22.5.09

Éire ar chúl...

Tá mé díreach tar éis billeog "Litir um Thoghcán" a fháil sa phost a chuireann íontas orm.

Is ó Phádraig Mac Lochlainn (Sinn Féin) é agus cé gur Gaeltacht an ceantair seo is i mBéarla atá sé - seachas ceann líne amháin - sop in áit na scuaibe!


"Sinn Féin - Putting Ireland First!" a deireann sé. N'fheadair! Tá suíomh idirlíon luaite ar an mbilleoig www.padraigforeurope.ie a léiríonn an meoin atá acu! Nuair a théann tú ann is i mBéarla atá sé ar ndóigh. Ach céard é seo tá nascín beag ann ar dheis "English/Gaeilge" agus árdaíonn sé do chroí go dtí go ngliogáileann tú é mar an t-aon rud a déanann sé ná an roghchlár a aistriú go Gaeilge ach fagann sé an bunábhar sa tSacs Bhéarla! Is cosúil go bhfuil dhá suíomh ag Sinn Féin ceann amháin(www.sinnfein.org) nach bhfuil Gaeilge ar bith air agus an ceann eile, i bhfad níos snasta www.ardfheis.com/ agus arís níl fiú an feach i dtreo na Gaeilge ann. Bhfuil fhios ag éinne cén ceann atá sealadach agus cén ceann atá oifigiúil?

Seo an dara billeog a fuair muid anseo atá i mBéarla, (fuaireamar ceann ó Fhine Gael cupla lá ó shin), agus seo an toghlach Eorpach le níos mó ceantair Gaeltachta ann ná aon cheantair eile. Léiríonn sé an meas atá ag Sinn Féin ar mhuintir na Gaeltachta, ar phoball na Gaeilge agus ar theanga ársa na hÉireann.

An obair in aisce an troid le Gaeilge a dhéanamh ina teanga oifigiúil san Aontas Eorpach?

"...Mór mo náir:
Mo chlann féin a dhíol a máthair."

No comments:

Post a Comment