Showing posts with label An Bhreatain Bheag. Show all posts
Showing posts with label An Bhreatain Bheag. Show all posts

7.5.23

An pus ceannann céanna...

Chuir an hoopla thoir ar an dtaobh eile den Mhuir Meann turas rinne mé leis an Réalt ar Mhachynlleth na Breataine Bige sa bhliain 1969.

Sa bhliain sin bhí searmanais ann le Séarlas Windsor a infheistiú mar Prionsa na Breataine bige. Ar ndóigh bhíodar ann nár thaitn sin leo ach bhi an chuid de muintir na Breataine Bige lán sásta leis cé gur bhain an áit sin le Prionsa Breatnach, Owain Glyndŵr, sa triú aois déag. Bhí teach pairlimint aige ann sula bhfuair na Sasanaigh an lám in uachtair air. Pé scéal é bhí na bratacha amach ar na sráideanna agu pictiúirí den lead bocht sa fuinneoga.

Bhí sagart linn, An tAth Diarmuid Ó Laoghaire, Íosánach, linn agus muid ag siúl ar an bpríomh Sráid (Heol Maengwyn), dúirt sé, "Feicim an pus ceannann céanna ag breathnú amach as chuile fhuinneoig!"

Bhíomar ag dul chuig an séipéal Caitliceach le buaileadh leis an ságairt paróiste. Agus muid ag caint leis, Sasanach ar ndóigh, dúirt sé, an Sagart Paróiste, go díspeagúil,   Níl fhios agam cunas ar choimead an tAth Diarmuid a bhéal dúnta!

Bhí amhrán aoir ar Séarlas mar 'Prionsa na Breataine Bige", ach ach nach raibh tada Breatnaise faoi a rá ag Dafydd Iwan, ag an am. Ar ndóigh cheanaigh mé cóip de agus tá sé againn fós - áit éigin

Ymunwch yn y gan, daiogion fawr a man O'r diwedd mae gynon ni 'Brins' yn ngwlad y gan.
(Canaimís mar sin, idir sean is óg Faoi dheireadh tá ‘Prionsaí’ againn i dtír na n-amhrán)

5.8.19

Tiomsú ón mBreatain Bheag!

Bhí aithne agam ar an Ath Diarmuid Ó Laoghaire agus mar sin bhí spéis agam an leabhair seo a léimh.

Mise agus an tAth Diarmuid ag
Leabharlann Náisiúnta na Breataine Bige, 

Aberystwyth1968
Ba saineolai ar na teangacha ceiltecha é agus Breatnais ar a thoil aige. Is minic a bhí mé ag aifreann (yr Offeren) á céiliúradh aige sa teanga sin. Is cuimhin liom an íontas agam go raibh an ainm ar Chéiliúradh Eocairisteach mar a bhí againne agus chomh diffriúil ó n chuid tíortha eile - Mass (be), Messe (de & fr), di massa (it), Missam (laid). Bhí mé ag turas le muintir An Réalt i Machynlleth na Breatiane bige leis sa bhlian 1968 nuair a bhulai me don gcéad uair leis an fear séimh ard seo.

Ach thár n-ais chuig an leabhir beag seo - Glór ár nGaolta a thug sé air agus bhuaigh sé duais aistriúcháin ag Oireachtas 1992. Is cnuasach ghearr scéalta "na linne seo" a scríodh sa Bhreatnais ar dtús. Tosnaíonn sé le mion-bheathfhainéis na n-údar agus tá idir cainteoirí dhúchais agus daoine a fhoghlaim í níos deanaí ann.

Tá meascánn ceart de scéalta ann, chuid acu a taitn go mór liom cuid eile nár taitn.

Ceann díobh a bhí faoi ceannt ar throscáin comharsa a bhí tár éis bháis. Sceal daonna go leor, muintir na comharsanachta ag dul tré stuif Mrs Huws. Bean a bhain "le scata a labhródh Béarla i gcónaí, bíodh gur fearr a bhí an breatnais acu.." Tá cur síos ar an gceannt féin a léiríonn pearsantacht na daoine atá ag tairiscint ann. Agus ansin ag smaoineamh ar a tharlódh nuair a faigheann siad fhéin bás agua cad a thárlódh len a gcuid stuif fhéin nach féidir a thabhairt isteach san uaig leo! (Ceant & Cait le Kate Roberts).

Mise ag léamh Glór na nGaolta! (2019)
Tá mé ag fás! (#Léinín)
Tá scéal eile a thaitn go mór liom. Y Llythyr (An Litir) le R. Gerallt Jones. Tá Breatnach óg as ceantair Breatainaise (samhlaigh Ceantar Ghaeltachta) ag dul chuig scoil chónaithe don chéad uair. Ta an scoil i Sriúsbraí i Sasana - timpeal cúig ciliméadar nó mar sin ó teorainn na Breataine Bige. Tá cuir siós ar a thuras sa traen mar a bhuaileann sé le daltaí na scoile chéanna ach tá Béarla cu siúd agus Béarla i bhfad níos fearr ná an Béarla a bhí aige féin.

"Céard é seo?" a deireann duine amháin acu.
"Welshie...can't understand a word of English!"
"Bloody hell fellers, we'll have some fun with this when we reach there!"

Ní raibh cúrsaí níos fear sa scoil bhí bean "ina seasamh chomh díreach le saighdiúir.. bean mhísciamhach, hata clúimh ar a ceann, a béal ina shnaith díreach teann trasna, bata siúil caol dubh ina lámh." Labharann sí leis an mbuachail óg, "Are you Jones?"

"Is mise Joni Jones, Missus" a deireann sé. "Well from now on you will be Jones, Jones J. We don't like names like Johnny at school do we? And nice little boys don't say Missus, Jones. My name is Miss Danby..."

Tá sé soiléir nach dtaitníonn an áit leis idir eagla agus dímheas na múinteoirí ar a thír féin agus ar ndóigh caighdeán an bhia ann agus leaba chrua! Ar an nDomhnach bíonn ar na daltaí litreach a scríobh abhaile deireann an Máistir leo scríobh go bhfuil siad go maith... agus scríonn ár Joni abhaile a rá go bhfuil sé OK, gur shroich sé an áit, go bhfuil an an áit agus an bia an-deas agus go bhfuil sé ag súil leis na laethanta saoire...

Is cosúil go bhfuil sé gafa leis an gcóras.

Tá sé scéalta déag sa chnuasach seo agus is spéisiúl iad a léamh le comparáid a dheanamh ar saol agus dearcadh ár nGaolta i gcomparáid lenár saol is dearcadh féin.

• Glór ár nGaolta, Diarmuid Ó Laoghaire SJ a d'aistrigh; Coiscéim a fhoilsigh 1992



• Seans go mbeidh spéis agat sa píosa seo chomh mhaith: Comharsa béal dorais! 

17.11.18

Comharsa béal dorais!

Ein hiaith, ein gwlad, ein cenedl!

Is cuimhin liom go maith a chéad uair a thug mé cuairt ar an mBreatain Bheag. Is le dream daoine sa Réalt a bhí mé agus d'fhánamar i mbaile i lár na tíre, Machynlleth. Bhí eaglais de chuid Ord Na Slánaitheoraigh ann agus bhuaileamar leis an sagart a bhí i bhfeighil agus ní déanfidh mé dearmad go deo ar a dúirt sé linn, "The people here are incurably Welsh!" Ar ndóigh Sasanach a bhí ann!

Thóg mé leabhair amach le deanaí. Channaigh mé ag an am sin ach níor léigh mé go dtí anois é. Is leis an tAth. Pádraig Ó Fiannachta "Comharsa Choimhthíoch," leabhair bheag (80 llch nó mar sin) a foilsíogh ag FÁS i 1957 atá ann. Agus é ina shagart óg caith sé seal thoir sa tír sin agus seo cúntas anseo ar a fhoghlaim sé faoin náisiún agus muintir agus ar ndóigh a dteanga.

Tá cuir sos aige ar stair na tíre - an chuid de nach raibh ar eolas agam. Tá béim faoi leith aige ar chúrsaí chreidimh ar ndóigh agus ar na fáthanna nach ionann an creidimh atá acu ansin agus atá ag Sasana. Mar in Éirinn d'fhán an chos mhuintir dílis don sean chreidimh le linn aimsire an Athrú Chreidimh. Bhí líon mairtíreach ann mar againne. Tá duine amháin acu, Risteard Gwynn a maríodh i Wrecsam (15 Deireadh Fomhair 1584) le na focail "Iesu, trurarha wrthyf!" (A Íosa déan trócaire orm) ar a bhéal. Canónaíodh é ag an bPápa Pól VI sa bhlian 1970.

Ar chúiseanna éagsúla a mhníonn sé sa leabhair fágadh na gnáth daoine gan sagairt agus cé go raibh an Eaglais Gallda ann ó Shasana níor raibh ach Bearla acu san. Ní go dtí gur tháinigh na Neamhaontaigh agus na Módhaigh istig ann tháinig borradh chreidimh ann mar do labhair siad i dteanga na daoine agus rinneadar an Bíobla a aistriú. Mar sin scaip eolas ar léitheoireacht i mBreatnais i measc na daoine. Mar aon leis sin spreagadh amhránaíocht agus níos deanaí fás ar ghluaiseachtí eile culturtha. Mhair cuid de na sean nósanna chomh maith - Nosen Lawen (céilithe) agus penellion (Amhránaíochta speisialta dúchasach).

Tá béim ar leith aige ansin ar ath-fhás an Eaglais Caitliceach arís ann mar a bheithfeá ag súil. Bhí tabhacht nach mór ar na hÉireannaigh a tháing ann le hobair sna mianaigh. Thosaigh é seo aimsir an Ghorta Mór agus ina dhiaidh.

Sa caibideal deireannach "É seo agus é siúd!" tógann sé ar thuras ó Eryri (Snowdonia) & Yr Wyddfa, ó tuaidh, an sliabh is airde sa tíre thar timpeall an chósta ó dheas chomh fada le Caerdydd an príomh chathair agus soir uaidh.

Leabhair an spéisiúl é seo mar scríobhad é sular thosaigh an gluaiseacht láidir Scoile Bhreatanachta - ar a bhfuil na Gaelscoileanna in Éirinn bunaithe. Bhí an teanga faoi ionsaí, mar atá fós, agus mar sin bheadh spéis ag na Gael ann mar leabhair.

Ach thár rud ar bith eile tá an manadh "Ein hiaith, ein gwlad, ein cenedl!" le cloisint sna leathannaigh seo. (An teanga, an tír, an pobal!)

Cymru am byth!
Y Ddraig Goch