17.7.09

Deireadh leis an nGaeltacht?

Agus muid ag cloisint an-chuid faoi "Tuarascáil an Ghrúpa Speisialta arUimhreacha na Seirbhíse Poiblí agus Cláir Chaiteachais" atá le fáil ar shuíomh Na Roinne Airgeadais (ach i mBéarla Amháin!)


Má ghlachtar leis na moltaí i dtaobh na Gaeltachta, an Iarthair agus na hOileán, bheidh deireadh leis an nGaeltacht ar fad a deireann ball Údarás na Gaeltachta an Comhairleoir Seosamh Ó Cuaig. Dúirt sé le Raidío na Gaeltachta ar maidin nár gá dúinn ach taisteal ó Gaillimh siar go dtí an gClochán agus a laghad fhorbairt atá le feiscint ar an mbóthar sin and chuid is mó de atá faoi chúram an IDA. Go bhfios dom féin tá dhá cheann de na forbairtí a fuair maoineadh ó Údarás na Gaeltachta.


Anois déan comparáid leis an bóthar ar an gcósta - nach bóthar náisiúnta é - agus tá forbairt agus borradh le feiscint - a mbuíochas nach mór le obair Údarás na Gaeltachta.


Léiríonn sé an dearcadh atá ag an ngrúpa seo nár mholadar deireadh a chuir leis an Metro nua i mBaile Átha Cliath!

Bhí mé ag éisteacht leis an nuacht ar Raidío Éireann (an seirbhís náisiúnta?) agus is beag áird a thug sé ar an chuid den tuairisc a bhain leis an Ghaeltacht.

An fiú an Ghaeltacht, foinse beo na Gaeilge, an nasc deireannach beo lenár sínsear, a shabháil?

Tá freagra faighte againn ón mBórd Snip seo!

An aontódh an Rialtas leis?

Féach ar Alt Chonchubhair Uí Liatháin inne Deireadh leis an nGaeltacht.

7.7.09

T-léinte/Airgead an Údaráis/Foinse 7rl

T-léinte le cur chun chinn na Gaeilge!


Sé Conchubhair Ó Liatháin a chéad thug é seo ós ár gcomhair. Seo suíomh nua (i mBéarla) atá ag díol t-léinte le manadh cosúil le "Rith an Modh Coinniollach!" agus "Seas an fód, leabhair do theang le bród!" agus mar sin. Is féidir an rogha iomlán a fháil ar a suíomh Caint Campaign.




Socruithe Maoinithe Údarás na Gaeltachta - Ó Caoimh!

Is mian leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an seasamh i dtaca leis socruithe maoinithe a bhaineann le hÚdarás na Gaeltachta i láthair na huaire a shoiléiriú.






Tosóidh Seachtain Oidhreachta 2009 Cho na Gaillimhe, Dé Sathairn an 22ú Lúnasa agus leanfaidh go dtí Dé Domhnaigh an 30ú Lúnasa.



Áras Chois Fharraige oscailte go hoifigiúil

D’oscail An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Éamon Ó Cuív, T.D., Áras Chois Fharraige, An Spidéal, go hoifigiúil le déanaí.


Céimeanna Oinigh á mBronnadh in OÉ Gaillimh

Bronnadh Céimeanna Oinigh inniu (Dé hAoine, an 26 Meitheamh) in OÉ Gaillimh. Bhain na daoine ar bronnadh na céimeanna oinigh orthu le réimse na hinnealtóireachta (Liam Connellan), an ghnó (Brian Joyce), leis an tseirbhís phoiblí (Pádraic MacKernan), le réimse an daonchairdis (Anna Ó Coinne) agus le réimse an oideachais (an tOllamh Philip O'Leary).


Deireadh le FOINSE

Seo eagarfhocal deireanach san eagrán deireannach de Foinse!

24.6.09

Tine cnámh!



Aréir bhí oíche fhéile tSín Sheáin againn thiar i gConamara agus mar is gnáth bhí craic agus spórt thar timpeal an tine mór chnámh. Seo an tine mór a bhí againn ar an gCaorán! Tá mé ag ceapadh go raibh níos mó ná cnámha sa tine!

27.5.09

Ár dTrevor...

Bravo Trevor!

Tháinig muintir Sinn Féin chuig an teach aréir agus d'fhagadar billeog ar son Trevor Uí Chlochartaigh.

Íontas na n-íontas níl focal Béarla air a bhilleog. Sea, chonaic tú i gceart é - NÍL FOCAL BÉARLA AIR!

Fiú ar chúl tá píosa faoi Phadraig Mac Lochlainn, iarrathóir Shinn Féin i dtoghcheantair Eorpach, atá i nGaeilge leis. A céad píosa faoi an nduine seo i nGaeilge a chonaicamar. Mar a duramar cheana an píosa a cuireadh sa phost chuig an ceantair Gaeltachta seo is i mBéarla amháin a bhí sé - seachas líne amháin.

Ní bheinn ag súil ach le meas agus tuiscint ar a phoball ó Trevor. Is trua nach bhfuil an meas céanna á léiriú ag a bPáirtí. An ndéanfaidh a dhearcadh aon tionchar ar dearcadh a Pháirtí. Bhí beagnach an rud céanna á rá ag Conchubhair Ó Liatháin. Go beacht sé an rud atá á rá faoi ná "Is maith linn Trevor ach is trua faoin bPáirtí!" Ach ag an am céanna cén tionchar a bhíonn ag Comhleoir Chontae ar pholasaí aon pháirtí!

Chonaic mé fógra ag Pat the Cope a bhí i nGaeilge in aice linn anseo (buladh bos!). Ach tá fógraí atá ag Seamus (sic) Walsh - a bhí ina Bhreathnach ag toghchán an Údaráis - go léir as Béarla. (Dala an scéal an mise a t-aon duine a cheappann go bhfuil a aghaidh ar na postaerí céanna cosúil le Marx, Groucho ní Karl - féach thíos!)

Ach thar n-ais chuig Trevor, deireann sé sa bhileog:

"Teastaíonn uaidh an pobal a chuir i dtús áite arís. Tá béim faoi leith aige ar sheirbhísí don aos óg, óg oideachas, sláinte, seirbhísí poiblí agus fostaíocht d'árdcaighdeám=n do mhuintir Chonamara. Is duine ionraic, glórach é Trevor, a sheasann don gnáthdhuine agus iad siúd ar an imeall. Fear misniúil agus fear pobail!"

Gan amhras, fear misniúil! Go n–éirí adh leis.







Groucho nó Karl!

26.5.09

Áit a bhfuil do chroí...


Rudín deas anois...

Pósadh ár mac le déanaí agus bhí an bainis féasta san Ostán Chonnemara Coast. Ionas nach mbeadh orainn taisteal abhaile go muc maidne agus a ár ndóthain alcól ionainn shochraíomar fanach ann do oíche.

Ostán an-chompórdah atá ann agus radharacann áilline ar chósta Co an Chláir uaidh.

Nuair a chuamar thuas chuig ár seomra bhí an fógra beag seo ar an leaba mar aon le dhá milseáin seacláid!

Eorpa béarlach...?

Agus seo ceann eile a fuair muid sa phoist inniú. Marian Harkin, nach bhfuil sásta aitheantas a thabhairt don teanga nuair atá sí ag vótaí sa Ghaeltacht...



Sin trí cinn atá feicthe againn anseo Jim Higgins, - gan focal Gaeilge air, Pádraig Mac Lochlainn a bhfuil líne amháin i nGaeilge air agus anois an ceann seo ó Mharian Harkin - "your strong independant voice in Europe" an fhaid is atá sé ag labhairt i mBéarla!

Agus ós rud é go bhfuil muid ag caint ar an idirlíon níl focal Gaeilge ar a suíomh ach an oiread!

23.5.09

Tús maith...?

Seo r-phoist a fuair mé ar maidin ó Fheargas Ó Snodaigh agus seo é ina iomlán


Tá feachtas nua margaíochta beartaithe ag Guinness ag lorg na milliúin sínithe agus níl Gaeilge ar bith air ná á úsaid (seachas 'Sláinte'). Táim ag déanamh go bhfuil na mílte tithe tábhairne ar fud na tíre ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt agus a úsaid ó lá go lá mar a dteanga oibre agus ól.

Táim chun an litir agus an carn margaíochta seo a sheoladh ar ais chuig Diageo agus an fhioreann margaíochta atá fostaithe acu; RMG Target Marketing i mBaile Átha Cliath 4 agus iarraidh orthu an bhfuil leagan Gaeilge de na póistéirí ar fáil. An mbeadh sibhse mar craoltóirí ábalta é seo a spreagadh i measc bhur bpobal Ghaelach agus áird na ndaoine a dhíriú ar an dóigh a bhfuil Diageo ag déanamh neamh-aird ar na Gaeilgeoirí - agus nach cinnte go bhfuil neart acu ann a n-ólann an leann dubh go rialta - fiú gach oíche.


In ionad ábhar margaíochta i mBéarla inár dtithe tábhairne beidh ábhar magaíochta (magadh) againn ag seoladh an pháipéarachas seo ar ais. Táim den bharúil nach dteastaíonn uaidh móran dúinn ár n-ainmneacha a chur le h-ábhar margaíochta meisciúil le go bhféadfaí éinne arb mhaith leo muid a phiocadh amach agus ábhar magaidh a dhéanamh asainn (na péas fiú?). Táim den bharúil chomh maith gur feachtas bhréagach atá ann mar nach bhfuil ach 25 duais le fáil as na milliúin sínithe? Tá níos mó seans agat airgead den chineál sin a bhuachaint ar an Lotto nó ar chapall.

An bhéadfaidh libh agallaimh a chur ar tábhairneoirí ag iarraidh orthu an bhfuil an dearcadh céanna acu maidir leis an neamhaird atá na gcomhlachtaí seo ag déanamh ar an Gheailge? agus an mbeadh siad sásta an carn margaíochta a sheoladh ar ais de bharr nach bhfuil an Ghaeilge (ár dteanga dhúchais) á n-úsáid.
Bheadh sé suimiúl mar chuid eile de chlár raidio, nach mbeadh?


Ach sinne ná bfuair an poiblíocht sa phost céard is féidir linn a dhéanamh. Ar ndóigh is féidir linn ríomh phoist a chuir chucu ag rá cé chomh mí-shásta is atá muid leis seo. Sé ConsumerInfo.Carefor.IRL@Diageo.com an seoladh atá ar an suíomh idirlíon acu. Chuirfhimíd tús leis an bhfeachtas tré ceann de na iomhánna seo "Something Remarkable" nó an ceann dubh, "Discover the power of your signature..." a seoladh thar n-ais chucu.

Is ceart go mbeadh meas ag comhluchtaí móra ar an dúchas mar aon leis an stáit agus aon dream eile atá ag lorg tacaíocht ó phoball na hÉireann...

Guinness gan Gaeilge!

Seo r-phoist a fuair mé ar maidin ó Fheargas Ó Snodaigh agus seo é ina iomlán

Tá feachtas nua margaíochta beartaithe ag Guinness ag lorg na milliúin sínithe agus níl Gaeilge ar bith air ná á úsaid (seachas 'Sláinte'). Táim ag déanamh go bhfuil na mílte tithe tábhairne ar fud na tíre ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt agus a úsaid ó lá go lá mar a dteanga oibre agus ól.


Táim chun an litir agus an carn margaíochta seo a sheoladh ar ais chuig Diageo agus an fhioreann margaíochta atá fostaithe acu; RMG Target Marketing i mBaile Átha Cliath 4 agus iarraidh orthu an bhfuil leagan Gaeilge de na póistéirí ar fáil. An mbeadh sibhse mar craoltóirí ábalta é seo a spreagadh i measc bhur bpobal Ghaelach agus áird na ndaoine a dhíriú ar an dóigh a bhfuil Diageo ag déanamh neamh-aird ar na Gaeilgeoirí - agus nach cinnte go bhfuil neart acu ann a n-ólann an leann dubh go rialta - fiú gach oíche.

In ionad ábhar margaíochta i mBéarla inár dtithe tábhairne beidh ábhar magaíochta (magadh) againn ag seoladh an pháipéarachas seo ar ais. Táim den bharúil nach dteastaíonn uaidh móran dúinn ár n-ainmneacha a chur le h-ábhar margaíochta meisciúil le go bhféadfaí éinne arb mhaith leo muid a phiocadh amach agus ábhar magaidh a dhéanamh asainn (na péas fiú?). Táim den bharúil chomh maith gur feachtas bhréagach atá ann mar nach bhfuil ach 25 duais le fáil as na milliúin sínithe? Tá níos mó seans agat airgead den chineál sin a bhuachaint ar an Lotto nó ar chapall.

An bhéadfaidh libh agallaimh a chur ar tábhairneoirí ag iarraidh orthu an bhfuil an dearcadh céanna acu maidir leis an neamhaird atá na gcomhlachtaí seo ag déanamh ar an Gheailge? agus an mbeadh siad sásta an carn margaíochta a sheoladh ar ais de bharr nach bhfuil an Ghaeilge (ár dteanga dhúchais) á n-úsáid.
Bheadh sé suimiúl mar chuid eile de chlár raidio, nach mbeadh?


Ach sinne ná bfuair an poiblíocht sa phost céard is féidir linn a dhéanamh. Ar ndóigh is féidir linn ríomh phoist a chuir chucu ag rá cé chomh mí-shásta is atá muid leis seo. Sé ConsumerInfo.Carefor.IRL@Diageo.com an seoladh atá ar an suíomh idirlíon acu. Chuirfhimíd tús le

22.5.09

Éire ar chúl...

Tá mé díreach tar éis billeog "Litir um Thoghcán" a fháil sa phost a chuireann íontas orm.

Is ó Phádraig Mac Lochlainn (Sinn Féin) é agus cé gur Gaeltacht an ceantair seo is i mBéarla atá sé - seachas ceann líne amháin - sop in áit na scuaibe!


"Sinn Féin - Putting Ireland First!" a deireann sé. N'fheadair! Tá suíomh idirlíon luaite ar an mbilleoig www.padraigforeurope.ie a léiríonn an meoin atá acu! Nuair a théann tú ann is i mBéarla atá sé ar ndóigh. Ach céard é seo tá nascín beag ann ar dheis "English/Gaeilge" agus árdaíonn sé do chroí go dtí go ngliogáileann tú é mar an t-aon rud a déanann sé ná an roghchlár a aistriú go Gaeilge ach fagann sé an bunábhar sa tSacs Bhéarla! Is cosúil go bhfuil dhá suíomh ag Sinn Féin ceann amháin(www.sinnfein.org) nach bhfuil Gaeilge ar bith air agus an ceann eile, i bhfad níos snasta www.ardfheis.com/ agus arís níl fiú an feach i dtreo na Gaeilge ann. Bhfuil fhios ag éinne cén ceann atá sealadach agus cén ceann atá oifigiúil?

Seo an dara billeog a fuair muid anseo atá i mBéarla, (fuaireamar ceann ó Fhine Gael cupla lá ó shin), agus seo an toghlach Eorpach le níos mó ceantair Gaeltachta ann ná aon cheantair eile. Léiríonn sé an meas atá ag Sinn Féin ar mhuintir na Gaeltachta, ar phoball na Gaeilge agus ar theanga ársa na hÉireann.

An obair in aisce an troid le Gaeilge a dhéanamh ina teanga oifigiúil san Aontas Eorpach?

"...Mór mo náir:
Mo chlann féin a dhíol a máthair."

21.5.09

Toghcháin....Áitiúila is Eorpacha

Tá na polaiteoirí thar timpeall arís.

Bhí dream ó FG thar timpeall aréir agus d'fhágadar billeogaí ar son Thomáis Uí Laoi. Chuir sé iontas orm go raibh sé i nGaeilge mar níos luaithe fuareamar "Litir Um Thoghchán" ón bpáirtí cheanna ar son a iarathóirí Eorpacha - i mBéarla amháin a bhí sé.

Bé Tomás Ó Curraoin, Sinn Féin Poblachtacha a thug cuairt orainn ar dtús, timpeall coicíos ó shin. Fear lách, deas, dea bhéasach, Ní nach ionadh go bhfuil ag éirí go maith sna poballbreitheanna! Billeoig i nGaeilge aige leis agsu tugaim faoi deareadh go bhfuil na postaerí aige i nGaeilge chomh maith.

Nach dream aistach iad Fianna Fáil? Deireann an blagatheoir Concubhar Ó Liatháin is gá an cló bheag a léamh ar na postaeirí thar timpeall Conamara leis. Tá postaeirí Sheáin Uí Thuairisc agus Connie Ní Fhatharta i nGaeilge ach mo léan ní hamháin gur aithrigh Séamus Bhreathnach a shloinne go Séamus Walsh, ach tá na postaerí a chonaic mise go dtí seo i mBéarla amháin. Ní thuigim a dhearcadh nuair atá Séamus Breathnach sásta a bheith ar Bhoird an Údaráis agus Séamus Walsh ar an gComhairle Chontae. Meas tú cén fath nach James atá air ansin? Ar aon nós bhí Sán Ó Tuairisc thar timpeall i rith na seachtaine seo caite agus tá an billeoig acu in meascán de Gaeilge agus Béarla.

Sé Trevor Ó Clochartaigh, Sinn Féin, an ghníomhach ó thaobh na postairí de, Gaeilge ar fad agus ráitisí ag teacht amach go rialta ar a son. Tá postaeirí i nGaeilge ar son a iarrtheoir Eorpach, Mac Lochlainn, i nGaeilge leis.

Seosamh Ó Cuaig
Tá na polaiteoirí thar timpeall arís.
Maidir le suíomhanna idir líon na bPairtithe, tá Concubhar tar éis brú na cnaipe á lorg agus is bocht an scéal a léiríonn a iniucadh. Tá roinnt suíomhanna ná thug sé cuairt orthu, mar shampla laoch mór na Gaeilge son Eoraip, Seán Ó Neachtain is beag Gaeilge atá (nó a bhí) ar a shuíomh siúd. Ar ndóigh tá neart Gaeilge ar shuíomh Sheosaimh Uí Cuaig (ar dheis), agus beagáinín den Bhéarla tríd! Más Polainnis atá uait teir chuig suíomh Fhianna Fáil, an Páirtí Poblachtach!

Leanann an spóirt ar aghaidh!

19.3.09

Ní in Éirinn amháin...

Bain sult as seo!


Moncaithe ag damhsa! - Na físeán baile is fearr anseo!

Is cosúil go raibh ceol agus craic acu i ríocht na n-ainmhithe chomh maith ar an Máirt!

16.3.09

Troscadh


Uaireanta téim chuig "Tearmann", suíomh mhacnaimh na n-Íosánach, chun sos beag a glacadh. I rith na seachtaine seo tá an smaoineamh seo ann mar thús:

"Lá dá raibh, bhí dlithe eaglasta ann maidir le troscadh a shainigh go mion méid agus meáchan an ábhair a ceadaíodh do dhuine ag príomh-bhéile agus ag roisíní.

I mbéascna an lae inniu, níl mórán céille lena leithéid. Ach amháin seo: gurb é is cuspóir le troscadh anois ár saoirse phearsanta a chosaint agus a neartú in aghaidh nósanna sean-bhunaithe, cuid acu ina nósanna iteacháin, b'fhéídir, a bhaineann leis an iomarca a ghlacadh, nó gan a dhóthain, nó an cineál mícheart a ithe nó a ól, nó é a dheánamh rómhinic nó ró annamh. Gan tracht ar mhí-úsáid drugaí. Tá neart deiseanna againn fós na laetha seo chun dea-rúin a dhéanamh. Ach meabhraigh seo: ní leor dea-rún a chumadh, nó a scríobh síos i ndialann nó a leithéid. Déantar rud fírinneach de nuair a chuireann tú é i ngníomh."

Maidir liom féin tá an carghas nach mór "more honoured in the breach than in the observance!" Ach chuir an píosa seo ag smaoineamh arís mé!

15.3.09

Libertas nó saoirse?

Feicim go bhfuil Declan Ganley chun a ainm a chuir isteach le haghaidh ceann de na trí suíocháin atá sa cheantair Thuadh-Thoir don AE. Deireann sé go bhfuil sé chun cam chuairt a dhéanamh tar timpeall an toghceantair mór seo ó Thuaisceart Dhún na Gall go deisceart Chontae an Chláir.

Tá súil agam go mbeidh fáilte mór roimhe sna ceantreacha is mó Gaeltachta sa tír atá san toghlach. Is beag Gaeilge a bhí á úsáid ag a ghluaiseacht Libertas i rith reaifreann Liosbón. Seans go mbeadh níos mó meas aige uirthi nuaira atá céadtadán níos aoirde a úsáideann i ar bhonn laethúil?

Taobh amuigh de cheist an Gaeilge is docha go bhfuil an troid roimh an triúr atá an faoi láthair, go mór mór Seán Ó Neachtain, fear Fianna Fáil.

Feichimíd!

9.2.09

Ciarán Ó Con Cheanainn


Is mór an brón atá ar mhuintir Chois Fhairrge, agus ar Mhuintir Chonamara agus muintir na Gaeltachta agus na Gaeilge ar fúd an domhain.

Bhí séipéal An Chnoic lán go doras agus taobh amuigh ag fágáil slán le Ciarán Ó Con Cheanainn, an tamhráiní óg a cailleadh go tobann i rith na seachtaine seo chaite. Ní raibh sé ach 27 bliaina óg agus a saol roimhe amach, lán le ceol agus léann. Bé an tamhánaí is óige a bhuaigh Corn Uí Riaid, agus mar a dúirt Peadair Ó Riaida ar an Raidío ar an Aoine bé an céad duine de buathóirí an Chorn sin a cailleadh ó ainmníodh é.

Bhí daoine ó chuile áird ag an séipéal. Níor thuigeamar é. Ógfhear a raibh gealladh air, comh álainn, comh cneasta, scioptha uainn gan coinne!

Bhí na sagairt a bhí ag céiliúradh an Aifreann chomh brónach agus a bhí muid fhéin. Níor thuigeadar ach an oiread cén míniú atá le tubaist mar seo.

Ba bhreá an seanmóin a thug an Ath Micheál ag iarraidh miniú a fháil ar a tharla, ag iarradh sólás a thabhairt dá máthair, Brídín agus Máirín a dheirféar, a thabhair dúinn ar fad.

Togadh suas rudaí a bhain lena shaol ghearr ag an ofráil, bailiucháin amhráin, an bonn a fuair sé i mí Deireadh Fomhair seo caite ag an Oireachtas i gCorcaigh nuair a bhuaigh sé Corn Uí Riada.

Is beag duine nach raibh ag sileadh deora nuair a sheinneadh craoladh de Chiarán ag canadh "Contae Mhuigheó" ag an oireachtas agus ag rá "gura maith agaibh" ag a deireadh. Ba croíúil an bualadh bos a líon a séipéil ansin.

Ach ansin ag deireadh ar fad chan Máire Pheter, a bhíodh ag múineadh Ciarán a chuid amhránaíochta, amhrán gearr brónach. Más féidir liom na focail a aimsiú cuirfidh mé anseo iad.

Cuireadh Ciaráin i gcré na cille ag Reilig an Chnoic, in aice lena athair, Pádraic, a fuair bás cúpla blian ó shin.

Is beag duine nach raibh deor nó dhó á sileadh i rith an searmanais seo.

Tosnaíonn Conchubair Ó Liatháin, píosa ar a bhlag fhéin leis na focail.

Is é an cladhaire an bás a thagann
Go ciúin gan caint na teangan
Ar nós an taoide leathan
I gcuantaibh do shaol...

I measc na haingil atá Ciarán anois, ag ceoltóireacht do Dhia na Glóire. Go dtugadh an smaoineamh seo sólás dá chlann is dá mhuintir is dúinn go léir.


Omós do Chiarán i mBlag Alison Ní Dhorchaidhe
 

22.1.08

Go F.H.D 10/5/73

Fear gan radharc na súile
Fear gan úsáid na géaga
Gafa ag galar
galar tuilte i gceart
ag saol neamh réadúil a óige
Iochta anois le h-ús.

Fear mór cheoil
Ag lorg súile
ag lorg ghéaga
a fhaigheann iad tré ghrásta an neamh Dia ina gcreideann sé.
A ceol a scrí
a sheinnt
a mheas
a thabhairt don domhan ollmhór
nach dtuigeann
nach maitheann
agus dá bharr
nach mhaireann ach i gcead
an té úd
gan radharc
gan gluaiseacht
a chan "Amhrán an tsamhradh!"

26.9.07

28/2/1973

Bhí sé agam inné,
inniú b'fhéidir..
Táim cinnte de sin
.. nó 'bhfuil?

Damanta an ní é
dan a bheith caillte
a cheaptar gur maith é
gur filíocht é
- pé brí 'tá leis -
n'fheadair cá bhfuil sé.

Smaoiním ar chor fhocal as -
an focal sin 'rus' agur chiallíonn sé
síochán an té sin a bhfuil teach faoi,
nó ós a choinn.

Dán atá scríofa
ní féidir teacht arís air,
tá sé caillte.

Ach a Dhia, do thaitn sé liom.

20.9.07

22/2/73

Fearr dallta ar bhus,
caoch le h-ól,
ag iarraidh éalú
ón mbus nach stopfadh -
ón saol gan staonadh...

Fear óg,
ag stop an bus,
a chabhraigh an caoch,
a threoirigh é -
a stop an saol...

..'bshin grá.

17.9.07

M.H.V.H. 20/5/73

Mo bhuíochas leat a stór mo chroí
D'fhán tú liom go déanach
Inniú,
Inné,
Arú inné, agus deireann tú
Nach ort a ghoilean sé.

An seo an grá?
"Bheith leat i gcónaí."
Bím-se leat, gheammaim duit
Ar do thuras mór fada 'bhaile.
Is iobairt í
Is tuigim é
Is gráim thú dá bharr.

6.9.07

12-XII-1972

Creid nó ná chreid,
Tá díamont ar do lámh,
Comhartha mo ghrá,
Go saol na saol.

Breathnaím ort
Gliondar in do shúil,
Gliondar an íontas,
Dochreidthe,
Ceangalta.

Gráim thú a chroí,
A stór, a thaisce, a ghrá,
Gráim thú go bás.

4.9.07

Seán Ó Tuama

In eaglais na Triúr
Do chonaic do chónra
A Shean Sheáin Uí Thuama
Ridire and tsaoil.