Ar an 21U lá Nollag 2019 roinn an tUachtarán giolch ag comóradh acht tabhachtach i stair na tíre - Phoblacht na hÉireann. Is cosuil gur shínigh an dara Uachtarán, Seán T Ó Ceallaigh an bille ar an lá sin agus chuaigh sí i bhfeidhm i mí Aibreáin 1949.
Sílim gur fhogair an Taoiseach ag an am, John A Costello (FG) i gCanada níos luaithe sa bhliain 1948. Deirtear gur maslaíodh é agus toscaireacht na hÉireann ag cruinniú den gComhlathas Briotanach agus de réir dirbheathainéis an Dr. Noel Browne (Aire Sláinte ag an am) bhí an fhearg ar Chostelloe. (Ar ndóigh fógraíodh an Phoblacht ar chéimeanna Ardoifig an Phoist ar Luain Chasca 1916 ach idir an dá linn bhí an Conradh 1921 agus Saorstat Éireann!)
Ar ndóigh i ndairíre ba Phoblacht í Éire ó 1937 nuair a ritheadh Bhunreacht na hÉireann ach níor tugadh Phoblacht ar an tír inti. Agus i ndlí na Breataine bé Rí Shasana ina rí ar na tíortha sa Chomhlathas. Bhí fadhb ann áfach mar nuair a thréig an Rí Eadhbhard VIII Coróin na Breatine ritheadh bille i ngach ceann de na tíortha sa Chomhlathas ag admháil go raibh sé éirithe as agua ag aithint an Rí nua Seoirse VI - ach amháin Éire. Mar sin i ndlí Westminister bé Eadbhard a bhí ina Rí ar Éirinn fós. Ar ndóigh bhí Bunracht nua againn in Éirinn a dúirt go raibh "ceart doshannta, dochloíte, ceannasach chun cibé cineál rialtais is rogha leo féin a bhunú, chun a gcaidreamh le náisiúin eile a chinneadh, agus chun a saol polaitíochta is geilleagair is saíochta a chur ar aghaidh de réir dhúchais is gnás a sinsear."
"Éire is ainm don stát nó, sa sacs-Bhéarla, Ireland.
Is stát ceannasach, neamhspleách, daonlathach Éire." (Altanna 4 & 5) agus
Cé nách lúann an Bhunracht gur Phoblacht í Éire ba léir gur phoblacht a bhí inti. (Glaodh "Dictionary Republic" go searbhasach uirthi! cf RIA 18/4/2019 {Béarla}) Ach níor luadh é agus mar sin de réir dlí nó dearcadh dlitheach Westminster ba chuid den gcomhlathas muid.
Nuair a ritheadh an bille seo (Bille Phoblacht na hÉireann) bhí Rialtas Westminster é sin a aithint go foirmiúil. Ritheadh an "Ireland Act 1949" a thug "Republic of Ireland" seachas Eire (sic) ar an tír.
Foilsíodh trí stampa a thug "Poblacht na hÉireann - Republic of Ireland!" B'iad na cead stampaí a raibh Béarla ortha ó bunaíodh an stáit. Ceann ag comóradh an Acht féin, ceann eile ag comóradh an file James Clarence Mangan agus an triú ceann (Gaeilge Amháin) ag comóradh an Bliain Naofa (1950). Nuair a tháinig rialtas nua i réim sa bhliain 1951 filleadh ar "Éire" ar stampaí na tíre.
Go minic nuair a scríodh ainm na tíre sa chló Rómánach áfach, fágadh an síne fada ar lár. Deineadh gearán leis an Roinn Phoist agus Telegrafa agus ó 1979 tá sé litrithe i gceart den cuid is mó. Agus ó ritheadh Acht Teanga 2003 is gnáth ceannscríbhiní (nó fothscríbhiní) ar stampaí na hÉireann a bheith go dá theangach.
• Altanna eile faoi Stampaí ar An gCodú!
• Litir i Lá faoin Gaeilge ar Stampaí "Díspeagadh An Post!" (15/5/2003)
No comments:
Post a Comment