Pages

10.5.20

Ní tada é cúig gciliméadar.

Ligeadh amach muid ar an máirt seo caite. Bhí cead againn anois an teach a fhágáil agus dul cúig gciliméadar ón teach.

Chuamar siar go dtí an Ceathrú Rua ar an nDéardaoin. Ní raibh mé sa charr le breis is sé seachtaine roimhe. Bhí mé i ndán tiomáint fós - ní raibh an bua sin caillte agam agus mé úm clutharú na "bliainta" ó shin. Bhí sé suimiúil.

An domhain nua!
An chéad rud a thug mé faoi deara na na carranaí a bhí páirceáilte ós comhair na tithe. Sa sean-am bhíodh an chuid is mó de na carranaí imithe. Bhíodh na húinéirí ag a n-áit oibre - istigh sa cathair nó pé áit a bhíodh gnáth oibre ar siúl acu. Mar sin féin bhí corr carr á dtiomáint ar an mbóthar ach is dócha gur ag dul nó imeach ó siopa a bhí siad mar a bhíomar féin.

Bhí an siopa eagraithe ionas nach mbuailfeadh daoine lena chéile - an dá mhéadair dleathach agus eile. Shiúl mise chomh fada le Trá an Dóilín ansin. Bhí an lá go hálainn agus níor bhual mé le duine ar bith agus bhí sé íontach ciúin - ní raibh aon rud le ceol na n-éan a stopadh agus bhí siad glórach go lear agus mé ag dul siar.

Siopa Ionraic
An lá dár gcionn chuamar soir chom fada leis an nGarraí Ghlas. Tá siopa ionraic oscailte ag Aonghus Eoin agus neart stuif aige ann (ó chúl an tí!). Bhí plandaí, trátaí, spionáiste, borráiste, gleorán agus málaí duileoga sailéad. Is íontach an éacht atá déanta aige ansin ar "thalamh bhocht lom" Chonamara. Tá sampla simplí léirithe aige ar chonas talamh, nach raibh mórán meas ag an chuid air, a déanamh torthúil agus tairbheach. Tá píosa i leabhair de chuid Robert MacFarlane is é ag caint faoi thuras in eitleán go Leòdhas in Allban agus chuala sé duine ag breathnú anua ar an dtalamf futhu. "Níl tada ann!" Togann sé meon éigin le tuiscint nach tada atá ann ach fluirse agus saibhreas. Is léir go bhfuil an meon sin ag an fear óg seo.

Cheannaíomar ronnt stuif ansin agus is cosúil go raibh daoine eile ann romhainn mar bhí airgead agus nótái sa bhosca ann agus tá cuid dé ag déanamh a ngarraí féin glas chomh maith!

Ó shin stopmara ag an séipéil - Séipéal na Tulaí - agus dúramar "Heileo!" leis an Tiarna istigh. Ní rabhamar istigh sa séipéil ó thús mí Márta. Uaidh sin shiúlamar ó dheas go dtí an trá. Bhí radharc álainn ar chnoic Chontae an Chlár.

Radharc ó dheas ó Trá na Tulaí
Tá rud amháin maith ó thaobh na rialacha nua seo. Tugann sé seans dúinn eolas níos fearr a fháil ar an áit áitiúil. Roimhe seo ar ndóigh chuamar istigh sa cearr agus as go brách linn ar thuras chuig áit éigin álainn eile. Anois tá seans againn an áit álainn sa bhaile a fheiscint agus a bhlaseadh. Tugaim faoi dearadh ar an gcóras giolcireachta go bhfuil an chuid pictiúirí deas á roinnt ag daoine óna n-áit dhúchais féin: an "tada" thár timpeall orainn.

Tá muid ag foghlaim?


Tuar dhóchais! (18/4/2020)

No comments:

Post a Comment