16.6.18

Aos óg agus aos dána!

Caoga bliain ó shin thárla éirí amach in Oirthear na Nigéire agus bunaíodh stáit nua, Biafra. Bá iad na hÉireannaigh abhí mar misinéirí sa cheantair sin.

Ina measc bhí Sagart ó Chumann Phádraig Naofa, An tAth Pádraig Ó Máille. Bhí seisean ag obair i ndeisceart an cheantair in aice le Calabar. Mar aon le an chuid de na misinéirí dibríodh as an tír iad go tobann gan ach fíor bheagán dá ghiuirléidí a bhailigh le deich bhliain. Tár n-ais in Éirinn bhí baint aige le Gluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta agus is ag cruinnithe a bhain leis an ngluaiseacht a bhuail mé leis. Bhí suim agam ina a chuid oibre mar bhí col ceathrar le mo mháthair, Maolmhuire Ó Fiaich, ag obair sa tír chomh maith. (Scríobh mé píosa faoi anseo sa bhlaiin 2015)

Bhí meas agam air mar dhuine agus níos deanaí chonaic mé gur fhoilsigh Sairséal & Dill leabhair dá chuid - Dúdhúchas. Cheannaigh mé é sa bhliain 1972 é. Ach, mar a thárlaíonn dom go minic faraoir, d'fhág mé ar an seilf le leabhair eile é. D'fhán sé ansin leis na blianta. Ansin chuala mé anuireadh go raibh sé imithe ar shlí na firinne. Chuardaigh mé agus fuair mé an leabhair. Thosaigh me á léamh le déanaí.

Tá sé tiomnaithe mar seo aige:

Cé nach léifidh sibh riamh an leabhar seo is daoibhse a thíolacaim é
AOS ÓG AGUS AOS DÁNA NA NIGÉIRE
i gcuimhne na soilse a las sibh i mo shaol

An chéad rud a thug mé faoi dearadh ná ché chomh h-éasca is a bhí sé le léamh. Ní nach ionadh go bhfuair sé duais i gComortas Dhonnacha Uí Laoire sular foilsíodh é.

Chinn sé ar dtús tideal mar Eachtra Misinéara a scríobh ach diaidh ar ndiaidh tháinig crot eile ar fad air agus ní olc san. Bhí cineál eagla orm go mbeadh sé cosúil le na mílte scealta a bhí léite agam sna h-iris misinéara mar an Far EastMissionary Annals ach is obair atá an difriúil ata ann.

Tugann sé léiriú ar chuid dá obair ceart go leor ach tá béim i bhfad níos mó aige ar shaol agus cultúr na daoine lena raibh sé ag obair. Bhí an Nigéir faoi Impireacht na Breataine go dtí na deireadh na caogadaí agus na cleasanna céanna ar siúl acu agus a bhí ar siúl anseo. "I am a little English child..."

Tuigeadh smointe an Phiarsaigh sa Murder Machine sa tír seo.

Tá an chuid pictiúirí d'ealaíon na tíre, dealbhadóireacht don chuid is mó agus tá samplaí den litríocht a bhí láidir roimh éirí amach Bhiafra.

Tá scéalta grinn ann leis. Bhí lá mór eagraithe sa baile mór in aice leis an áit ina raibh sé ag múineadh. Chuaigh cór ón scoil chuig comórtas ann. Ní raibh bua an cheoil aige féin áfach.
An tAth. Pádraig Ó Máille

"..ní aithneoinn fonn amháin ó cheann eile. Ba chuma liom ach iad a bheith beo bríomhar agus feiliúnach don mháirseáil."

Ar an lá seo sheinn a Bhanna Cheoil sa scoil Amhrán Náisiúnta na Nígéire agus ansin fonn eigin eile. Chuir an cheol isteach ar chuid den lucht éisteachta ach ní raibh fhios aige cén fáth. Bhí cruinniú níos déanaí le baill coiste na scoile agus dúradh nach raibh siad sásta leis an fonn maslach a seinneadh.

'"Cén fonn" arsa mise..."Rule Britannia," a dúirt sé. Dúirt mé nach raibh fhios agam agan cén fonn a bhí ann. 'Every English man knows Rule Britannia" a dúirt sé, agus chuaigh sé an-chrua orm a chur ina luí air nár Shasanach mé!"

Bhí poiblíocht mór sa nuachtán áitiúil:

"The students are protesting against the high-handed attitudes of the expatriate, imperialist principal, the Reverend O'Nally!"

Diaidh ar ndiaidh chuaigh an áit agus a mhuitir i bhfeidhm go mór air. Tá léiriú ar dínit na daoine agus ar a nósanna. Ta tagairt ar aigne na heaglaise sna cúrsaí seo ag chur brú ortha fáil réidh leis na sean nósanna agus nósanna Eorpaigh a chothú na n-áit. Thuig sé an damáiste a bhí á dhéanamh ag an dearcadh sin agus mar sin chuir sé fáilte le Comhairle na Vatacáine agus aggiornamento an Phápa Eoin XXIII. Ach níl mórán sa leabhair faoi misinéireachta traidisiúnta - cé mhéid a baistaíodh agus eile.

Fásann a eolas ar litríocht na tíre agus a tabhacht i rith an leabhair. Thuig sé féin ón a gcuid taithí ar mhúineadh na Gaeilge anseo go raibh an nua-litríocht i bhfolach nuair a bhí seisean ag staidéar fiú san olscoil - ní raibh eolas aige ar an Riordánach nó ar an dá Mháirtín, Ó Díreáin & Ó Cadhain.  Bhain an litríocht, dánta agus eile le daoine a bhí marbh.  (Níos deanaí bhí sé páirteach i Misneach agus Cearta Sibhialta na Gaeltachta agus cá bhfios gio bhfuair sé ionsparáid ó fíle óga na Nigéiré!)

Chuir sé an aithne ar duine acu, John Ekwere, a chuigh i bhfeidhm go mór air. Bhí fhios ag an bhfear óg seo go raibh athraithe ag tárliúnt san Aifric. Bhain sé leis an gcóras oideachais a bhí ag imirt an tionchair air féin agus ar a mhuintir. Nach bhfuil macalla fhocail an Phiarsaigh i Mise Éire agus An Chraoibhinn Aoibhinn sa dán seo?

"Now no more the palefaced strangers 
With unhallowed feet
The heritage of our fathers profane;

Now no missioned benevolent despots
Bull-doze an unwilling race;

Now no more the foreign hawks
On alien chickens prey -
but we on us."

Tá áthas orm gur thóg mé an leabhair seo anuas ó seilf. Cuir sé ag smaoineamh mé. Agus tá aithne i bhfad níos mó ar an Athair Pádraig Ó Máille agam agus tuiscint. Is maith an rud é sin.

Ar dheis Dé go raibh sé.

• Tá léiriú ag Aonghus Ó hAlmhain ar an leabhair anseo: Dúdhúchas (3/10/2019)

No comments:

Post a Comment