Showing posts with label An Timire. Show all posts
Showing posts with label An Timire. Show all posts

10.12.20

Iománaí ar chlé – nó ar dheis…


Tháinigh eagrán an Gheimhridh den Iris is sine, Timire an Chroí ró Naofa, sa post inné. Bhí alt faoin gceannteideal "Iománaí ar Chlaí" san eagrán deireanach a spreag  chun pinn mé agus bhí an eagarthóir sásta mó phíosa a chur i gcló.

Seo mar a scriobh mé:

“Ní gá gurb ionann seasamh An Timire agus na tuairimí san alt seo!” Ardaíodh mo chuid spéise nuair a léigh mé é seo ag tús ailt sa Timire le deanaí (Fomhair 2020).

Bhí an alt féin faoi chúrsaí na hEaglaise agus an coimhlint idir “liobrálaigh” agus “coimeadaigh!” 

Ní maith liom na lipéidí sin go mór mór nuair is cúrsaí eaglasta atá i gceist.  Mar a admhaíonn údar  an ailt féin go h-indíreach ceileann na lipéidí sin an chuid den fhirinne. Cad is brí leis an lipéidí sin agus an ceart iad a úsáid i gcúrsaí eaglasta, nó i gcúrsaí chreidimh?

Tagann sé ó dhearcadh “domhanda” agus ag daoine a cheapann gur eagras éigin í an Eaglais. Cineál cumann le rialacha trom nach féidir iad athrú nó ar an dtaobh eile gur féidir iad a athrú más sin toil for mhór na baill. Ach, mar a deireann Naomh Pól linn is coirp í an eaglais, Corp Chríost. 

Mar sin ní cumann í an eaglais,  agus ar bhealach ní reiligiún í fiú! Is muintireas, caidreamh idir gaolta, clann Dé tré ár ndeatháir a Mhac, Íosa, mac Mhuire.

Is cuimhin liom fiche bliain ó shin, gur cuireadhh ceist orm ag Sagart i Meiriceá i mBéarla, “Are you a conservative or a liberal Catholic?”  Ar ndóigh níor smaoiníos ar seo i mo shaol roimhe seo ach thuig mé gur ceist “politiuíl” a bhí ann. D’fhreagraíos é, “I hope I am an orthodox Catholic.”  Is cosúil gur shásaigh an fhreagra sin é. 

Ach cad is liobarálach ann?  Cad is coimeadaí ann? An ceart na téarmaí, na lipéidí, sin a úsáid ag caint faoi Eaglais Chriost?  Ní dóigh liom gur ceart. Is tearmaí “domhanda” iad, téarmaí a úsáidtear sa saol polaitíochta.  Tharais san is téarmaí iad a úsáidtear le deighilt a cruthú dár liom.  I ndairíre is dócha co bhfuil tuairimí liobarálach agus tuairimí coimeadach ag gach duine, Coimeadaigh Liobarálach, Liobarálaigh Coimeadeach!

Sílim nach mbaineann na breathiúnais sin le saol Chaitliceach Chriostaí (ná Críostaí ar bith!) beag nó mór áfach.  “Ná tugaigí breith le heagla go dtabharfaí breith oraibh..” a dúirt Íosa tráth. 

An Pápa i gCearnóg Pheadair 11 Meán Fomhair 2014

Deireann údar an alt úd nach n-aontaíonn an Pápa Prionsias leis an gclé, deas, clé, deas,  seo ach an oiread. “Ní fheiceann an domhain mór ach daoine a bheith páirteach ar an taobh clé nó deas.” Ní fheiceann an Spiorad Naomh ach clan Dé, a deireann sé.  Ní dóigh go ndúirt Pápa ar bith eile a mhalairt.  

Cinnte ní ceart dúinn bheith in adharca a chéile.  I bhfocal Íosa féin, ag guibhe leis an Athair,  “Go mba aon iad go léir, faoi mar atá tusa, a Athair, ionamsa agus mise ionatsa; go mbeidís seo ina n-aon ionainn i dtreo go gcreidfidh an saol gur chuir tú uait mé.”

Luann údair an ailt úd an litir láidir a chuir an tArd Easpaig Viganó inar iarraidh sé ar an bPápa éirí as mar nach bhfuil sé láidir ag cosaint firinne an chreidimh.  Ionsaí fíochmhar a bhí sa litir úd.  (An féidir an litir “Dubia” ó ceithre Cairdinéal* a lua sa comhthéacs seo chomh maith cé nach bhfuil sé seo leath chomh spadhrúil is atá comhfhreagras an Ardeaspaig.) Cuireadh ceist ar an bPápa faoi seo agus é ar a thuras go hÉireann agus d’fhreagair sé: "Ní déarfaidh mé focal amháin faoi seo, sílim go ndeireann an ráiteas seo a scéal féin, agus is leor an cumas atá oraibhse mar iriseoirí bhúr gconclúd féin a dhéanamh!”   Chuir sé ocáid eile im intinn agam, “… freagra níor thug sé ar phointe ar bith, rud a chuir ardíonadh ar an ngobharnóir.”

Deireann an tIománaí ar Chlaí go bhfuil peaca marfach,  “nach maithfear dó é”, déanta ag an bPápa.  Is breithiúnas gan aon amhras é sin.  B’fhéidir nach dtuigeann sé meon an Phápa seo. Nó b’fhéidir go dtuigeann sé go ró mhaith é. 

Is maith liom polaitíocht agus go mór mór polataíocht na Vatacáine. Ach nach bhfuil baol áirithe ann  breithiúnas a dhéanamh ar rudaí nár ceart breithiúnas a dhéanamh.  Níor mhaith liom féin a rá faoi éinne go bhfuil peaca mairfeach déanta aige cé go dtuigim céard is peaca mairfeach ann.  

Sílim gur fiú go mór éisteacht leis an méid a bhí le rá ag Jorge Mario Bergoglio agus é díreach tofa far Pápa, "Is peacach mé, ach tá muinín agam as trócaire agus foighne ár dTiarna Íosa Críost atá gan teorainn." 

Seo Pápa a thuigeann go bhfágann Dia saor sinn fiú chun muid féin a scaradh uaidh agus botúin a dhéanamh ach ar deireadh atá ag feithimh orainn, ag glaoch orainn i gcónaí. Seo teachtaireacht a rinne Eoin Pól II i nGaillimh chomh maith le hóige na hÉireann.

Is dócha gur seo an teachtaireacht atá á theagasc i gcónaí ag Prionsias ó shíochán Pheadair sa Róimh. Teachtaireacht go bhfuil níos “mó áthais sna flaithis faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí ná faoin naoi bhfíréin nóchad nach mbíonn gá le haithrí acu.”

Is léir sin ón manadh a thóg sé nuair a ornaíodh ina Easpag é san Airgintín: “Miserando atque eligendo!”  (“Ó d’féach sé air go trócaireach do rognaigh sé é!”)

* Litir i mí Meán Fomhair 2016 le cúig ceisteanna a chuir na Cairdinéil (Raymond Burke, Carlo Caffarra, Walter Brandmüller, Joachim Meisner) chuig an Pápa tár éis fhoilsiú Imlitreach "Amoris Laetitia."


• Seans go mbeadh spéis agat san píosa seo uaim "Boladh na gCaorach." (26/9/2015)

24.6.19

Athrú aeráide agus caomhnú timpeallachta.

"...ní chuma liom faoin chóir don aeráid agus faoinár ndomhain beag beo...."

An bhfuil muid ag éirí dáiríre faoin athrú aeráide?

Chuala mé ráiteas - beagáinín soiniciúil b'fhéidir - ó chara nuair a foilsíodh Plean Aeráide an Rialtais seachtin ó shin: "Tá súil agam go mbeidh sé níos fearr ná a chuid pleannanna don Ghaeilge!" Táid ann a cheapann go bhfuil an plean lán de smaointe maithe agus dea-rúin ach gan gníomh ar bith. Níl mé ró chinnte go bhfuil an Rialtas dairíre faoin aeráid! Brathann sé ar vótaí is dócha. Cinnte tá an cosúlacht ann go bhfuil an pobal féin ag athrú meoine ar na chúrsaí seo. Má éiríonn leis an aos óg dul i bhfeidhm ar na vótóirí beidh leo ar ndóigh.

Greta Thunberg sa Timire

In eagrán an tSamhraidh den iris, Timire an Chroí Naofa tá oráid ag Greta Thunberg ón tSualainn. "Is cuma liom féin faoin cháineadh phoiblí ach ní chuma liom faoin chóir don aeráid agus faoinár ndomhain beag beo. Táthar a íobairt ár sibhialtacht in éiric ar an deis leanúnach atá ag dream beag daoine ina múrtha airgid a dhéanamh dóibh fhéin."

Cinnte tá costas nach beag ag dul leis gníomhú ar thógra chomh mór san agus a chuir i gcrích. Ach ní mór tabhairt faoi don na glúnta atá le teacht - an céad ghlúin eile más fíor!

Tá sé éasca pleanáil don gcathair cé go mbeidh sé daoir. Tá sé éasca córas taisteal phoiblí a eagrú sna cheantair catharacha mar shampla.

Tá fadhbanna deachair taobh amuigh de na cathrach mar níl an infrastructúr céanna ann. Cuir i gcás conas is féidir linn dul ó áit go háit gan seirbhís taistil ceart. Caithimíd taisteal anois le húsáid a bhaint as na seirbhísí, post, bancanna, cúrsaí sláinte, seipéil, scoileanna 7rl. An mbeidh cead againn (nó an ceart dúinn) móin nó adhmad a dhó? Nó beithigh a bheith ag an bhfeiliméir beag? Tá an-chuid aineolas ann faoi na cúrsaí seo.

Táthar ag caint faoi carrana aibhléise agus tá sé easca go leor iad a shamhlú faoin gcathair agus áiteanna len iad a phlugáil isteach. Ach faoin dtuath? Féach ar an dtrioblóid mar shampla atá ann faoi leathan bhanda a thabhairt dúinn? Ní thugann sé dóchas dúinn!

Muileann Gaoithe in MBÁC?
Táid ag caint faoi muileann gaoithe agus tá siad siúd ag déanamh ionradh ar an tír ar fad go mór mór sna ceantair tuaithe.* Ní thuigim cé fáth gur i gceantair tuaithe atá siad. Nach féidir iad a bheith i ceantair cathrach chomh maith. Ar bharr Spíce i lár Bhaile Átha Cliath mar shampla.

Agus muid ag caint faoi na muilte gaoithe céanna faoin dtuath tugann sé sin ábhar eile isteach sa scéal - caomhnú na timpealachta agus meas air. Tá mé ag léamh leabhair faoi láthair a bhaineann le hábhar. Scríonn Robert MacFarlane ina leabhar "Landmarks" 1faoin meas seo agus muid ag cailliúnt ár gceangail leis an dtalamh agus an teanga a thugann miniú agus brí don tuath.

"It is true that once a landscape goes undescribed and therefore unregarded, it becomes more vulnarable to unwise use or improper action."

Leanann sé leis ag caint faoin bplean a bhí ag comhlucht mór sa Bhreatain, coill mór de mhuilte ghaoithe a thógáil ar mhóinteán, 134 acu, i Leódhas na hAlbain. Tugann sé léargas ar an obair íontach a rinne muintir na háite ag miniú cé chomh tabhachtach is a bhí an áit i gcomparáid leis an dearcadh a bhí ag an gcomhlucht a bhí ag rá nach raibh ann ach "Nothing but heather!" i bhfocail file Albanach. "How marvelously descriptive! and incomplete!"

Dúradh go raibh gá le "..a new nomenclature of lanscape and how we relate to it, so that conservation becomes a natural form of human awareness, and so that it ceases to be under-written and under-appreciated and thus vulnerable to desecration. What is needed is a counter-desecration phrasebook!"

Ar deireadh d'éirigh leo an tógradh a stoppadh.

Ní gá go mbeaidh coimhlint idir scéimeanna aeráide agus caomhnú timpeallachta. Ar bhealach is cuid den gluaiseacht chéanna iad agus mar a deireann an seanfhocail, "ar scath a chéile a mhaineann na daoine!"

* Féach Fathach Ros a'Mhíl
1 Landmarks, Robert MacFarlane, Penquin Books 2016 ISBN978-0-241-96787-4

19.1.19

Machnaimh shagairt cheannaircigh léirithe?

Cé chomh dílis is atá aistriúchán dáin?

Anois is arís déanaim tagairt don iris "An Timire" anseo. Tá sé éasca le léamh, altanna gearr ann gur féidir a léamh i gcionn cúpla neomad agus ansin rud eile a dhéanamh. Uaireanta eile spreagann sé chun phinn mé!

Andrzej Jawien - Karol Wojtyla
Thárla sé arís i rith na Nollag agus mé ag léamh aistriucháin a rinne Micheál Ó hUanachán ar dánta de chuid Andrzej Jawien na Polainne. Ar ndóigh b'shin ainm cleite a bhí á úsáid ag an sagart óg, Karol Wojtyla agus é a scríobh in aimsir na gcumanach ina dtír dhúchais. Dár leis an aistritheoir, "gur cheap an fear óg go raibh an fhilíocht seo polaitiúil agus nár chóir a stádas mar shagart bheith ceangailte lei!"*

Ar aon nós léigh mé na píosaí anseo agus ansin rinne mé cuimhniú go raibh a chuid filíochta léite cheana agam roinnt blianta ó shin. Chuas chuig an seilf leabhar agam agus d'aimsigh mé "Dánta Eoin Pól II" aistrithe ag an scoláire Ciarán Ó Coigligh (2010)**. (Smaoinigh mé leis nach mbeadh an beirt áirithe seo, Ciarán nó Eoin Pól, ró ard ar chomórtas dea-ghnaoi i láthair na h-úaire - ach sin ábhar d'alt eile ar fad!).

"Ní flilíocht chráifeach dhromchlach a chum Eoin Pól," a deireann Ciarán Ó Coigligh i réamhrá a leabhair, "..filíocht fhealsúnachta mhachnamhach a bhfuil teilgean intleachtach inti ó thús go deireadh."

Tá trí chinn aistrithe ag Micheál anseo agus an bailiúchán iomlán aistrithe ag Ciarán. Cheap mé go mbeadh gur spéis an rud é comparáid a dhéanamh ar an dá aistriúchán agus cad a léiródh sé sin. I ndairíre an féidir dána aistriú nó an dán nua a bhíonn ann gach uair a deintear aistriú ar dhán? Ar ndóigh tá an bun smaoineamh a bhí ag an mbun udair ann ach nach fíor a rá go bhfuil meon agus nó taithí an aistritheora go smior ann leis?

Seo "Fear Intleachta" agus ansin "Intleachtóir"

Fear Intleachta
Ceileann tusa an mealladh is an ilghnéitheacht ar do shaol
blas na tóraíochta, an spás is an spontáineachta.

Eoin Pól II - Karol Wojtyla
Is cúng do chuid tuairimí, do chuid foirmlí, do chuid breithiúnas,
ag déanamh achoimre de shíor is ag iarraidh substainte.

Ná sáraigh mo chranna foirtile: is riachtanach iad do bhail an duine;
ní mór do gach uile bhóthar bealach an smaoineamh a thabhairt air féin.
Ciarán Ó Coigligh 2010

Intleachtóir
Goidtear asat áineas, éagsúileacht,
féith na fionnachtanna, grá spáis, uaithe

A chúng do chuid nóisean, foirmlí, breithiúnais
ag coimriú i dtólamh, cíocrach ar ábhar.

Ná bris mo chosaintí, glach le cuid an duine:
gach bóthar teann i dtreo na hintinne.
Micheál Ó hUanachán 2018

Fagfaidh mé fútsa é a mheas an guth an mbun údair nó guth an aistritheora atá i dtreis san dá aistriuchán seo!

*    An Timire, Timire an Chroí Naofa, Foilseachán Íosánach, Eagran: Geimhrifh 2018
**  Dánta Eoin Pól II, Ciarán Ó Coigligh a d'aistrigh, Coiscéim, 2010

22.9.18

Éist, filíocht saibhir, Bodhaire (Uí Laoire?).


Ní léim irisí go ró mhinic ach gach tri mhí thagann ceann beag istig sa phost chugam. Ó tháinig a eagathóir díograsach Frainc Mac Brádaigh, Íosánach, chuig an paróiste s'aginne agus chuir mé m'ainm síos!

Tháinig eagrán an Fhomhair chugainn sechtain nó trí ó sin ach ní raibh seans agam é a oscailt go dtí inné. Iris beag atá lá de píosaí ghearr suimiúl le léamh inti.

Éagarfhocal.
Chuigh píosa ón éagarfocal i bhfeidhm orm go mór agus sílim gur cóir dúinn go leor smaoineamh air atá á rá aige. "Éist!" a thug sé ar an bpíosa. Deireann sé:
    "Tá mé ar son na beatha, beatha athar, beatha mháthar, beatha pháiste, beatha an bheo sa bhroinn, beatha theaghlaigh, tuiste aonair, lánúin phósta, lánúin aon inscne, beatha an chomhluadair ar fad. An éitfidh muid leo? An gcuirfimíd cuid acu ó dhoras?
    "An bhfuil rud le chiall le rá acu linn? An fiú an tairbhe crá croí na gcomhráití?
    "Tá Íosa ar son na beatha. Tháining sé le go mbeadh beatha againn, agus sin go fial. Bhí air éisteacht agus foghlaim, ar ár nós féin. D'éist, is cuireadh íontas air..."
Táim ag cur ceisteanna aorm fhéin ó shin. An éistim mé fhéin?

File ar lár.
Tá píosa ann in omós don bhfile Liam Ó Muirthile, sliocht as óráid a shocraide ag an Ollamh Louis de Paor. Miníonn sé a leathan is a bhí na foinse as a bhfuair an bhfile a chuid inspioráid. Linn mór leathan Eorpach maraon leis an doimhneacht a bhí le fáil sa Ghaeltacht agus i dtraidisúin ársa Gaelach a thíre féin.
Tá me ag ceapadh go bhfuil cáil ar scríobhnóirí Éireannacha ar fud an domhain ach is litríocht go minic atá bocht go leor i gcomparáid le an dtaisce atá fágtha ag Liam Ó Muirthile. Ar dheis Dé go raibh sé!
Clár na hIrise - Fomhair 2018

Feidhm gan éifeacht!

Tá alt thar a bheith suimiúil ag Dónall Ó Cnáimhsí faoi phleanáil teanga. Bhí spéis faoi leith agam ansin mar le deanaí fógraíodh gur ceapadh ina Oifigeach Pleanála Teanga do Limistéar Pleanála Ghaoth Dobhair. Obair nach bhfuil éasca ata roimhe.
Críochnaíonn sé a alt le focail Dhonncha Mhic Fhionnghaile cúig mbliain ó shin agus é ag caint faoin bproiseas seo "'..gur seo an seans dheireanach don ghaeltacht maireachtáil.'
"Tá díogras agus dúthracht léirithe ag na pobail Ghaeltachta ó thus an phróisis seo. Céard faoin rialtas féin? Feidhm gan éifeacht?" 

Ní é an chéad duine a chuir an cheist áirithe sin. Bhfuil éinne ag éisteacht?

Tá neart píosaí eile le léamh san iris seo agus is fiú é a léamh. Eolas ar conas sintiúis a íoc ar shuíomh An Timire.

2.1.17

Roghanna!

Tá alt san eagrán reatha den dTimire a chuir ag smaoineamh mé.

Alt le Leon Ó Giolláin atá ann agus tá cúntas ar bhean rialta, an tSr Clare, bean óg as Doire. Bhí sí ag obair i Meiriceá Theas nuiar a maraíodh í gcrith talún in Eacuadór i mí Aibreán. Ach an scéal a chuaig i bhfeidhm ná mar a chinn sí ar dul leis an saol rialta. "Cé gur tógadh mar Caitliceah mé ní shin le rá gur fhreastail me go rialta ag Aifreann nó gu bhain Dia le mo shaol," dúirt sí. Tá a scéal insti aici anseo ar YouTube (Spáinis 2011)

Chun scéal fada a dhéanamh gearr chuaigh sí tré thimpist ar oilthreachta chuig an Spáinn cé nár theastaigh uaithí dul agus ní raibh mórán spéis aici sna cúrsaí seo. Ar deireadh cuireadh brú uirthí freastal ag an séipéal ar Aoine an Chéasta ann. I rith an searmanais bhí gach duine ag dul chuig barr an séipéil leis an gcros a phógadh. Chuaig sise thuas mar bhí chuile duine ag dul ann agus phóg sí an cros, mar a rinne gach duine eile. Ach ag an neoméad sin, mhothaigh sí "buileadh láidir" istigh inti féin. Agus ag an nóiméad sin thuig sí cén brí a bhí sa cros. D'fhill sí chuig a suíochán agus thosaigh sí ag caoineadh go tréan.

Nuair a léigh mé thosaigh mé ag smaoineamh ar imeachtaí cosúil leis sin sa stair agus sa Bhíobla, Rudaí beaga nó rudaí móra a athraigh saol daoine ó bun go barr. Rudaí móra cosúil le Naomh Pól ar an mbóthair go Damascus - tá fhios ag chuile duine faoi sin is dócha.

Faoin gcrann fígí
Ach ní gá go mbeadh siad chomh dramatiúil agus tá samplaí sa Bhiobla. Natanael  mar shampla:
Chonaic Íosa Natanael ag teacht chuige agus dúirt ina thaobh: “Sin Iosraelach dáiríre nach bhfuil aon fheall ann.”
“Cén chaoi a n-aithníonn tú mé?” arsa Natanael leis.
D’fhreagair Íosa: “Sular ghlaoigh Pilib ort,” ar sé leis, “agus tú faoin gcrann fígí, chonaic mé thú.”
D’fhreagair Natanael é: “A raibí, is tú mac Dé, is tú rí Iosrael.”
D’fhreagair Íosa: “De bhrí go ndúirt mé leat,” ar sé leis, “go bhfaca mé thú faoin gcrann fígí creideann tú."
Níl tuairim againn cad a thárla faoin gcrann - ba rún idir Natanael & Íosa é.

Agus chreid sé.
Nó an scéal ag an tuama ar Domhnach Chásca tá rud eile
"...chuaigh siad chun an tuama. Chrom siad a mbeirt ar rith in éineacht agus rith an deisceabal eile níos luaithe ná Peadar agus is é is túisce a tháinig go dtí an tuama.  Nuair a chrom sé síos chonaic sé na línéadaí ina luí ansiúd, ach ní dheachaigh sé isteach. 
Ansin tháinig Síomón Peadar ina dhiaidh agus chuaigh sé isteach sa tuama, agus chonaic sé na línéadaí agus an brat a bhí ar a cheann – ní i dteannta na línéadaí a bhí sé, ach fillte in aon áit amháin leis féin. Ansin an deisceabal eile, a tháinig ar dtús chun an tuama, chuaigh sé isteach agus chonaic agus chreid sé."

Agus níos deanaí sa stair tá scéalta eile Aibhistín Hippo nuair a "chuala sé" guth ag rá leis "Tolle, lege!" (Tóg agus léigh!). , rud a rinne sé agus léigh sé é seo: "Mairimis go
béasach mar dhaoine atá faoi sholas an lae, gan ragairne gan meisce, gan striapachas
gan drúise, gan achrann gan éad. Agus cuirigí oraibh an Tiarna Íosa Críost mar éide
agus ná bígí ag déanamh cúraim den cholainn d’fhonn a hainmhianta a shásamh." (Rom:13;13-14)

Giovanni di Pietro di Bernardone (Naomh Prionnsias) nuair a labhair an cros leis ag iarraidh air a eaglais a bhí ina fhothrach a ath-thógáil.

John Wesley in Aldersgate i Londain sa bhliain 1738 nuair a mhothaigh sé rud éigin nua, "I felt my heart strangely warmed!"

Anjezë Gonxhe Bojaxhiu (Máthair Teresa) nuair a fuair sí a "glaoch istigh i nglaoch" ar an dtrael go Darjeeling from Calcutta.

Is dócha go dtarlaíonn rudaí beaga mar sin do chuile dhuine a athraíonn a mheoin nó modh a bheatha.

Uaireanta bíonn eagla orm éisteacht leis na guthanna sin ach tá an sean phaidir seo oiriúnach sílim. Tágann sa cnuasach an Ath Dhiarmuid Uí Laoghaire, Ár bPaidreacha Dúchais!"

"Ar eagla na habhann do bheith domhain
A Rí na foighne, glach mo lámh.
Ar eagla na tuile do bheith tréan,
A Mhuire féach is ná fág!"

@TimireFS 

5.9.16

Fós ann! @TimireFS

Níl sé éasca teacht ar irisí Gaeilge sa lá atá inniú ann. Tá sléacht uafásach deanta ag na Rialtaisí (tré chiorraithe pionósach ar Fhoras na Gaeilge). Muna bhfuil seirbhís idirlín maith ag duine ní féidir nuacht domhain nó tuairimí suimiúla a fháil go h-éasca. Ar ndóigh tá leath leathannach ar an Luain ag an Irish Times agus bíonn nuachtáin tanaí, Seachtain, istigh san Indo ar an gcéadaoin.

Eagrán an Fhomhair!
Tharais sin níl sé chomh héasca sin teacht ar ábhar scríobhnóireachta in aon áit - go mór mór sa Ghaeltacht. Níl dul as agat ach iris a ordú trén bpost. (Tá iris agam féin agus chuirim sa phost é agus tá an costas seachadta ag éirí dochreidthe daoir - tá sé níos saoire m'iris fhéin a clóbhualadh ná coipeanna dí a chuir sa phost!)

Bíodh sin mar atá, tá iris amháin á fháil agam-sa sa phoist. Sé an iris is sine sa tír é - An Timire, atá á fhoilsiú ag na hÍosánaigh ó 1907 i leith. Go dtí bliain nó dhó ó sin fuaireadar deontas an bheag ón Rialtas ach ar ndóigh stop síad é agus anois is ar shíntiúis agus dead-mhéin na nIosánach atá sé ag maireachtáil. Tagann sé amach gach ráithe agus bím ag súil go mór leis.

Tá na haltanna gearr gur féidir iad a léamh i gcúpla neomad. Fuair mé eagrán an Fhomhair le déanaí agus arís bhí neart leitheoireachta ann. Cé gur ó stábla Chumann Íosa a thagann sé ní"iris naofa" sa sean bhrí atá inti cé go bhfuil altanna faoi cúrsaí spioradálta nó eaglasta istig inti. Mar shampla sa chéad alt tá an Poiliteoir Sóisialach, Joe Higgins ag caint faoin ghnáth duine, agus an neamhchothromaíocht idir an 1% de dhaonra an Domhain a bhfuil saibhreas níos mó acu ná an 99% eile. Tá alt eile ar Dídeannaithe. Tá dhá alt faoin dteanga ag Eoghain Mac Cormac (Glór na nGael). Tá píosaí staire ann. Tá píosa faoi caghdeán iriseoireachta sna meáin, agus alt faoin foréigin in aghaidh sa Mhaláiv. Tá mír inti do na daoine óga - le scéal le Gabriel Rosenstock.

Tá alt ro-ghearr ar an ileolaí Alan Titley agus ba bhreá liom níos mó a fhoghlaim faoin a shaol san Aifric agus an tionchar a bhí aige ar a shaol agus ar a chuid tuairimí.

Tá alt spéisiúil scríofa ag an Dr Michael Jackson, Ard Easpag Eaglais na hÉireann ar an Íosánach John Sullivan. Ba shuimiúl é tuairimí duine ó chreideamh éile ar an bhfear naofa seo.

Bhí Léirmheasanna an ar leabhair ann lesi, Dílis le Réaltán Ní Leannáin ina measc; Léirmheas ar an scannán "Demolition"; Oideas - Brioscarán le huachtair agus caora;  Alt faoin ré nua san eaglais le ganntanas chléire.

Tá scéal mistéireach Arthur Kingsley Porter a insint ag Dónall Ó Cnáimhsí. Is ar Inis Bó Finne idir Thír Chonaill agus Tóraigh. Chuaigh sé amach ag siúl lá amháin de réir tuairiscí agus ní fhachthas ó shin é. Tá neart ceisteanna faoin gcás ach tá ganntanas fhreagraí.

Taitheann sé liom agus tá mé ag súil leis an gcéad eagrán eile sa phost. Má maith leat é a fháil ní mór duit ach foirm a líonadh agus €20 a íoch anseo.

Bain taitneamh as!