24.7.21

"Tá sé ag smaoineamh!"


Bhí sé de nós agam dul chuig na pictiúirí nuair a bhí mé óg sna seascadaí. Is cuimhin liom go raibh scannán faoin tSualainn agus bhí eolas faoi Teach na nAosach ann. Chuir sé isteach orm gur fágadh na seandaoine seo san sean teach - Teach na nEilifeant mar leas ainm. Scríobh mé dáinín beag faoi ag an am agus chuir mé ainm "Swedan, Heaven and Hell..." air. Ait go leor is cosúil gur tár éis tamall a caitheamh sa tSualainn a tháinig an athrú ar dhearcadh Dheasún Fennell ar fhealsúnacht an iarthair - mas féidir fealsúnacht a thabhairt air; Fealsúnacht an saoltaí; Fealsúnacht an dí-eaglaisí.

Deasún Fennell 1929-2021
Roinn mé leabhrán dá chuid ar líne sa bhliain 2016  nuair a fuair mé cead uaidh leabhrán dá chuid (Iarchonnacht Began) a roinnt ar líne. Scríobh mé roinnt faoi conas ar chuir mé aithne air an bhfear tréna chuid scríobhnóireachta faoin gCríostaíocht i bhfoisichán na nDoiminiceach, Doctrine and Life. Taitn a bhí á scríobh aige ansin lion, a dhearcadh ar an gCríostaíocht ag an am sin, díreach tár éis Comhairle na Vatacáine (1962 - 1965).

Bhí dhá rud tabhachtach i mo shaol ag an am sin - an creideamh Chriostaí agus Éire. Tá siad fós tabhachtach. Mar sin nauir a thosaigh sé ag scríobh san Irish Press bhí íontas orm gur as croí lár na Gaeltachta a bhí sé ag scríobh. Scríobh mé chuige agus thug mé cúirt air roinnt mhaith uair ag plé cúrsaí. Bhí fáilte mór ag a bhean Máire Troy romham i gcónaí .

Ba réabhlóidí é gan aon amhras. I cuimhin liom go litrigh sé ainm na háite ina raibh siad lonnaithe, Maoras, caoch súile i dtreo fir an leabhair dhearg!

Chuala mé a iníon Kate Fennell ar an Raidío ag caint faoin a chuid smaoineoireachta - bheadh cuaiteoirí chuig an teach le labhairt leis agus bhí ar Mháire a rá leo, "Tá sé ag smaoineamh!" Bhí píosa deas scríofa ag Seosamh Ó Cuaig ag tús na seachtaing ar "Deasún Fennell, a chara na gcarad!" nach deas sin. Ar na cuairteanna chuig a teach aige bhíodh seiseann ag lorg mo chuid tuairimí b'fhéidir níos mó nár a bhí mise ag lorg a chuid smaointe féin. Bhí mé páirteach sa ghluaisteacht Iarchonnacht 85 agus bhí mé ag fiosrú ar chonas gnó a thosú thiar ag an amm. I ndairíre níor éirigh liom dul siar go dtí 2001 ach is dócha go raibh mé ró shean faoin am sin le rud fiúntacha a dheanamh ann.

Is cuimhin liom é ar chláracha cainte teilifíse leis a phíopa agus a smaointe faoi ionsaí ag cainteoir eile agus ní dhearna sé ach gal ar a phíopa. Bhí sé beasach i gcónaí agus ni labhródh sé nuair a thug an cathaoireleach cead dó. Ach ag an am céanna bhí tuairimí docht aige agus ní raibh sé sásta géilleadh don status quo riamh. Táid ann a deireann gur "Solzhenitsyn na nGael" é! 

Is beag teangabháil a bhí agam leis ó tús na seachtóidí - bhí timpist agam i 1971 i nGaillimh agus thug sé cuairt orm i agus mé san oispidéal ruda narbh gá dó a dheanamh ach ba mhór dom a chuairt.

Chuaigh an saol ar aghaidh ach níor chaill mé an creideamh in an-cuid dá chuid smaointe go mó mór an "Bundessache" - tabhacht dílárú agus an pobal.

Beidh an chomhra aige lena chomh-fealsúnaithe go sioraí.

An rud is truamhéalaí faoi imeacht Deasún Fennell ná nach bhfuil níos mó daoine, intleachtóirí, ag léamh a chuid tuairimí. Tá an iomarca ag sodar nó ar chosa in airde i ndiaidh fhealsúnacht an saoltaí, an dí-eaglaisí, go mór mór ó tíortha eile agus i mBéarla. Má tá duine míshásta le treo náisiún na hÉireann ní fhéadfadh sé níos fhearr na scrúdú ar shaothar an fhir seo. Dúirt Uachtarán na hÉireann: "Níl amhras ar bith orm ach go mbeidh inspioráid le fáil go leanúnach óna oidhreacht agus óna fhiosracht."

Tá súil agam go bhfuil an ceart aige!

ÓMÓS: ‘Tabharfar siar go Maínis thú, áit a gcaoinfear thú go hard’ – slán fágtha le Desmond Fennell, mórsmaointeoir Gaelach (Tuairisc.ie 19/7/2021)

No comments:

Post a Comment