Pages

28.2.21

Meath intinne!

Ta alt a scríobh Alex Hijmans i rith na seachtaine i m'aigne ó léigh mé é. Is cuid de srath atá á scríobh aige don nuachtán fíorúil Tuairisc.ie ar a thaithí féin agus é ag dul ar a thuras gan staonadh lena a mháthair agus a sláinte ag dul go neamaiteach in olcas. 

Bhí néaltrú seanaoise ag mo mháthair féin a cailleadh timpleall 10 mbliain ó shin. Cé nár ainmníodh mar ghalar Alzheimer a bhí uirthi is beag an difríocht idir an dá riocht. 

Is cosúil go raibh sí mar sin sular bhfuair m'athair bás cúig mbliain roimpí. Cé go raibh fhios againn go raibh sí beagáinín "dearmadach" ní raibh fhios again go raibh sí chomh dona agus a bhí sí dairíre. D'fhán sí ina cónaí leithí féin ach d'fhán duine de mo dheartháireacha sa teach leithí san oíche ar feadh sé seachtaine nó mar sin. 

Oíche amháin chuir sí ceist ar duine acu. "Cén fáth go stopann duine agaibh liom gach oíche?" 

Bainfeadh geit as mo dhreathair agus d'fhreagair, "Cheapann muid go bhfuil tú uaigneach a Mháthair!" 

"Cinnnte tá mé uaigneach," ar sí, "ach ní mé uaigneach díbh-se!"

Diaidh ar ndiaidh d'éirigh sí níos measa. Mar a deireann Alex "...is de réir a chéile, seachas thar oíche, a thagann an meath..." 

Bhí timpist aici lá. Thit sí agus tógadh go dtí an oispidéal í. Chinneamar nach bhféadfadh sí fanacht leithí féin agus thóg duine de mo dheartháireacha agus a bhean cróga isteach ina dteach féin í. 

Chun sos a thabhairt dóibh thógamar anoir go dtí ár dteach-sa i gConamara chun sos a thabhairt dóibh ó am go chéile. Is léir go raibh sí ag dul níos measa gach uair a tháinig sí.  Agus ar ndóigh an géartheangachas agus an stuacacht. Bhí orainn súil géar a choimead uirthi an t-am ar fad agus smach a coimead ar ár dteangacha agus ar ár méin féin!

Ar deireadh is ar éigin go raibh aithne aicí orainn cé go raibh fhios aici go rabhamar a tabhairt aire di.

Lá amháin chuir sí ceist orm: "Cé thusa?"

"Is mise do mhach a Mháthar!"

"Ní fhéadfadh sé sin a bheith fíor," a dúirt sí go dearfa agus go láidir, "Ní raibh mise pósta riamh!"

Ar deireadh fuair uair sí bás go tobann agus muide thár timpeall orainn. Is cuimhin liom agus í a rothú thuas go dtí an bharda san oispidéal gur raibh greim daingin aici ar mo lámh ach gan focal a rá. 

Bhí an tuismitheoir ina pháiste.

Beannacht Dé le hanamacha na marbh agus go gabhródh sé leo siúd ag tabhairt aire dóibh - go minic gan buíochas.

No comments:

Post a Comment