Showing posts with label Marion Gunne. Show all posts
Showing posts with label Marion Gunne. Show all posts

21.1.16

Marion Gunn ar slí na fírinne!


"Is oth liom a rá libh go bhfuil ár Mharion Gunne ar slí na fírinne!" Teachtaireach lom gan coinne i mo bosca phoist anocht.

Ní raibh mórán aithne agam uirthe ach ar-líne. Rinne sí neart obair ar son na teanga agus bhí sí sáite in leagan Ghaeilge Cláracha Microsoft agus eile trén chomhlucht EGTteo.

Thug sí cead domsa trí chin dá cuid dánta a fhoilsiú ar an mblag seo.

Ceann a scríobh sí ar bhás Stephen Gately. (2009)

"Is cuma cad a deir siad
Maidir le beart is briathar
Is cuma faoina dteagasc
Linne an lá sa deireadh thiar..”

Ceann eile ar an dtubaist ar Bhothar Ghleann na Muc i mí Deireadh Fomhair 2015.

agus "Suantraí an tromluí" a scríodh i 2010 agus atá oiriúnach don lá atá inniú ann

"Tá an phoblacht sin coigistithe is Gaeil ag guí
go seasfaidh seantír ár n-aislingí,
gurb ionann í agus Éire mo chroí.”

Ar dheis Dé go raibh sí.

• Tá píosa deas scríofa ag Aonghus Ó hAlmhain futhi a thugann eolas ar an obair a rinne sí i gcúrsaí ríomhaireachta agus cló agus ar a socraid: Marion Gunn: Cloch ar Charn.

20.10.15

"Deichniúr marbh ó aréir!"

Dán scríofa ag Marion Gunne faoin dtubaist a thárla i gCarraig Mhaighin 10/11 Deireadh Fomhair 2015.

Mairgne ar an 10 de lucht siúil na hÉireann a d'éag an tseachtain seo i mo cheantar féin (Dún Laoghaire-Ráth an Dúin), go ndéana Dia grásta orthu, is go dtuga sólás dá maireann dá muintir.

Deichniúr marbh i ndóiteán na hoíche aréir
i mbachlainn gheal Dé go gcastar iad
mar ní móide clos trácht tharstu thar sáile
is do-gooders abhus ag díriú ar chúrsaí eile
ag soláthar bheith istigh agus fáilte
do dhaoine nach dá muintir féin
droim láimhe acu do lucht cónaithe
ar an dealús ar bhéal dorais acu féin
i mbotháin neamhbhuana shuaracha
agus ar thaobh lom an bhothair mhóir
mar an leanbh sé mí d'aois a loisceadh
mar na clanna iomlána de mhuintir misli
a dódh ina mbeathaidh faoi chom oíche aréir
mar ár ndeichniúr marbh.
Marion Gunne 

Beannacht Dé ar anamnacha na marbh! Aiméan!

25.11.10

Suantraí an tromluí


Le Marion Gunn

An phoblacht a cailleadh sna geallchluichí
Féile Mhíchíl a n-imeartha i gcoim na hoí’:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

Poblacht a shaoraigh baincéirí
as sáinn nár tháinig sí féin aisti:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

Poblacht nach daonlathas a thaobhaíonn sí
ach gabhaltais bheaga mar ríocht Chiarraí:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

An phoblacht a ghlac iasacht scillingí
ó rídhamhna uasal Liam óg Buí:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

An phoblacht a caitheadh i dtraipisí
gan uachtarán tofa, le rialú gan bhrí:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

An phoblacht a chaill a náire is a slí,
a thug cúl le Dev is le Connolly:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

Tá an phoblacht shlecht ghlas níos gearmánaí
ná bratwurst lofa na neascóidí:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

Tá an phoblacht mar cheantar tástála buamaí
airgeadais i dtrialacha an ECB:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

An phoblacht a scaoil uaithi na hacmhainní
ó bharr go bun a farraigí:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

An phoblacht a threascair Teamhair na Rí,
beag beann ar shinsir ná ar lucht sí:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

Tá poblacht an rachmais ag imeacht le gaoith,
agus fuílleach a maoine ag lucht na faillí:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

Tá an phoblacht sin coigistithe is Gaeil ag guí
go seasfaidh seantír ár n-aislingí,
gurb ionann í agus Éire mo chroí.


12.10.09

Scéal brónach

Bás amhránaí óg eile

Fuarthas coirp Stephen Gately ar an Sathairn. Ni raibh sé ach 33 bliain d'aois.

Ní raibh aithne agam ar. Is beag eolas atá agam ar a shaol ná ar a chuid cheoil. And t-aon rud a bhí ar eolas agam faoi ná go raibh claonadh aige i dtreo na fír. Bhí sé aerach!

I cosúil gur duine tarraingteach, ciúin, béasach a bhí ann. Is cinnte go raibh cion mór ag a phobal air.

An céad smaoineamh a bhí orm nuair a chuala mé an scéal ná a aois, 33 bliain. An aois céanna a bhí ag ár shlánaitheoir nuair a básíodh é. Spéisiúil mar smaoineamh.

Níl cead agam, ní cheart dom , breithiúnas a thabhairt ar roghanna saoil aon duine. Tá go leor le deanamh agam le mé fhéin a choimeád ar an mbóthar ceart. Ach tá daoine ann a déinfidh cáineadh ar a bhfear seo agus ar na roghanna a rinne sé. Seans nach bhfeiceann siad an béama atá ina súil féin.

Tá súil agam go raibh saol sásúil ag Stephen Gately. Go raibh tioncar maith aige ortha siúd a bhuail leis i rith a shaol gairid. Tá súil agam leis go mbeidh sólas ag a fhear. Cé nach dtuigim an cineál sin gaol idir beirt den gnéas céanna is cosúil go raibh grá doimhin idir an bheirt seo. Agus ní peaca an grá.

Ar dheis Dé, go raibh sé, go gcánadh sé leis na haingil i gcuideachta lucht an ghrá mar mar a deireann an soiscéalaí is é Dia an grá. Go mbeadh an Dia céanna ina shólás agus ina dhídean dúinn go léir.


Seo Amhrán do Stiofán scríofa ag Marion Gunne a deireann "gan choinne a tháinig éirim an amhráin sin chugam le moch maidine inniu!"(16/10/2009)
(Fonn: “No Matter What” le Boyzone)


Curfá:
Is cuma cad a deir siad
Maidir le beart is briathar
Is cuma faoina dteagasc
Linne an lá sa deireadh thiar

Meabhraimis fios ár mbealaigh
Más cogadh ann de shíor
Meabhraigh an rud is tábhachtaí
Mar atá, duit féin bí fíor

Seasaim leis an rud is ceart
Dar liomsa, seachas cách,
Bíodh saol fada ann nó gearr
Sealbhaím an grá go brách

Dá mb’ionann gol is gáirí
Dá mb’ionann oíche is lá
Dá mb’ionann fáil is iarraidh
Chloisfimis guth Dé a rá


Curfá

Is mé do choimhde is do sciath
Is cumhachtaí tú dá chionn
As áit nach léir ach fásach
Tig aisling úr anonn
Pé ceannasaí a leanann siad
Pé áit a bhfuil a dtriall
Pé breith a thugaid orainn
Bainfeadsa an t-uaigneas díot
Más doineann nó más soineann dúinn
Más olc nó maith ár scéal
Is cuma cad is críoch dó
Ó chuir tú tús lem shaol

Cas amhráinín do Stiofáinín
Glac leis an saol go réidh
Ar ndóigh, ar ndóigh,
Beidh an grá ann amárach
Díreach mar a bhí inné
Is cuma cad

Foilsithe le caoin chead ó Marion Gunne