Showing posts with label Imeacht. Show all posts
Showing posts with label Imeacht. Show all posts

12.8.14

Clár Fhéile na bhFlaitheartach! 30-31 Lúnasa 2014

Ag comóradh Tomás agus Liam Uí Fhlaithearta!


Dé Sathairn 30 Lúnasa 2014
10.30 Fágfaidh an bád farantóireachta Ros a’ Mhíl ar a bealach go Cill Rónáin.

11.15 Sroichfidh an bád Cill Rónáin. Beidh bus ar fáil taobh amuigh den oifig turasóireachta le daoine a thabhairt go Killmurvey House (beidh costas réasúnach le n-íoc).

12.30 - 2.00 Kilmurvey House.
(Beidh tae agus caife ar fáil le ceannach.)

Osclóidh Cathaoirleach Chumann Liam agus Thomáis Uí Fhlaithearta, Seosamh Ó Cuaig, an scoil.

THE BRUTAL TRUTH, THE SLAUGHTER OF THE POOR:
Léacht i mBéarla ó Theo Dorgan, file, scríbhneoir, eagarthóir, aistritheoir, láithreoir cláracha ealaíona agus ball d’Aosdána.
Caithfidh Theo Dorgan súil ar an gCéad Chogadh Mór agus scrúdóidh sé téamaí atá i scríbhinní Liam Uí Fhlaithearta, go háirithe ina úrscéal, “The Return of the Brute”. Beidh díospóireacht ann ina dhiaidh.

2.00 Lón ar fáil i mbialanna in aice láimhe.

3.30 Bus ar fáil go dtí uaigh Thomáis Uí Fhlaithearta i gCill Éinne. (Táille le n-íoc)

4.00 Cuimhneachán ag uaigh Thomáis Uí Fhlaithearta.

• Caint ghearr ó Sheosamh Ó Cuaig.
• Léifidh Fionnghuala Ní Choncheanainn sliocht as leabhar Thomáis, "Aranmen All."
• Casfaidh Déirdre Ní Chonghaile ceol ar an veidhlín.
Treasa Ní Mhiolláin amhrán.

8.00 Árainn ar an stáitse.
Léifidh Aisteoirí Chois Fharraige an t-aon dráma a scríobh Liam Ó Flaithearta, "Dorchadas." I Scoil Fhearann an Choirce a bheas sé sin . Beidh díospóireacht ann ina dhiaidh.

Dé Domhnaigh 31 Lúnasa

12.00. Léacht Tí Joe Mac i gCill Rónáin
Páipéar deirenach Thomáis Úi Fhlaithearta: 
Léacht ó Éamon Ó Ciosáin as Ollscoil Mhaigh Nuad. Tabharfaidh Éamon cuntas ar na haltanna a scríobh Tomás sa nuachtán radacach Gaeilge “An t-Éireannach” 1934-37.

Beidh díospóireacht ann ansin faoi cheannas Sheosaimh Uí Chuaig faoin dteideal “Mícheál Ó Maoláin –ceardchumannach as Árainn.”
Déantóir scannán agus craoltóir é Seosamh Ó Cuaig.

Táille na Scoile: 
€3.00 ar gach imeacht aonair,
€10,00 ar na himeachtaí ar fad;
in aisce do bhaill a bhfuil a dtáille ballraíochta reatha íoctha acu.
Fógrófar a mbeidh le n-íoc ar an gcóras iompair níos deireanaí.

Beidh lón ar fáil i mbialanna in aice láimhe.

Seolfaidh an bád farantóireachta ar ais go Gaillimh ag 5.00pm agus ag 6.30pm
Tuilleadh eolais: Seosamh Ó Cuaig 087-2194247

12.2.13

Léacht: Teilifís & twitter!


Tá cúrsaí teilifíse ag athrú go tapa le seirbhísí ar líne ag athrú an gaol idir an lucht féachana agus na cláir atá á gcraoladh. Sa chaint seo, eagraithe ag Foras Gnó na hÉireann, labhróidh Diarmaid Mac Mathúna faoi na dúshláin agus na deiseanna atá á gcruthú do chomhlachtaí. Úsáidfidh sé samplaí ó chláir ar nós Bród Club (Dhá Theangach) le Bernard Dunne chun na deiseanna don Ghaeilge a phlé freisin.

Is léiritheoir físe é Diarmaid Mac Mathúna a bhíonn ag obair ar an teorainn idir cúrsaí teilifíse agus gréasáin shóisialta ar líne. Oibríonn sé leis an gcomhlacht físe Agtel, agus i measc na cliaint aige tá RTÉ, an HSA agus KBC. Chruthaigh sé GaelSpell freisin, rud a thugann saineolas faoi leith dó ar chúrsaí teicneolaíochta agus saol na Gaeilge.

"Teilifís agus Twitter: Gréasán nua agus Gréasán Gaelach?"
le Diarmaid Mac Mathúna

19:30, Dé Déardaoin, 7ú Márta 2013
Cumann na nInnealtóirí, 22 Bóthar Cluaidhe, Baile Átha Cliath 4
Fáilte roimh chách, saorchead isteach.

Beidh an léacht craolta ar an ngréasán. Chun clárú chuige sin,
bain úsáid as an nasc seo.