Pages

10.12.24

An sliabh seacht stór....


Timpeall an am seo den bhliain fuair an tAth Louis, OCSO, manach bás tobann gan coinne. Tá níos mó aithne ar mar Thomas Merton (1915-1968). I rith na seachtaine fuair mé beart Cheartai Nollag ó na siúracha i nGleann Cairn. Istigh leis bhí carta le paidir a chum sé agus thaitn sé liom. Rinne mé (droch) aistriú ón Bhéarla de mar seo:

 

A Thiarna Dia,

Níl tuairim agam cá bhfuil mé ag dul.
Ní fheicim an ród atá romham.
Níl a fhios agam go cinnte cá bhfuil a chríoch.

Níl aithne orm féin, agus cé go gceapaim go bhfuil mé ag leanúint do thoil ní chiallaíonn sé sin go bhfuil mé ag déanamh amhlaidh.
Ach creidim go dtaitníonn leat 
go deimhin an fonn ionam chun tú a shásamh .

Agus tá súil agam go bhfuil an dúil sin agam i ngach a mbíonn ar siúl agam.
Agus tá dóchas agam nach ndéanfaidh mé aon rud go deo seachas an dúil sin.
Agus tá a fhios agam, agus mé á dhéanamh sin, go dtreoróidh tú mé ar an mbóthar ceart cé nach bhfuil aon eolas agam faoi.

Mar sin, beidh muinín agam asat i gcónaí cé go mbeidh an chosúlacht orm a bheith caillte agus faoi scáth an bháis.

Ní bheidh eagla orm, mar tá tú liom i gcónaí agus ní fhágfaidh tú mé ar mo phriacal féin liom féin.


Is cuimhin níos mó ná fiche bliain ó shin bhí mé i Louisville, príomh cathair Kentucky agus bhí seans agam do chuig Mainistir Gethsemani. Bhí seans paidir beag a rá ag uaigh Thomas Merton mar bhí chuid dá saothair léite agam agus mé óg - a dhírbheathaisnéis ina measc - a chuaig i bhfeidhm orm ag an am.


* Beatha & Saothar Thomas Merton (Béarla)


7.12.24

Spreacadh san iolar.

Bhí seoladh leabhar nua Rónán Mhic Con Iomaire ar an gCeathrú Rua ar an nDéardaoin seo caite. Ar ndóigh bhí slua mór i láthair idir óg is aosta ann. Bhí sean comrádaí a ghlach páirt sna himeachtaí atá mar ábhar sa leabhar. Bhí cuimhne maith ar imeachtaí áirithe agus dhírigh na scéaltaí ar imeachtaí a bhí darmadta acu.

B'oíche í a chuir siar ar bhóithre na smaointe mé féin chomh maith!

Is cuimhin liom féin chuid de na himeachtaí cé go raibh mé im chónaí i bhfad soir i mbruach baile na hArd Chathrach. Ach léigh mé píosa ag Deasún Fennell agus ghlach mé páirt ina a ghluaiseacht  Iarchonnacht '85 - Tarrainígí Siar! Bhíodh sé de nós agam tiomáint siar gach deireadh seachtaine go Leitir Móir le feabhas a chuir ar mo chuid Ghaeilge agsu ba mhinic a thiomáin mé siar go "Maoinis" mar a scríobh Fennel é goleath dairíre. Bhuail me le daoine eile sa ghluaisecht mar Seosamh Ó Cuaig, Pádraic Ó Con Cheanainn agus eile - daoine le Gaeilge mar a dteanga laethúil agsu a thuig a tabhacht. Ach ag an am céanna tá sé tabhachtach go dtuigtear nach gluaiseacht teanga a bhí ann ach gluaiseacht phobal 

Is cuimhin liom deanach oiche Sathairn i mí Iul 1967 go déanach le buíon beag i gcarr Thomáis Mhic Ruairí, beannacht Dé leis, le canna péinte duibhe "ag ceartú" comharthaí bóithre ó Bhearna siar go Carna. Nach íontach an rud í an óige?

I mBaile Átha Cliath bhí mé mar bhall de chlub Chaitlín Maud, An Bonnán Buí. Is ansin a bhailíomar ag scríobh cludaigh le teachtaireacht toghchánaíochta Pheadair Mhic an Iomaire 1969. Is cuimhin liom go maith Máirtín Ó Cadhain ag labhairt linn, ár ngríosadh agus ag caint ar an ríd a bhi romhainn. Is dócha gur luaigh sé chuile bhaile sa Dáilcheantair ina ainm cheart Ghaeilge.

Ní raibh seans agam an leabhair a léamh fós ach do thom mé  isteach anseo is ansiúd. Is cosúil go bhfuil stíl scríobhnóireacht simplí so léite ag an údar. Bhí sin soiléar ina leabhar "Rocky Ros Muc" chomh maith. Tá cumas nó acmhuinn faoi leith aige an léitheoir a mhealladh isteach sa scéal déarfainn. 

Tá breis is 400 leathanach sa leabhair agus nótaí ag a deireadh (Leabharliostaí, faoinse agus innéacs) a léiríonnn cé chomh díograsach agus a bhí sé.

Ag caint dó ag an seoladh thagair sé do thorthaí na Gluaiseachta, Raidío, Údarás, Comhairthaí boithre agus eile. Agus tá ceacht ann dúinn go léir:

"Ní ón aer a tháinig na rudaí seo. Tháinig siad ó agóidíocht, ó ghníomh agus ó samhlaíocht buíon daoine a thóg seasamh ar son a bpobal Gaeltachta agus a dteanga." Chríochníonn sé a leabhar le focail dóchais - "Tá spreachadh san iolar fós!"


*An Ghluaiseacht, Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta, - Rónán Mac Con Iomaire; Cló Iarchonnacht 2024; ISBN 978-1-78444-291-0

26.11.24

Idir Bhaile Atha Cliath agus Malaga!

Bhí an leabhar seo* ar mo seilfeanna le fada agus cosúil le an-chuid leabhair agam ann ní raibh sé léite go dtí seo.

Bhíomar ag dul ar thuras go dtí an Spáin, eitilt cuíosach fada agus mar sin bhi seans agam suí síos agus an chuid is mó de leabhair a léamh in aon tréimhse amháin.

Seán Ó Ciaráin a scríobh an leabhar. Níl mórán eolas agam faoin údar ach amháin go raibh baint aige le Glún na Bua agus go mbíodh sé ag scríobh in Inniú. Is cosúil gur seo leabhair a foilsíódh in ndiaidh a bháis. 

Scéal maith atá ann. Tosnaíonn sé sa Rúis agus cosúil go bhfuil duine cosúil le Gorbachov mar uachtarán. Níl lucht an airm ró shásta go bhfuil se ann agus bhíodar a lorg seans deire a chuir leis an réimis. Tá an-chuid ar siúl sa domhain ag an am. Spiairí,feallmharfóirí, scéimirí agus eile sa tSeapáin, sa tSín, sa bhFrainc, na Státaí agus Iosráel. D'fhéadfadh sé a bheith sa lá inniú. Agus ar ndóigh ta an taicsean go léir in Éirinn mar d'athain bleachtaire Éireannach duine de na feallmharfóirí ag Aerphort Bhaile Átha Cliath.

Is fada a léigh me leabhar mar seo. Thaistigh uaim a fháil amach cad a thárlódh ó leathanach go leathannach. Ba scéalaí maith an údar.

Ar ndóigh ní litríocht léannta atá ann agus mar sin bhí sé thar a bheith éasca é a léamh. Tá aiste ag G K Chesterton, "In defense of Penny Dreadfuls" agus b'fhéidir gur ceann díobh siú atá sa scéal seo. Deireann sé go bhfuil an "novelette ... ignorant in a literary sense, which is only like saying that a modern novel is ignorant in the chemical sense, or the economic sense, or the astronomical sense; but it is not vulgar intrinsically—it is the actual centre of a million flaming imaginations."#1

Ní litríocht é ach tá scéal maith ann agus é inste go maith agus soiléir.

Críochnaigh mé in aon turas é idir Bhaile Átha Cliath agus Malaga.


* Beirt le Marú, Seán Ó Ciaruáin,2004, Coiscéim.
#1 as The Defendant (Béarla)

24.11.24

Solas - Sólás!

Bhí sé dorcha le trí lá anuas.

Ó rud é nach raibh aon chumhacht sa teach chinneamar dulr soir isteach sa cathair le haghaidh béile ceart. Níl tine oscailte ró oiriúnach le béile ceart soithe (nó fiú cupán té) a dhéanamh. 

Is cosúil gur deineadh damáiste ollmhór déanta do líne 38kv, a thógann an cumhacht isteach go gConamara le linn titim mór neamhgnáthach sneachta. Chuir sé isteach a ceantair an mhór ó Carna beagnach chomg fada soir le Bearna, An Ceathrú Rua agus Ceantair na nOileán agus cas bhfios fiú Árainn féin. Curieadh isteach ar línte teileafóin agus cúrsaí uisce chomh maith agus bhí fadhb ag Raidío na Gaeltachta chomh maith..

Soir linn mar sin!

Bhí béile deas againn ar an dtaobh eile den gcathair in Uarán Mór - prioinnteach leis an ainm "Armorica" air. Bhíomar ann cheanna in aimsir roimh paindéime agus bhí se go maith.

Bhí an béile ar fheabhas ann. Gach rud go deas blasta agus aire ceart á thabhairt ag na freastailithe agsu úinéirí an tí. Bhíomar sásta.

Thugamar aghaidh ar an dturas abhaile. Ní raibh muid ró dhóchasach go mbeadh aon fheabhas mar fuaireamar gealltanais ón gcomhlacht aibhléise nár éirigh leo chur i gcríoch.

Agus muid ar ár mbealach abhaile thugamr faoi deara soilse sna cheantair siar ó Bhearna, Na Forbhacha, An Spidéal. Conas mar a bheadh sé in Indreabhán? Bhí solas ansin ann freisin.

Chonaich muid cuid mhaith veaineanna de chuid BSL ag dul istech go Gaillimh. Ar aghaidh linn síar go Baile na hAbhann agus níos mó dóchas ina á gcroíthe. Bhí solas an chomh maith ag teach ag bóthair An Chloic Mhoir agus ag an nBanrach. Thíos an claonadh ar an mbótha ansin go Caorán na gCearc. Casamr istigh sa "cabhsán" ós comhair an tí. Bhí solas ar siúl sa póirse.

Bhíomar sa bhaile!


• Ní mór mladh mór a thabhairt d'oibrí BSL (ESB Networks) as an obair chrua amuigh san bhfuaicht agus stoirmacha ag chuir munitir Chonamara ar ais san eangach chumhachta.
• Is ceart leis moladh a thabhairt do lucht Ceannáras Raidío na Gaeltachta i gCasla, a bualadh go dona le deacrachtaí teicniúla dá bharr ag cur isteach ar an ngnáthchraoladh.Dúirt duine den fhoireann ansin ar an gCéadaoin, go raibh sé "Thar a bheith bródúil as mo chuid comhghleacaithe, a chuir an stáisiún ar an aer maidin inniu, théis don droch aimsir córais leictreachais, fón, craolta agus a bhfuil ann a chuir in aimhré."
• Armorica (Béarla)

@ESBNetworks @RTERnaG @Adhmhaidin @seamushaha 

17.11.24

21 - 19 - Bua na n-eiteán!


Bhí giolch ó Sport TG4 inné a threoir mé chuig an stáisiún féin le breathnú ar cluiche nach bhfuil mórán eolas faoi - badmantan. Ba deireadh le Craobhchomórtais Oscailte na bhFear an clár agus Éireannach Óg, Nhat Nguyen, ón gCabhán in Éirinn, ag imirt le lead eile, Tan Jia Jie, ón an Mhailéis.

Deora lúcháireach!
Cluiche chrua a bhí ann is cosúil. Bhí an bua ag an Éireannach sa chéad seit ach bhí an bearna eatortha caol go leor. 

Ach sa tara seit d'éirigh le Tan bua maith a fháil. D'féach sé go mbeidh sé níos láidre ná Nguyen ansin agus isad ag dul isteach sa triú seit.

D'éirigh le Ngyen tosach láidir fháil ar dtús le ceithre point chun tosaigh. Ach d'éirigh le Tan tharraingt ar ais go dtí 19-18. Ach bhí Nhat in ann an cluiche a dhúnadh 21-19 agus an bua a fháil.

Ba léir ón athas a thaispeán sé gur rud mór dó é agus ní nach íonadh mar b'é an céad Éireannach ó 1973 a bhuaigh a comórtas sin ó 1973.

Chuir sé beagáinín íontas orm mar sin nuair nár luadh an bua stairiúil seo ag an clár nuachta de chuid RTÉ 1 ag a sé. Níor éirigh liom Nuacht TG 4 a fheiscint agus tá súil agam gur luadh ansin é.




@irishbadminton @Nhat_Nguyen007 @SportTG4

20.10.24

Tost!

Nach ait na smaointe a thangann chuig duine ar uairibh?

Nuair a chuala mé go raibh giotár Rory Gallagher (1948-1995) ceannaithe agus go mbeidh sé á bhronadh ag an gceannaitheoir d'Árd Mhuséum na tíre bhuail smaoineamh mé.

Seo uirlis ceoil agus tá sé le cur isteach i gcás gloine éigin i sean foirgneamh le breathnú air. Ciúnaithe go deo!

Nach mbeadh sé i bhfad níos fearr go mbeidh muid i ndán éisteacht leis. Nach ndearnadh é le seinnt, le h-éisteacht leis agus ní le breathnú air?

Tá fhios agam go bhfuil iarsmalanna agus seomraí lán de ghléasanna cheoil ionta. Thug mé féin cuairt ar ceann i Muenchen na Ghearmáine (50+ bliain ó shin - mé ag éirí sean!) agus bhí chuile cineal clavier, piano, agus chuile cineál uirlis mhéarchláir ann. Ach bhí duine ann len iad a seinnt.

Nuair a bhí mé ar scoil bhí dán beag i mBéarla, scríofa ag an file Myra Brooks Welch (1877-1959), againn ann a thaitn liom. Tá ceannt ar siúl, an-chuid beartanna le díol. Tagann an ceanntalaí chuig sean fidil agus cheap sé narbh fiú mórán í.

"Cé mhéid ar seo?"

"Dollar amháin? - Dhá ceann ag éinne?"

"Trí chinn?"

Tháinig sean-fhear ó chúl an seomra agus thosaigh sé á seinnt. Cualathas draíocht na fidle ansin.

Ba leor san agus díol an ceanntalaí ar $3 mhíle í.

Ar ndóigh tuigim luach an giotar úd. Bá le Rory Gallaghe é agus bfhéidir gur fiú é sin ann féin. Ach nach bhfuil i bhfad níos mó luach ar an ceol a tharraing sé amach as.

An bhfhuil tuile ceol istig ann meas tú?


16.10.24

Cearta bunúsacha!

Seolann an Coimisiún Eorpach feachtas chun cearta bunúsacha a chur chun cinn in Éirinn trí Chlár CERV

Ard-Stiúrthóireacht Dlí agus Cirt agus Tomhaltóirí an Choimisiúin Eorpaigh ag seoladh feachtas cumarsáide inniu in Éirinn chun feasacht ar an gclár "Saoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna" (CERV) a mhéadú. Is é an CERV an ciste is mó riamh de chuid an AE chun sochaí sibhialta a thacú, ag cur cearta bunúsacha agus luachanna daonlathacha chun cinn. Cabhraíonn an clár le heagraíochtaí neamhrialtasacha (NGOanna) idirdhealú a chomhrac agus cearta grúpaí leochaileacha a chosaint.

I gcás na hÉireann, léiríonn taighde gur luachanna riachtanacha iad seo don phobal, le 92% ag meas go bhfuil ról tábhachtach ag an tsochaí shibhialta sa daonlathas. Le clár CERV, cuireadh isteach 89 togra tionscadail in Éirinn, agus bhí ráta ratha de 35%. Tá Éire sa 20ú háit san AE maidir le líon na n-iarratas in aghaidh 100,000 duine.

Taispeánfaidh an feachtas scéalta faoi na tionscadail a mhaoinigh CERV, a chuireann cearta leanaí agus ban chun cinn, cosaint ar íospartaigh foréigin, agus cuimsiú daoine faoi mhíchumas. Léiríonn na tionscadail in Éirinn conas is féidir le pobail áitiúla maoiniú CERV a úsáid chun cearta bunúsacha agus luachanna daonlathacha a neartú.


@EU_Commision @EU_Justice @EU_Consumer @EURightsAgency @pomilioblumm #CERV  

12.10.24

An Rí mícheart, bród agus tírgráthoir.

Scéalta ár Stampaí ar TG4.

Bhí mé ag súil go mór leis an gclár faoi stampaí phoist ne hÉireann. Cheap mé gur clár staire a bheidh ann ón tús go dtí an lá inniú. Ar bhealach sin a fuaireamar ach ar bhealach eile ba smaointe pearsanta an láithreora. Agus sna míreanna atá le teacht is cosúil go mbeith láithreoirí eile ann.

Is láitheoir den scoth é Eoin Ó Catháin áfach, agus sa chéad mír léiríodh a shuim agus an mion eolas atá aige sa stair polataíochta na tíre. Bhí a spéis an-shoiléar nuair a bhí sé ag tabhairt miontuairiscí ar chúrsaí Eorpacha sa Bhruiséil agus níos deanaí mar Eagrai polaitíochta ar Raidío na Gaeltacht. Is minic a bhí a chuid tuíteanna faoi scéal éigin i dTeach Laghin roimh iriseoirí i bhfad níos sínsearaí ná é.

Tá spéis agamsa san ábhar stampshonais ó bhí mé i mo lead óg agus tá bailiúcháin agam ó shin agus cuirim leis go rialta gach uair a foilsíodh stampa nua. Tá liosta de chuid de na píosaí faoi ag bun an phíosa seo.

An rí mícheart!
Nuair a bunaíodh an stáit b'iad stampa Shasana a bhi ann agus is cosúil gur lorg Rialtas Sealadah ag an am cead ó Westminster forchlóigh a chuir ar na stampaí a bhí ann - "Rialtas Sealadach na hÉireann 1922" ar dtús agus ansin "Saorstát Éireann 1922". Ní raibh fhios agam go raibh "cead" acu ó Westminster é sin a dhéanamh. Ar ndóigh, mar a dúradh sa chlár ba bailitheoir an Rí féin ag an am agus mar sin is dócha nach raibh an fhadhb leis sin. Dála an scéil Seoirse V a bhí ann agus ní Seoirse VI a phictiuir a teaspáineadh ar an gclár.

B'iad na stampaí ceart a bhí ann, na cinn "deifnídeach" bhí learscáil d'Éirinn agus cinn le sciatha na cúigí. Diadh ar ndíadh cuireadh leo cinn deartha ag Risteard Ó Cionga - na Ceithre Máistrí agus stampaí Aer-phoist.

Dónall Ó Conaill an chéad fear a bhí ar stamp Éireannach sa bhlian 1929 ag comóradh "Fuscailt na gCatoiliceach", (ar ndóigh bhí ceann eile de níos deanaí - 1997 - agus bhí sé ar nóta airgead £10 chomh maith!). Bí Mary Aikenhead an céad bhean ar stampa.

Éisíodh an-chuid stampaí ag comóradh Éirí Amach na Cásca agus bhí sé suntasach comparáid a dheanamh idir chomóradh 50 bliain (1966) agus 100 bliain (2016) a bhí i bhfad níos cuimsithí. Bhí agalamh ag an léiritheoir leis an Dr Kerran Ó Luain ar seo agus luadh go bhfuil fós eolas atá i seilbh Rialta Shasana a cabhródh go mór le taighde ar na blianta sin, faoin Éirí amach, Cogadh na Saoirse agus ina dhiaidh. Bheadh clár ar sin mar ábar an-spéisiúl - "Uisce faoi thalamh i Westminster - 1915 - 1925"? 

Ach sin scéal eile do lá eile.

Luadh Ruairí Mac Easmuin, a rugadh i gCuas an Ghainimh in aice le Dún Laoghaire, agus an uisce faoi thalamh ag a thrial i Londain nach bhfuil a scéal ina iomlán fos againn. Ar ndoigh tá an chuid stampai éisithe anois mar comoradh ar pholaiteoirí ón am sin agus ina dhiadh,  Uachtaráin,, Taoisigh , , Statairí agus eile.

Sa dara chuid den chlár bhí trácht ar imeachtaí a comóradh nó na h-aithrithe i meoin nó mana muintir na Éireann a léiriú. Thóg sé mar shampla an reifreann mór 2015 nuair a d'aithin fórmhór muintir na tíre go mfhéidir éinne "gan beann ar a ngnéas, conradh pósta a dhéanamh de réir dlí." B'shin réabhlóid ar ndóigh ach thóg sé am an reabhlóid sin a bheith le feiscint ar stampa, rud a thárla sa bhliain 2021. Éisíodh stampa "Bhrod" sa bhlain sin agus bhí comhra le Lisa Nic an Bhreithimh ag caint ar an athrú mór, agus an fuascailt mór a mhothaigh sí nuair a ritheadh an tathrú mór sin i mBunrachht na hÉireann.

Stampaí ag comóradh Ruairí Mac Easmuinn
Chriochnaigh an clár le tagairt arís don tírghráthóir, Ruairí Mac Easmuin, a bhí i bPentonville agus Éirí Amach 1916 ar siúl. Cuireadh i bPentonville é ach sa bhliain tógadh thár n-ais go hÉireann iad agus cuireadh faoi gradam agus onóir i Reilg Glas Naoín. Cinnte ba laoch é don léiritheoir agus chriochnaigh sé an mír seo den clár ag crocadh iómha de ceann de na stampai a éisiodh mat comóradh ar Éirí Amach na Casca sa bhlian 2016.

Beidh mé ag súil leis an cúig chinn eile de na cláracha seo.

Bheadh sé spéisiúil píosa faoin áit don teanga náisiúnta ar na stampaí - nuair nach raibh ach Gaeilge ar na stampaí agus an tréimhse nach raibh ach Béarla ortha agus an t-am inar litríodh ainm an stáit go mícheart ortha;  nó faoin dtréimhse sin ina raibh Poblacht na hÉireann ar na stampaí seacha Éire.

Tá cúig chlár eile sa sraith le bheith ann agus tá mé ag súil go mór leo siúd.

Píosaí a scríobh mé ar an ábhar seo:
24.1.10: Omós agus masla?
1.6.10: An tEarrach Thiar!
4.5.10: Dispeagadh?
12.2.12: Stampaí do na nGael
31.12.12: Ár gcara sráide!
9.8.14: Dearmad agus dearmad!
9.1.17: Stampaí agus ealaíona na nGael!
12.10.17: Che Guevara agus Máthair Dé!
22.7.19: Gealach Gaelaithe!
9.9.19: Quare nó aisteach?
30.12.19: Fógairt Poblachta!
21.4.24: "La Sheridan!"

@TG4TV @Postvox @EoinKeane101 @DublinHistorian @LisaNicAnB @GCNmag

30.9.24

Uimhreacha!

Agus mé óg chaith mé seal mar noibhiseach le Bhráthaire an Toirbhirte i gCorcaigh, nó le "Na Manaigh" mar a glaotar oratha sa chathair sin. Is meascan ceart de bhuachailí a bhí ann ar ndóigh ó chuile chríoch den tír ó Charraig Airt ó thuaidh go Beanntraí ó dheas, ón Garastún i bhFearmanach go Cromghlinn, Bhaile Átha Cliath, ón chroí lár na tuaithe agus croí lár na cathrach.

Cuireadh san i gcuimhne dom is mé ag léamh leabhar a fuair mé níos mó ná caoga bhliain ó sin ach a luí gan léamh ar an tseilf, (tá roinnt eile mar sin ann fós faraoir). Leabhar le Pádraigh Ua Maoileain an labhair faoi na fír óga ag traenáil le bheith sna Garda Síochána. "De Réir Uimhreacha" an leabhair agus tagairt san tideal sin ar an nós acu uimhir, seacha ainm a úsáid sa dtaifid. Bhí sé mar sin dom-sa sna Bhráthair - uimh 81 a bhí ormsa nuair a thosaigh mé go dtí go bhfusair mé ainm naomh níos deanaí nuair thóg mé módh sealadach don céad uair.

Ach i bhfad níos mó ná sin bhí an difríocht idir na fir óga, go mór mór leads ó gcathair agus leads ón tuath. Ní nach ionadh an difríocht sin - an cuid is mó ón tuadh b'as timpeallacht feirmeoireachta agus dúlrach. Ar ndóigh cheap chuid de na leads ón gcathair go raibh siad níos sofaisticiúla ná na "culchies." Aghus is beag meas a bhí ag leads na tuaithe ar "Jackeens" Bhleath Cliath.

Ta an chuir síos sa leabhair seo ar an diffríocht idir na hiarrthóirí eagsúla, cuid acu neamhurchóideach aineolach agus cuid eile cineál uile-eagnaí ar chúrsaí an tsaoil. Ach ar bhealach bhí an dhá dream aineolach agus neamhurchóideach ar bhealach éagsúil.

Léiríonn an Udar an éagsúileacht agus an fhás ag na rúcach agus iad a traenáil. I gceann ceathrú an fhorsa i bPaírc an Fhionn Uisce atá sé suite. Tá an phictiúir ar a saol agus iad ag dul i dtaithí ar cleactadh an fhorsa. Tá bealach faoi leith ag an údar agus léiríonn sé na scealtaí agus na heachtraí le géar greann uaireanta. Ní úrscéal atá ann cé go leannan sé na traenálaithe trén am sa "choláiste."

Ach ag a deireadh tá eipilógue le cur sios ar conas mar a bhí siad cúig bliain is fiche ó chuadar amach mar Garda ar dualgas.

Bhuail mé leis an údar ag ocáid éigin agus thug sé síob dom agus dúirt mé liom go raibh duine éigin a rá go raibh ábah an leabhar "salach" agus náß cvoir í a leamh. Rinne sé gáire agus dúirt go éaspa corraí a chuir ar dhaoine áirithe. Bhí an ceart aige agus má bhí an leabhair salach níor thug mé sin faoi dearadh. Faraoir?

Leabhair éasca le léamh agus taitn sé liom.


• De Réir Uimhreacha, Pádraig Ua Maoileoin,Muintir an Dúna, BÁC11, 1969; Pictiúirí Seamus Ó Dúgáin

9.9.24

Amach as an ndorchadas...



Bhí mé tinn ar feadh sé mhí níos mó na fiche bliain ó shin agus ní raibh mé ábalta oibre ceart a dhéanamh.

Bhí sean pictiúr dorcha againn agus chin mé ar é a ghlanadh. Bhaineas úsaíd as olann chadáis agus olann chadáis len é a ghlanadh. Thóg mé go bog é píosa beag i ndiadh a chéile.

Bhí fhios agaonn gur radharc ar thrá nó cladach a bhí ann. Ni raibh le feiscint ann ach ghrúpa daoine i lár agsu thár timpeall bhí seé doracha le smúr nó salachar dromchla. Diaidh ar ndiadh tháinig cuid eile amach ó gceo. Is cosúil gur clanna bhí sa lár agus báidín seol beag acu i linn ar an dtrá. Bhí sléibhte ar chúl an phictiúir agus daoine ar chapaill ar thaobh amháin nach raibh le feiscint roimhe sin. Agus bhí bád ar an dtrá ar an taobh eile agus daoine agus b'fhéidir díonta tithe i bhfad. Agus tháinig éin ag eitilt ann chomh maith.

Ní dóigh liom gur píosa ealaíon thabhachtach atá ann. Ní fios cé rinne é ach ní mór a rá go dtaitn sé go mór liom agus é á crocadh ar an mballa sa teach againn.

Nach deas é?

27.8.24

Nell

Tagann dhá rud i mo cheann  agus ag smaoineamh agus ag céiliúradh Nell McCafferty mé. Ní raibh aithne agam uirthí nó ní dóigh liom go bhfaca mé ríamh í (seachas ar an teilifíseán). Bhí eolas ag cach ar a cuid oibre ag nochtú éagóra stáit agus eaglaise go borb. Ach ag an am ceanna ba duine daonna í lán de ghreann agus gean. Cinnte bhí eagla ag daoine - fir go háirithe - roimh nimhe a teanga. Chonaic sí éagoir agus éagothroime agus léirigh sé é gan eagla lena peann agus lena teanga.

Nuair a chuala mé go raibh Nell imithe ar shlí an firinne tháinig dhá rud isteach im cheann.

Eaglais Ntarama inniú
Ni féidir liom tagairt ar an gcead rud ar líne a fháil faraoir. Is cuimhin liom go raibh sí i Ruanda na Aifrice. Tá mé ag ceapadh go raibh an tEaspag John Kirby, Cluain Fearta & Concern leithi. Bhí siad ag eaglais Ntarama ann inar maríodh na mílte den cine Hútú ar Fhéile Mhuire Mhóir an Fhomhair (15 Lúnasa). Bhí na mílte cloigeann no blaoscanna amuigh ar na boird amuigh taobh amuigh den séipéal go fóill.  Scríobh Nell sa Sunday Tribune faoi ag an am (sa bhliain 1994 tá mé ag ceapadh). Ach is rud a chuala mé ón easpag, b'fhéidir gur scríobh sé é áit éigin atá i mo gcuimhne. Bhí sé ag caint ar an phairilis agus an cineál suaitheadh a buail air nuair a chonaic sé toradh an úileloscadh leagtha ar na boird.  Ní raibh fhios aige cad is ceart a dhéanamh. Baineadh an mothú as. D'fhán sé ina sheasamh.

Dúirt sé gur bhog Nell i dreo na boird ar a raibh na cloigeann seo go léir. Stop sí agus rinne sí comhartha na Croise uirthí féin. 

Nell
Bhí cineál náire ar an easpag a dúirt sé mar b'eiseann a bhí in ainm is a bheith spioradálta. Seo gnath Éireannach agus fios aicí óna sinsear cén rud is ceart a dhéanamh ag amm an ghátar. Ceacht don easpag! Agus dúinn go léir b'fhéidir.

An dara rud a smaoineas air na am an reifreann ghinmhilleadh. Scríobh sí alt a theaspeáin gur thuig cad ba ginmhilleadh ann. Rinne sí mionscrudú ar cad a bhi i gceist agus thuig sí go raibh "na daoine 'pro-life' ceart faoi roinnt rudaí." Thug sí tacaíocht drogall don ghinnmhilleadh áfach - rud nár thuig mé féin. Ach sna h-altanna bhí sé soiléar gur smaoinigh sí go doimhin sa cheist. Cháin sí an díospóireacht, "ní díospóireacht ar bith é" agus dúirt nach daoine "ar son na beatha" ar an taobh éile ach "pro bhreith". Agus nios measa fós "Nuair a bheirtear an leanbh cailleann siad gach suim agus bíonn tú leat féin."

Sílim nach féidir é sin a shéanadh in an-chuid den dream sin?

Anois tá mé cinnte go bhfuil sí ag cur na ceisteanna chrua ar an Athair Uilechumhacht ina slí eolach borb féin.

Go raibh síochán aicí agus súil agam go bhfuil freagra na ceisteanna go léir aici. Suaimhneas síorí di ar dheis an Dé céanna.

13.8.24

50 Bliain faoi bhláth.

Bronnadh an sparántacht "Clannad – Caoga Bliain Faoi Bhláth" ar an ealaíontóir Gaeltachta Daniel De Buitléir dár le fógra ó Údarás na Gaeltachta. 

Daniel De Buitléir, Moya Brennan,agus Pól Brennan 
Tá an sparántacht seo, ar fiú €30,000 í, á bronnadh mar chomhartha ómóis don ghrúpa ceoil Clannad agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar an tionchar ollmhór a bhí acu ar chúrsaí Gaeilge le breis is 50 bliain anuas.

Cuirfidh an sparántacht seo ar chumas Daniel De Buitléir am a chur i leataobh chun saothar úr ealaíne a fhorbairt trí mheán na Gaeilge thar thréimhse trí bliana. Is é aidhm na scéime ná tacú le healaíontóirí Gaeltachta a gcleachtas ealaíne a fhorbairt agus saothar nua i nGaeilge a chruthú.

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, "Tá áthas orainn an sparántacht seo a bhronnadh ar Daniel De Buitléir. Táimid ag súil go mór leis an saothar nua a chuirfidh sé ar fáil agus táimid cinnte go leanfaidh sé sampla Clannad i gcur chun cinn na Gaeilge agus chultúr na Gaeltachta."

"Ba phribhléid d'Ealaín na Gaeltachta comhoibriú le Clannad agus le hÚdarás na Gaeltachta chun áisitheoireacht a dhéanamh ar an sparántacht uathúil seo," arsa Rachel Holstead, Ceannasaí Ealaín na Gaeltachta. "Is é an infheistíocht is fearr gur féidir déanamh sna healaíona ná infheistíocht dhíreach in ealaíontóirí. B'údar dóchais dúinn an líon mór, an t-ardchaighdeán agus an éagsúlacht sna hiarratais ar an Sparántacht seo ó ealaíontóirí Gaeltachta agus guímid gach rath ar Daniel, agus ar bhaill Chlannad sa chaibidil nua amach rompu." 

 "Is mór an onóir dúinn go bhfuil an sparántacht seo á bronnadh in ómós do Clannad. Tá súil againn go spreagfaidh sé ealaíontóirí óga na Gaeltachta chun leanúint ar aghaidh ag cruthú saothar nua i nGaeilge agus ag cur ár dteanga agus ár gcultúr chun cinn ar fud an domhain,"" a dúirt Dúirt Pól Brennan, ball den ghrúpa Clannad.

Dúirt Daniel De Buitléir féin, faighteoir na sparántachta: "Is mór an onóir dom an sparántacht seo a fháil. Ba mhór an spreagadh dom i gcónaí an méid a bhain Clannad amach don Ghaeilge agus do cheol na Gaeltachta. Táim fíorbhuíoch do Chlannad as ucht a n-inspioráide agus don Údarás as an deis iontach seo chun mo chuid ealaíne a fhorbairt agus cur le hoidhreacht shaibhir na Gaeltachta."

Tá Údarás na Gaeltachta ag súil go spreagfaidh an sparántacht seo tuilleadh ealaíontóirí Gaeltachta chun saothar úr a chruthú i nGaeilge agus go gcuirfidh sé le saibhreas cultúrtha agus ealaíonta na Gaeltachta.


@UdarasnaG @ClannadMusic

22.7.24

Pablo Moreno.

Chuir alt ag Aonghus Ó hAlmhain ar bhóithre na smaointe le deanaí mé. Alt faoi Deasún Breathnach údar agus iriseoir ((1921–2007)1, a bhí gníomhach i ngluaiseacht na teanga agus mé níos óige. Bhí spéis agam san alt mar bé a leabhar "An Fáinne Arabach" a scríobh sé san caogadaí an chead leabhaer Gaeilge a léigh me mé féin is mé ar scoil.

Taitn an leabhar chomh mait sin liom gur léigh mé an dara leabhair, "An Dealbha Spáinneach" ina dhiadh2. I ndairíre ni h-é gur thaitn an leabhar liom ach go raibh íonts orm go raibh mé i ann an chuid is mó den Ghaeilge ann a thuiscint agus go raibh mé ábalta a bheith sáite sna scealta. Ní dhearanm é dearmad ríomh ar ainm an príomh fhrithlaoch, Bithiúnach amach is amach a bhí ann. Spáinneach murtallach, Pablo Moreno. Nach aisteach san?

Tá an dá leabhair fós agam agus thóg mé an"An Fáinne Arabach" amach len é a léamh aríst agus thaitn sé liom arist liom agus cé go raibh a sceal dearmadta agam bhi ár gcara Moreno, chomh holc agus chomh sáite sa scéimheoireacht agus a cheap mé. Tá an dara leabhar anois aimsithe sa chartlann agam le léamh.

Nuair a d'fhag mé an scoil bhíodh mé gníomhach le trí nó ceithre bhliana i gConradh na Gaeilge agus bhí cáil ar Dheasún mar gníomhaí teanga a bhí sásts dul i bpriosún ar a son. Ní raibh sé sásta árachas a thógaint amach ar a shean charr mar nach raibh sé le fáil sa Teanga Náisiúnta. Cuireadh i bpríosún é mar ní rabh sé sásta an fíneáil (nach raibh chomh mó sa) a íoch. Ar deireadh d'íochfaidh duine ganainm é agu ligeadh amach as géibhinn é. Ar deireadh bhí Comhlucht Árachas amháin, An PMPA, sásta an gnó a dhéanamh tré mheán an Ghaeilge.

Thug sé síob abhaile liom ó Uimh 6 oíche agsu dúirt mé leis go raibh a leabhair léite agam.

"Ar thaitn sé leat" a dúirt sé.

Seans go raibh sé ag lorg léirthuiscint chriticiúil uaim ach níor dúirt me ach gur thaitn sé liom. Ní raibh go leor misneach i mo chumas Ghaeilge dul isteach níos doimhne sa scéal.

Is cuimhin liom go nglaodh "Ho Chi Minh" air mar bhí cosúileacht éigin leis an ceannaire i Viet Nam ag an amm 


1 Tá níos mó eolas faoi Dheasún Breathnach san alt seoi in Ainm.ie.
2 Foilsíodh an dá leabhair seo ag FNT sa bhliain 1960

24.4.24

Preab sa bhféar!

Bhí mé ag gearradh féir ar an bplasóg ós comhair an tí ar maidin nuair a fuair me spléacadh de rud éigin ar an dtalamh taobh liom. 

Cheap mé ar dtús gur brobh nó seamaide féir ag séideadh sa ghaoith. Ach nuair a crom me síos thug mé faoi dearadh gur frog óg donn a bhí ann.

Tá an frog cointianta go leor thár timpeall na tíre. Tosaíonn sé mar sceith cosúil le glóthach i locháinín beag de gnáth. Ansin fasan sé sin ina thorbán sula dtagann a froigín beag amach. Ní éiríonn an cuid is mó den na torbán fás chomh fada le bheith ina fhrog. Ach má éiríonn leis d'fhéadfadh sé marachtáil ar feadh seacht nó ocht mblianta.

Bhí sé ciúin agus stop sé ionas go dtógfainn pictiúir de le mo fón.

Ansin d'imigh se ... de phreab ar ndóigh...

Nach deas é (nó í).


• Féách ar píosa péistiúil eile anseo Lacerta vivipara sa chistin! (9/8/2016)

21.4.24

"La Sheridan!"

Is annamh a éisteann mé le RTÉ 1 (Tá me meallta ag Rnag a bhíon ar siúl agam i gcónaí!)

An Diva sa bhliain 1938
Bhí clár Joe Duffy ar siúl i rith na seachtaine agus bhí caint ann faoin amhránaí cliutach Margaret Burke Sheridan a chuir ar bhóithre na smaointe mé. Tá mé ag ceapadh go raibh Joe ag caint le údar beathfhaisnéis an Diva úd.

Soprán cluiteach ab ea í ag tus an chéid seo caite. Ba as Caisleán a'Bharraigh í a fuair a chuid scoileacht leis na Doiminiceánaigh ar Sr Eccles i mBaile Átha Cliath. Bhí guth álainn aici agus chuaigh chuig an Iodáil le haghaidh traenála. Bhí sí ar fheabhas ag canadh píosa ó cheoil drámaí Puccini - La Bohéme agus Madama Butterfly, go spesialta - agus bhí an-cháil ar "La Sheridan" agus deirtear go cheap Puccini féin gurb í an Butterfly is fearr a chuala sé.

D'éirigh sí as bheith ag canadh go poiblí sna luath tríocaidí agus bhí chónaí uirthe go ciúin i mBaile Átha Cliath go dtí deireadh a saol sa bhliain 1966. Tá sí curtha i Reilig Glas Naoín.

Stampa á comóradh (1989)

Ach thár n-ais chuig mo scéal a d'inis Máire Ní Thuama, beanacht Dé leithí, dom fuithí. Bhí sí mar ceannaire in oifig éigin i mBaile Áta Cliath agus bhí Margaret Burke Sheridan, a bhí éirithe as bheith ag canadh go poibí faoin am seo, ina cónaí in arasán ós cionn a oifige. 

Bhí sé de nós ag Máire dul suas ar chuairt chuici anois is arís. Ar an lá áirithe seo thóg sé duine a bhí ag obair leithi thuas chuig an arasán. Ní raib fhis ag an cail˜cé bhí ann agus nuair a bhualeadar leis an amhránaí chuir Máire in aithne a chéile.

"Seo Margaret Sheridan an t-amhránaí cáiliúl!" a dúirt sé.

"Is maith liom bualeadh leat," arsa an cailin, "You know Máire sings too".


20.4.24

Earrach - faoi dheireadh!

Lá thár a bheith go deas faoi dheireadh. Tár éis báisteach gan staonadh le míonna anuas.

Bhí seans agam dul i mbun roint obair sa gháirdín - an féar a ghearradh - an céad seans agam ó mí Meán Fomhair. De gnáth tosnaím ar sin ag tús Mí marta.

Agus chualamr a cuach - céad chuach an earraigh ar maidin. É a lorg a ghrá geal?

Agus tá na feithidí, na beacha agus na féileacáin.

Dé gnáth nuair a fheicim féileachán ag glacadh sos beag sa gháirdín eitlíonn sé uaim sula n-éiríonn liom an fón a thógaint amah as mo phóca lena a pictiúr a thógaint. Ach is cosúil go raibh an lá chomh h-álainn san inniú gur fhán sé dom.

Péacóg ("Inachis io" sa Laidin) atá ann agus sé an féileachán is ildaite sa tír é. Tá sé réasúnta coitianta in Éireann. Téann sé a choladh sa Geimhridh. 

Is maith leis neantóga - agus tá neart neantóga thár timpeall anseo!

10.3.24

Bláth cúthaileach...

Bhí sé fuair go leor. Ni raibh báisteach ann áfach agus chuamar ag siúl. Bhí an dúlra fós ina choladh nó an cuma sin air.

Bhíomar beagnach ag Toit Chónáin nuair a chonaic muid tuar dhóchais go híseal i bhfothain bhalla trócaireach. Bláithín beag buí ar leath oscailt go cúthaileach ag breathnú amach ar an earrach fuair.

Sabhaircin!

Deirtear go mbíonn sé le fáil in Éirinn ó mí na Nollag ar aghaidh go mí Bealtaine ach sílim go bhfuil an 10ú lá Márta lua go leor dó sa comhairsanacht seo.

Comhartha athrú aeráide?

8.3.24

Imithe i bhfad!

Ait go leor nuair a bhí mé ag taisteal go Düsseldorf, i rith na trioblóide thaistil atá inste agam roimhe seo, bhí mé ag leamh leabhair leis an dtideal "Ag dul i bhfad" le Alan Titley.  Cinnte chuig me i bhfad ón Aerphort ar an oíche úd.

Níl sé de nós agam scéalta gearra a léamh - is fearr liom úrscéalta, beathfhaisnéis nó leabhair staire. Chonaic mo bhean mé ag breathnú ar an leabhar seo i siopa Charlie Byrne i nGaillimh agus cheannaigh sí dom é i ngan fhios dom mar bhronntanas.

Léigh mé leabhair amháin leis an Titlíoch cheana.  Scéal faoi eachtraí Aifreacánach óg ar a shlí chun na hEorpa "Gluaiseacht". Scéal inste go maith agus tuiscint léirithe ar saol na n-imearcach atá thár a bheith ábharthach sa lá atá inniú ann. Ar ndóigh tá colún aige san Irish Times gach seachtain.

Ach thár n-ais chuig na gearr scéalta. Sé scéalta déag atá ann atá an-difriúil óna a chéile. Tá chuile cineál scéal ann, finscéal, rómánsíocht, spóirt idir peil agus iománaíocht. Is cosúil gur féidir leis an údar é féin a chuir isteach i meon cailíní óga nó múinteoir díreach tagtha amach ón gcoláiste traenála. Agus ar deireadh bhí scéal cuíosach fada a chuir Asal Beag Dubh sean Phádraig Uí Chonaire i gcuimhne dom.

Is maith liom an bealach a scríobhann sé. Tá sé cliste ag imirt le focail agus stíl éagsúla teangan de réir már a oireann an scéal. Cúpla uair thosaigh mé ag gáirí ós ard agus mé á léamh.

Ag dul i bhfad - Alan Titley; Cló Iarchonnacht 2023: ISBN 978-1-78444-275-6


• Féach leis ar "Alan Titley, Benedict XVI agus an fhírinne!" agam (5/5/2021) 

2.3.24

Níl mar a shíltear bítear.

An lá dár gcionn (Féach ar "Oíche so bhreis san Ghearmáin...") bhí mé i dtuaisceart na cathrach (BÁC) ag fanach lem m'iníon. Bhí teachtaireach ar an bhfón agam. "Tá sneachta ann!"

D'fhéacas amach agus bhí beagáinín sneachta ann ach ní raibh sé ró dhona. Chual mé ar an raidío go raibh fadhb leis an DART agus cinneas ar an bus a fháil istig sa chathair ionas go mbéinn ábalat a traen ag 11.25 a fháil ó Heuston.

Bhí neart am agam an bus a fháil ag 10.00 le bheith in am.

Ach níl mar a shíltear bítear.

Fionnradharc faoi sneachta
Cé nach raibh sneachta ar bith sa bhruach baile ina raibh mé ag fanacht agus an bus ag dul i dtreo na cathrach bas léir nach cldach éatrom a bhí i gceist. Shleamhnaigh an bus, agus chuile carr i dTuaisceart na cathrach go mall mall mall isteach sa cathair.

D'imigh an t-am, 10.30, 10.45, 11.00 agus ní rabhamar ach ag Páirc Fhionradharc! Bhí an traen go Gaillimh le bheith at 11.25. Faoi dheireadh idir bus agus Luas d'éirigh liom Heusto a shroicheant faoi 12.15 nó mar sin. Bhí an traen imithe.

Ni raibh mé sásta suir istigh i stáisiún fuair tár éis an eachtra a bhí agam i nDuesseldorf an lá roimhe agus d'fhill mé ar thí m-iníona arís. Bhí sé te istigh ansin.

Rinne mé suíochán a chuir in áirithe ar an Sathairn ag 1.00 agus chaith mé oíche eile gan coinne in ionad a bheith sa bhaile...

Tá an lá deas grianmhar i mBaile Átha Cliath ar maidin. 

N'fheadair an ndéanfidh mé Caoran na gCearc roimh oíche!


Oíche so bhreis san Ghearmáin...

Cathair deas is sea Düsseldorf na Gearmáine. Tá sé ar bhruach na Réine. Bhí mé ag comhdháil grúpa úsáideoirí threalimh uathoibríoch le breis is dhá mhíle eile. Bhíod sé de nós ag an gcomhlucht (Emerson) na comhdhála seo a eagrú gach dhá bhliain. Bíonn ceann i Meireceá agus an ceann san Eoraip d'innealteoirí ón Eoraip, ón Aifric agus ón Meán Oirthear. Ach idir gceann deireannach agus an ceann seo bhí sé mbliana de bharr na paindéime. Mar sin bhailigh muid le chéile agus bhí neart le foghlaim, athruithe teicniúla agus gléasanna nua.
Abha mór na Réine ag Düsseldorf
Bhí mé le dul abhaile ar an gCéadaoin le hAer Lingus, bhí ticéad agam agus mo shloinne litrithe go mí cheart (mar ní féidir leo fada a chuir ar litreacha). Seachas san bhí mé ábalta suí isteach san eitileán gan aon stró. 

Bhí sé beagnach lán agus bhí muid go compóirdeach agus an bagáiste curtha sna chófraí lastuas. Labhair an Caiptéan linn agus dúirt go raibh fadhb le gléas a úsáideann siad i ndroch aimsir agus bhí ortha é a thosú arís agus go dtógfadh sé cúig neaomad nó mar sin.

Tár éis tamall tháining sé ar an intercom. Bhí brón air ach ní raibh aon leigheas acu ar an fhadhb agus bheadh sé ró-chontúirteach eitilt san eitleán sin. Is cosúil nach raibh aon seans eitilt eile a fháil agus go mbeadh ortha seomraí a fháil dúinn sa cheantair.

Amach linn as ár suíocháin chompordacha, trén iosta rialaithe pas arís agus ag bailiú ár mbagáiste agus amuigh san aerfort aris.

Ar ndóigh ní raibh sé éasca áit a fháil sa cheantair agus tár éis dhá uair aimsíodh dhá ostáin and dá cheann timpeall uair ón aerfort. Bhi go maith cé narbh féidir linn a rá nach raibh sé go h-olc go fóill mar bhí ortha bus a fháil le sinn a thabhairt chuig na h-ostain. Dúradh linn fanacht don bhus taobh amuigh. 

Bhí sé fuair ar 10.00 san oíche. 

Ar deireadh tháining sé ag timpeall a ceathrú tár éis a deich. Ar deireadh shroicheamar an ostán a bhí, ní i nDüsselldorf féin ach i mbaile eile ar fad, Gelsenkirchen, baile atá ó thuaidh ó Essen, tár mean oíche. Bhí eagla an domhain orm go mbeidh orm dul trén gnáth seiceáil isteach, pás, foirm a líonadh agus eile. Bhí leath chéad againn ann! Tár éis meán oíche! Ach sa deireadh bhí éifeachtúlacht chórais na Gearmáine le feiceál. Bhí liosta iomlán ar leathanach ag an duine amháin a bhi ar an mbínse fáilte anus ní raibh ar ach m'aimn a aimsiu agus bhí orm mo shiniú a chuir leis agus thug sé eochair 802 dom ar an ochtú úrlóir.

Ní gá a rá ach bhí codladh maith agam go maidin.

Éirí na gréine ó seomra 802 inGelsenkirchen

Bailíodh ar leathuair tár éis a naoi an maidin dár gcionn mar bhí eitilt faoi leith eagraithe le dul timpeall meán lae. Mar sin tár éis bricfeasta ar aghaidh linn ar ár mbealach chuig an aerfort arís. Cé gur thóg sé an méis ceanna ama an turas a dhéanamh nuair is faoi sholas na gréine atá sé samhlaíonn tú go nach bhuil ag turas chomh fada is atá sé sa dorchadas!

Ansin bhí orainn dul tré chóras an aerfoirt aris, pás bordála nua a fháil, dul tré iniúchadh slándála ar ar mbagáiste, cotaí criosanna, "aon rud id'phóca!" agus ansin seiceáil pas arís. Ach bhíomar ar ár mbealach abháile. Tugadh dearbhán €15 l'aghaidh bia san aerfort agus muid ag fanach don eitilt.

Faoi dheireadh chuamar ar bhord an eitileán. "Fáilte ar ais" a dúirt duine de na maor freastail! Agus faoi deich neomad bhíomar go léir san aer ar ar mbealach go hÉirinn.

Ag aerfort BhÁC bhí cioth éatroim ann ach ba chuma. Bhíomar sa bhaile inár dtír féin agus tár éis oíche eile ann bhéinn ar mo bhealach - siar go Conamara.

Ach sin mar a cheap mé..

... ach sin scéal éile!


#Emrex #Emerson

10.2.24

Cloigeann mar théarma

Bí fadhb leis an teas lárnach againn le déanaí. Maidin amháin theip ar an gcóras.

Rinne mé iniúcadh air agus fuair mé amach nach raibh ceann de na comhla innealta ag oscailt go huathoibríoch mar ba cheart dó. D'aistrigh mé go dtí an módh láimhe é agus thosaigh sé ag obair arís. Níorbh fhéidir linn brath ar an módh leasc ama a thuile.

Glaoghamar ar an leictreoir agus deimhnigh seisiin go raibh gá le comhla nua a fháil. Ní an comhla ina iomláine ach an píosa aibhléiseach ar a bharr - an gníomhróir comhla.

Ghlac mé grianghraf de ar mo fhón agus ar aghaidh liom chuig an siopa áitiúil chrua-earraí - Tí Nioclás (B)* ag Casla.

Thaispeán mé an pictiúr do té ag an gcúntar ansin. D'aimsíodh ar an ríomhaire ach ní raibh fhios go díreach cén cheann a bhí uaim. Tháinig duine eile agus bhí fhios aige cén cineál rud a bhí uaim.

"Bhfuil an rud ar fad uait?" Se sin an gníomhróir féin agus an comhla. Mhínigh mé cad a bhí uainn , an gníomróir, an píosa ar bharr."Níl uait ach an cloigeann?" a dúirt sé.

"Díreach é!" a dúirt mé féin. "Is maith liom an tearma sin uait!"

Cheannaigh mé é agus tháinig an leictreoir chugainn agus ceangal sé an ceann nua istigh sa chóras arís agus bhí linn!

Nach fearr an tearma "cloigeann""gníomhróir comhla"?


*(B)=Suíomh i mBéarla amháin!

4.2.24

Te agus compórdach!

Nuair a thángamar anseo go Caorán na gCearc bhí tine oscailte sa seomra suí. 

Nuair a lás muid an tine thóg sé ama chun an teas a scaipeadh trén seomra. Uaireanta, agus ag braith ar an aimsir, ní raibh an tarraingt go ró mhaith agus anois is arís bhíodh an deatach ag teacht isteach sa teach. Chomh maith leis sin bhí fhios againn gur imigh an-chuid den teas thuas an simléar nó ag téamh taobhanna an tinteán féin.

Tháining an athrú nuair a cheannamaíor dóiteoir breosla soladach. Seasann sé beagáining amuigh ón sean tintean agus b'íontach an difríocht a rinne sé. Ar ndóigh ní raibh fadhb anois leis an ndeatach agus bhí teas íontach againn ní hamháin ón time ach bhí an sorn féin an te (seachas balla an tí!). Bhíomar breá sásta leis.

Dúradh linn le déanaí go raibh gléas éigin ann a cabhraíonn leis an teas a roinnt foin seomra i bhfad níos éifeachtaí go mór mór nuair is seomra mór é le síleáil nó le h-idirurlár nó le balcóin ag breathnú síos ar an mbun léibhéal mar atá againne. Tagann a teas thuas ansin diadh ar ndiaidh ar aon nós ach dúradh go mbeadh sé i bhfad níos fearr le an gléas áirithe seo. Gaothrán soirn a bhí i gceist.

D'fhéacamar is teach so scéal agus ar deireadh cheannaíomar ceann le déanaí. Is gléas an simplí é. Gaothrán meicnúil atá i gceist. Ní gá aon chumhacht aibhléise nó eile len é a oibriú. Cuirtear ar bharr an soirn agus de réir mar a théann an sorn tosnaíon sé ag casadh. Séideann sé an teas thár timpeall an seomra agus taobh istigh de acar an ghearr ama bíonn chuile cúinne den seomra te.

Níl sé againn ach le trí nó ceithre seachtaine agus tá sé fíor. Ní hamháin go théann sé an seomra mór ata againne ach is cosúil bhfuil coigilt breosla i gceist. Ní dhóann muid an méid móna nó adhmad agus a bhí á dhó againn sular raibh sé ina suí ar bharr an dóiteoir. Níor chreideamar go mbeadh sé chomh éifeachtach agus atá se!

Níor chosnaigh sé mórán orainn agus ní gá duit ach é a chuir ar a bharr agus tá leat - te agus compórdach!

3.1.24

Ecx - giolch tachtaithe?

Le bliain anuas tá athru tagtha ar an idirlín ó cheannaigh billiúnaí éigin ceann de na mór ardáin - twitter.

Bhíodh sé an suimiúl agus bhí an-chuid díospóireachta air - díospóireachta fiúntacha uaireanta. Is minic a rinne mé iarracht eolas breise a fháil ann agus d'fhaighinn é gan mórán moille. Ar bhealach ba cineál tobar na gaoise a bhí ann!

Bhí giolch (an giolch iad a thuile?) ag rá gur trua an rud é go raibh daoine imithe ón ardán agus gur bocht an suíomh dá bharr. Cuid acu imithe chuig ardáin eile, Mastodan, Spéir Ghorm nó Telegram. Ach mo léan níl siad siúd chomh maith nó chomh éasca a lamhsáil is ata an sean twitter. Agus "ach is é an toradh ar seo ná go bhfuil na háiteacha go léir leamh go leor anois - níl a dhothán chomhrá in áit ar bith.

Cinnte baineann na foinse nuachta, Tuairisc, Nós, Nuacht TG4, Meon Eile, Molscéal, ExtraG, Éire Beo agus Treibh an úsáid as - mar a déannan Iriseoirí i mBéarla - ach tá an comhrá agus an teacht le chéile a bhíodh ann imithe anois faraoir.

Mothaím uaim é?

1.1.24

Sórt rógaire sagairt?


Tá mé díreach tár éis leabhair "Eaglais na gCatacómaí" leis an tAth Pádraig Standún a léamh*.

An céad rud a sheas amach domsa ná a chreideamh - a chreideamh in Íosa Chríost. Ach ar an dtaobh eile ní raibh fhios agam cén fáth go bhfuil an creideamh sin chomh láidir istigh ann ... go bhfuil sé dílis dá shagartóireacht! Cad as a tháinig a chuid spioradáltachta máß spioradáltacht atá ann. 

Mar duine mé fhéin a d'aistrigh go dtí an Ghaeltacht thuig mé na deachrachtaí a bhí aige teanga mhuintir na Gaeltachta a thuiscint nuair a cuireadh siar go hÁrainn é don gcéad uair.

Foilsíodh an leabhair sa bhliain 2004. I ndairíre séard tá sa leabhair ná imeachtaí a shaoil suas go dtí an am sin. Léiríonn sé trína a chuid altanna, leabhaor agus drámai an meon a bhí aige in amantaí áirithe. Ach dár liom chuaig sé thár n-ais chuig a ghairm mar Shagart agus mar Críostaí. Már is eol dúinn tá an-chuid scríofa aige - go mór mór na húrscéalta ach i gcónaí filleann se arís ia arís eile ar a pharóiste.

Cinnte is "réabhlóidí" é atá sásta fulaingt ar son a chuid tuairimí ach dár liom ní ar a son féin atá sé ag troid ach ar son a chosmhuintir, a phobal. Ag an am céanna tuigeann sé meon iad siúd atá í gcomhacht, más Easpag nó Polaiteoir é.

Tá cuimhne agam ar agallamh a thug sé agus é á scaoileadh amach, as Muinseó sílim, agus cuireadh ceist air. "Cad a dhéanfadh tú anois?"

"Tá searmanais na Cásca le céiliúradh sa pharóiste!"

Insíonn sé gur thóg sé sos le bheith ag scríobh go lán aimsirtha ach tár éis tamall "D'airigh mé uaim gnáth shaol an tsagairt ... sásta bheith ag filleadh arís ar Inis Meáin. Bhí mé sásta filleadh ar mo chéadgairm."

Ar ndóigh tá tuairimi éagsúla aige faoi rialacha na hEaglaise léirithe aige agus sílim gur ciúnaíodh sagairt nó heaglasaigh eile le tuairimí cosúil leo. Ach ag an am céanna léirítear dílseacht don gcreideamh agus don bpoball sa leabhair seo.

Mar a dúirt mé scríodh é seo ag tús an chéad seo agus réimis Eoin Pól II ag druidim chun chríoch. Tá Benedict XVI imithe agus anois tá Prionsias againn. Tá Ard-Easpag eile ar an Deoise (Tuama) anois chomh maith.

Ba bhreá liom saothar eile uaidh ar a shaol ó 2004 ar aghaidh. Bhí sé i dTuair Mhic Éadaigh nuair a scríobh sé an leabhair seo agus uaidh sin sílim gur chaith se seal mar shagart i gCarna.

Bhí an leabhair seo éasca le léamh (mar atá aon leabhair ón údar seo) agus molaim é.


* Eaglais na gCatacómaí, Pádraig Standún, Cló Iarchonnachta 2004, ISBN 1 902420 67 5

Seans go mbeidh spéis agat sna píosaí seo chomh maith: