Showing posts with label Faisean. Show all posts
Showing posts with label Faisean. Show all posts

9.7.10

Cad é an difríocht?

Is mallacht mór í an galar ailse.

Deirtear linn go bhfuil mór bhaint ag caitheamh tabac leis an galar ailse. Tá feachtaisí móra ag iarraidh ar dhaoine deireadh a chuir leis an nós sin chun stop a chur le leathnú an ghalair seo. Tá dlithe in an-chuid tíortha le cosc ar an méad áiteanna in ar féidir tobac a caitheamh. Is féidir cúrsaí traenála fháil chun cabhrú leat éirí as an nós. Tá na feachtaisí seo go léir béimithe ar athrú stíl maireachtála, an stíl marachtála a deireann go bhfuil sé faiseanta tobac a caitheamh. Féach mar shampla ar an feachtas sa bhFrainc a lúann Áine ina blag faoin dtideal “Sclábhaí nó Saorthoil?” le déanaí.

Is mallacht mór í an galar SEIF (siondróm easpa imdhíonachta faighte).

Níl amhras ar chonas a faightear an galar seo. Agus cad é an lagheas a moltar? An bhfuil feachtas ar bith ann a mholann athrú ar ár stíl maireachtála? Bhfuil éinne ag moladh gan gnéas a bheith agat le héinne seachas do phairtnéir fhéin? Bhfuil cúrsaí ann? Cad é an t-aon moladh atá go foirleathain ann?

Coiscíní!

Nach ionann san agus “tips” a chuir ar toitíní. Ní stopann sé an plá. Ní laghdaíonn sé an plá fiú. An féidir le héinne a cruthú le figiúirí go laghdíonn úsáid coiscíní tarliúint an galar úafásach seo. Tá said comh héifeachtach agus atá na tips ar toitíní.

Tá fianaise áfach go bhfuil toradh ar fheachtais a mholann athrú stíl maireachtála daoine tré stopadh a chuir le caitheamh tobac agus tarlú ailse. Creidtear é seo go foirleathan.

Tá fianaise ann go bhfuil toradh ar fheachtais a mholan athrú stíl maireachtála daoine tré stopadh gnéas le iolrach paitnéirí ar tharlú SEIF. Ní creidítear é seo go foirleathan.

Tuige an difríocht? Tá sé soiléar nach féidir le duine SEIF a fháil gan gníomhaíocht ghnéasach. Níl mé ag rá nach bhfuil éifeacht ar bith leis na coiscíní céanna sa troid i gcoinne SEIF ach tá mé ag rá go bhfuil sé mícheart an béim iomlán a chuir ortha. Agus cinnte tá galar gnéas-tarchurtha eile nach bhfuil éifeacht ar bith ag coiscíní ina gcoinne!

Ag deireadh a phíosa déanann Áine athfhriotal ar bhlag Phatrick Hayes. (Béarla) : “To buy into the claim that we cannot control ourselves is to shun responsibility for our own personal choices.’?

Sea go deimhin!

Ar eagla go ndéarfadh duine gur féidir le mí-úsáideoir drugaí go hinfhéitheach an SEIF a fháil tuigim san agus tuigim go bhfuil feachtaisí ann chun daoine a scoitheadh ó na drugaí níl na feachtaisí béimithe ar SEIF leis féin. I dtaobh na feachtaisí SEIF deirtear gan snaithid salach a úsáid. Díreach an pointe atá á dhéanamh agam.

2.12.09

Don Nollag?

Nóta ó Ghearóid

Sé Gearóid Ó Murchú Spailpín Fánach Gaeltacht Chonamara. Tá a siopa cáiliúil lonnaithe ar an Spidéal ach deineann sé an-chuid gnó anois ar fud an domhain. Fuaireamar litir uaidh le déanaí!

"Mar chustaiméir rialta nó mar dhuine a léirigh spéis in ár siopa Gaeltachta tré shíniú ar ár liosta ríomhphoist, cheap mé go raibh sé in am againn tú a chur ar an eolas faoin rogha iontach atá ag An Spailpín Fánach i mbliana.

B'fhéidir go bhfuil sé tugtha faoi deara agat go bhfuil éadaigh spraoi le manaí Gaeilge go mór sa bhfaisean na laethannta seo. Muide a thosaigh é ar fad ar ndóigh ach le deireanas chabhraigh na meáin go mór linn ...leithéidí Des Bishop agus "Léimigí thart" agus Carlsberg lena gcuid "Cácaí Milse" agus i mbliana Barack Obama agus "Is féidir linn"

Bhuel tá siad seo ar fad againn, agus tuilleadh ar t-léinte agus cochaill fíor-fhaiseanta. Is breá le hóg agus aosta iad.

Beidh siopa An Spailpín Fánach ar oscailt chuile lá as seo go Oíche Nollag agus ba bhreá linn castáil leat. Ar ndóigh má tá cónaí ort i gCathair Saidhbhín nó i Sydney b'fhearr cuairt a thabhairt ar ár siopa Gaeltachta ar-líne.

Tá réimse iontach againn (do pháistí agus daoine fásta), praghasanna réasúnacha agus seirbhís an-scioptha. Tá leabhair, foclóirí, agus ceol againn chomh maith.

Más thar lear atá tú, b'fhearr ordú chomh luath agus is féidir. Is féidir linn linn deighleáil le hordaithe in Éirinn suas go cúpla lá roimh Nollaig. Seol d'ordú tríd ár slán-shuíomh gréasáin nó más fearr leat, glaoigh orainn ag +353 (0)91-553343."