Showing posts with label TG4. Show all posts
Showing posts with label TG4. Show all posts

12.10.24

An Rí mícheart, bród agus tírgráthoir.

Scéalta ár Stampaí ar TG4.

Bhí mé ag súil go mór leis an gclár faoi stampaí phoist ne hÉireann. Cheap mé gur clár staire a bheidh ann ón tús go dtí an lá inniú. Ar bhealach sin a fuaireamar ach ar bhealach eile ba smaointe pearsanta an láithreora. Agus sna míreanna atá le teacht is cosúil go mbeith láithreoirí eile ann.

Is láitheoir den scoth é Eoin Ó Catháin áfach, agus sa chéad mír léiríodh a shuim agus an mion eolas atá aige sa stair polataíochta na tíre. Bhí a spéis an-shoiléar nuair a bhí sé ag tabhairt miontuairiscí ar chúrsaí Eorpacha sa Bhruiséil agus níos deanaí mar Eagrai polaitíochta ar Raidío na Gaeltacht. Is minic a bhí a chuid tuíteanna faoi scéal éigin i dTeach Laghin roimh iriseoirí i bhfad níos sínsearaí ná é.

Tá spéis agamsa san ábhar stampshonais ó bhí mé i mo lead óg agus tá bailiúcháin agam ó shin agus cuirim leis go rialta gach uair a foilsíodh stampa nua. Tá liosta de chuid de na píosaí faoi ag bun an phíosa seo.

An rí mícheart!
Nuair a bunaíodh an stáit b'iad stampa Shasana a bhi ann agus is cosúil gur lorg Rialtas Sealadah ag an am cead ó Westminster forchlóigh a chuir ar na stampaí a bhí ann - "Rialtas Sealadach na hÉireann 1922" ar dtús agus ansin "Saorstát Éireann 1922". Ní raibh fhios agam go raibh "cead" acu ó Westminster é sin a dhéanamh. Ar ndóigh, mar a dúradh sa chlár ba bailitheoir an Rí féin ag an am agus mar sin is dócha nach raibh an fhadhb leis sin. Dála an scéil Seoirse V a bhí ann agus ní Seoirse VI a phictiuir a teaspáineadh ar an gclár.

B'iad na stampaí ceart a bhí ann, na cinn "deifnídeach" bhí learscáil d'Éirinn agus cinn le sciatha na cúigí. Diadh ar ndíadh cuireadh leo cinn deartha ag Risteard Ó Cionga - na Ceithre Máistrí agus stampaí Aer-phoist.

Dónall Ó Conaill an chéad fear a bhí ar stamp Éireannach sa bhlian 1929 ag comóradh "Fuscailt na gCatoiliceach", (ar ndóigh bhí ceann eile de níos deanaí - 1997 - agus bhí sé ar nóta airgead £10 chomh maith!). Bí Mary Aikenhead an céad bhean ar stampa.

Éisíodh an-chuid stampaí ag comóradh Éirí Amach na Cásca agus bhí sé suntasach comparáid a dheanamh idir chomóradh 50 bliain (1966) agus 100 bliain (2016) a bhí i bhfad níos cuimsithí. Bhí agalamh ag an léiritheoir leis an Dr Kerran Ó Luain ar seo agus luadh go bhfuil fós eolas atá i seilbh Rialta Shasana a cabhródh go mór le taighde ar na blianta sin, faoin Éirí amach, Cogadh na Saoirse agus ina dhiaidh. Bheadh clár ar sin mar ábar an-spéisiúl - "Uisce faoi thalamh i Westminster - 1915 - 1925"? 

Ach sin scéal eile do lá eile.

Luadh Ruairí Mac Easmuin, a rugadh i gCuas an Ghainimh in aice le Dún Laoghaire, agus an uisce faoi thalamh ag a thrial i Londain nach bhfuil a scéal ina iomlán fos againn. Ar ndoigh tá an chuid stampai éisithe anois mar comoradh ar pholaiteoirí ón am sin agus ina dhiadh,  Uachtaráin,, Taoisigh , , Statairí agus eile.

Sa dara chuid den chlár bhí trácht ar imeachtaí a comóradh nó na h-aithrithe i meoin nó mana muintir na Éireann a léiriú. Thóg sé mar shampla an reifreann mór 2015 nuair a d'aithin fórmhór muintir na tíre go mfhéidir éinne "gan beann ar a ngnéas, conradh pósta a dhéanamh de réir dlí." B'shin réabhlóid ar ndóigh ach thóg sé am an reabhlóid sin a bheith le feiscint ar stampa, rud a thárla sa bhliain 2021. Éisíodh stampa "Bhrod" sa bhlain sin agus bhí comhra le Lisa Nic an Bhreithimh ag caint ar an athrú mór, agus an fuascailt mór a mhothaigh sí nuair a ritheadh an tathrú mór sin i mBunrachht na hÉireann.

Stampaí ag comóradh Ruairí Mac Easmuinn
Chriochnaigh an clár le tagairt arís don tírghráthóir, Ruairí Mac Easmuin, a bhí i bPentonville agus Éirí Amach 1916 ar siúl. Cuireadh i bPentonville é ach sa bhliain tógadh thár n-ais go hÉireann iad agus cuireadh faoi gradam agus onóir i Reilg Glas Naoín. Cinnte ba laoch é don léiritheoir agus chriochnaigh sé an mír seo den clár ag crocadh iómha de ceann de na stampai a éisiodh mat comóradh ar Éirí Amach na Casca sa bhlian 2016.

Beidh mé ag súil leis an cúig chinn eile de na cláracha seo.

Bheadh sé spéisiúil píosa faoin áit don teanga náisiúnta ar na stampaí - nuair nach raibh ach Gaeilge ar na stampaí agus an tréimhse nach raibh ach Béarla ortha agus an t-am inar litríodh ainm an stáit go mícheart ortha;  nó faoin dtréimhse sin ina raibh Poblacht na hÉireann ar na stampaí seacha Éire.

Tá cúig chlár eile sa sraith le bheith ann agus tá mé ag súil go mór leo siúd.

Píosaí a scríobh mé ar an ábhar seo:
24.1.10: Omós agus masla?
1.6.10: An tEarrach Thiar!
4.5.10: Dispeagadh?
12.2.12: Stampaí do na nGael
31.12.12: Ár gcara sráide!
9.8.14: Dearmad agus dearmad!
9.1.17: Stampaí agus ealaíona na nGael!
12.10.17: Che Guevara agus Máthair Dé!
22.7.19: Gealach Gaelaithe!
9.9.19: Quare nó aisteach?
30.12.19: Fógairt Poblachta!
21.4.24: "La Sheridan!"

@TG4TV @Postvox @EoinKeane101 @DublinHistorian @LisaNicAnB @GCNmag

14.4.21

Cúig nóiméad clú!

Is mé ag breathnú ar an Aimsir Laithreach aréir baineadh geit asam nuair a luaigh Fiona Ní Fhlaithearta m'ainm agus pictiúir de mo chuid a ghlach mé ar an maidin. Chuamar ag siúl chuig an trá ó dheas ó TG4, Fíbín agus Séipéil na Tulaigh.

Bhí an lá go hálainn agus thug mé faoi dearadh go raibh bad amuigh sa bhfarraige - a gliomadóireachta is dócha. Ní raibh duine ar bith eile le feiscint amuigh ann agus thóg mé an fón amach leis an pic a thógaint. Roinn me ar an gcóras giolcaireachta agus fuaireadar ansin é.

Rinne roinnt daoine tagairt don mír sa chlár agus roinneadh é ag TG4 níos deanaí.

Nach íontach an rud é beagáinín clú bainte amach anois is arís!



13.2.21

Lón faoi dheireadh!


Is ar amharaí an tsaol nách raibh fhaca mé an scannán úd "Lón sa Spéir!*" go dtí aréir ar TG4. Bhí neart faoin scannán ar an gcóras giolcaireachta agus na meáin shóisialta leis na blianta ach theip orm é a fheiscint aon uair a bhí á dtaispeáint.

Níl fhios agam cad a bhi mé ag suíl leis. Is dócha scéal na bhfear a bhí ag glacadh sosa thuas ós cionn Nua Eabhrach sa phictiur cáiliúl. Ach ní sin a bhí ann cé go éirigh le déantóirí an scannáin beirt ainm a fháil go cinnte, b'fhéidir - beirt as Éirinn!

Ba léiriú ar saol atá athraithe ó bhun go barr i gcúrsaí tógála. Is ró cosúil nár chuala éinne ag an am seo (1932) faoi sláinte agus sabháltacht! Is ina suí gan aon chosaint 800 troigh ós cionn sráideann gnóthach Nua Eabhrach ag am lón a bhi an aon duine déag seo. Ní raibh hata chrua ag éinne acu mar shampla! Ní raibh aon criosanna sabháltacht le feiscint. 

B'íontach liom go raibh cartlann sa bhfoirgneamh féin le pictiúirí (an ceann áirithe seo san áireamh) a thóg grianghrafadóirí agus an tógáil ar siúl. Ach cé go bhfuil an pictiúirí féin le feiscint ann is beag eolas atá ann faoi ainmneacha na bhfear oibre a bhí le feiscint sna pictiúirí sin. Níl fiú aon chinnteacht ar ainm an té a thóg an pictiúir úd. Ba gnáth grianghrafadóirí nuachtáin iad agus ba chuid dá ghnáth oibre don nuachtán a bhí ar siúl acu. 

Tríd is tríd bhi an mheas ar na hoibrithe á léiriú. Bhíodar ag obair thuas ansin ar na cearchaillí - ag rinnce d'fhéadfá a rá ós cionn  na cathrach. Ní nach íonadh cailleadh cuid acu ach bhí pá maith ann dóibh dúradh.

Chuir mé suim sa cineamatagrafaíocht, más sin an focal. Bhí sé íontach go rabhadar ábalta dul isteach sa phictiúir, dul faoi an gcábla atá ar dheis sa pictiúir. Nó dul faoi na fir agus breathnú ar na foirgnimh a bhí ansin. Bíontach an scil nó an teicníocht é a chuir leis an léiriú. 

Is pictiúir é seo atá mar siombail ar chathair agus ar thréimhse nó aois eile. Ar thógáil cathair nach raibh a leithéid de am go dtí sin - meascán treibheanna nó náisiúin idir Éireannaigh, Iodálaigh agus Eorpaigh eile. Tá sin fós ag tarliúnt fos sa cathair sin ach le daoine ó náisiún eile, Vítneam, an Phacastáin, an Aifric agus eile. An comhleá cultúir atá i Nua Eabhrach thár aon cathair eile fós.

Ba an léiriú ar am agus ar luachanna Nua Eabhrach sna tríochaidí é an scannán seo. 

*"Lón sa Spéir/Men at Lunch": Léiritheoir,  Seán Ó Cualáin, Sonta Films, Conamara 2012

@Sontafilms @TG4TV



21.3.19

Oscailt súl!


"Cén fáth san?" arsa m'iníon agus muid ag chasadh thár geataí RTÉ ar Lána Nutley.

Bhíomar tár éis casadh isteach ó Bhóthar Steach Lorcháin ag dul i dtreo oispidéal Naomh Uinseann agus thugamar faoi dearadh go raibh picéad ag na geataí. "Cé hiad siúd?" a d'fhaifraigh sí orm. Mhínigh mé gur ag gearán faoin easpa Gaeilge ar RTÉ a bhí siad. "Cén fáth san?"

Is cuimhin liom go maith an streachail agus a troid a bhí ann chun seirbhís teilifíse a fháil - ós comhair cúirte agus fiú ansin ag lorg éisteacht sa Teanga Náisiúnta. Uair amháin fiú fuair mé £10 costaisí ón gcúirt mar nach raibh An Post i ndán ateangaire a fháil agus nach raibh muid sásta labhairt i mBéarla ós comhair cúirte. Is cuimhin liom bheith ar phicéad taobh amugh de Phriosún Mhuinseó ar son cara a bhí curtha istigh ann de bharr nach raibh a cheadúnas teilifíse íochtha aige.

Cludach le Robert Ballagh!
Tháinig na tarlúintí seo chun cuimhne dom nuair a thosaíos ag léamh a leabhair seo*. Fuair mé mar bronntanas Nollag é.

An leabhair atá ann atá an so-léite. Ar bhealach, go mór mór ag an tús is eachtra atá ann. Ó dhreap Ciarán Ó Finneadha Aeróg Ard Mhontrose sna seachtóidí go dtí gur phléasc na tinte ealaíne i mBaile na hAbhann 1996. Mar a deireann Seán Ó Cuirreáin "Tá fíorbhua na scríobhnóireachta agus na scéalaíochta" ag an údar. Ritheann an scéal ar aghaidh agus is beag áit atá fágtha gan iniúcadh agus taighde a bheith déanta aige.

Insítear na scealta agus na heachtraí ar an mbóthar casta chuig an spríoch. Scéal na ceannródaithe dána neamheaglach ina bpoball ar bharr Chnoc Mhordáin a "d'athraigh chuile rud!" Léiríonn an údar an naimhdeas cuid de a bhí nimhneach go leor. Tá sé soiléir go raibh Micheál D Ó hUigin go láidir, stuacánach fiú, ina thacaíocht don tógra go dtí a chur i gcrích i gcroí lár Ghaeltacht Chonamara.

Conspóid faoi pholasaí Ghaeilge ar TG4 (Márta 2019)
• Plé an-oscailte ar @7LATG4 anocht le ard-stiúrthóir TG4 Alan Esslemont maidir le straitéis TG4. (7Lá TG4 26/3/2019 - Nasc Twitter) - Clár iomlán S17 E12 anseo ag am 11.53.
• Conspóid faoi Pholasaí Teanga TG4 agus líómha (MP3 Tús Áite RnaG 26/3/2019)
• Líomhaintí faoi chinsireacht ar thuairimí faoi pholasaí teanga séanta ag TG4 agus Nuacht TG4 (tuairisc 26/3/2019)
• ‘Briseann sé mo chroí – ní chuige seo a bunaíodh TG4’ – Ó Feinneadha (tuairisc 26/3/2019)
• ‘Tóin poill’ sroichte ag TG4 lena raibh de Bhéarla ar Laochra Gael (tuairisc 8/3/2019)
• ‘Osclaíonn muid doirse, ní dhúnann muid iad’ – séanta ag TG4 go bhfuil ‘carte blanche’ acu don Bhéarla (tuairisc 7/3/2019)
• Laochra Gael? Níor bunaíodh TG4 le deich nóiméad Gaeilge san uair a thabhairt dúinn… (tuairisc 7/3/2019)
Ach ní ceart a rá go bhfuil an leabhair ina "dhuanmholadh" don tógra. Tá cuir síos ar na  dearcthaí nó an coimhlint atá le feiscint sa "súil eile." Tá dearcadh poball na Gaeilge lonnaithe sa ceantair ina bhfuil Béarla mar gnáth teanga á gceantair.  Ansin tá pobal na Gaeltachta atá ina gcónaí sa milieu Ghaelach. Agus ansin tá "Pobal an Bhéarla" nach bhfuil Gaeilge acu. Conas seirbhís cuí a thabhairt dóibh go léir? Agus an seirbhís don Ghaeilge atá inti nó seirbhís i nGaeilge.

Anuas ar sin tá ceist na bhfigiúirí agus maoiniú. Tá an seirbhís ag brath ar fógraíocht mar aon le airgead ón Rialtas i mBaile Átha Cliath. Bhí an deachtaireacht acu i rith na géarchéime airgid ar ndóigh agus ó thaobh figiúirí de bíonn lucht fógraíochta ag iarraidh luach a gcuid airgid a fháil agus má tá figiúirí íseal ann... Léiritear na polasaithe atá á chuir ag an seirbhís i réim chun déileáil leis na fadhbanna sin.

Bhí mé ag leamh an leabhair agus mé ar thuras i dtréan agus thug duine ós mo comhair go raibh mé ag léamh an leabhair. Is cosúil nach raibh aon Ghaeilge aige mar dúirt sé gur thaitn TG4 leis go bhfuil na cláracha i bhfad níos fearr ná na cinn ag RTÉ go mór mór na "documentaries." Déanann an údar tagairt don tuiscint seo atá go forleathan sa tír agus go bhfuil an cáineadh úafásach a bhí láidir ag bunú na seirbhíse beagnach go léir imithe. Is beag éilimh anois ann le TG4 a dhúnadh.

Bhí deachtaireacht agamsa an chóras a úsáidtear le foinse a aithint a thuiscint ach mar sin féin níor chuir sé isteach ar an taitneamh is mé á léamh. I ndairíre is beag leabhair a léigh mé a bhí scríofa chomh maith leis ó thaobh soiléireachta de. Tá mé ag súil leis an gcéad leabhair dá shaghas ón údar céanna - scéal an Choimisinéar Teanga b'fhéidir nó scéal Fheidhmeanaíocht na Seirbhíse Sláinte.

Tá cuid de na deachtaireachtaí agus na ghearán fós ag TG4 agus is dócha go mbeidh go deo. Ach má tá spéis agat i scéal bhunú TG4 agus ar chonas ar éirigh leis le 20 bliain anuas is fiú go mór an leabhair cuimsitheach 1 seo a léamh.

* "Súil Eile," Seán Tadgh Ó Gairbhí; Cois Life 2017; ISBN 978-1-907494-43-7

1. Tá saineolaithe níos léanta ar na chursaí seo ná mise a deireann nach bhfuil an leabhair seo cuimsitheach ná baol air. Seans go bhfuil ábhar leabhair eile ann?

28.3.18

Feachtas chun phardúin a fháil. #MamTrasna

Cuirfidh mórscannán nua faisnéise drámaíochta atá le craoladh ar TG4 faoi dhúnmharuithe i Mám Trasna in 1882 dlús le feachtas, a bhfuil tacaíocht aige ón Uachtarán Michael D. Higgins, le pardún a thabhairt i ndiaidh a mbáis do na fir a crochadh nó a cuireadh chun príosúin san éagóir.
"The law must take its course!" - Cábla Fear Ionad Bhanríon Shasana  - 15 Nollaig 1882 sa Viceregal Lodge.
Pardún iarbháis tugtha ag Uachtarán na hÉireann do Mhaolra Seoighe - 4 Aibreán 2018 in Aras an Uachtaráin.
Seán Ó Cuirreáin a leagadh bláthfhleasc ag
suíomh an uaigh in a cuireadh iad siúd a crocadh
i nGaillimh 2012
Seán Ó Cuirreáin, iriseoir as Tír Chonaill agus an t-iarChoimisinéir Teanga, i mbun feachtais, a bhfuil tacaíocht aige ón Uachtarán Michael D. Higgins, le pardún i ndiaidh a mbáis a fháil do na fir a crochadh nó a cuireadh chun príosúin san éagóir faoi dhúnmharuithe Mhám Trasna in 1882 agus is cinnte go gcuirfidh an mórscannán nua faisnéise drámaíochta faoi ar TG4 dlús leis an bhfeachtas sin.

I bhfadscannán faisnéise drámaíochta Murdair Mhám Trasna, atá le craoladh ar TG4, ag 9.30pm, an 4 Aibreán, tugann an tUachtarán Michael D. Higgins le fios go bhfuil saineolaí ceaptha ag an Rialtas chun an cás a scrúdú le súil is pardún a thabhairt i ndiaidh a mbáis do Mhaolra Seoighe agus do na fir eile a ciontaíodh san éagóir sna dúnmharuithe stairiúla seo.

Bunaithe ar an leabhar ‘Éagóir’ a scríobh an tIar-Choimisinéir Teanga agus iar-iriseoir de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta Seán Ó Cuirreáin, as Gort an Choirce i dTír Chonaill, atá Murdair Mhám Trasna. I measc na rannpháirtithe sa chlár tá an tAbhcóide Sinsearach Luan Ó Braonáin, an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh, daoine muinteartha na ndaoine a bhásaigh agus neart eile.

Dúirt an tUachtarán Higgins go bhfuil sé ag súil tuairim an tsaineolaí seo a fháil chomh maith le comhairle an Rialtais ar cheann de na hiomraill ceartais is mó le rá i stair dlí na Breataine agus na hÉireann.

“Fillfidh mise ansin, ag an tráth sin”, a deir sé “go bhfeicfidh mé céard a bheidh mé in ann a dhéanamh. Dá mba fúmsa a bheadh sé, gan na foirmiúlachtaí san áireamh, bheinn sásta glacadh leis gur cheart aitheantas a thabhairt don éagóir a tharla. Is é mo thuairim gur léir an cheist mhorálta i gceist.

“Bhí na nithe ar fad a thit amach ó thaobh an stáit de uafásach. Bhí breabaireacht i gceist. Ní bhfuair na cúisithe aon seans ceart iad féin a chosaint. Ní raibh aon chomhionannas ná aon chothroime ag baint leis na córais dlí ag an am sin”.

Murdair Mhám Trasna, bunaithe ar scéal uafásach i stair na hÉireann, dúnmharú a rinneadh in 1882 ar chúigear den teaghlach céanna i mbaile uaigneach Mhám Trasna in Iarthar na hÉireann.

D’fhreagair údaráis na Breataine go pras agus go géar agus ciontaíodh daoine san éagóir, crochadh cuid acu agus cuireadh cuid eile i bpríosún mar thoradh ar fhianaise bhréige agus ar bhreabaireacht.
“One of the most blatant miscarriages of justice in British legal history” an cur síos a rinne an staraí iomráiteach as an mBreatain, Robert Kee, ar an scéal.

De réir mar a tháinig sé chun cinn go raibh éagóir déanta agus a admhaíodh sna páipéir náisiúnta agus idirnáisiúnta ag an am gur tugadh mionnú éithigh, dhiúltaigh rialtas Gladstone, ina dhiaidh sin féin, fiosrúchán poiblí a bhunú agus bhí sin ar cheann de na cúiseanna ar thit rialtas Westminster in 1885.
Ní bhfuair siadsan a ciontaíodh san éagóir aon phardún ó na húdaráis riamh ach d’fhéadfadh mar thoradh ar an bhfadscannán seo go bhfuiltear ag teannadh níos gaire dó sin anois.

• Tá Murdair Mhám Trasna roghnaithe le dul san iomaíocht thar ceann na hÉireann sa chatagóir staire ag Féile na Meán Ceilteach. Is comhlacht léiriúcháin as Gaillimh, ROSG, a léirigh Murdair Mhám Trasna do TG4, le tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann.

• Tabharfar cuntas beacht ar na nithe a thit amach nuair a chraolfar Murdair Mhám Trasna an 4 Aibreán ag 9.30pm ar TG4.

Breis eolais faoin leabhair, léarmheas pearsanta ar an scannán agus nithe eile  le fáil anseo.

Comóradh ar éagóir Mhám Trasna 1882. (Samhain 2012)
Tá suíomh faoi leith tógtha don gComóradh i 2012 le fáil anseo: Dúnmharuithe Mhám Trasna - Éagóir Dhlíthiúil.

• Sean-ghrianghraif an-stairiúil ó Mhám Trasna! (Eanáir 2013)
• Scannán fáisnéise ar "Éagóir!" (Meitheamh 2016)
• Géileadh don dlí - cóir nó éagóir! (Iúl 2016)
• Cearta ar deireadh? (Samhain 2017)
• Slua don Éagóir! (Feabhra 2018)


@PresidentIRL @BAItweets @ROSGtv @tg4

8.11.17

Ag cosaint an fhirinne sna meáin!

Tá  feachtas nua fógartha ag an EBU (Aontas Craolcháin na hEorpa), ina léirítear an dea-thionchar a imríonn na meáin phoiblí ar aon sochaí ina bhfuil siad ar fáil - Meáin ar Ardchaighdeán (Ilteangach).

Seo an chéad uair ag eagrais agus craoltóirí poiblí na hEorpa comh-fheachtas den chineál seo a eagrú agus iad ar aon téad agus d’aonghuth faoin leas a dhéanann na meáin phoiblí ag am ina bhfuil ‘nuacht bhréige’, éagothroime pholaitiúil, olltionchar na soláthraithe móra domhanda agus aighnis faoin easpa maoinithe do na craoltóirí poiblí ag cothú deacrachtaí go leor.

Léiriíonn an feachtas an bonn atá faoi na meáin phoiblí agus an tairbhe a dhéanann siad don sochaí.

Deir Ardstiúrthóir EBU Noel Curran: “Is iad na heagrais phoiblí is mó a dhéanann infheistíocht sa léiriúchán clos-amharc ar fud na hEorpa, san iriseoireacht Eorpach agus is mó a imríonn tionchar dearadh ar shaol laethúil na bpobal ar a bhfuil siad ag friotháil."

“Tá go leor ábhair ar fail anois don phobal ach ní ionann méid agus fiúntas agus tá an cás ar son na meán poiblí níos práinní fós dá bharr. Cinntíonn na meáin s’againne spás don ilchineálacht, don mhionteanga agus don tsúil eile. Molaim an feachtas seo” a dúirt Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4

Thacaigh Dee Forbes, Ardstiúrthóir RTÉ leis an bhfeachtas freisin: “Is ceart dúinn gach deis a thapú le tábhacht na meán poiblí don daonlathas a chur i láthair an phobail, mar go gcuireann nuacht fhírineach, agus anailís gan fuacht ná faitíos ar mhór-cheisteanna atá ag déanamh tinnis don phobal go mór le leas an tsochaí."

9.6.17

Oireachtas beo!


D’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le TG4 go mbeo-chraolfar clár nua, Lár Stáitse a bheidh dírithe ar thaibh-ealaíona daoine óga ó Oireachtas na Samhna na bliana seo. Beidh an spotsholas ar ealaín an agallaimh bheirte sa chlár agus craolfar babhta craoibhe an aoisghrúpa 12 – 15 bliana chomh maith le roinnt iomaitheoirí ó chomórtais agus aoisghrúpaí eile, ina measc, aithriseoireacht, scéalaíocht agus lúibíní.

Craolfar an clár ar TG4 ar Aoine na féile, 3 Samhain 2017, ó 8.00 p.m. – 9.30 p.m agus beidh sé ar fáil ar fud an domhain ar an Sheinnteoir TG4.

“Tá ríméad orainn an t-ardán nua seo a bheith á thabhairt ag TG4 do na healaíona béil traidisiúnta”, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Is cuid fíor-thábhachtach iad dár n-oidhreacht cultúir agus teanga, agus feithicil luachmhar do shealbhú agus do bhuanú saibhreas Gaeilge i measc daoine óga. Tá súil againn go spreagfaidh an clár nua seo tuilleadh daoine óga le tabhairt faoi na healaíona béil.”

“Is deas linn an fhorbairt is deireanaí seo ar ár gclúdach Oireachtais a bheith dírithe ar an óige” a deir Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4. “Tugann an saibhreas teanga agus an deisbhéalaíocht a fheictear sna comórtais teanga-bhunaithe don óige, siamsaíocht don lucht féachana agus spreagann dóchas agus misneach i bpobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tá siad tráthúil ar gach bealach.”

I measc na gcraoltaí beo eile a bheidh ar TG4 le linn Oireachtas na Samhna beidh Nuacht TG4 trí oíche (Dé Céadaoin, Déardaoin agus Dé hAoine) agus na príomhchomórtais damhsa ar an sean-nós, Steip ar Shatharn na Féile. Déanfar sruthú beo ar shuíomh idirlín TG4 ar Oscailt Oifigiúil an Oireachtais, ar Bhronnadh na nGradam Cumarsáide agus ar na comórtais daoine fásta, ina measc, Corn Uí Riada, Sean-Nós na mBan, Sean-Nós na bhFear, Agallamh Beirte, Lúibíní, Amhrán Saothair agus Sceitse.

Is i gCill Airne, Co. Chiarraí, a bheidh Oireachtas na Samhna ar siúl, ó Chéadaoin go Domhnach, 1 -5 Samhain 2017.

#OnaS17 @OirnaGaeilge 

10.3.17

Laochra!

Is i bPáirc an Chrócaigh, ionad go leor de na héachtaí atá á gceiliúradh sa tsraith, a sheol Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghail an séasúr nua Laochra Gael tráthnóna. Tá meas agus gean ar lucht leanta na gcluichí Gaelacha ar fad ar an tsraith seo ina dtugtar cuntas ar éachtaí imeartha mór-imreoirí peile agus iomána le leathchéad bliain anuas.

Craolfar na cláracha sa séasúr nua Laochra Gael TG4 gach Céadaoin ag 9:30pm ó 15 Márta agus gach tráthnóna Domhnaigh tar éis GAA BEO.

Cuirfear suim ar leith sna cláir sa tsraith nua mar go dtugtar chun cuimhne roinnt imreoirí a thuill cáil agus meas ar leith lena linn:

  • Dónal Óg Cusack, cúlbáire cróga iomána Chorcaí, 15/3/17 10pm (athchraoladh 19/3/17 5.55pm).
  • Cliodhna O’Connor, bean a sheas an fód ar feadh i bhfad sa gcúl le peileadóirí Áth Cliath, 19/4/17 9.30pm (athchraoladh 23/4/17 5.55pm).
  • Tommy Walsh, crann taca agus foinse inspioráide le hiománaithe Chill Chainnigh ina ré órga ag tús an chéid seo, 12/4/17 9.30pm (athchraoladh 16/4/17 5.55pm)
  • Dara Ó Cinnéide, naoscaire cruinn peile agus craoltóir cumasach Ciarraíoch, 22/3/17 9.30pm (athchraoladh 26/3/17 6.15pm).
  • Na deartháracha cáiliúla Lowry as Uíbh Fhailí, 3/5/17 9.30pm (athchraoladh 7/5/17 5.55pm).
  • Éamonn O’Hara, fathach lár páirce pheileadóirí Shligigh, 5/4/17 10pm (athchraoladh 9/4/17 5.55pm)
  • Pete Finnerty cosantóir crua sciliúil iomána as Gaillimh, 29/3/17 9.30pm (athchraoladh 2/4/17 5.55pm).
  • Seánie McMahon, crann taca stuama cruinn le hiománaithe an Chláir, 10/5/17 9.30pm (athchraoladh 14/5/17 5.55pm).
  • Owen Mulligan, naoscaire lúfar le peileadóirí Thír Eoghain,17/5/17 9.30pm (athchraoladh 21/5/17 5.55pm).
  • Pat Fox, tosach a bhris croíthe an fhreasúra go mion minic lena chruinneas. 26/4/17 9.30pm (athchraoladh 30/4/17 5.55pm).
Ag labhairt dó ag an seoladh i bPáirc an Chrócaigh, dúirt Uachtarán CLG Aogán Ó Fearghail go bhfuil meas ar leith ag a eagraíocht ar an tsraith fhad-bhunaithe seo. “Cuireann na cláir seo lenár dtuiscint ar shár-scil na mór-imreoirí ó na blianta atá caite, agus tugann chun cuimhne na cluichí inar thugadar sár-thaispeántais. Beidh fonn ar éinne a chonaic iad an dara deis seo a thapú iad a fheiceáil an athuair.” 

Dheimhnigh an tUachtarán gur léiriú follasach é an séasúr nua seo ar an dlúthpháirtíocht idir CLG agus TG4 agus ghabh buíochas leo sin ar fad a bhí páirteach sa togra.

Deir Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont go bhfuil an cainéal thar a bheith bródúil as an tsraith agus as an séasúr nua seo, an cúigiú ceann déag ag Laochra Gael. “Is cuid lárnach de chlúdach ilghnéitheach TG4 ar na cluichí Gaelacha í an tsraith seo,” a dúirt sé, “agus tá a fhios againn go bhfuil gean ar leith ag lucht leanta na gcluichí uirthi. Tugann sí chun cuimhne cumas agus scil na réalta seo agus iad i mbarr a maitheasa agus tugann ábhar mórtais dúinn ar fad.”

Is é an comhlacht aitheanta neamhspleách NemetonTV (Béarla) a léiríonn an tsraith seo do TG4, comhlacht a sholáthraíonn go leor de chlúdach spóirt an chainéil.

@TG4 @sporttg4 @nemetontv @officialgaa @beo_clg

20.4.16

Tús buachach i nDún Garbhán!


Tús buacach do TG4 ag Féile na Meán Ceilteach 2016


Thug clár a choimisiúnaigh TG4 mórdhuais leis inniu ag tús Fhéile na Meán Ceilteach i nDún Garbhán. Bronnadh an Torc don Chlár Siamsaíochta is Fearr ar an tsraith Pioc do Ride, togra a ghin go leor poiblíochta agus beagán conpsóide freisin nuair a craoladh é.

Deir Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, Micheál Ó Meallaigh, go bhfuil tábhacht ar leith le duaiseanna mar seo. “Bíonn dian-iomaíocht ann don duais sa rannóg seo gach bliain,” a dúirt sé “agus muid in iomaíocht le cláracha agus formáidí siamsaíochta ó chraoltóirí eile a bhfuil airgead níos mó agus acmhainní suntasacha ar fáíl dóibh”.

Formáid éadrom úrnua, 13 clár atá sa mbuaiteoir, ina mbíonn bean ag iarraidh a rogha fir a dhéanamh, bunaithe ar na leidí faoina phearsantacht óna ghluaisteáin agus a chumas mar thiománaí. Bíonn triúr iarrthóirí fir i ngach clár agus tar éis don bhean duine acu a roghnú, castar ar a chéile iad den chéad uair. Is ag an bpointe sin a thugtar rogha shuimiúil don fhear - dearbhán an bhuaiteora a chaitheamh ar bhéile don bheirt acu nó an t-airgead a chaitheamh ar ghluaisteán ionúin agus gan bacadh le béile, bean ná rómánsaíocht. Is í Áine Goggins an láithreoir agus David Clarke ón gcomhlacht neamhspleách El Zorrero Films a léirigh do TG4.

Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha. Cuirtear iontrálacha faoi bhráid ghiúiré náisiúnta ina dtír féin ar dtús agus roghnaítear an scoth astu ar ghearrliosta le dul san iomaíocht ag an gcomórtas idirnáisiúnta. Tá Féile na bliana seo ar bun i nDún Garbhán 20-22 Aibreán.

@TG4TV @CelticMediaFest

15.4.16

Reibiliún reibhléiseach beartaithe ar TG4.


Deir an seanfhocal linn nach bhfeicfidh ach an té a shiúlfaidh agus is mó fós a fheicfidh an té a bheadh in ann dul ar ais siar sa stair agus imeachtaí móra cinniúnacha ag tarlú. Sin go díreach mar atá sa sraithdhráma ar Éirí Amach na Cásca a chraolfaidh TG4 faoi cheann seachtaine.

Seo féinín eile a thóg muid le taobh an Fhir Mhóir!
Is beag atá ag tarlú sa saol ag triúr fear i mBaile Átha Cliath an lae inniu. Níl de spórt agus de chaitheamh aimsire acu ach a bheith ag déanamh athchruthú ar imeachtaí stairiúla 1916. Agus iad ag ullmhú do chleachtadh feistis, tugann bosca rúndiamhracht ar aistear ama iad, siar san am a caitheadh, go 1916, díreach roimh an Éirí Amach.

Ní túisce ann iad ná a dhéanann siad dearmad mór a chuireann athrú ó bhun ar an saol. Agus fios acu go bhfuil Éirí Amach na Cásca millte acu agus gan é tosaithe fiú amháin, caithfidh siad teacht ar phlean chun cúrsa na staire a choinneáil.

Dátaí Craolta
Mír 1 – SATHARN 23 AIBREÁN 9.30PM
Mír 2 – DOMHNACH 24 AIBREÁN 9.30PM
Mír 3 – LUAN 25 AIBREÁN 9.30PM
Cé go bhfuil faitíos agus imní orthu caithfidh siad féin anois an gaisce a dhéanamh.....agus go tapa. Ní foláir dóibh freisin filleadh ar ais ón stair agus go saol an lae inniu – ach cén sórt saoil a bheidh ann rompu, fiú má éiríonn leo san iarracht sin?

Is é an comhlacht aitheanta Tile Films (Béarla) a léirigh an tsraith seo do TG4 agus craolfar an trí chlár ar an gcainéal trí lá i ndiaidh a chéile, céad bliain díreach ó dháta an Éirí Amach féin. Fuair an togra maoiniú ó TG4, ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó scéim tacaíochta atá bunaithe an Rialtais do thograí scannán teilifíse (Alt 481).

Chruthaigh cliar aisteoirí agus foireann léiriúcháin den chéad-scoth an saothar seo, bunaithe ar scéal a scríobh James Phelan, duaiseoir as a shaothar roimhe seo do TG4 (Rásaí na Gaillimhe). Ar na haisteoirí atá páirteach, tá Peter Coonan (Love/Hate), Owen McDonnell (Singlehanded), Sean T. Ó Meallaigh (Rásaí na Gaillimhe, Charlie), Jeanne O’Connor (Sineater), Enda Oates (Moone Boy), Eva Jane Gaffney (What Richard Did) agus Olga Wehrly (Dark Touch).

Is é Stephen Rooke, Tile Films, an Léiritheoir Feidhmeannach, Ruán Magan a stiúraigh, Anna Maria O’Flanagan a chuir in eagar agus Colm Whelan a bhí i mbun na gceamaraí.

Deir Micheál Ó Meallaigh, Stiúrthóir Coimisiúnaithe TG4 faoin togra “Bhí a fhos againn go mbeadh tograí teilifíse go leor á gcraoladh i mbliana a d’inseodh scéal an Éirí Amach i dtéarmaí na lom-staire agus is maith ann iad. Ach theastaigh uainn fosta casadh beag a bhaint as agus greann freisin, mar chuid amháin dár gcraolta iomadúla féin ar an gComóradh. Bíonn cúpla insint ar aon scéal agus ní mar mhagadh ná le mailís a thugamar tacaíocht don insint mhalartach seo ina gcuirtear an cheist ‘Céard a tharlódh dá mbeadh an cor áirithe seo sa scéal?’ Is fada bua na samhlaíochta agus an ghrinn ag an scéalaí Gaeilge agus seo súil eile ar imeachtaí cinniúnacha na linne sin.”

@TG4TV @tilefilms #Éire16

11.1.16

Breith agus Fás an Náisiúin! @TG4TV @ÉIRE1916

Faisnéis, drámaíocht, ceol, spórt agus eile – idir ábhar cartlainne agus nua-choimisiúnaithe, a chuirfidh le tuiscint an lucht féachana ar imeachtaí 1916, ar bhreith agus ar fhorbairt an náisiúin sna blianta corracha a lean é agus anuas go dtí ár linn féin.

Tá an chuid díospóireachta ar siúl maidir leis an dráma ar RTÉ 1, Rebellion, ag aimsir 1916. Agus seo á scríobh agam tá and dara mír thart agus ceithre cinn eile le teacht. B'fhéidir gur ceart gan mórán a rá faoi go dtí deireadh na sraithe.

Idir an dá linn tá fógartha ag TG4 a bpleannana le comóradh a dheanamh ar Éirí Amach na Cásca. Deireann ráiteas ón staisiún go bhfuil TG4 le cur lena cháil mar sholáthraí cuimsitheach ábhair a chuireann le tuiscint an lucht féachana ar ár n-oidhreacht bheo ar bhealach atá eolasach, samlaíoch, siamsúil. Agsu ag breathnú ar seo tá sé deacair é sin a shéanadh.

6-Ean :- Tom Clarke
13-Ean :- Thomas MacDonagh
19-Ean :- Erskine Childers
20-Ean :- Pádraig Mac Piarais
26-Ean :- Jim Driscoll
27-Ean :- Michael O’Hanrahan
2-Feabh :- Cumann na mBan
3-Feabh :- Joseph Plunkett
04-Feabh :- EPIC (Tús)
9-Feabh :- Ginneadóir an Stáit
10-Feabh :- Ned Daly
12-Feabh :- An Trucailín Donn
17-Feabh :- Willie Pearse
23-Feabh :- Kathleen Lynn
24-Feabh :- John MacBride
2-Márta :- Seán Heuston
8-Márta :- Frank Sheehy Skeffington
9-Márta :- Michael Mallin
15-Márta :- Deargdhúil
16-Márta :- Éamonn Ceannt
23-Márta :- Con Colbert
30-Márta :- Seán Mac Diarmada
15-Aib :- Earnán de Blaghd
Tá dhá shraithdhráma nua Gaeilge coimisiúnaithe acu don chomóradh agus an tsúil eile á hoibriú ar scéal an Éirí Amach iontu ar aon. Éirí Amach Amú is teideal do dhráma ina dtarlaíonn do thriúr fear ónár linn féin taisteal siar sa stair agus lonnú i lár an scliúchais san ardchathair ar Luan Cásca 1916. Tá an greann go smior sa tsraith seo ach dúisíonn sí roinnt bun-cheisteanna freisin.

EIPIC (tús craolta 4 Feabhra) is teideal do dhráma atá suite san am i láthair ach a bhfuil macalla láidir den Éirí Amach ann freisin. Seo scéal ghrúpa ógánach as baile beag ciúin faoin dtuath a ghlacann seilbh ar oifig an phoist lena réabhlóid cheoil féin a bhunú – agus i nGaeilge freisin.

Is fada cáil na gclár faisnéise agus staire ar TG4 agus beidh scoth an ábhair ar fáil le linn na Earraigh agus ina dhiaidh agus trácht ann ar chúlra an Éirí Amach, Chogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad agus ar bhunú an tSaorstáit agus ar fhás an náisiúin ó shin.

Beidh an t-ábhar seo ar fáil go rialta i dhá thráth atá tiomnaithe chuige sa gclársceideal. Gach Céadaoin ar TG4 ag 7.30pm, díreofar ar an Éirí Amach féin agus ar na pearsain a d’eagraigh é, a throid ann agus a cuireadh chun báis díreach ina dhiaidh. Ríomhtar a scéal sa dá shraith aitheanta Seachtar na Cásca agus Seachtar Dearmadta atá le craoladh an athuair - féach sa bosca.

Chomh maith le cláracha sin 1916, tá tráth rialta eile sa gclársceiceal seachtainiúil (Máirt 9.30pm) curtha in áirithe feasta ag TG4 d’ábhar a thugann léargas ar mhór-imeachtaí, croí-eagrais agus pearsain chinniúnacha i bhforbairt scéal an náisiúin.

Ina measc seo tá cás An Trucailín Donn –inar cuireadh an dlí ar Niall Mac Giolla Bhríde as Gaeltacht Thír Chonaill mar go raibh a ainm scríofa i nGaeilge aige ar a charr asail, rud nach raibh dleathach ag an am. Bheartaigh na húdaráis an dlí a chur air (an t-aon chás cúirte a throid Pádraig Mac Piarais ina ghairm mar abhcóide). Cé gur bhuaigh an Choróin an cás, bhain Conradh na Gaeilge lán-leas as an deis phoiblíochta le cás na teanga a chur chun cinn. (12 Feabhra).

Is iomaí cor i mbreith agus i bhfás náisiúin agus is minic daoine a rinne go leor ar an gcúlráid a bheith ligthe i ndearmad nuair a scríobhtar na ceannlínte. I stair na hÉireann, is annamh a thugtar a gceart do na mná a sheas agus a throid agus a d’fhulaing. Féachann Cumann na mBan (2 Feabhra) le cuid den leatrom sin a chur ina cheart maidir leis an Éirí Amach agus Cogadh an Saoirse agus rianann Kathleen Lynn (23 Feabhra) scéal mná a rinne a cion san Éirí Amach ach a shaothraigh do dícheallach ar mhaithe le sláinte agus Saoirse na mban ar feadh na mblianta fada ina dhiaidh.

Bhain cruál agus conspóidí go leor le blianta bunaidh an tSaorstáit agus b’é cinneadh an Rialtais nua daoine a chur chun báis gan triail shibhialta thar a bheith dian. Ar na daoine a básaíodh mar seo bhí Erskine Childers (19 Eanáir), Poblachtach, údar aitheanta agus Protastúnach. Duine eile a rinne a chion d’Éire ar a bhealach féin ab ea Jim Driscoll (26 Eanáir) dornálaí de bhunadh na tíre seo a rugadh agus a tógadh sa mBreatain Bheag ach a thuill gean agus meas ar Éireannaigh ansin as a chumas. Pearsa i bhfad níba chonspóidí ab ea Earnán de Blaghd (15 Aibreán) Poblachtach Preispitéireach, pearsa casta a thuill idir mheas agus fhuath lena linn – mar pholaiteoir, mar Aire Airgeadais agus mar Stiúrthóir ar Amharclann na Mainistreach.

Iriseoir eile ab ea Frank Sheehy Skeffington (8 Márta) a raibh aithne mhaithe aige ar pholaiteoirí agus ar cheannairí an Éirí Amach. Fear síochána ab ea é a dhiúltaigh don fhoréigin ach a dúnmharaíodh go gránna ag fíor-thús Sheachtain na Cásca.

Agus an Saorstát bunaithe agus síocháin i bhfeidhm, thug an Rialtas aghaidh ar na dúshláin a bhaineann le neamhspleáchas tionsclaíoch agus eacnamaíoch a bhaint amach. Tráchtann Gineadóir an Stáit (9 Feabhra) ar an togra is mó ar fad acu, scéim chun leictreachas a ghiniúint ó chumhacht na habhann is mó ar an oileán, tionscnamh oll-mhór inar fostaíodh na mílte ag obair ar na suíomh in Ard na Croise.

Sa mbreis ar na cláracha seo a chraolfar i lár na seachtaine, cinnteoidh TG4 clúdach comórtha eile freisin. Craolfar stair CLG agus táimid ag obair ar bheo-chlúdach a sholáthar ar ócáid ar leith i bPáirc an Chrócaigh ag Cluichí Ceannais na Sraithe 2016 cothrom an lae, 100 bliain go díreach ón Éirí Amach.

Filí agus údair ab ea roinnt de cheannairí na Réabhlóide agus beidh a n-oidhreacht sin agus a sliocht in aschur cultúir agus ealaíne TG4 i mbliana freisin. Ina measc seo beidh Deargdhúil clár nua físiúil ar dhánta Mháire Mhac an tSaoi, bean atá ar chomh-aois leis an Stát agus ar iníon í le duine de mhór-pholaiteoirí na haoise seo caite, fear a throid san Éirí Amach. (15 Márta).

I bpáirt leis an gComhairle Ealaíon, tá 8 ngearrscannán nua coimisiúnaithe ag TG4 ar théama na n-ealaíon in Éirinn le 100 bliain (le craoladh i mí Márta) agus beidh aitheantas ar leith d’oidhreacht 1916 ar fáil i ngradam speisialta a bheidh mar chuid de Ghradam Ceoil TG4 2016 a fhógrófar go luath.

9.11.15

Réalta na Mara as Máigh Cuileann ag dul soir go Sofia!

Amhrán na hÉireann roghnaithe do Chomórtas Amhránaíochta Sóisearach Eorafíse ar TG4.

Thug cailín óg as Maigh Cuilinn i gConamar, an chraobh náisiúnta léi aréir. Seasfaidh sí an fód don tír seo nuair a ghlacfaimid páirt, den chéad uair riamh, sa gComórtas Amhránaíochta Sóisearach Eorafíse (Béarla) i Sofia na Bulgáire faoi cheann coicíse.

Aimee Banks (Pic TG4)
Is í Aimee Banks, 13 bliain, an t-amhránaí a roghnaigh na moltóirí aitheanta, Niamh Kavanagh, Brian Kennedy agus Stiofán Ó Fearaíl ag deireadh sraithe teilifíse inar ghlac 32 amhránaí páirt sa gcraobh náisiúnta. Réalta na Mara is teideal don amhrán buacach a chum Aimee i bpáirt le Niall Mooney, Jonas Gladnikoff agus Brendan McCarthy.

Bhí iomaitheoirí ann as gach ceard den oileán agus amhráin nua-chumtha Gaeilge acu, féachaint leis an gcraobh Éireannach a bhuachan ar dtús agus ansin dul chuig na babhtaí ceannais Eorpacha.

Leath-chúpla í Aimee, dalta sa dara bliain i gColáiste na Coiribe, Gaillimh. Is amhránaí cáiliúil í cheana féin agus gan í ach ag tús a ré.

Aimee Banks (Pic: America Protégé)
Bhuaigh sí an duais ab airde ón gcomórtas American Protégé le gairid agus beidh sí ar an ardán i Halla Carnegie i Nua Eabhrac, ceann de mhór ionaid ceoil an domhain, faoi cheann míosa, 19 Nollaig. Thug sí ocht gcraobh clasaiceach léi ón bhFeis Ceoil 2015, príomh-chomórtas ceoil clasaiceach na tíre agus tá duaiseanna, Amhránaí is Fearr agus sparánacht buaite aici freisin ó Fheis Cheoil Lártíre 2015.

Tá dlúthdhiosca eisithe aici, My Classical Spirit agus is d’Oispís Laura Lynn a thiomnaigh sí uaidh. Anois agus Craobh na hÉireann sa Junior Eurovision buaite aice, an chéad duine riamh a rinne an éacht seo, tá tuilleadh taistil roimpi mar go mbeadh sí ag glacadh páirt sa gCraobh Eorpach a bheidh ar bun san Armeec Arena i Sofia na Bulgáire agus a bheo-chraolfar ar TG4 ar an Satharn 21 Samhain ag 6.30pm. Tá an Chraobh seo ar bun le trí bliana déag agus glacfaidh 17 páirt i gcomórtas na bliana seo.


8.7.15

Peil na mBan go 2018.

Ag labhairt dó i bPáirc an Chrócaigh ag Seoladh Chraobh TG4 2015 i bPeil na mBan, d’fhógair Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir go bhfuil síneadh trí bliana aontaithe don chonradh urraíochta agus cearta craolta idir TG4 agus Cumann Peil Gael na mBan. Mairfidh an comhaontú nua go deireadh an tséasúir 2018. Le linn na tréimhse sin, beochraolfaidh TG4 suas le 60 cluiche Craoibhe gach Samhraidh, sa mbreis ar roinnt cluichí i gcomórtais eile de chuid an Chumainn.

Tosóidh clúdach teilifíse na Craoibhe 2015 ar an Satharn 25 Iúil. 17 cluiche craoibhe ar fad a bheochraolfar le linn an tséasúir sna grádanna Sóisear, Idirmheánach agus Sinsear. Is iad Cluichí Ceannais na hÉireann 2015 i bPáirc an Chrócaigh, 27 Meán Fómhair, buaic na craoibhe agus beidh an t-iomlán á bheochraoladh, mar is gnách, go heisiach ar TG4 agus ar fud an domhain ar an Seinnteoir.

Thréaslaigh Marie Hickey, Uachtarán, Cumann Peil Gael na mBan na forbairtí seo leis an Uasal Ó Gallchóir agus mhol an síneadh ama leis an gconradh. “Tá TG4 luaite le Peil na mBan in intinn an phobail le fada an lá anois,” a dúirt sí agus thug sí moladh ar leith don chlúdach domhanda a sholáthraíonn TG4 ar an gCraobh ar an Seinnteoir.

Thagair an tUachtarán freisin don fhloscadh a bhaineann le tús an tséasúir craoibhe. “Is ag an tráth seo bliana a ghéaraíonn an tsuim againn ar fad,” a dúirt sí, “idir imreoirí, lucht bainistíochta, oifigigh agus lucht leanta. Táthar ag ullmhú don Chraobh ón Nollaig agus seo anois muid ag a tús. Cá bhfios cad a tharlóidh? Go n-éirí go geal linn ar fad.”

4.6.15

Mór scannán le bheith ar an mór scáileán!

TG4 agus Cartoon Saloon ag comhoibriú go binn ar Amhrán na Mara

Den dara uair i mbliana beidh leagan Gaeilge de mhór-scannán do pháistí ar taispeáint i bpictiúrlanna ar fud na tíre faoi cheann míosa. Beidh Amhrán na Mara á thaispeáint sna pictiúrlanna ó 10 Iúil 2015. Bhí Spúinse as Uisce le feiscint níos luaithe sa bhliain sna pictiurlanna ar fud na tíre.

Is é an comhlacht aitheanta Cartoon Saloon (Béarla) i gCill Chainnaigh a léirigh agus Tomm Moore a stiúraigh, an té a stiúraigh The Secret of Kells, saothar ardchaighdeáin eile roimhe seo. Fuair an saothar nua seo ainmniúchán do ghradaim Oscar 2015 don Fhadscannán Anamúlachta is Fearr, éacht ar leith do shaothar Éireannach. Is é an comhlacht Macalla, a bhfuil cáil ar leith tuillte ag a shaothar le cartúin do TG4, a rinne Amhrán na Mara, an leagan Gaeilge, atá maoinithe ag TG4 agus Údarás Craolacháin na hÉireann.

Scéal draíochtúil geanúil atá sa scannán a bhfuil téamaí go leor ann ó bhéaloideas na farraige in Éirinn, an mhaighdean mhara agus an saol fo-thuinn, anamúlacht ildaite mhealltach, le guthú ó sár-aisteoirí agus le fuaimrian cheolmhar bhinn. Is cailín beag tostach í Saoirse a bhfuil a máthair imithe ó bhí sí ina naíonán. Ach tá dúchas ar leith ag Saoirse, a thugann í ar eachtra rúndiamhrach. Ar an gcliar guthaithe atá páirteach sa leagan Gaeilge tá Brendan Gleeson agus Fionnuala Flanagan, beirt aisteoirí a thacaíonn go rialta agus go fial le tograí TG4, Colm Ó Snodaigh, Lisa Hannigan, James Ó Floinn, Gráinne Bleasdale, Maurice O'Donoghue, Donncha Crowley, Niall McDonagh agus Tom O' Sullivan.

Deir Stiúrthóir Aschur TG4 Lis Ní Dhálaigh: “Is scéal álainn é seo a bhfuil an dúchas agus an nuál fite go healaíonta le chéile ann. Is breá ar fad linn go raibh ar ár gcumas leagan Gaeilge de a chur ar fáil don scáileán mór faoi láthair – agus don scáileán beag lá is faide anonn. Táim cinnte go mbainfidh an lucht féachana taitneamh agus sult as.”

 “Tugann TG4 tacaíocht agus spreagadh don chomhlacht s’againne agus ba mhór againn a bpáirtíocht fhial sa léiriú seo." a dúirt Paul Young ó Cartoon Saloon. "Tá bród agus ríméad orainn go bhfuil Amhrán na Mara á eisiúint i nGaeilge ag am céanna leis an leagan Béarla Song of the Sea. Rinne an chliar aisteoirí sár-obair sa dá theanga, go háirithe Brendan Gleeson agus Fionnuala Flanagan."

Dar le Jane Farley ó Mhacalla Teoranta, bhain siad an-taitneamh as an leagan Gaeilge den fhad-scannán seo a sholáthar. "Dúshlán agus pléisiúr ar leith ab ea leagan Gaeilge d’fhad-scannán a dhéanamh ach bhaineamar sult agus spraoi as freisin!"

30.4.15

TG4 ar ghearr liosta!

Teistiméireacht eile do chaighdeán agus d’éagsúlacht TG4 cláir dá chuid a bheith ainmnithe ar ghearrliosta Ghradaim IFTA (Béarla) na bliana seo. Tá cláir de chuid an chainéil Gaeilge ainmnithe do 7 ngradam.

Tá trí ainmniúchán faighte ag An Bronntanas do Ghradaim IFTA i dtaobh scripte agus aisteoirí. Ainmníodh Tom Collins/Eoin McNamee/Paul Walker don ghradam An Script Dráma is Fearr, tá Michelle Beamish ainmnithe don ghradam An Ban-Aisteoir is Fearr i bPríomhpháirt agus Charlotte Bradley ainmnithe don ghradam An Ban-Aisteoir is Fearr i bPáirt Taca.

An Bronntanas
Tá ag éirí tharr barr freisin leis an scannán An Bronntanas ag féilte sa bhaile agus thar lear. Go dtí seo, taispeánadh an scannán san Astráil, i mBarbadós, i Washington, i mBostún agus sa Róimh agus tá sé le taispeáint fós in áiteanna eile amach anseo sa mbliain. Bhain an scannán an gradam Jury's Special Award/Gradam Speisialta na Moltóirí amach ag Féile Scannán na hÉireann, Bostún chomh maith le trí ainmniúchán a fháil do Ghradaim Cumarsáide an Oireachtais i mbliana, ina measc ainmniúchán don ghradam ‘An tSraith Teilifíse is Fearr’.

Ainmnithe freisin don ghradam ‘An Ban-Aisteoir is Fearr i bPríomhpháirt’ tá Maria Doyle Kennedy don pháirt a bhí aici i Corp + Anam; sraith coiriúlachta mór le rá a bhfuil gradaim buaite aici faoi shaol pearsanta agus gairmiúil tuairisceora coiriúlachta teilifíse.

Blood Fruit 1984
Tá ainmniúchán faighte ag Blood Fruit sa chatagóir Gnéchlár Faisnéise George Morrison. Scéal é seo faoi stailc Dunnes Stores in 1984 nuair a dhiúltaigh Mary Manning, oibrí de chuid Dunnes Stores ar Shráid Anraí, a bhí bliain is fiche ag an am, seadóg Outspan a dhíol – gníomh a raibh tionchar aige ar fud an domhain.

Song of the Sea / Amhrán na Mara arna choimisiúnú ag TG4 agus Údarás Craolacháin na hÉireann ainmnithe i dhá chatagóir; An Scannán is Fearr agus An Script Scannáin is Fearr - Will Collins.

Tá sonraí beachta ar ainmniúcháin TG4 ar ghearrliosta ghradaim IFTA 2015 le fáil thíos. Is iad na Gradaim IFTA na gradaim is mó le rá sa tionscal scannán agus drámaíochta in Éirinn.

Thréaslaigh Ard-Stiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir leo sin ar fad a ainmníodh do ghradaim IFTA na bliana seo thar ceann TG4. “Tá ainmniúcháin faighte ag TG4 do Ghradaim IFTA gach bliain ó tháinig muid ar aer” a deir sé. “Léiriú ann féin ar chaighdeán uathúil agus nuálaíoch TG4 a bheith ainmnithe sna catagóirí céanna le roinnt den ábhar teilifíse Béarla chomh maith is atá le fáil.”

25.11.14

Thar cionn....

Pic: Ciabhán Ó Murchú
Bhí an pictiúir seo roinnte ar facebook le deanaí ag píolóta óg ó Chonamara le deanaí.

Bhí spéis agam ann mar sé ár gceantair féin atá ann.

Bhí sé ag eitilt ós cionn na Tulaigh nuair a ghlach sé an bpictiúir.  Ar dheis tá Scoil Colmcille na Tulaigh le feiscint agus beagáining ar chlé uaidh tá ceannceathrú TG4 ann.

Téann an bóthar siar chomh fada le cros bhóthar Bhaile na hAbhann, an áit a bhfuil an siopa áitiúil, Tigh Dick  ag Muintir Uí Dhurcháin (Costcutter). Casann an príomh bóthar ó thuaidh ansin i dtreo Chasla.

Tá bóthar Bhaile na hAbhann ar chlé ón gcrosaire ar taobh Loch na Creibhinne - an loch fada ar chlé.

Tá bóthar eile, an L1200, a théann siar ón gcrosbhóthar agus ar bhóthar ar chlé uaidh sin ar an taobh eile den loch tá An Cloch Mór. Nios faide siar tá Bánrach (An  Bharainn Bhán ar an léarscáil thíos) agus ansin ár mbaile féin, Caorán na gCearc, áit a bhfuil timpeall 28 tithe. Tá Loch na Lannach le feiscint leis, an áit a bhfuil an sean stáisiún gharda chosta a bhí san mír deireannach den dráma teilifíse An Bronntanas.

Níos faide ansin tá Tóin Cnoic - tá túr Martello ar sin má tá súile an-mhaith agat is féidir é a fheiscint. Tá calaphort Ros a'Mhíl (an foirgnimh bán) ansin ar dheis den gcnoc sin.

Níos faide siar fós tá leithinis an Cheathrún Rua agus Garumna, agus ansin Leitir Mhóir agus Cnoc Mordan.

Is annamh a feictear áiteacha ón spéir agus tá sé an-spéisiúl an gaol idir suíomhanna na bailte fearainn a fheiscint.

An Codú féin? Níl sé le feiscint sa pictiúir tá sé ró fhada ar chlé len é a fheiscint! Tá sé faoin bhfocal "Uirlisí" sa mapa thíos!


19.8.14

Clisteacht ó Bhaile na hAbhann le feiscint ar fud na cruinne!

D’fhógair TG4 le déanaí go bhfuil trí thogra nuálach curtha i gcrích agus seolta aige a thugann straitéis dhigiteach na seirbhíse go suntasach chun cinn.
Tá Aip nua seolta aige do theilifíseán chliste agus ar fáil beo feasta ar theilifíseáin de dhéantús Samsung, Philips, Opera TV, Foxxum, Toshiba agus ar fáil ar Google TV freisin. Tá siad curtha faoi bhráid agus á meas freisin ag na mór-dhéantúsóirí eile, LG agus Panasonic.

Deir Stiúrthóir Teicniúil TG4, Neil Keaveney go léiríonn Aip nua TG4 do theilifíseáin chliste na mór-dhéantúsóirí go bhfuil an tseirbhís ag coinneáil bord ar bhord leis an nua-theicneolaíocht agus ag cinntiú go bhfuil ábhar an chainéil ar fáil don lucht féachana ar na hardáin ar fad is ansa leo.

Togra mór eile atá curtha i gcríche is ea an leagan nua-chóirithe, feabhsaithe de Sheinnteoir TG4 atá ar fáil anois ar an mbrabhsálaí ar aon ghaireas. Ba ag TG4 is túisce a bhí Seinnteoir teilifíse in Éirinn (2002) agus is í foireann TG4 féin sa gCeannáras i mBaile na hAbhann a dhear agus a chruthaigh an Seinnteoir. Cuireann an nua-chóiriú is deireanaí ar chumas an úsáideora a sheinnliosta féin a chruthú. Cor nua eile is ea go mbeidh sruth leanúnach ábhair ar fáil ón Seinnteoir feasta aon áit ar domhan (ach cuirfear ábhar malartach ar fáil in aon áit go bhfuil srianta cearta ceangailte ar TG4 a choscann ábhar áirithe a sholáthar d’úsáideoirí nach bhfuil in Éirinn).

Leagan feabhsaithe, nua-chóirithe de Aip TG4 don iPad é an tríú togra atá curtha i gcrích le gairid. Beidh seo ar fáil ón App Store le híoslódáil, saor in aisce ar fud an domhain. Cuardaigh “TG4” san App Store nó pé áit óna bhfaigheann tú Aipeanna. Cuireann an Aip nua ar chumas úsáideora iPad féachaint ar bheo-chraoladh TG4 agus ar an gcartlann clár ón Seinnteoir freisin. Seo an Aip is deireanaí ó TG4, sa mbreis ar an 7 Aip Gaeilge do pháistí (agus foghlaimeoirí) tá forbartha agus eisithe go dtí seo. Fágann seo go bhfuil TG4 ar an bhforbróir Aipeanna Gaeilge is forásaí ar fad.

Deir Stiúrthóir Aschur TG4 gur céimeanna tábhachtacha chun cinn iad na forbairtí seo ar an gconair dhigiteach. “Is ar ghairis chliste atá go leor den lucht féachana ar fud an domhain ag triall, agus ní foláir do TG4 a bheith ar fáil ar an hardáin is mó a bhfuil éileamh orthu, más áil linn bheith i lár na hiomaíochta sa ré nua dhigiteach seo. Tig le gach duine, aon áit, uair ar bith ábhar den scoth a fháil ó TG4 anois, agus táimid cinnte go mbeadh tairbhe leis na nascanna nádúrtha seo idir an teanga agus an teicneolaíocht.”

23.7.14

An aimsir neamhgnáthach fáistineach foirfe!


Is maith an scéalaí an aimsir agus tá an seanfhocal sin á athnuachan go laethúil anois ag
seirbhís fheabhsaithe aimsire TG4 ina bhfuil athchóiriú tarraingteach ard-ghléine (HD) ar an ábhar físe ar fad agus roinnt láithreoirí nua ar an Aimsir Láithreach a chraoltar ar an gcainéal teilifíse.

Irial Ó Ceallaigh
Caitlín Nic Aoidh
Fiona Ní Fhlaithearta
I measc na maisíochtaí atá ar fáil san athchóiriú cuimsitheach, tá:

• Dearadh nua a chuireann cruth agus cuma úr ar scéal na haimsire ar an Suíomh Gréasáin (nasc) agus ar an gcraoladh teilifíse. Foireann ghrafaicí TG4 féin (a bhfuil duaiseanna aitheantais go leor buaite aici) a dhear agus a chruthaigh seo i gcomhar leis an soláthraí seachtrach Metra Weather. I measc na bhforbairtí nua, tá fáil freisin ar an Suíomh anois, ar liosta de théarmaí aimsire Gaeilge sna príomh-chanúintí agus pictiúir ó cheamara breise atá feistithe i nGaoth Dobhair ag soláthar pictiúr na haimsire reatha ansin. Tá a leithéid ar fáil le tamall anuas ó cheamaraí TG4 atá suite i gCorca Dhuibhne agus i mBaile na hAbhann.

• Láithreoirí nua aimsire agus saibhreas na gcanúintí le cloisteáil uathu: Irial Ó Ceallaigh (an Rinn), Fiona Ní Fhlaithearta (Conamara) agus Caitlín Nic Aoidh (Tír Chonaill). Roghnaíodh an triúr seo ón slua mór iarrthóirí agus tar éis tréimhse oiliúna agus ullmhúcháin, tá siad i mbun craolta anois agus an pobal ag cur aithne orthu.

Deir Pádhraic Ó Ciardha, Leascheannasaí TG4: “Is maith mar a chum ár sinsir téarmaíocht chruinn fhileata Ghaeilge le cur síos ar gach gné den aimsir.  Léiríonn an cnuasach focal atá curtha ar fáil againn agus an raon canúintí atá ag na láithreoirí nua aimsire, saibhreas agus éagsúlacht na Gaeilge – ach nílimid ach ina thús. Fáilteofar roimh théarmaí eile. Táimid cinnte go mbeidh fonn ar dhaoine iad a sholáthar le r-phost agus sa gcomhrá leanúnach atá bunaithe againn ar Twitter (@AimsirTG4). Tá súil againn go spreagfaidh na maisíochtaí nuálacha agus na láithreoirí breise seo aiseolas leanúnach agus go bhfeabhsóidh siad an aimsir fháistineach ó TG4.”


18.7.14

Súil eile sna státaí!

Seirbhís TG4 á chraoladh ar fúd Stataí Aontaithe Meiriceá

Tá fáil anois ar dhá uair an chloig sa tseachtain de chláracha Gaeilge TG4 ar chainéal teilifíse i Stáit Aontaithe Mheiriceá ó cuireadh tús an tseachtain seo le soláthar rialta dhá uair an chloig gach Domhnach ar Today’s Ireland (Béarla), an cainéal teilifíse a chuireann ábhar ón tír seo ar fáil don phobal féachana thall.


CITY/STATE STATION Broadcast Cable
New York, NY WNYJ (WFME) 66 AT&T Uverse: 66, Cablevision: 15 &18, Comcast: 247, DirecTV: 66 & 900, Dish
Network: 66 & 8117, Time Warner: 96, Verizon FiOS: 29
Los Angeles, CA KLCS 58.4
Chicago, IL WYCC 20.3 Comcast 272
Philadelphia, PA MiND TV (WYBE) 35.6
Stanford, CA University Cable Student Cable 182
Washington, DC MHz Networks 30.1 Comcast 271, Cox 470, RCN 30, Verizon FiOS 451
Seattle, WA KBTC 28.2 (Tacoma), 15.4 (Centralia-D),Click! Network 454
Minneapolis, MN MPS Cable Comcast 76
St. Paul, MN Neighborhood Network, Comcast 20
Denver, CO KBDI 12.3
Orlando, FL WDSC 15.3 Bright House 1153
Cleveland/Akron/
Youngstown, OH
WNEO/WEAO 45.3, 49.3 Armstong 417, Masillion 85, Time Warner 369
Charlotte, NC WTVI 42.2 Time Warner 175
Nashville, TN WNPT 8.2 Comcast 241, Charter 176
Salt Lake City (UT state) UEN 9.2 Comcast 114
Warrensburg, MO KMOS 6.3 Mediacom 86
Grand Rapids/
Kalamazoo, MI
WGVU/ WGVK 35.2 (Grand Rapids), 52.3 (Kalamazoo), Charter 137
Las Vegas, NV KLVX Cox 114
New Orleans, LA WLAE 32.2
Richmond, VA WCVE 23.3 Comcast 202
Athens, OH WOUB 20.3
Flint, MI WDCQ 19.1 Charter 433
Spokane/Yakima, WA KWSU/KTNW 10.1 (Spokane), 31.3 (Yakima), Time Warner 10 & 710, Comcast 18
Charleston, IL WEIU 51.2 Comcast 418, Time Warner 351, Las Cruces, NM KRWG 22.2
Plattsburgh, NY WCFE 57.2
Quad Cities, IL WQPT 24.2 Mediacom 116
Lansing, MI LCC TV Comcast 15, 31
Macon, GA WMUB 38.1 COX Channel 112 or digital 73-6, ComSouth 212, Flint 123, Reynolds 112, Suburban 15,Watson 15
Topeka, KS KTWU 11.2 Cox 671
Rochester, MN KSMQ 15.2 Charter 397
Charlottesville, VA WHTJ 41.3 Comcast 201
Is cainéal de chuid MHz Networks é Today’s Ireland, atá i mbun craolta le bliain anois agus scoth an ábhair ar fáil ann ó chainéil teilifíse na hÉireann, theas agus thuaidh. Tá fáil air ar an gcóras cábla i roinnt de mhór-chathracha na Stát Aontaithe agus ar mhodhanna eile glactha freisin (sonraí thíos). Fuair an togra a bheannacht agus tacaíocht ón Taoiseach agus ó eagrais chultúrtha agus ó earnáil na meán sa tír seo agus thall.

Tá an tseirbhís ag freastal ar na milliúin i SAM ar de bhunadh Éireannach iad nó ar súim leo cultúr agus saíocht na hÉireann. Cuirfidh an fhorbairt nua seo an Ghaeilge ina láthair agus rogha samplach de scoth-chláir TG4 mar ghéarú goile dóibh. Beidh cláir chainte, nuachta agus amhrán ina measc sa gcéad chéim (sonraí sceidil thíos) agus beidh cluichí ó Chraobh TG4 i bPeil na mBan ar fáil ann freisin ó mhí Lúnasa.

Deir Pádhraic Ó Ciardha, Leascheannasaí TG4, gur cor suntasach é seo i bhforbairt na seirbhíse. “Is maith is eol dúinn cheana féin go bhfuil na mílte sna Stáit Aontaithe ag féachaint ar aschur TG4, idir bheo agus chartlann, ar an Seinnteoir TG4 .Tá idir chainteoirí líofa agus fhoghlaimeoirí ina measc sin agus tabharfaidh an soláthar samplach ar Today’s Ireland an deis dóibh cláracha a fheiceáil ar ghléas teilifíse seachas ar scáileán ríomhaire. Táimid cinnte go mbainfidh siad taitneamh agus tairbhe as agus go mbeidh siad ag iarraidh méadú ar an soláthar”.

D’fháiltigh Fred Thomas, Bunaitheoir agus Uachtarán MHz Networks USA roimh TG4 freisin.


Sceidealú Ábhar TG4 ar Today’s Ireland MHz Worldview (náisiúnta)

Comhrá – Domhnach 1PM ET
Formáid thar a bheith simplí a bhfuil ard-mholadh tuillte aige. Bíonn an duais-chraoltóir Máirtín Tom Sheáinín ag comhrá le duine, Máirtín sa chúlráid chun an cuntas a stiúradh go ciúin stuama. Is iad muintir na hÉireann ábhar an chláir seo. Cé go bhfuil próifíl phoiblí agus aithne mhaith ar fud na tíre ar chuid de na haíonna an séasúr seo, is ar ghnéithe eile dá saol a bheidh siad ag trácht.

Sean Nós Domhnach 1:30PM ET
Scoth na n-amhránaithe i mbun cainte agus ceoil le Síle Denvir agus iad ag trácht ar a suim sna hamhráin, na leaganacha is ansa leo agus ag seinm freisin, ar ndóigh. Tá áis nuálach bhreise ar fáil don tsraith seo mar go bhfuil na h-amhráin agus focla an leagan a chas an t-amhránaí áirithe seo ar fáil anseo ar an Suíomh.

Timpeall na Tíre Domhnach 1:30PM ET
An chuid is suimiúla agus is spreagúla de na scéalta a chraol Nuacht TG4 le seachtain anuas. Más leat méar a chur ar chuisle na hÉireann sa lá atá inniu ann, féach air seo.

Féilte - Slí an Atlantaigh
Síle Ní Bhraonáin agus a criú ar an mbóthar ó Mhálainn go Carn Uí Néid, iad ag leanacht cúrsa an bhóthair nua-bhrandáilte cois cósta agus iad ag freastal ar fhéilte, ar imeachtaí agus ag casadh le daoine agus le cócairí an cheantair.

MHz1 (i gceantar Washingto DC)
Comhrá – Domhnach 5PM ET
Sean Nós – Domhnach 5:30PM ET
Timpeall na Tíre – Domhnach 6PM ET
Féilte - Slí an Atlantaigh – Domhnach 6:30PM ET

29.10.13

Ní rugbaí go Páirc Thuamhan!

Bhí macallaí na staire agus na ngártha glóracha le  brath go láidir i Luimneach aréir nuair a seoladh clár nua teilifíse faoi cheann de na háiteanna is aitheanta ar fad sa gcathair stairiúil sin.

Díríonn an clár Thomond  ar stair agus  ar sheanchas na staide rugbaí is paiseanta agus is aitheanta in Éirinn agus san Eoraip ar fad, b’fhéidir.   Is ionann stair Pháirc Thuamhain agus scéal iontach an rugbaí i gcúige Mumhan féin, go háirithe le scór bliain anuas sa ré ghairmiúil.

Tráth dá raibh, ba pháirc í seo ina mbíodh na ba ar féarach agus a bhí ar nós portaigh in aimsir fhliuch.  Anois, tá forbairt ollmhór déanta agus éachtaí iontacha imeartha feicthe ar an bpáirc ag lucht leanta dílis na Mumhan.  Is iomaí réalta rugbaí a tháinig thar Sionainn lán de dhóchas ach a chuaigh abhaile in ísle brí tar éis faobhar na foirne deirge a bhlaiseadh.

Dar ndóigh is anseo a fuair laochra Mumhan an ceann is fearr ar All Blacks na Nua Shéalainne i 1978, éacht nach ndearna aon fhoireann eile Éireannach roimhe ná ó shin, bua a spreag amhráin, dánta, dráma agus na mílte scéal.  Duine de laochra an lae sin, iar-imreoir agus tráchtaire aitheanta Tony Ward,  a sheol an clár seo, atá stiúrtha agus léirithe ag Shane Tobin.  Chuir buanna éachtacha eile i gcomórtas Chorn Heineken le blianta beaga anuas  (go háirithe in aghaidh Gloucester i 2003 agus Sale i 2006) le cáil na páirce mar dhúnáras neamhghéilliúil in aghaidh na n-eachtrannach.

Tá idir nua-agallaimh agus ábhar cartlainne sa gclár seo, agallaimh le staraithe, lucht leanta, imreoirí agus iriseoirí. Orthu sin atá páirteach, tá Alan English – údar agus iriseoir, John Broderick, anailísí rugbaí le TG4,  Frank Prendergast,  Vincent Ryan – staraí,  Gerry “Ginger” McLaughlin – laoch idirnáisiúnta rugbaí agus iar-Mhéara Luimnigh mar aon le laochra reatha na Mumhan Paul O’Connell, Donnacha Ryan, Niall Ronan, Peter O’Mahoney agus  Donnacha O’Callaghan.