![]() |
| An Réiteoir |
Pléifear sa díospóireacht polasaithe na bpáirtithe ar mhórcheisteanna an fheachtais – an eacnamaíocht, fostaíocht, airgeadas poiblí, aisíoc na bhfiacha náisiúnta, leasú ar an gcóras polaitiúil, sláinte agus imirce – nithe nach bhfuil na ceannairí ar aon fhocal fúthu. Díreofar freisin sa díospóireacht ar cheisteanna a mbeidh suim ar leith ag lucht féachana TG4 iontu – an Ghaeilge, cúrsaí oideachais, forbairt réigiúnach, an Ghaeltacht, talmhaíocht agus iascaireacht. Craolfaidh TG4 fotheidil Bhéarla ar an díospóireacht mar áis don lucht féachana nach bhfuil lán-líofacht Ghaeilge acu.
D’fháiltigh Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir, roimh dheimhniú na gceannairí go mbeidh siad páirteach sa díospóireacht chraolta seo. “Is ábhar bróid dúinn an craoladh ceannródaíoch seo,” a dúirt sé “agus is mór againn chur leis an dioscúrsa náisiúnta le linn an fheachtais Olltoghcháin.”
Dhearbhaigh sé gur beartas tábhachtach do stádas agus do phróifíl na Gaeilge í an díospóireacht stairiúil seo agus mhol sé na ceannairí a thoiligh a bheith páirteach inti mar léiriú ar an stádas lárnach sin.
