Pages

27.8.24

Nell

Tagann dhá rud i mo cheann  agus ag smaoineamh agus ag céiliúradh Nell McCafferty mé. Ní raibh aithne agam uirthí nó ní dóigh liom go bhfaca mé ríamh í (seachas ar an teilifíseán). Bhí eolas ag cach ar a cuid oibre ag nochtú éagóra stáit agus eaglaise go borb. Ach ag an am ceanna ba duine daonna í lán de ghreann agus gean. Cinnte bhí eagla ag daoine - fir go háirithe - roimh nimhe a teanga. Chonaic sí éagoir agus éagothroime agus léirigh sé é gan eagla lena peann agus lena teanga.

Nuair a chuala mé go raibh Nell imithe ar shlí an firinne tháinig dhá rud isteach im cheann.

Eaglais Ntarama inniú
Ni féidir liom tagairt ar an gcead rud ar líne a fháil faraoir. Is cuimhin liom go raibh sí i Ruanda na Aifrice. Tá mé ag ceapadh go raibh an tEaspag John Kirby, Cluain Fearta & Concern leithi. Bhí siad ag eaglais Ntarama ann inar maríodh na mílte den cine Hútú ar Fhéile Mhuire Mhóir an Fhomhair (15 Lúnasa). Bhí na mílte cloigeann no blaoscanna amuigh ar na boird amuigh taobh amuigh den séipéal go fóill.  Scríobh Nell sa Sunday Tribune faoi ag an am (sa bhliain 1994 tá mé ag ceapadh). Ach is rud a chuala mé ón easpag, b'fhéidir gur scríobh sé é áit éigin atá i mo gcuimhne. Bhí sé ag caint ar an phairilis agus an cineál suaitheadh a buail air nuair a chonaic sé toradh an úileloscadh leagtha ar na boird.  Ní raibh fhios aige cad is ceart a dhéanamh. Baineadh an mothú as. D'fhán sé ina sheasamh.

Dúirt sé gur bhog Nell i dreo na boird ar a raibh na cloigeann seo go léir. Stop sí agus rinne sí comhartha na Croise uirthí féin. 

Nell
Bhí cineál náire ar an easpag a dúirt sé mar b'eiseann a bhí in ainm is a bheith spioradálta. Seo gnath Éireannach agus fios aicí óna sinsear cén rud is ceart a dhéanamh ag amm an ghátar. Ceacht don easpag! Agus dúinn go léir b'fhéidir.

An dara rud a smaoineas air na am an reifreann ghinmhilleadh. Scríobh sí alt a theaspeáin gur thuig cad ba ginmhilleadh ann. Rinne sí mionscrudú ar cad a bhi i gceist agus thuig sí go raibh "na daoine 'pro-life' ceart faoi roinnt rudaí." Thug sí tacaíocht drogall don ghinnmhilleadh áfach - rud nár thuig mé féin. Ach sna h-altanna bhí sé soiléar gur smaoinigh sí go doimhin sa cheist. Cháin sí an díospóireacht, "ní díospóireacht ar bith é" agus dúirt nach daoine "ar son na beatha" ar an taobh éile ach "pro bhreith". Agus nios measa fós "Nuair a bheirtear an leanbh cailleann siad gach suim agus bíonn tú leat féin."

Sílim nach féidir é sin a shéanadh in an-chuid den dream sin?

Anois tá mé cinnte go bhfuil sí ag cur na ceisteanna chrua ar an Athair Uilechumhacht ina slí eolach borb féin.

Go raibh síochán aicí agus súil agam go bhfuil freagra na ceisteanna go léir aici. Suaimhneas síorí di ar dheis an Dé céanna.

No comments:

Post a Comment