus is íontach an áit é le bheith ag breathnú ar dhaoine ag siúl ar shráideanna na cathrach.
Trasna uainn bhí "Irish Traditional Café" pé rud é sin! Agus thugamar faoi deara go raibh daoime ag breathnú amach as na fuinneoga sa teach sin, a leithéid de Beckett, Yeats & Joyce agus an duine seo, an t-aon duine a bhí miongháire ar a agahidh aige agus é ag breathnú ar an saol. Cé bhí ann ach Sean Phádraic é féin!
Bhí an bia ar fheabhas mar is gnáth. Bhí colmóir ag an mbeirt againn a bhí an blasta. Bhí bakewell aici féin agus rud ar a dtugtar Oxford Mess a bhí agam fhéin, meascán torthaí, uachtair reoite, uachtar agus meireang agus iad go léir meascathae lena chéile. Agus ar ndóigh buidéal deas rosé iodáileach - ar son ár mbolg mar a déarfadh Naomh Pól! Agus cupáinín deas expresso mar críoch.
Mar is gnáth dom dúirt mé "Gura maith agat" leis an bhfreastalaí. Ar deireadh d'fhiafraigh sé díom an raibh Gaeilge agam. Ba as Baile na hAbhann é agus bhí comhrá ghearr againn ansin.
Má tá tú sa proinnteach sin, Artisan, ná déan dearmad go mbfhéidir go mbeadh Gaeilge ag an bhfreastalaí.
...agus tá an bia ar fheabhas ann leis!

Bia,
Gaillimh,
Gnó tré Gaeilge
14.8.15
Cá bhfuaireadar m'ainm go mícheart?
Tár éis dom an píosa, "Sonraí á chosaint!" a scríobh anseo le déanaí chuireas litir chuig an GeoDirectory (gur leis AnPost iad.) Is mar seo a scríobh mé:
Inniú a fuar me freagra uatha:
Scríobh mé anois cuchu ag moladh go ndéarfadh siad é sin don Coimisinéir Chosanta Sonraí.
Anois tá litir curtha ar aghaidh chuig Eircode agam!
• Féach leis ar Cód ar strae!
- "Fuair mé fógra sa teach seo le déanaí ó Eircode agus bhí m’ainm agus seoladh mícheart ann. Dúradh liom gur sibhse faoi deara é sin.
Bheinn buíoch díot ach iad a athrú láithreach go dtí an leagan ceart....
- "...Bheinn buíoch díot leis gan m’ainm agus seoladh a roinnt arís le h-éinne gan cead agamsa i scribhinn."
Inniú a fuar me freagra uatha:
Scríobh mé anois cuchu ag moladh go ndéarfadh siad é sin don Coimisinéir Chosanta Sonraí.
Anois tá litir curtha ar aghaidh chuig Eircode agam!
• Féach leis ar Cód ar strae!
Lipéid
An Coimisinéir Cosanta Sonraí,
An Post,
Postcód
30.7.15
Sonraí á chosaint!
Scríobh mé píosa faoin gCod Phoist nua seo EirCode le déanaí - Cód ar strae! Agus cinnte is ar strae atá siad. I measc na scéalta a chuala mé le déanaí ná bean as Cladhnach (in aice le Casla) a cuireadh isteach ag an Sruthán (An Ceathrú Rua) í. Bíodh sin mar atá tá rud éigin eile a chuir mé buair éigin orm.
Dúradh sna scéalta faoin gcód seo go bhfuil siad chun liostaí de na seoltaí seo a dhíol amach anseo. Ós rud é go bhfuil ainmneacha luaite, agus go minic ainmneacha agus slointí mícheart, níor theastaigh uaimse go mbeadh mó sheoladh a dtabhairt amach, ar ais nó ar éigean, don té a bheadh sásta íoch as. Mar sin scríobh me chuig An Comisinéir Cosanta Sonraí ag miniú an faitíos atá orm.
Scríobh an Coimisinéir seo ina tuairisc anuireadh go raibh imní air faoin gcód nua: Dúirt sé: “Faoin gcóras nua, is í Éire a bheidh ar an gcéad tír ar domhan ina mbeidh bunachar sonraí poiblí d'aitheantóirí do gach maoin a chabhróidh le saoránaigh, comhlachtaí poiblí agus le gnólachtaí chun gach teaghlach aonair sa Stát a aimsiú. ” (Féach An postchód leis an dlí a bhriseadh? 12 Bealtaine 2014)
Seo cóip den chomhreagras:
Fuair mé freagra béasach ar chasadh an phoist (más féidir sin a tharla ar líne!). D'fhéadfadh an chuid eagraíochtaí stáit - Uisce Éireann ina measc - ceacht a fhoghlaim uatha!
Inné a fuair mé é seo uatha.
Mar sin tá mé chun scríobh chuig GeoDirectory anois ag rá leo litriú ar m'ainm & sloinne a cheartu. Agus tá mé chun a rá leo gan mo sheoladh nó m'ainm a dhíol nó a roinnt le éinne, cuma cá bhfuair siad iad, le dream ar bith gan cead scríofa a fháil uaimse.

| Litir 22 Iúl 2015 A chara,
Fuair mé an teachtaireacht ag fógairt an uimhir chóid nua ar an teach s’againne le déanaí.
Taobh amuigh den fhiric go bhfuil mo ainm litrithe go mí cheart tá mé beagáinín imníoch go bhfuil m’ainm bainte leis an seoladh. Deirtear go mbeaidh Eircód ag díol na seoltaí seo agus níor mhaith liom mo sheoladh a bheith á dhíol ag éinne le m’ainm & seoladh nó fiú gan iad.
Bheinn buíoch do chuid tuairimí a fháil ar seo.
Mise le meas ort,Eoin Ó Riain (agus ní Owen Ó’Riain!) |
Fuair mé freagra béasach ar chasadh an phoist (más féidir sin a tharla ar líne!). D'fhéadfadh an chuid eagraíochtaí stáit - Uisce Éireann ina measc - ceacht a fhoghlaim uatha!
Admháil: 22 Iúl 2015
Admhaím go bhfuarthas do rphost chuig an Coimisinéir Cosanta Sonraí.
Má bhaineann do rphost le ceist (ar leith ó ghearán foirmiúil faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí), ba cheart fhios a bheith agat gurb í ár n-aidhm, i gcomhréir lenár gCairt um Sheirbhís do Chustaiméirí, freagra a thabhairt duit laistigh de 15 lá oibre agus de ghnáth i bhfad roimhe sin.
Agus é seo á dhéanamh againn, rachaimid i dteagmháil go soiléir leat, ag tabhairt freagra iomlán ar do cheist.
Mura bhfuilimid in ann freagra a thabhairt laistigh den tréimhse sin, cuirfimid tú ar an eolas faoina stádas.
Le meas
An Comisinéir Cosanta Sonraí
|
Inné a fuair mé é seo uatha.
| Freagra: 30 Iúl 2015 A dhuine uasail,
Maidir le do ceist, bhí oifig an Choimisinéir Cosanta Sonraí i dteagmháil le Eircode, agus de réir mar a thuigimid é, scriosadh eolas faoi na h-ainmneacha ón bunachar sonraí.
Mar is Geodirectory an bunús an eolas faoi do sheoladh atá faoi choinneáil ag Eircode, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Geodirectory.ie (Béarla) chun an sonraí atá faoi choinneáil ar an bhunachar sonraí a cheartú.
Beidh ort aon iarratas a cur isteach chun an eolas a cheartú nó, más iomchuí, a scriosadh; a dheanamh faoi alt 6 ó an tAcht Um Chosaint Sonraí, 1988/2003.
Mise le meas,
|
Mar sin tá mé chun scríobh chuig GeoDirectory anois ag rá leo litriú ar m'ainm & sloinne a cheartu. Agus tá mé chun a rá leo gan mo sheoladh nó m'ainm a dhíol nó a roinnt le éinne, cuma cá bhfuair siad iad, le dream ar bith gan cead scríofa a fháil uaimse.
Lipéid
An Coimisinéir Cosanta Sonraí,
An Post
25.7.15
Béasa an bhroic bheith ag tocailt faoi....
Téim chuig Tí Dic gach Sathairn leis an Nuachtáin a bhailiú le léamh go mall agus mé ag ithe bricfeasta go mall gan deifir.
Agus mé ag tiomáint soir chuig an siopa ar maidin thug mé faoi deara go raibh ainmhí éigin, cat b'fhéidir, marbh ar an mbóthar romham. Ar mo bhealach anoir abhaile chonaic mé gur broc a bhí ann. Tháinig focail ó dhán éigin a bhí againn ar scoil fadó fadó chugam!
"Béasa an bhroic bheith a tocailt faoi.." na focail ach theip orm cuimniú ar an gcuid eile den dán. Nuair a thainig mé thár n-ais rinne mé na focail a googláil agus bhí an dán ann ceart go leor.
Agus mé á léamh tháinig cuid de na smaointe aisteacha a bhí agam agus mé á fhoghlaim na bliainta fada ó shin. Mar a cheap mé mar shampla go raibh sé aistead dhá "ar" a bheith le chéile in abairt mar , "Ar ar cruthaíodh ó neamh go lár!" Agus ar ndóigh "Aoir is sea an dán seo!" a dúradh linn.
"Toigh Corr a'Chait" an dán agus Séamas Dall Mac Chuarta (1647-1733), file iomráiteach Oirialla a scríobh é faoi muintir an bhaile sin in aice le hÓ Méith ar bhruach Loch Charlainne. Seo na focail mar atá siad ar shuíomh Clann Tuirc:
Nach aisteach na rudaí a spreagann cuimhne daoine!

| Uaigneach sin, toigh Chorr an Chait, Is uaigneach a bhfir is a mná, Is dá bhfaighdís ór is fíon Cha dtig aon díobh i gceann cháich. I gceann cháich cha dtig siad Ar ar cruthaíodh thiar is thoir, Ar ar cruthaíodh ó neamh go lár: Ionann sin is béasa an bhroic. Béasa an bhroic bheith ag tochailt faoi I ndorchadas oíche is lae: Ar ar cruthaíodh ó neamh go lár I gceann cháich cha dtig sé. Ní hionúin leis an ríbhroc aoibhneas, aiteas ná spórt: Ní hionúin leofa saoi, draoi ná cumadóir ceoil; Ní hionúin leofa Séamas caoch ná cuidiú Néill óig, Is fanadh gach aon mar a mbíd, ag tochailt an phóir. |
Nach aisteach na rudaí a spreagann cuimhne daoine!
Lipéid
Dúlra,
Filíocht,
Séamus Dall Mac Chuarta
13.7.15
Cód ar strae!
Chláraigh mé le dream fadó ionas go mbeadh ar daoine atá ag lorg mo theach-sa más ag úsáid satnav atá siad. Tá an córas thar a bheith éifeachtach agus oibríonn se go maith. Ní chosnaigh sé pingin rua orm.
Anois tá an Rialtas tár éis €27milliúin a caitheamh ar cód nach oibríonn ar satnav ar bith agus sheoladar é ar maidin. "Eircode" an t-ainm atá baistithe acu air. "Cuirfidh Eircode, an córas postchóid nua d’Éirinn, ar a gcumas do dhaoine agus do ghnólachtaí teacht ar gach seoladh in Éirinn, rud a dhéanfaidh an saol níos seolta réidh duit." Nach ait an mac an saol? Deireann siad go ndéanann an rud céanna atá á dhéanamh ag LOC8 dom-sa le bliainta.
Ar ndóigh níor tugadh cead do LOC8 tairiscint a chur isteach toisc na coinníollacha a leagadh síos ag an Rialtas. Dúradh níos deanaí ag an Eoraip go raibh an proiséas tairiscintí a úsáideadh, lochtach.
Rinne mé mé fhéin a aimsiú ar an gcórás nua.
Is ceantair Gaeltachta é seo agus tá sé litrithe i gceart ar an suíomh.
Tá naoi dtithe thár timpeall ar mo theach-sa agus uimhreacha thar a bheith difriúil ag gach ceannn acu. Tá an céad trí litreacha "H91" ag gach ceann acu ach leis na ceithre tacar de dhigití ag an deireadh níl aon leanúnachas ionta. A... atá agamsa ach tá E... ag tús trí sheoladh, P... ag dhá cheann agus ceann amháin an cód le T..., P..., V... D... agus N... . Tá H91 don gceantair ach níor éirigh liom a fháil amach cé chomh mór is atá an cheantair mar níl cead ag éinne níos mó ná 15 déag a chuardach ag aon am amháin! Tá H91 ag Baile na hAbhann agus an Tulaigh (Níos mó ná míle uainn) leis mar sin is beag cabhair atá ann d'éinne atá ag lorg mó theachsa thár an gcóras ainmneacha atá ann anois.
I ndairíre tá sé níos fearr ag éinne tiomáint chuig an baile s'againne leis an gnáth seoladh agus mapa ach ní fhéadfadh éinne dul ann gan ríomhaire de short éigin a bheith aige más ag brath ar an cód nua seo atáid.
Rud eile a thugas faoi deara ná go raibh dhá leagan d'ainm na h–áite ann. An ceann ceart agus ansin ceann i leagan trualaithe Béarla. Go bhfios dom ní cheart ach ach an ainm ceart Gaeilge a thabhairt ar logainmneacha sna ceantreacha Ghaeltachta. Tuigtear dom go bhfuil míchruinneas ó thaobh ainmneacha Ghaeilge trí síos agus nach bhfuil siad sásta na botúin a cheartú. Ní oibríonn sé le Port Lairge (féach thuas!) mar shampla agus tá Leitir Mór aistrithe 14 km ó thuaidh acu!

| Leitir Móir na Coille chois fharraige!!! |
Lipéid
Cód Phoist,
Gaeilge
10.7.15
Ní raibh aon cheart le fáil!
Is cosúil nach bhfuil ticéad ar bith fágtha don dráma MAUM atá ar siúl i dTaibhdhearc na Gaillimhe i rith na seachtaine seo chugainn. Seo scéal truamhéalach éagóir dlithúil ar Maolra Seoighe a crochadh i 1882 don dúnmharú uafásach Mhám Trasna níos tuisce sa bhliain céanna.
D'eagraigh an Coimisinéir Teanga ag an am, Seán Ó Cuirreáin, comóradh ar an gcás sa bhliain 2012 ag Ard Eaglais na Gaillimhe atá tógtha ar shuíomh an phríosúin. Leag Uachtarán na hÉireann bláthfhleasc ar an bplaic comórtha atá sa charr chlós ag an áit.
Is cinnte nach raibh páirt ar bith ag Maolra Seoighe san dúnmharú uafásach ach ní fhuair sé éisteacht ag an gcúirt mar ní raibh siad i ndán a chás a thuiscint gan teanga na daoine a bheith ag na huadaráis.
Scríobh James Joyce faoin gcás agus é ar deoraíocht i dTrieste:
Agus é ag eagrú na h-ocáide comórtha tháinig Seán Ó Cuireáin ar pictiúirí de na priosúnaigh, Maolra Seoighe ina measc. Insíodh ar conas ar aimsíodh na pictiúirí san píosa "Sean-ghrianghraif an-stairiúil ó Mhám Trasna!" againn (Ean 2013)
![]() |
| Pic ón Dráma ag Seán Ó Mainnín |
Is cinnte nach raibh páirt ar bith ag Maolra Seoighe san dúnmharú uafásach ach ní fhuair sé éisteacht ag an gcúirt mar ní raibh siad i ndán a chás a thuiscint gan teanga na daoine a bheith ag na huadaráis.
Scríobh James Joyce faoin gcás agus é ar deoraíocht i dTrieste:
| 'Ask him if he was in that neighbourhood at that hour. The old man again began to talk, to protest, to shout, almost beside himself with the anguish of being unable to understand or to make himself understood, weeping in anger and terror. And the interpreter, again, dryly: 'He says no, "your worship". |
Agus é ag eagrú na h-ocáide comórtha tháinig Seán Ó Cuireáin ar pictiúirí de na priosúnaigh, Maolra Seoighe ina measc. Insíodh ar conas ar aimsíodh na pictiúirí san píosa "Sean-ghrianghraif an-stairiúil ó Mhám Trasna!" againn (Ean 2013)
Lipéid
An Taibhdhearc,
Drámaíocht,
Mám Trasna
8.7.15
Peil na mBan go 2018.
Ag labhairt dó i bPáirc an Chrócaigh ag Seoladh Chraobh TG4 2015 i bPeil na mBan, d’fhógair Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir go bhfuil síneadh trí bliana aontaithe don chonradh urraíochta agus cearta craolta idir TG4 agus Cumann Peil Gael na mBan. Mairfidh an comhaontú nua go deireadh an tséasúir 2018. Le linn na tréimhse sin, beochraolfaidh TG4 suas le 60 cluiche Craoibhe gach Samhraidh, sa mbreis ar roinnt cluichí i gcomórtais eile de chuid an Chumainn.
Tosóidh clúdach teilifíse na Craoibhe 2015 ar an Satharn 25 Iúil. 17 cluiche craoibhe ar fad a bheochraolfar le linn an tséasúir sna grádanna Sóisear, Idirmheánach agus Sinsear. Is iad Cluichí Ceannais na hÉireann 2015 i bPáirc an Chrócaigh, 27 Meán Fómhair, buaic na craoibhe agus beidh an t-iomlán á bheochraoladh, mar is gnách, go heisiach ar TG4 agus ar fud an domhain ar an Seinnteoir.
Thréaslaigh Marie Hickey, Uachtarán, Cumann Peil Gael na mBan na forbairtí seo leis an Uasal Ó Gallchóir agus mhol an síneadh ama leis an gconradh. “Tá TG4 luaite le Peil na mBan in intinn an phobail le fada an lá anois,” a dúirt sí agus thug sí moladh ar leith don chlúdach domhanda a sholáthraíonn TG4 ar an gCraobh ar an Seinnteoir.
Thagair an tUachtarán freisin don fhloscadh a bhaineann le tús an tséasúir craoibhe. “Is ag an tráth seo bliana a ghéaraíonn an tsuim againn ar fad,” a dúirt sí, “idir imreoirí, lucht bainistíochta, oifigigh agus lucht leanta. Táthar ag ullmhú don Chraobh ón Nollaig agus seo anois muid ag a tús. Cá bhfios cad a tharlóidh? Go n-éirí go geal linn ar fad.”

Peil na mBan,
TG4
5.7.15
D'éirigh leo!
![]() |
| Slua mhaoiniú – cic sa tóin do chultúr na ndeontaisí |
Is beagnach mí ó shin d'fhoilsíodar a scéim len a ngrúpa cheoil Seo Linn a thógaint isteach sa saol mór proifisiúnta. "Tá bhur gcabhair ag teastáil go mór uainn an mhí seo! Beagnach dhá bhliain i ndiaidh do Avicii vs Lurgan, agus na mílte uaireanta a chloig curtha isteach, tá an deis againn anois Seo Linn a thógáil don chéad chéim eile agus an Ghaeilge a chur ar fáil do chuile dhuine go lán aimsirthea i mbealach spraíul agus taitneamhach trí mheán an cheoil!!"
Thug siad a dúshlán dúinn go gcabhródh muid leo go praiticiúil! "SEO Í ÁR nDEIS!
LIKEÁILIGÍ, ROINNIGÍ, SCAIPIGÍ agus TACAGAÍ linn lenár gcúis anseo ar Kickstarter!"
Agus d'éirigh leo.
Is dócha an rud is íontaí faoi seo ná an rud a dúirt blag Conchubhair Uí Liatháin faoi: "An rud atá spreagúil faoi mar smaoineamh ná go dtugann sé cúl don ghnath chosán atá gearrtha ag eagrais Ghaeilge suas fánaí géara sléibhte an mhaorláithis agus sinn ag lorg maoinithe chun tabhairt faoi thograí. An toradh a bhionn ar sin, má bhionn an t-adh leat, go bhfaigheann tú do mhaoiniú ach go mbionn sé chomh ceangailte le coinníollacha nach mbainfear an tairbhe céanna as. Mura mbionn an t-adh leat, sin dea smaoineamh eile curtha ó mhaith."
Níl mórán dreamanna anseo a rinne triáil as an saghas seo maoiniú, ach na dreamanna a rinne é, d'éirigh cuíosach maith leo. Agus mar a deireáin an Lithánach "Idir an dhá linn, má fheiceann tú togra fiúntach Gaelach ar fundit nó Kickstarter, tabhair tacaíocht do. Gheobhaidh tú do chraiceann agus a luach as…"
Idir an dá linn ní gá ach brethnú ar an bpictiúir thuas le riméad ar Seo Linn, ar Stiofán Ó Fearail, Keith Ó Briain, Daithí Ó Ruaidh, Cathal Ó Ruaidh, Kevin Shortall agus Conor Moore a fheiscint. Go bhfeicfimíd iad ag scaipeadh a gcuid cheoil agus a ngliondar croí i measc pobal na tire agus ar fud na cruinne!
• Tá suíomh bríomhar facebook ag Seo Linn agus níos mó ná 11,000 á leanúint.
21.6.15
Seanfhondóirí ón Iarthair ag insint a scéal.
Is dócha gur ceann de na míbhuntáistí leis an sao nua ná an scoilt idir na seandaoine agus na daoine óga ag fás aníos. Is ag plé le na rudaí draíochtúil, ríomhairí, na meáin shóisialta, agus fónin phóca. Cuid den gcuís, go mór mór amuigh faoin dtuath ná go bhfuil siad imithe as baile ag stáidéar nó le post a fháil agus fiú nuair atá siad sásta fanacht sa bhaile níl na seirbhísí nua seo le fáil acu agus níl fonn ortha cur futha ina gceantair dhúchais a thuile. Agus as go bráth leo soir go dtí an geal cathair!
Bhí cruinniú suimiúil i nGaillimh ar an Aoine seo caite inar bhalaigh slua le héisteacht le "Seanfhondóirí ón Iarthair" i gcúrsaí Chearta Sibhialta agus Ceardchumain. Is in halla Fhorais na Meicneoirí i lár an bhaile a bhí sé. Ní raibh fhios agam go raibh a leithéid d'áit ann ach tá ó tríocadái an naoiú aois déag. Tá a cheann ceathru ar an Sráid Láir.
Rud nua don scríobhnóir seo an lipéad "seanfhondóir" ar dhaoine a bhí (beagáinín!) níos óige ná é féin. I ndairirí ní raibh aon chosúileacht ar na seanfhondóirí áirithe seo go raibheadar le h-éirí as an rás go raibh cuid acu ar phinsin!
![]() |
| Clé: John Cunningham, OÉG, Seosamh Ó Cuaig, Conamara & Declan Bree, Sligeach |
Sa dara chuid den oíche bhí triúr bhan, Liz Walsh, Mary Cooke agus Bríd Carr ag comhrá le Tish Gibbons. Bhíodar i measc iad siúd a bhí ag troid go tréan sna seachtóidí le ceardchumann a bhunú agus cearta na n-oibrithe riaracháin san Ollscoil a chosaint. Bhí lucht bainistíochta na hOllscoile glan ina gcoinne agus d'úsáid siad larrachtaí an láidir na mná cróga seo a stopadh. Bhí sé deacair dóibh a bhí i láthar gan smaoineamh ar chúrsaí san Ollscoil sa lá atá inniú ann agus an éagóir a deineadh i gcás an Dr Micheline Sheehy Skeffington agus a comráidí. Dúradh leis gur mó an scannal céad blian ó bhi Francis & Hannah Sheehy Sheffington ag troid go láidir ar son cearta mná go bhfuil an troid fós ar siúl ag a ngár-iníon!
Bhí slua maith i láthair agus daoine óga atá ag tosú ar an turas aonrach an agóideora. In measc bhí daoine ó Misneach, dream spleodrach a thógann a n-inspioráid ón an sean dream, go mór mór Máirtín Ó Cadhain a bhunaigh an céad "Misneach". Cé nach n-aontaím le gach seasamh atá á thógaint aontaím go bhfuil sé tabhacht go gcloisfar a ghlór amach anseo - amch ar an sráid agus istigh sna chúlseomraí. Bhíodar ag díol an dara eagrán dá nuachtáin, Mionlach, ainm oiriúnach mar is beag rud nach ndéantar ó oibre na mionlaithe!
Tá sé tábhachtach go mbeidh Gaeil i lár an aonaigh nuair a thagann atá agóidí ar siúl. Is é an rud ar a dtugtaí an "nua-liobrálachas" atá ag cur polasaithe na déine i bhfeidhm ar nós an Cháin Uisce is atá ag gearradh buiséad caipitil Údaráis na Gaeltachta. Siad na "fórsaí níos láidre agus níos forleithne ann (sa stáit chóras) ar cuma leo ann nó as dár dteanga náisiúnta." (Seán Ó Cuirreáin 23/1/2014)
"Caithfidh Gaeil seasamh le cosmhuintir na tíre. Cé go bhfuil go leor bá ann don Ghaeilge, breathnaíonn go leor daoine ar chainteoirí na teanga mar ghrúpa faoi leith a mbreatnaíonn amach do mhaitheas na Gaeilge amháin. Tá na Gaeltachtaí ag meath. Má theastaíonn uainn an próiseis sin a stopadh beidh tacaíocht gnáth-mhuintir na tíre ag teastáil uainn." (Misneach 20/1/2013)
D'fhág mé an gcruinniú agus mé déanta óg arís i mo chloigeann cé gur sean-cnámh atá san cuid eile dem chorp.
An réabhlóid abú!
Lipéid
Conamara,
Gaeilge,
Misneach,
Seosamh Ó Cuaig,
Soisialachas
16.6.15
Aimsir déiseach! Radharc eile ó Súil eile!
Bliain ó shin bhí scéal faoin aimsir mar atá sé ag TG4 agus anois tá scéal faoi leathnú eile sa scéal! Radharc eile ar chúrsaí d'fhéadfá a rá.
Beidh deis ag pobal féachana TG4 ar fud domhain an aimsir sna Déise a fheiceáil feasta. Deimhníodh inniu go bhfuil sruth leanúnach pictiúir ar fáil ó cheamara breise aimsire atá feistithe anois i nGaeltacht na Rinne i bPort Láirge. Tá a leithéid de sholáthar ar fáil le tamall anuas ó cheamaraí TG4 atá suite i nGaeltachtaí eile - i nDún Chaoin (Ciarraí), i mBaile na hAbhann (Gaillimh) agus i nGaoth Dobhair ó thuaidh.
Cuireadh i bhfearas an ceamara nua sna Déise le deis a thabhairt don phobal féachana ar fud an domhain léargas a fháil ar an aimsir ansin, réigiúin a bhfuil cáil na gréine air. Tig le daoine féachaint ar-líne ar an gceamara aon uair i rith an lae agus bainfear leas go rialta as na pictiúir a sholáthraíonn an ceamara i bhfeasacháin ón Aimsir Láithreach seirbhís aitheanta TG4.
Mar a tharlaíonn, is as Gaeltacht na Rinne do dhuine de láithreoirí an fheasacháin sin, Irial Ó Ceallaigh agus is cinnte go mbeidh fonn air-san go bhfeicfí fód a dhúchais go minic ar a chúla féin agus é ag tuar na haimsire ar an teilifís.
Tá fáil freisin ar an Suíomh anois, ar liosta de théarmaí aimsire Gaeilge sna príomh-chanúintí Fáiltítear roimh thuairimí an phobail faoin liosta agus roimh mholtaí do théarmaí agus de nathanna a d’fhéadfaí a chur leis (nó a bhaint as).
Tionóladh cruinniú de Bhord TG4 sa Rinn inniu agus ag labhairt dó ansin ina dhiaidh, dúirt Pádhraic Ó Ciardha, Leascheannasaí TG4: “Is breá linn go raibh ar ár gcumas ceamara aimsire a shuíomh i nGaeltacht na Rinne agus beimid ag súil leis an dea-scéala uaidh go laethúil. Is deas mar a chum ár sinsir téarmaíocht bheacht Ghaeilge le cur síos ar gach gné den aimsir” a dúirt sé. “Léiríonn an cnuasach focal atá curtha ar fáil againn go dtí seo agus an raon canúintí atá ag ár láithreoirí aimsire, saibhreas agus éagsúlacht na teanga. Nílimid ach ina thús agus fáilteofar roimh théarmaí eile ach iad a sheoladh chugainn.”
Beidh deis ag pobal féachana TG4 ar fud domhain an aimsir sna Déise a fheiceáil feasta. Deimhníodh inniu go bhfuil sruth leanúnach pictiúir ar fáil ó cheamara breise aimsire atá feistithe anois i nGaeltacht na Rinne i bPort Láirge. Tá a leithéid de sholáthar ar fáil le tamall anuas ó cheamaraí TG4 atá suite i nGaeltachtaí eile - i nDún Chaoin (Ciarraí), i mBaile na hAbhann (Gaillimh) agus i nGaoth Dobhair ó thuaidh.
![]() |
| Irial Ó Ceallaigh (gan feasóg!) |
Mar a tharlaíonn, is as Gaeltacht na Rinne do dhuine de láithreoirí an fheasacháin sin, Irial Ó Ceallaigh agus is cinnte go mbeidh fonn air-san go bhfeicfí fód a dhúchais go minic ar a chúla féin agus é ag tuar na haimsire ar an teilifís.
Tá fáil freisin ar an Suíomh anois, ar liosta de théarmaí aimsire Gaeilge sna príomh-chanúintí Fáiltítear roimh thuairimí an phobail faoin liosta agus roimh mholtaí do théarmaí agus de nathanna a d’fhéadfaí a chur leis (nó a bhaint as).
Tionóladh cruinniú de Bhord TG4 sa Rinn inniu agus ag labhairt dó ansin ina dhiaidh, dúirt Pádhraic Ó Ciardha, Leascheannasaí TG4: “Is breá linn go raibh ar ár gcumas ceamara aimsire a shuíomh i nGaeltacht na Rinne agus beimid ag súil leis an dea-scéala uaidh go laethúil. Is deas mar a chum ár sinsir téarmaíocht bheacht Ghaeilge le cur síos ar gach gné den aimsir” a dúirt sé. “Léiríonn an cnuasach focal atá curtha ar fáil againn go dtí seo agus an raon canúintí atá ag ár láithreoirí aimsire, saibhreas agus éagsúlacht na teanga. Nílimid ach ina thús agus fáilteofar roimh théarmaí eile ach iad a sheoladh chugainn.”
14.6.15
Easóg ós ár gcomhair!
"Bhí an chaint sin mar a bheadh pláigh easógaí ann ag drannadh soir agus siar trí m’intinn agus ag stealladh smugairlí nimhe astu féin." (Caitríona Pháidín i gCré na Cille).
Bhíomar ar ár mbealach ar Bhóthar Sheanadh Féistín ó Uachtair Árd ó dheas - bóthar álainn gan amhras. Bhí neart caoire ar an mbóthar agus in áiteanna tá an drompla cuíosach garbh. Mar sin bhíomar ag tiomáint go mall.
Agus muid ag tiomáint tré tailte cuíosach oscailte, idir Seanadh Féistín agus Doire Choill, rith ainmhí ná bhachamar cheanna trasna ós ár gcomhair. Bhí dáth dorrcha rua nó donn air agus eireaball fada. Choinnigh sé a chorp íseal go leor is a bholg agus a eireaball thíos beagnach ar an dtalamh agus é ag rith. Ach céard a bhí ann?
Sílim fhéin gur easóg a bhí ann agus nuair a tháinig mé abhaile rinne mé beagáinín taighde. Tá siad le fáil thár timpeall na tíre ar fad. Agus san a rá is cosúil nach minic a feictear iad. Níl móran eolai faoi le fáil ar shuíomh Iontaobhais Fiadhúlra na hÉireann ach tá cur síos air agus ag a chuid nósanna le fáil ar shuíomh an "Vincent Wildlife Trust in Ireland." Is eagraíocht Sasanach atá ann go bunúsach ach tá an chuid obair á dhéanamh acu anseo leis agus deineann siad chomh oibriu le heagraíochta dhúlra in Éirinn. Ta an alt seo (Béarla) le Paddy Sleeman lán de eolas faoi Easóg.
Is gné éagsúil é Easóg na hÉireann nach faightear in aon tír eile. Uaireanta tugtar bláthnaid (weasel) air i mBéarla ach níl aon bhláthnaid le fáil in Éirinn. Is fearr leo bheith i gcoillte. Itheann siad coiníní, ubheacha, éin, éisc agus francaigh.
Cé ná pláigh easógaí a bhí an, mar a bhí ag Caitríona Pháidín, bé an chéad easóg a chonaic mé riamh é!

Subscribe to:
Posts (Atom)