Pages

10.12.24

An sliabh seacht stór....


Timpeall an am seo den bhliain fuair an tAth Louis, OCSO, manach bás tobann gan coinne. Tá níos mó aithne ar mar Thomas Merton (1915-1968). I rith na seachtaine fuair mé beart Cheartai Nollag ó na siúracha i nGleann Cairn. Istigh leis bhí carta le paidir a chum sé agus thaitn sé liom. Rinne mé (droch) aistriú ón Bhéarla de mar seo:

 

A Thiarna Dia,

Níl tuairim agam cá bhfuil mé ag dul.
Ní fheicim an ród atá romham.
Níl a fhios agam go cinnte cá bhfuil a chríoch.

Níl aithne orm féin, agus cé go gceapaim go bhfuil mé ag leanúint do thoil ní chiallaíonn sé sin go bhfuil mé ag déanamh amhlaidh.
Ach creidim go dtaitníonn leat 
go deimhin an fonn ionam chun tú a shásamh .

Agus tá súil agam go bhfuil an dúil sin agam i ngach a mbíonn ar siúl agam.
Agus tá dóchas agam nach ndéanfaidh mé aon rud go deo seachas an dúil sin.
Agus tá a fhios agam, agus mé á dhéanamh sin, go dtreoróidh tú mé ar an mbóthar ceart cé nach bhfuil aon eolas agam faoi.

Mar sin, beidh muinín agam asat i gcónaí cé go mbeidh an chosúlacht orm a bheith caillte agus faoi scáth an bháis.

Ní bheidh eagla orm, mar tá tú liom i gcónaí agus ní fhágfaidh tú mé ar mo phriacal féin liom féin.


Is cuimhin níos mó ná fiche bliain ó shin bhí mé i Louisville, príomh cathair Kentucky agus bhí seans agam do chuig Mainistir Gethsemani. Bhí seans paidir beag a rá ag uaigh Thomas Merton mar bhí chuid dá saothair léite agam agus mé óg - a dhírbheathaisnéis ina measc - a chuaig i bhfeidhm orm ag an am.


* Beatha & Saothar Thomas Merton (Béarla)


7.12.24

Spreacadh san iolar.

Bhí seoladh leabhar nua Rónán Mhic Con Iomaire ar an gCeathrú Rua ar an nDéardaoin seo caite. Ar ndóigh bhí slua mór i láthair idir óg is aosta ann. Bhí sean comrádaí a ghlach páirt sna himeachtaí atá mar ábhar sa leabhar. Bhí cuimhne maith ar imeachtaí áirithe agus dhírigh na scéaltaí ar imeachtaí a bhí darmadta acu.

B'oíche í a chuir siar ar bhóithre na smaointe mé féin chomh maith!

Is cuimhin liom féin chuid de na himeachtaí cé go raibh mé im chónaí i bhfad soir i mbruach baile na hArd Chathrach. Ach léigh mé píosa ag Deasún Fennell agus ghlach mé páirt ina a ghluaiseacht  Iarchonnacht '85 - Tarrainígí Siar! Bhíodh sé de nós agam tiomáint siar gach deireadh seachtaine go Leitir Móir le feabhas a chuir ar mo chuid Ghaeilge agsu ba mhinic a thiomáin mé siar go "Maoinis" mar a scríobh Fennel é goleath dairíre. Bhuail me le daoine eile sa ghluaisecht mar Seosamh Ó Cuaig, Pádraic Ó Con Cheanainn agus eile - daoine le Gaeilge mar a dteanga laethúil agsu a thuig a tabhacht. Ach ag an am céanna tá sé tabhachtach go dtuigtear nach gluaiseacht teanga a bhí ann ach gluaiseacht phobal 

Is cuimhin liom deanach oiche Sathairn i mí Iul 1967 go déanach le buíon beag i gcarr Thomáis Mhic Ruairí, beannacht Dé leis, le canna péinte duibhe "ag ceartú" comharthaí bóithre ó Bhearna siar go Carna. Nach íontach an rud í an óige?

I mBaile Átha Cliath bhí mé mar bhall de chlub Chaitlín Maud, An Bonnán Buí. Is ansin a bhailíomar ag scríobh cludaigh le teachtaireacht toghchánaíochta Pheadair Mhic an Iomaire 1969. Is cuimhin liom go maith Máirtín Ó Cadhain ag labhairt linn, ár ngríosadh agus ag caint ar an ríd a bhi romhainn. Is dócha gur luaigh sé chuile bhaile sa Dáilcheantair ina ainm cheart Ghaeilge.

Ní raibh seans agam an leabhair a léamh fós ach do thom mé  isteach anseo is ansiúd. Is cosúil go bhfuil stíl scríobhnóireacht simplí so léite ag an údar. Bhí sin soiléar ina leabhar "Rocky Ros Muc" chomh maith. Tá cumas nó acmhuinn faoi leith aige an léitheoir a mhealladh isteach sa scéal déarfainn. 

Tá breis is 400 leathanach sa leabhair agus nótaí ag a deireadh (Leabharliostaí, faoinse agus innéacs) a léiríonnn cé chomh díograsach agus a bhí sé.

Ag caint dó ag an seoladh thagair sé do thorthaí na Gluaiseachta, Raidío, Údarás, Comhairthaí boithre agus eile. Agus tá ceacht ann dúinn go léir:

"Ní ón aer a tháinig na rudaí seo. Tháinig siad ó agóidíocht, ó ghníomh agus ó samhlaíocht buíon daoine a thóg seasamh ar son a bpobal Gaeltachta agus a dteanga." Chríochníonn sé a leabhar le focail dóchais - "Tá spreachadh san iolar fós!"


*An Ghluaiseacht, Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta, - Rónán Mac Con Iomaire; Cló Iarchonnacht 2024; ISBN 978-1-78444-291-0