Showing posts with label Cáirde Éanlaith Éireann. Show all posts
Showing posts with label Cáirde Éanlaith Éireann. Show all posts

18.6.16

Faoilean, Faoileán nach raibh ar an trá!


Bhíos ag tiomáint abhaile aniar ón gCeathrú Rua inné nuair a thug mé faoi dearadh slua éin ina seasamh ar an mbóthar ag Baile an tSléibhe. Is beag ná go raibh orm stopadh mar bhíodar an mhall ag imeacht as an mbealach orm! Faoileáin a bhí ionta. Ach cén cineál? Is annamh a bhíonn siad le feiscint ar an dtalamh ach amháin ar an trá nó ar na carraigreacha atá in aice leis an bhfarraige.

Sléibhín
Mar is nós dom chuaigh mé chuid an ríomhaire le cinntiú cén cineál a bhí ann. Níor thóg mé aon phictiúr de faraoir.

An rud bas suntasaí futha ná go raibh cloigean an dhúbh ortha agus cheap mé go mbeadh sé éasca é a aithint ó shuíomh Cáirde Éanlaith Éireann (Béarla). Ach tá dhá rogha atá agam ansin.

Sléibhín a tugtar cheann amháin acu. Tá cloigeann dubh aige siúd agus tá cleití bán agus dubh ag a críoch. Tá mé ag ceapadh é sin an ceann a chonaic mé ach nílim cinnte mar níor thugas aird ach ar an gcloigeann amháin.

Sléibhín Mean Mhuirí
Tá ceann eile atá cosúil leis sléibhín meanmhairí atá ar sin agus tá sé sin bán ar fad ach amháin a chloigean. Tá sé beagáinín níos lú ná an ceann eile. Mar aon leis sin go bhfios dúinn ní bhíonn é le feiscint an taobh seo tíre sa samhradh.

Beidh mé ag breathnú amach aríst go bhfeicfainn cinn eile sa chomharsanacht!

• Ta na pictiúirí goidte ó shuíomh Cháirde Éanlaith Éireann.

9.6.15

Cuairteoir ón Atlantach Theas i nGarmna!


Brú air an pic
chun é a dhéanamh
níos mó
Bhiomar a siúl i rith na deireadh seachtaine ar chosta Garmna. Tá siúlán ann ar an gcósta thoir ón dTrá Bhán ó thuaidh ar Chuan an Fhir Mhóir atá an dheas (agus sa bhfómhair bíonn togha sméara dubha le fáil ann ach ná habair é le h-éinne is rún é!). Agus muid ag siúl chonaiceamar dhá éan ag eitilt go tapaidh - eitilt fhaoileanda a deireann an foclóir - ós cionn na huisce agus ag tuirlint anois is aríst ar carraig árd ar an cósta nó beagáining amuigh uaidh.

Ní raibh ach an fón phóca agam agus nuair a thóg na héin na sosanna seo bhíodar beagáinín ró-fhada uainn. Bhí na dathanna an-shoiléir - dubh agus bán. Cheap mo bhean go raibh gob dearg ortha ach teip orm é sin a thabhairt faoi ndeara. Thóg mé pictiúr de cheann acu agus é ina sheasamh ar carrig amugh sa bhfarraige.

Ní pictiúir ró shoiléir atá ann mar rinne mé iarracht an "zoom" a úsáid. Tá sé soiléir gur éan dubh agus stríoca bána air atá ann. Nuair thangamar abhaile (tár éis coirceog deas uachtair reóite ó Tí Ruairí i Leitir Móir agus ar ndóigh cómhrá deas le fear a'tí!) rinne mé breis eolais a fháil ar shuíomh Cairde Éanlaith Éireann (Béarla). Tá me beagnach cinnte gur Guairdeall a bhí ann. Tá an cuid is mó acu le fáil i gCiarraí deirtear ach táid le fáil chomh thuidh le Dún na nGall agus ar chósta thoir na tíre.

Bíonn siad anseo don samhradh agus ansin eitlíonn siad ó dheas go dtí críocha an Atlantaigh Theas, áit atá chomh fhiáin leis an Atlantach sagainne is dócha!

4.8.13

Béile blasta sa garraí ar chúl!

Thugas faoi deara go bhfuil an-chuid éin thár timpeall an tí le trí mí anuas. Seans go mbíonn siad ann i gcónaí ach nár thug mé faoi deara iad go dtí le deanaí!

Scríobh mé cheana faoin ár gcara sráide a bhíonn linn i gcónaí ach tá slua éin a thagann chuig an garraí ar chúl an tí. Is cosúil gur druideanna atá ionta agus bíonn béile breá blasta acu gach maidin.  Éan atá comónta go leor anseo dár le Cairde Éanlaith Éireann (Béarla).

Itheann siad gach sord rud idir feithidí beaga, caora agus síolta. D'éirigh liom an pictiúir seo a thógaint ón bhfuinneog sa chistin ar maidin.

Tá éan eile atá le feiscint agus is caislín cloch atá ann. Seasann sé thuas ar bharr fheochadáin nó giolcach tanaí.


17.1.13

Éin Chreiche i gConamara.


Bhí cruinniú de Cairde Éanlaith Éireann (Béarla) ag Bóthar na Trá aréir. Thug John Lusby, Oifigeach Caomhantais Éin Chreiche na heagraíochta caint an-suimiúil ar an ábhar agus ar an obair atá beartaithe acu i gConamara.


Méirliún
Ceann Chait
Pocaire Gaoithe

Ar dtús thug sé léargas ar a n-áit in "ordlathas" na n-éan. Tá sé ar barr i mbiaslabhra na n-éan agus cé go bféachann siad an láidir ar bhealach táid lag go leor ar chúiseanna éagsúla. Cuir i gcás an Clamhán nó an Iolar Firéan mar shampla. Is cosúil gur theip ar na héin sin san naoi aois déag agus mar sin tháinig méadú ar na héin agus na hainmhithe beaga a bhíodh mar bia acu, mar shampla an snag breach, an caróg agus creimirí mar francaigh, luchanna 7rl méadaithe go mór ó shin.

Tá feabhas tar éis teacht ar an scéal agus tá an clamhán tár éis teacht thár n-ais go nadúrtha ó Alban istigh i gCo Aontroim agus ó dheas ar chosta thoir na tíre agus anois ag leathadh istigh i lár tíre chomh fada siar le Co na Gaillimhe. Le roinnt blianta anuas tá an iolar á thabhairt isteach anseo athuair i bpáirc Ghleann Bheatha.

Táthar ar scéim staidéar le déanamh i gConamara - ag brath ar deontas ón Roinn! - ar trí chinn de na h-éan seo. An Méirliún, an Ceann cait agus an Pocaire Gaoithe.

D'fhéadfá a rá gur cineal daingean don Méirliún é Conmara. Éan an cúthaileach atá ann agus an éin chreiche is lú sa tír é. Tá sé beagáinín níos lú ná an smólach. Itheann sé éiníní an-bheag agus feithidí, féileacháin agus leamhain. Is istigh ar na h-oileáinín beaga sna locha a bhíonn a nead acu ach bíonn rianta dé ar chlocha atá ag giobadh amach ó na portaigh. Cé go bhfuil siad le fáil i gConamara níl mórán eolas faoi mar is anamh a feictear é!

Scéal eile ar fad faoin gCeann Cait. Ulchabhán atá le fáil coitianta go leor in Éireann é seo. Is cosúil go bhfuil sé le fáil ar fud Chonamara ach amháin i gceantair Cois Fhairrige. Ní minic a feictear sa lá iad mar bíonn sé ag seilg (lucha agus mammaigh beaga eile) san oíche.

Tá níos mó eolais againn  ar an Pocaire Gaoithe nár ar aon cheann éile de na héin seo. Éan maorga a bhíonn le feiscint ar foluain nó ag ainliú sa spéir faoin dtuath. Is minic a bíonn siad le feiscint ós cionn na mótar bhealaigh. Is féidir iad a fheiscint ar fud Conmara agus itheann siad ainmhithe beaga agus corr éan.

Tá breis eolas (i mBearla áfach ar suíomh na heagraíochta!).