Tárlaíonn sé gach bliain! Na *&@£# soilse!
Is san ailéar atá siad ó mí eanáir seo caite agus tá an áit sin an-fhuair agus dá bharr san tagann comhdhlúthú ortha chomh luath is a tógtar anuas. Mar sin ní ceart iad a thriál go dtí go mbeidh siad taghta go teocht an tseomra - cosúil le fíon dearg maith! Ach ar ndóig idir an dá linn is manglam téada agus bolgáin iad agsu ní mór iad a dhíriú amach.
Nuair a bhíomar níos óige bhí fhis ag cuile duine sa taighlach gan dul in aice le Daid an fhaid is a bhí sé ag obair ar seo!
I mbliana bhí an obair déanta istigh de leath uair a chloigh agus míorúilt na míorúilte bhíodar go léir ag obair agus ní raibh gá ag Daid gan ach cupla focail dána bog a rá!
Ta siad lasta anois, Tá an crann gléasta agus neart spás le San Níoclás a chuid fheiríní a fhágáil faoi.
Anois an mainséar a thógáil d'Iosagán.
na soilse, na soilse... tuigim duit.
ReplyDeleteMolann an obair an ceardaí!
ReplyDeleteNollaig fá mhaise agat agus ag do chuid.
Fearn