Pages

29.10.13

Ní rugbaí go Páirc Thuamhan!

Bhí macallaí na staire agus na ngártha glóracha le  brath go láidir i Luimneach aréir nuair a seoladh clár nua teilifíse faoi cheann de na háiteanna is aitheanta ar fad sa gcathair stairiúil sin.

Díríonn an clár Thomond  ar stair agus  ar sheanchas na staide rugbaí is paiseanta agus is aitheanta in Éirinn agus san Eoraip ar fad, b’fhéidir.   Is ionann stair Pháirc Thuamhain agus scéal iontach an rugbaí i gcúige Mumhan féin, go háirithe le scór bliain anuas sa ré ghairmiúil.

Tráth dá raibh, ba pháirc í seo ina mbíodh na ba ar féarach agus a bhí ar nós portaigh in aimsir fhliuch.  Anois, tá forbairt ollmhór déanta agus éachtaí iontacha imeartha feicthe ar an bpáirc ag lucht leanta dílis na Mumhan.  Is iomaí réalta rugbaí a tháinig thar Sionainn lán de dhóchas ach a chuaigh abhaile in ísle brí tar éis faobhar na foirne deirge a bhlaiseadh.

Dar ndóigh is anseo a fuair laochra Mumhan an ceann is fearr ar All Blacks na Nua Shéalainne i 1978, éacht nach ndearna aon fhoireann eile Éireannach roimhe ná ó shin, bua a spreag amhráin, dánta, dráma agus na mílte scéal.  Duine de laochra an lae sin, iar-imreoir agus tráchtaire aitheanta Tony Ward,  a sheol an clár seo, atá stiúrtha agus léirithe ag Shane Tobin.  Chuir buanna éachtacha eile i gcomórtas Chorn Heineken le blianta beaga anuas  (go háirithe in aghaidh Gloucester i 2003 agus Sale i 2006) le cáil na páirce mar dhúnáras neamhghéilliúil in aghaidh na n-eachtrannach.

Tá idir nua-agallaimh agus ábhar cartlainne sa gclár seo, agallaimh le staraithe, lucht leanta, imreoirí agus iriseoirí. Orthu sin atá páirteach, tá Alan English – údar agus iriseoir, John Broderick, anailísí rugbaí le TG4,  Frank Prendergast,  Vincent Ryan – staraí,  Gerry “Ginger” McLaughlin – laoch idirnáisiúnta rugbaí agus iar-Mhéara Luimnigh mar aon le laochra reatha na Mumhan Paul O’Connell, Donnacha Ryan, Niall Ronan, Peter O’Mahoney agus  Donnacha O’Callaghan.

21.10.13

An faoileán uaigneach!

Fauir mé brontannas deas le déanaí! Ceamara le lionsa zúmála (nach íontach an áis í focal.ie?)

Nuair a bhíomar ar an gClochán le cáirde, i rith na seachtaine seo caite, chuamar ar siúlóid gearr thios chuig an céibh ann. Is ansin a thug mé faoi deara faoileán aonarach ina sheasamh ar charraig amuigh sa bhfarraige. Bhí sé ró-fhada amach le pictiúir a thógaint le mo fón phóca agus bhain mé trial as an zúm ar an ceamara. Seo h-é an pictiúir!
"Tá tú uaigneach..."

Deirtear go mbíonn an faoileán áirithe (An Faoileán Bán) seo suite in iarthar na tíre, go mór mór i gContae na Gaillimhe agus Muigheó! Faightear é, ní h-amháin ar an gcósta, ach ar locha istig sa tír chomh maith. Bíonn sé ann ar feadh na bliana ach tagann tuille acu i rith an gheimhridh ó Alban agus críoca Lochlainn le saoire a caitheamh in Éirinn.

Is cosúil go bhfuil uimhreacha den fhoileáin seo ag isliú beagáinín mar tá an méid d'éin ghóir ag titim. Borradh i líon an mhinc Mheiriceánaigh ceann de na cúiseanna dár le na saineolaithe.

Bhí amhráin deas ag ár  bpáistí ar scoil:

Faoileán, faoileán ar an trá,
Tá tú uaigneach, cén fáth?
D’imigh, d’imigh d'imigh grá mo chroí.
D’fhág sí mé liom féin
Is d’imigh sí.

Faoileán, faoileán ar an trá,
Ná bí uaigneach mar atá.
Fillfidh fillfidh fillfidh, Grá do chroí.
Tuigeann sí go binn
Gur geal leat í.


15.10.13

Strainséara Camus! Deireadh le sochaí agus todhchaí?

Tá mé díreach i ndiadh "An Stráinséara" leis an údar cáiliúil Francach Albert Camus a léamh. Fuair Camus an duais Nobel na Litríochta i 1957.

Deirtear gur nochtadh breá ar eiseachas atá sa leabhar seo agus ar bhealach tá sé seo fíor, dár liom. Sceal atá ann ar fear óg, Meursault, agus a dearcadh ar an saol. Fear ionraic atá ann gan aon amhras. Fear nach féidir leis bréag a insint!

Ach ag an am céanna is cosúil nach bhfuil mothucáin daona istigh ann. Faighean a máthair bás, cuirtear sa cré í ach ní bhíonn brón air. Ní féidir leis brón nach bhfuil aige a léiriú leo siúd thár timpeall air. Ach níos mó ná san ní thuigann sé cén fáth go mbeadh daoine a bhfuil aithne aige orthu ag chuir a gcomhbhrón in n-iúl dó. "Ni maith liom do thrioblóid!" Ní thuigeann sé an meon sin. Ní thuigeann sé fiú go bhfuil trioblóid ann!

Téann sé le cailín agus is léir go bhfuil sise i ngrá leis, sásta, agus ag iarraidh é a phósadh ach tá cuma saghas "is cuma liom" air. Tá sé sásta í a phósadh ach níl fhios aige cén fáth go bpósfadh sé í.

Cé go bhfuil fhios aige an difríocht idir maitheas agus dánaíocht is léir nach bhfuil sé múnlaithe go sóisialta: Nuair a bhfaigheann gaol leat bás léiríonn tú brón; Má phósann tú bean léiríonn tú go bhfuil grá agat di; Má maraíonn tú duine bíonn brón ort faoi sin nó deineann tú iarracht tú fhéin a chosaint.

Albert Camus (1916-1960)
Is cosúil gur duine ón taobh amuigh é Meursault. Is duine é ach ag an am céanna tá sé ar an taobh amuigh ag breathnú isteach ar a shaol agus ar an gcine daona gan a bheith páirteach ann. Maireann an duine neamhspleach ón gcomhluadar, taobh amuigh den tsochaí. (Narbh í Margaret Thatcher a dúirt go bhfuil deireadh le an tsochaí?)

Ach tá neomad amháin sa scéal ina dteaspeáineann sé a dhaonnacht. Sin nuair atá duine dá gcáirde, Céleste, ag tabhairt fínise ar a "charactar!" Nuair a bhí sé thart "d'iompaigh Céleste i mo threo ansin. B'fhacthas dom go bhfaca mé a shúile ag glioscarnach agus a liopaí ag creathadh. Bhí an cuma air go raibh sé ag fiafraí díom céard eile a d'fhéadfadh sé a dhéanamh. Níor dúirt mé tada, níor chuir mé aon ghotha orm, ach ba é an chéad uair i a raibh fonn orm fear a phógadh."

Ag deireadh an scéal léirítear nach dtuigeann éinne eiseann agus nach dtuigeann siad eiseann, cé go ndéannan cor-duine é a thógaint isteach arís dúltaíonn sé dóibh. Ach éiríonn siad mífhoighdeach leis mar níl sé sásta claoí leis an nósmhaireacht cuí!

I ndairíre léiríonn creidimh Mheursault ní hamháin nach bhfuil sochaí ann ach nach bhuil todhchaí ann ach oiread!

Leabhar gruama go leor a cheapas a bhí ann agus scríofa agus aistrithe go maith (ag Diarmuid Ó Graáinne, beannacht Dé leis). Tá an prós go simplí agus soléite. Ach cheap mé gur scéal gan dóchas brónach a bhí ann.

An Strainséara 
Albert Camus (1913-1960)
l'Étranger (1942) aistrithe go Gaeilge ag Diarmuid Ó Gráinne. Gearrscéal atá fuinte snoite timpeall Meursault, ógfhear miangasach a bhfuil cónaí air i gcathair na hAilgéire agus a thugann grá don snámh is don ghrian. Is scéal in aghaidh an bhreith báis é seo, cibé an chroch, an gilitín nó an t-instealladh marfach; an áiféis mar théama lárnach ann agus mótíf na taisme go láidir tríd .... de bharr an ghrian. 
Foilsithe: Coiscéim (2012) €7.50
Fuair Albert Camus bás i dtimpist bóithre sa bhliain 1957

11.10.13

Áileacht an chósta gorm!

Deireadh an scéil!

Bhí mé an-bhruidiúil ó thágnamar abhaile agus ní raibh an seans agam scéal ár dturas Eorpach a chríochniú.
Antibes sa tráthnóna agus Nice sa cúlra
D'fhágamar an Róimh sa mhír deireannach agus d'éirigh linn Antibes na Fraince a aimsiú roimh oíche!

Tá léarscáil ag Myles na gCapaleen ina leabhair iomráiteach An Béal Bocht den Domhan Mór mar a fheictear ó Chorca Dorcha é. taobh amuigh den áit leathleach féin tá dhá áit le feiceáil, "Thár Lear" agus "De Odar Saighd!" Chun scéal fad a dhéanamh gearr sin an brí atá leis an ainm Antibes. Tá sé suite ar bhá gorm "meán mhuireach" ós comhair Nice sa Cóte d'Azúr.

Lón deas Frainceach!
Is cathair ceart é Nice le "pearsantacht" cathair ann. Ach is baile beag é Antibes ina bhfuil sean fhoirgnimh, caisleán, eaglais agus sráideanna agus lánaí caol lán de atmaisféar taitneamhach agus caiféanna cainteach.

Tá cáil ar an baile mar is ann a bhí ceann ceathrú ag an péintéir Phicasso le fada i dTúr an Chaisleáin i lár an bhaile, áit a bhfuil iarsmalan anois ann.

Bialann beag i gcroí lár Antibes
Tá an cuan is doimhne sa chomharsanacht, níos doimhne ná cuann cáiliúil Monte Carlo. Mar sin bíonn na luaimh is mó á cheangail ann. Mar sin tá an áit lán de stíl agus saibhreas agus siopaí agus bialainn den chéad ghrád, Ach cé go bhfuil na bialainne den chéad grád tá siad saor go leor don chuid is mó.

Bhaineamar úsáid as an áit mar lár ionad le turasanna ghearr a thabhairt ar na bailte stairiúla thár timpeal, áiteanna cosúil le Biot an Gloine, S Paul de Vance nó Mougins na bPéintéirí. Thugamar chuairt ar áit nach rabhamar ann cheanna Cagnes sur Mér. Tá sé, mar a deireann an ainm, in aice leis an farraige ach tá lár an bhaile thuas ar cnoc cuíosach árd.

Cagnes-sur-mer
Caitheamar timpeal cúig lá in Antibes. Bhí an aimsir go h-álainn an t-am a bhíomar ann agus bhaineamar an sult as.

Ach tháinig deireadh lenár saoir ró luath agus bhí orainn tiomáint ó thuaidh aríst go Cherbourg agus don bhád abhaile go hÉirinn.

Ach ar ndóigh sular thógamar an bád bhí beagáinín siopadóireachta le déanamha. Líonamar an búit le cásanna fíona so-ólaithe na Fraince mar cuimhne ar an t-am aoibhinn a bhi againn sa bhFrainc agus san Iodáil le deich lá anuas!