Pages

27.10.17

Cinnlínte!

Tuairisc.ie
Cheap mé go raibh an difríocht idir na cinnlínte ó dhá nuachtsheirbhís Gaeilge thár a bheith spéisiúil.

Ní dearfaidh mé aon rud seachas iad a atáirg anseo:

Seo Tuairisc.ie ag 4.20pm

Vóta caite i bParlaimint na Catalóine ar son neamhspleáchas a fhógairt.

Agus RTÉ ag 5.16pm (Bainte ó shin!)

An Chatalóin faoi riail dhíreach na Spáinne.

RTÉ
Maidir liom féin tá fhios agam ar chén taobh a bhfuil mé sa coimhlint seo.

Cé nach n-aontaím le polsasí an Aontais Eorpach ar an gcéist, "Níl aon athrú ar ár bpolsaí!", tá sé deachair easaontú ar abairt amháin i dtuít Uachtaráin Chomhairle an Aontais, Donald Tusk: "I hope the Spanish government favours force of argument, not argument of force!"


#Catalunya 

17.10.17

Éan bán agus Scáthchruth!

Bhíos amuigh ag siúl um thráthnóna thart faoi Loch na Lannach in aice linn anseo. An chéad uair tár éis imeachta Ophelia ó thuaidh!



Ní raibh mórán uisce sa loch. Líonann sé dhá uair gach lá nuair a bhíonn lán mara ann. Ní raibh mórán damáiste déanta. Bhí sé léir go raibh a taoide árd go leor mar bhí feamain úr níos airde ná mar si gnáth ar a bhruach.

Éigrit (bán)
Thug mé faoi deara éin an-bhán ar carraig i lár. Is dócha gur éigrit a bhí ann. Bíonn ceann thíos ansin nó i gCuan Fhortail i dtreo Ros a'Mhíl. Bhí sé an fhad uaim agus ní raibh ach an fón agam le iarracht phictiúir a thógaint. Níl sé ró mhaith mar bhí orm an zoom a úsáid agus mar sin tá sé geamhach.

Cuig bliain ó shin thug éigrit cuairt orainn ar chúl an tí agus tá an scéal anseo (agus pic níos fearr!) - Éan bán i ndiaidh na stoirme.  (Mí na Nollag 2013)

Ach ar mo bhealach ar ais tháinig corr réisc ag eitilt isteach tár an éan eile ach níor chuir sé isteach air. Tháining sé isteach san uisce and seas ann. Ghlach mé pictiúir eile ansin den corr réisc ach gan an zoom a úsáid agus tá an pic ar bharr anseo agam. Is in aghaidh na gréine a thóg mé an pic agus mar sin is scáth in aghaidh an tuisce atá ann.

An féidir leat é a fheiscint? Tá sé san uisce i lár an phictiúir.


12.10.17

Che Guevara agus Máthair Dé!

An féidir dha thrá a thaisteal? - nó an dá thrá atá iontu?

Foilsíodh stampa nua ar an 5ú lá den mhí ag comóradh caoga bliain ó bhás Ché Guevara. Chuir mé pictiúir de thuas ar ghrúpa Facebook, Gaeilge Amháin ag rá "An bhfaca éinne an stampa nua ag An Post (éisithe inniú!) - Dearg le Fearg?" Bhí an stampa dearg agus an pictiúir cáiliúil a rinne Jim Fitzpatrick fadó greanta air. Chuir sé íontas orm an méid suime a bhí ag lucht leanúna G.A. sa rud agus cé chomh h-éagsúil na tuairimí a bhí léirithe ann. Bhí níos mó na 70 a thaispeán gur thaitheann sé leo agus bhí breis is 30 a rinne trácht de short éigin ar an teachtaireacht!

Anois, taobh istig de seachtain ó stampa Ché tá stampa eile le h-éisiúnt ag An Post. Is comóradh ar chéad bliana ó taispeánadh na Maighdaine Mhuire i bhFatima na Portingéile sa bhliain 1917. Thárla na taispeantaí idir mí Bealtaine agus an ceann deireannach ar an 13ú lá Deireadh Fomhair. Aisteach go leor tá an stampa le foilsiú ar an 12u lá den mhí! An amhlaidh gur cúrsaí piseogach a chuir isteach ar é a chuir amach don gcéad uair ar an Aoine an tríú lá deag?

N'fheadair an mbeidh an suim céanna léirithe ina fhoilsiú agus a bhí sa ceann dearg?

Dearg le Fearg?


8.10.17

Mise agus Liam!

Nuair a bhí mo mháthair beo agus ag deireadh a shaol bhíod sí ina cónaí le clann ma dheartháir i Rathfearnáin. Chuaigh míse soir ann anois is arís le haire a thabhairt dí agus seans saoire nó sos beag a thabhirt dóibh.

Cé nach raibh a chuimhne go ró-mhaith aici theastaigh uirthí dul chuig Aifreann gach lá. Thogainn go dtí eaglais an pharóiste í ag an gcros bhóthar sin díreach trasna an bóthar ón dTeach Buí.

Thabhairfainn faoi deara sean fhear chaol ar thaobh agus ar chúl an séipéil ar a ghlúna. Is ag guibhe a bhí sé agus níor thug mé mórán aird air riomh. Lá amháin bhíomar déanach ag teacht amach ón gcarr chlós beag abhí ann agus chonaic me an sean fhear ag teacht amach as a séipéil agus d'aithin me é. Liam Cosgrave a bhí ann.

Ní fhéadfa a rá gur aontaigh mé lena pholasaithe nuiar a bhí sé mar Thaoiseach ar an dtír (go mó mór ó thaobh na Gaeilge de!) ach bhí fhios agam gur fear macánta ionraic a bhí ann. Rinne sé a dhicheall a chuid ghnó a dhéanamh ar bhonn prionsabail mar a fheictear dó san.

Is dócha gur mar sin, ar bhonn prionsabail, a ghlac sé páirt san Aifreann i Rathfearnáin gach lá ar a deich a chlog.

Cinnte ní fhéadfadh Dia a rá leis gur "blow-in" é agus é ag geata nimhe!

Beannacht Dé ar anamnacha na marbh go léir.