Bhí seoladh leabhar nua Rónán Mhic Con Iomaire ar an gCeathrú Rua ar an nDéardaoin seo caite. Ar ndóigh bhí slua mór i láthair idir óg is aosta ann. Bhí sean comrádaí a ghlach páirt sna himeachtaí atá mar ábhar sa leabhar. Bhí cuimhne maith ar imeachtaí áirithe agus dhírigh na scéaltaí ar imeachtaí a bhí darmadta acu.
B'oíche í a chuir siar ar bhóithre na smaointe mé féin chomh maith!
Is cuimhin liom féin chuid de na himeachtaí cé go raibh mé im chónaí i bhfad soir i mbruach baile na hArd Chathrach. Ach léigh mé píosa ag Deasún Fennell agus ghlach mé páirt ina a ghluaiseacht Iarchonnacht '85 - Tarrainígí Siar! Bhíodh sé de nós agam tiomáint siar gach deireadh seachtaine go Leitir Móir le feabhas a chuir ar mo chuid Ghaeilge agsu ba mhinic a thiomáin mé siar go "Maoinis" mar a scríobh Fennel é goleath dairíre. Bhuail me le daoine eile sa ghluaisecht mar Seosamh Ó Cuaig, Pádraic Ó Con Cheanainn agus eile - daoine le Gaeilge mar a dteanga laethúil agsu a thuig a tabhacht. Ach ag an am céanna tá sé tabhachtach go dtuigtear nach gluaiseacht teanga a bhí ann ach gluaiseacht phobal
Is cuimhin liom deanach oiche Sathairn i mí Iul 1967 go déanach le buíon beag i gcarr Thomáis Mhic Ruairí, beannacht Dé leis, le canna péinte duibhe "ag ceartú" comharthaí bóithre ó Bhearna siar go Carna. Nach íontach an rud í an óige?
I mBaile Átha Cliath bhí mé mar bhall de chlub Chaitlín Maud, An Bonnán Buí. Is ansin a bhailíomar ag scríobh cludaigh le teachtaireacht toghchánaíochta Pheadair Mhic an Iomaire 1969. Is cuimhin liom go maith Máirtín Ó Cadhain ag labhairt linn, ár ngríosadh agus ag caint ar an ríd a bhi romhainn. Is dócha gur luaigh sé chuile bhaile sa Dáilcheantair ina ainm cheart Ghaeilge.
Ní raibh seans agam an leabhair a léamh fós ach do thom mé isteach anseo is ansiúd. Is cosúil go bhfuil stíl scríobhnóireacht simplí so léite ag an údar. Bhí sin soiléar ina leabhar
"Rocky Ros Muc" chomh maith. Tá cumas nó acmhuinn faoi leith aige an léitheoir a mhealladh isteach sa scéal déarfainn.
Tá breis is 400 leathanach sa leabhair agus nótaí ag a deireadh (Leabharliostaí, faoinse agus innéacs) a léiríonnn cé chomh díograsach agus a bhí sé.
Ag caint dó ag an seoladh thagair sé do thorthaí na Gluaiseachta, Raidío, Údarás, Comhairthaí boithre agus eile. Agus tá ceacht ann dúinn go léir:
"Ní ón aer a tháinig na rudaí seo. Tháinig siad ó agóidíocht, ó ghníomh agus ó samhlaíocht buíon daoine a thóg seasamh ar son a bpobal Gaeltachta agus a dteanga." Chríochníonn sé a leabhar le focail dóchais - "Tá spreachadh san iolar fós!"
*An Ghluaiseacht, Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta, - Rónán Mac Con Iomaire; Cló Iarchonnacht 2024; ISBN 978-1-78444-291-0