26.9.07

28/2/1973

Bhí sé agam inné,
inniú b'fhéidir..
Táim cinnte de sin
.. nó 'bhfuil?

Damanta an ní é
dan a bheith caillte
a cheaptar gur maith é
gur filíocht é
- pé brí 'tá leis -
n'fheadair cá bhfuil sé.

Smaoiním ar chor fhocal as -
an focal sin 'rus' agur chiallíonn sé
síochán an té sin a bhfuil teach faoi,
nó ós a choinn.

Dán atá scríofa
ní féidir teacht arís air,
tá sé caillte.

Ach a Dhia, do thaitn sé liom.

20.9.07

22/2/73

Fearr dallta ar bhus,
caoch le h-ól,
ag iarraidh éalú
ón mbus nach stopfadh -
ón saol gan staonadh...

Fear óg,
ag stop an bus,
a chabhraigh an caoch,
a threoirigh é -
a stop an saol...

..'bshin grá.

17.9.07

M.H.V.H. 20/5/73

Mo bhuíochas leat a stór mo chroí
D'fhán tú liom go déanach
Inniú,
Inné,
Arú inné, agus deireann tú
Nach ort a ghoilean sé.

An seo an grá?
"Bheith leat i gcónaí."
Bím-se leat, gheammaim duit
Ar do thuras mór fada 'bhaile.
Is iobairt í
Is tuigim é
Is gráim thú dá bharr.

6.9.07

12-XII-1972

Creid nó ná chreid,
Tá díamont ar do lámh,
Comhartha mo ghrá,
Go saol na saol.

Breathnaím ort
Gliondar in do shúil,
Gliondar an íontas,
Dochreidthe,
Ceangalta.

Gráim thú a chroí,
A stór, a thaisce, a ghrá,
Gráim thú go bás.

4.9.07

Seán Ó Tuama

In eaglais na Triúr
Do chonaic do chónra
A Shean Sheáin Uí Thuama
Ridire and tsaoil.

16.8.07

Tar éis chuairt dúinn ar Mhuscraí Uí Fhloinn Iúl'72


Reilig aoibhinn Ghobnatan
tráthnóna te mí Iúil,
duine ag guidhe anseo 'sansiúd,
paidrín phatrúin ina lámh'
ciúineas ann.

Uaigh gan leach,
uair naoi mhí
úr bhlath uirthi
blathfhleasc nó dhó..
ceol 'nár gcroíthe.
Ceol nach caoine é..
tá sé imithe
tá sé linn
éist.

Aifreann canta
séipéal beag
orgán 'na láir
guth binn Chúil Aodha
láidir.

13.8.07

8ú Lá d'Eanáir 1972

Solas ó neamh
Solas ó Dhia,
Níl deireadh linn,
Beocht i gcónaí a bheidh a'inn.

10.8.07

Ar bháis Sheáin Uí Riada - 3ú lá Deireadh Fomhair 1971


Cumadóir cumasach de dhith ort a Dhé?
Ár gceoltóir aoibhinn féin
go h-óg le h-aois?
A chruthaigh
a theaspáin
a léirigh tabhacht do shaothar
le tuiscint nua, le brí?
Thóg tú uainn é a Dhé!

Tá muintir seo na Fodhla
anois go tréith-lag brónach.

Tagann an briseadh seo.
Ní thuigean muid atá
fós i ngéibhinn. Ach
anois tá saoirse aige
faoi dheire thiar i
gcuideachta na naoimh
i gcomhluadar an Tine Bheo.

Creidim seo mar Chór Chúil Aodha -
"Ag Críost an síol
Ag Críost an fomhair,
I n-iothlann Dé
go dtugtar sinn,"
le chéile.
Amen

9.8.07

Doire - 13


Triúrdéag
Tuige ar thairing tú uainn iad?
Fir óga aireach Dhoire........,
Triúrdéag
blath a muintir i mblath a saoil,
blath ár bhfear, tráthnóna tobann
marbh i lár na sráide -
TRIÚRDÉAG..

Maith dhóibh é, a thiarna,
a ndearna críoch a chuir
le saol an triúr bhlath déag,
níor thuigeadar, ní thuigeann siad,
mo léan, ní thuigfidh siad go deo,
gur as an mbás a thagann fás
is tuiscint ar ár mbrí.


Nuair a scríodh an píosa seo ní raibh ach triúrdéag marbh, ach fuair duine eile bás níos déanaí.
Thárla an áir seo, Domhnach na Fola, 30 Eanáir 1972 i nDoire Cholmcille
.

7.8.07

Swedan, Heaven and Hell...

Reilg Eilifeant sa tSualann ó thuaidh
Fiche urláir ar airde,
Crainn ársa ann leis,
Sneachta ar thalamh.

Seanbhean ag breathnú amach sa saol,
Ag súil lena h-iníon óig
Nach bhfaca sí le h-aois,
Dearmadta go deo.

Tá, dár linn, a n-obair déanta,
"Gura maith agat, Imigh!
"Níl ann anois duit
"ach bás is críoch."

Ach ní mar sin an fíor-scéal amh,
"A Thaisce níl tú críochnai'
"Tá breis le déanamh a't,
"Lás tine mo Ghrá."

6.8.07

29 Meitheamh 1972

Cinnteacht agus síocháin,
níl ann anois
ach ceist a chur
Ó! a Dhé bí liom.

26.7.07

Ar Staines: 18 Meitheamh 1972


Coinne le bás,
Bás san aer,
Bás tobann,
Bás do thuigthe,
Bás do chreidthe,
Aontú le Dia
cúis an áir
áthas orainn
nó brón 'nár gcroí..

25.7.07

Grá


Barr na sléibhe?
Béim ar éileamh?
Céim ar choiscéim?

Cuardach anama
'lorg tú féin
'lorg do cheangailt
le Rí na Glóire
'sa Mháthair séimh.

Gráítear,
ní thitear i ngrá
'sní bhrathaítear ar fhreagra.
Íobairt tá ann,
mar íobairt an Chnoic,
íobairt gan stad,
íobairt toilte
'sní tuilte.

Pian trí chroí
ríocht, draoícht, saoíocht,
grá.

24.7.07

Déan é!

Déan go láidir é
nuair atá cinnteacht agat.
Baol nach ndearnadh é
eagla 'nár intinn -
cinnteacht ann chomh maith.

Toil é
Dean é.

... ...

23.7.07

Arur!


Bhualas le Bascach anocht,
ó náisiún nach tír í,
curtha chugam chun mé a gríosadh,
a neartú.

Deich neomat -
árdú chroí -
domsa -
dó-san -
Ansin go tobann,
sa dorcadas,
slán, oíche mhaith,
Arur!

22.7.07

Tuiscint


Tuiscint
Obair do ghrá
Deachrachtaí,
Sáraithe ag grá
tré thuiscint.

Céard é do dheachreacht?
Mise.
Gan céard, an ea?
Do hiníon ró-lág?
Conas?
Bhfuil tusa ró-shaolta -
Do shaol ró chrua ort -
Ar líon do shaol thú?

Tuigeann muid seo -
Mé féin is do leanbh-sa
Nach éasca an rud é
An saol seo le chéile
Ach tré chomhthuiscint
is féidir deachreachtaí a sharú
le grá.

27.5.07

Domhnach Cincíse 2007



Ar aifreann ar maidin chuaigh na focail seo i bhfeidhim orm:

"Alleluia! Alliluia! Tar chugainn a Spiorad Naofa, líon croíthe na gCríostaithe agus fadaigh iontu lasair do ghrá! Alleluia!

Go dtarlódh sé!

Domhnach Cincíse 2007

Inníu breith lá na hEaglaise - Domhnach Cincíse.

Ar Aifreann dom ar maidin chuaigh na focali seo i bhfeidhm orm!

Alleluia! Alleluia! Tar chugainn a Spiorad Naofa, líon croíthe na gCríostaithe agus fadaigh iontu leasair do ghrá! Alleluia!

Aiméan!

Nach íontrach an rud é an creidimh. Níl amhras ar bith agam ach go bhfuil a scéal seo fíor agus go bhfuil Íosa Chríost beo éirithe ó mharbh. Agus feicim nach gcreaideann an-chuid thar timpeall orm na rudaí seo.

An toghchán



Muise! Tá sé deachair coimead suas le cúrsaí agus an blag seo a choimead sa tsuil.

Ar aon nós.

Bhí an chuid spóirt anse agus daoin ag iarradh a dhéanamh céard a tharlódh sa toghchán anseo i nGaillimh Thiar. Ar ndóigh bhí fhios ag chuile duine go mbeaidh Éamo istigh gan troiblóid ar bith ach bhí an cosúileacht ann go raibh gach éinne eile i dtroiblóid. Ach ní mar a shíltear bítear. Níor tháinig athrú ar bith. Na TDanna céanna atá againn. Cuireadhh na torthaí thuas ar Torthaí Ghaillimh Thiar!.


I rith an toghcháin scríobh mé dhá alt a foilsíodh i Lá Nua ceann amháin faoi na postaerí a bhí i mBéarla agus an ceann eile faoi na billeoga a bhí mar an gcéanna.

Tá nascanna chuig an dá alt seo le fáil ón gCúiléisteoir Uimh: 2.21.

27.2.07

“No Gaeilge” i gCois Fhairrge


Is mó an lúcháir a bhí sa cheantair nuair a fuair Pharóiste an Chnoic duais Glór na nGael cupla seachtaine ó shin.


Tá neart obair déanta ag an gcoiste áitiúl Ghlór na nGael ar son chaomhnú na teangan san áit agus uaireaanta is in aghaidh easa atá siad ag dul.


Tóg cúrsaí comharthaí sealadacha ar thaobh an mbóthar mar shaampla. Gan aon amhras siad na ceantálaithe an dream is measa sa chás seo. “For Sale”, “Site for Sale” “Apartment to let” agus eile ar fúd na duthaigh ar fad. Le déanaí tugtar faoi deara go bhfuil comhlucht amháin ag cur suas “Le díol” agus go leanfaidh an nós sin.


Tháinig banda leathan saitilíte chuig an Spidéal, seachtain nó dhó ó shin agus ní nach ionadh bhí an comhlacht ina mbun – Digiweb - ag iarraidh poiblíocht agus breis cuistiméirí fháil. Chuireadar fógraí móra ar na boithre ag dul isteach sa bhaile. Fógraí i mBearla ar fad a bhí ann.


Is cosúil go ndéarna an comhlucht céanna an rud céanna i gCarna bliain nó dhó ó shin.

Scríobh mé chuca ag iarraidh miniú ar an scéal. Ach freagra ní fhuair mé!


Tá sé éasca meoin Digiweb a thuiscint nuair a fhéacann tú timpeall ar na comhlachtaí atá ag freastal ar muintir na h-áite: Óstáin – Ostán na Páirce mar shampla, áit atá á úsáid go minic ag muintir na háite níl ach Béarla ag an dá bhealach isteach ón bpríomh bhóthar; Siopaí - Siopa an Phoball, an siopa Supervalu, ag fógairt go bhfuil sé ar oscailt go dtí a naoi san oíche, i mBéarla, ar na lampaí sráide ar an mbóthar agus na slad mhargadh á fhógairt istig sa siopa (agus sa phost) imBéarla amháin; Ionad seirbhíse charranna ag Cnoc na hAille, boinn pollta, glanadh charranna, artola 7rl-Béarla amháin. Is masla iad seo go léir ar phoball na háite.


Tugann siad seo le tuiscint nach fiú bacadh le teanga ársa mhuintir na Gaeltachta.



Deirtear uaireanta gur ceart Béarla a úsáid chun freastaal ar na turasóirí. Is cosúil nach chuireann úsáid na Gaeilge isteach ar Siopa Standúin atá plódaithe le turasóirí gach lá. Ní dóigh liom go bhfuil laghdú ar ghnó Banc Aontas Éireann agus a bhfuinneoga le fógraí móra i nGaeilge amháin.



Ní bhaineann an Acht Teanga le comhluchtaí nach eagrais stáit iad agus níl cumhacht ar bith ag an gCoimisinéir Teanga leis na gcásanna seo. Níl aon dul as ach scríobh nó glaoch ar an gcomhlucht agus do thuairimí a léiriú go béasach leo. I gcás Digiweb is féidír glaoch ar an uimhir 1800 28 58 28 no sa rphoist:

sales@digiweb.ie.


Pic: Fógra Digiweb ar an Spidéal


Seo alt ag an An Dr Pádraig Ó Laighin i Lá Nua "Comharthaí bóthair agus fís an rialtais!"