Nuair a bhí mo mháthair beo agus ag deireadh a shaol bhíod sí ina cónaí le clann ma dheartháir i Rathfearnáin. Chuaigh míse soir ann anois is arís le haire a thabhairt dí agus seans saoire nó sos beag a thabhirt dóibh.
Cé nach raibh a chuimhne go ró-mhaith aici theastaigh uirthí dul chuig Aifreann gach lá. Thogainn go dtí eaglais an pharóiste í ag an gcros bhóthar sin díreach trasna an bóthar ón dTeach Buí.
Thabhairfainn faoi deara sean fhear chaol ar thaobh agus ar chúl an séipéil ar a ghlúna. Is ag guibhe a bhí sé agus níor thug mé mórán aird air riomh. Lá amháin bhíomar déanach ag teacht amach ón gcarr chlós beag abhí ann agus chonaic me an sean fhear ag teacht amach as a séipéil agus d'aithin me é.
Liam Cosgrave a bhí ann.
Ní fhéadfa a rá gur aontaigh mé lena pholasaithe nuiar a bhí sé mar Thaoiseach ar an dtír (go mó mór ó thaobh na Gaeilge de!) ach bhí fhios agam gur fear macánta ionraic a bhí ann. Rinne sé a dhicheall a chuid ghnó a dhéanamh ar bhonn prionsabail mar a fheictear dó san.
Is dócha gur mar sin, ar bhonn prionsabail, a ghlac sé páirt san Aifreann i Rathfearnáin gach lá ar a deich a chlog.
Cinnte ní fhéadfadh Dia a rá leis gur "blow-in" é agus é ag geata nimhe!
Beannacht Dé ar anamnacha na marbh go léir.