Showing posts with label Conamara. Show all posts
Showing posts with label Conamara. Show all posts

24.4.24

Preab sa bhféar!

Bhí mé ag gearradh féir ar an bplasóg ós comhair an tí ar maidin nuair a fuair me spléacadh de rud éigin ar an dtalamh taobh liom. 

Cheap mé ar dtús gur brobh nó seamaide féir ag séideadh sa ghaoith. Ach nuair a crom me síos thug mé faoi dearadh gur frog óg donn a bhí ann.

Tá an frog cointianta go leor thár timpeall na tíre. Tosaíonn sé mar sceith cosúil le glóthach i locháinín beag de gnáth. Ansin fasan sé sin ina thorbán sula dtagann a froigín beag amach. Ní éiríonn an cuid is mó den na torbán fás chomh fada le bheith ina fhrog. Ach má éiríonn leis d'fhéadfadh sé marachtáil ar feadh seacht nó ocht mblianta.

Bhí sé ciúin agus stop sé ionas go dtógfainn pictiúir de le mo fón.

Ansin d'imigh se ... de phreab ar ndóigh...

Nach deas é (nó í).


• Féách ar píosa péistiúil eile anseo Lacerta vivipara sa chistin! (9/8/2016)

9.8.23

Ceann gearbach sa bhfairrge.

Cuirtear cheist orm ó am go h-am cén miniú atá ar ainm an bhlag seo - An Codú.

Mapa Tim Robinson (1990)
Tá cónaí orm sa bhaile fearainn, Caorán na gCearc, agus siar ó dheas uainn ag bhéal chuan Chasla tá carraig ar a dtúgtaí An Codú. Tá sé ag seasamh ó na chianta ansin mar gharda ar an chuan.

Ach cad is brí leis? 

Tá sé luaite i leabhrán Tim Robinson (llch 132*), ar dheis Dé go raibh sé. Deireann sé go gceaptar gur sean fhocal atá ann "ceann gearbach".  Cheap mise go mbfhéidir gur "Clo(ch) Dubh" atá mar mhiniú air. Cá bhfios?

Tá seanrá nó nath cainte sa cheantair "chomh sean leis an gCodú!" Tá sé marcailte aige ar an léarscáil cáiliúil a rinne sé de Chonamara.

Tá sé infheicthe ón mór thír ach tá radharc níos fearr air ón bhfarraige. Ta an pictiuir thíos tógtha ón bhóithrín thíos go dtí an Chéibh Nua agus Inis Mór amach ag bun na spéire.  Téann an bóthar eile síos chomh fad le Toit Chónáin  atá luaite agam i bpíosa deich mbliain ó sin (tá mé ag éirí sean is cosúil!)

Thóg mé an pictiúr de atá ar bharr an bhlag seo roinnt bhlianta ó shin ó bhád nuair a bhí rastaí Ros a'Mhíl ar siúl.


* Connemara, Part 1:Introduction and Gazetter, Folding Landscapes, 1990 ISBN 0 09504002 5 4

20.6.23

Cén bhláth?

Agus an samhradh tagtha nach íontach an méid pictiúirí de bhláthanna atá roinnte ar an gcóras giolcaireachta. Bhí an méid sin daoine a thosaigh ag dul amach ag siúl nuair a thainig an diabal Chovid go hÉirinn gur tháinig oscailt súile. Thug daoine faoi dearadh ceol na néan agus áileacht fásrach ar thaobh na chosán.

Sciollam na Móna
Anseo ar an gCaorán - Caorán na gCearc - tá neart áiteanna le siúl ann agus diaidh ar ndiaidh thugaim féin faoi deara plandaí agus ainmhithe éagsúla. Cuid acu ní bheinn ag súil leo i gceantair oscailte mar seo gan mórán crainnte. Tá broic feichthe agam. Cheap mé gur ainmhí coillte a bhí ansin ach táid anseo. Feictear iad san oíche agus uaireanta is iospartach bóithre iad. Tá giorria ann a léimeann go gasta trasna an gcasán agus uaireanta feicter ag damhsa iad. Tá sionnaigh ann leis a déanann feasta as eillín chearca áitiúil anois is arís.

Feictear seabhach buí ann anois is arís agus cloistear fuiseog go hard ós ár gcionn. Tá neart éin eile ann ar ndoigh, lon dubh, spideoig,dreoilín agus smolaigh mar aon le neart éiníní beaga.

Magairlín Gaelach
Bhí mé ag siúl cupla lá ó shin agus chonaic mé dhá bhláth nár thug mé faoin ndeara roimhe sin. Bhí sé éasca ceann amháin a ainmnú - magairlín de short éigin a bhí ann. Ach bhí ceann eile a bhí cosúil le maigairlín ach nach raibh mé ábalta a ainm a aimsiú. Chuir mé pictiúir de thuas ar an gcóras giolcaireachta é agus fuair mé freagra gur Sciollam na Móna (Narthecium ossifragum) a bhí ann. Sin an t-ainm atá ag Wildflowers of Ireland chomh maith. Ach bhí ainm eile "Blioch" nó "Bliochan" ag Fergal (@Gaeilgebheo). Bhí Sciollam na Móna ag gach duine eile.

Tá magairlín corcra le fáil go coitianta sa chomharsanacht seo. Tá an Magairlín Gaelach (Dactylorhiza Kerryensis) tá mé ag ceapadh, nó bfhéidir an Magairlín Corcra (Dactylorhiza purpurella). Tá sé an fhlúirseach anseo i mbliana fíu ar an blásóg féir ós comhair an teach againn.

Magairlín mór an fhéileacáin
Luaigh mé maigairlín eile a chonaic mé is mé ag siul an lá faoi dheireadh. Tá dath buí air agus tá na bláthanna cosúil le féileachán. Tá dhá cineál luaite in Éirinn, ceann beag agus ceann mór. Sílim fhéin gur an ceann mó - Magairlín mór an fhéileacáin (Platanthera chlorantha) atá ann seacha an Magairlín beag (Platanthera bifolia). Cad a cheapann tusa? Tá muid inár gcónaí anseo le beagnach fiche bliain agus níor thugas an bláth áirithe seo faoi dearadh go dtí seo. Níl fhaca mé móran dóibh - b'fhéidir fiche chinn agus ní mór san i gcomparáid leis a ceann corcra atá go le feiscint go forleathan sa áit.

Tá ceacht le foghlaim as seo is dócha, do shúile a choimead ar oscailt as tú a siúl ní bheadh fhios aga cad a bhfeifidh tú!

10.1.22

Curtha soir!

Fuair mé roinnt leabhair mar bhrotannais um Nollaig. Ina measc bhí leabhair ar choraí chainte. (Cheapann gaolta liom ós rud é go bhfuil Gaeilge i leabhair tá sé oiriúnach dom-sa!) Leabhair  le Micheál Ó Conghaile a bhí ann*, agus tá sé an suimiúil ceart go leor. Roinnt nár chuala mé cheana iad agus roinnt eile a chuala ach ná thuig mé.

Chuir mé níos mó spéis sa réamrá agus é ag caint ar a óige ar Inis Treabhair i gCeantair na nOileán i gConamara. Bhí cuimhne ar a óige nuair nach raibh Béarla ar bith aige. Thosaigh ar scoil ar an oileán sa bhliain 1966 agus bhí duine is fiche ag freastal ann. Nuar a d'fhág sé í (1975) ní raibh ach cúigear ann agus dúnadh í sa bhliain 1980 nuair nach raibh ann ach beirt.

Deireann sé go raibh 170 ina chónaí ar an oileán i seachtóidí an naoiú aois deag agu gur fhag a clann deireannach an oileán "cúpla bliain ó shin."

I nuacht litir Pharóiste na Ceathrún Rua bhí píosa ann ag deanamh comparáid idir 1921 agus 2021. Báisteadh 96 páiste ann i 1921, bhí 46 bainis ann agus cuireadh 34 daoine ag deireadh a saol. Anuireadh fuair 38 daoinea bás, báisteadh 49 agus phós seisear cúpla.

Cinnte tá difríocht mór idir 1921 qgus 2021 i saol na ndaoine agus ar dearcadh na ndaoine. Ta clainnte níos lú ann agus ní phosann gach cúpla ach mar sin féin tá léiriú éigin ar cad tá ag tárlúint faoin dtuath.

Níl cúrsaí i gCois Fharraige chomh dona is atá sé níos faide siar áfach. Bhí píosa againn, "Achainí thochtmhar aniar!" ar na deachreachtaí atá á chuir ar fhorbairt na h-áite tré cúngdhearchacht lucht pleanála sa Rialtas áitiúl agus náisiúnta.

Tá sé deachair a shéanadh nach bhfuil tuiscint dá laghad ag an gcóras riaracháin thoir ar an saol san iarthair.  Bhí litir ar an ábhar seo i roinnt nuachtáin áitiúil trí no ceithre bliain ó shin a rá nach bhfuil "worthwhile plan to address rural decline" ann.

D'fhéadfá a rá go bhfuil siad ag iarraidh muid a chuir soir - chun cor chaint a úsáid! (Lch 122 sa leabhair úd!)

Colourful Irish Phrases, Micheál Ó Conghaile,  Mercier Press 2018; ISBN: 978 1 78117 555 2


24.7.21

"Tá sé ag smaoineamh!"


Bhí sé de nós agam dul chuig na pictiúirí nuair a bhí mé óg sna seascadaí. Is cuimhin liom go raibh scannán faoin tSualainn agus bhí eolas faoi Teach na nAosach ann. Chuir sé isteach orm gur fágadh na seandaoine seo san sean teach - Teach na nEilifeant mar leas ainm. Scríobh mé dáinín beag faoi ag an am agus chuir mé ainm "Swedan, Heaven and Hell..." air. Ait go leor is cosúil gur tár éis tamall a caitheamh sa tSualainn a tháinig an athrú ar dhearcadh Dheasún Fennell ar fhealsúnacht an iarthair - mas féidir fealsúnacht a thabhairt air; Fealsúnacht an saoltaí; Fealsúnacht an dí-eaglaisí.

Deasún Fennell 1929-2021
Roinn mé leabhrán dá chuid ar líne sa bhliain 2016  nuair a fuair mé cead uaidh leabhrán dá chuid (Iarchonnacht Began) a roinnt ar líne. Scríobh mé roinnt faoi conas ar chuir mé aithne air an bhfear tréna chuid scríobhnóireachta faoin gCríostaíocht i bhfoisichán na nDoiminiceach, Doctrine and Life. Taitn a bhí á scríobh aige ansin lion, a dhearcadh ar an gCríostaíocht ag an am sin, díreach tár éis Comhairle na Vatacáine (1962 - 1965).

Bhí dhá rud tabhachtach i mo shaol ag an am sin - an creideamh Chriostaí agus Éire. Tá siad fós tabhachtach. Mar sin nauir a thosaigh sé ag scríobh san Irish Press bhí íontas orm gur as croí lár na Gaeltachta a bhí sé ag scríobh. Scríobh mé chuige agus thug mé cúirt air roinnt mhaith uair ag plé cúrsaí. Bhí fáilte mór ag a bhean Máire Troy romham i gcónaí .

Ba réabhlóidí é gan aon amhras. I cuimhin liom go litrigh sé ainm na háite ina raibh siad lonnaithe, Maoras, caoch súile i dtreo fir an leabhair dhearg!

Chuala mé a iníon Kate Fennell ar an Raidío ag caint faoin a chuid smaoineoireachta - bheadh cuaiteoirí chuig an teach le labhairt leis agus bhí ar Mháire a rá leo, "Tá sé ag smaoineamh!" Bhí píosa deas scríofa ag Seosamh Ó Cuaig ag tús na seachtaing ar "Deasún Fennell, a chara na gcarad!" nach deas sin. Ar na cuairteanna chuig a teach aige bhíodh seiseann ag lorg mo chuid tuairimí b'fhéidir níos mó nár a bhí mise ag lorg a chuid smaointe féin. Bhí mé páirteach sa ghluaisteacht Iarchonnacht 85 agus bhí mé ag fiosrú ar chonas gnó a thosú thiar ag an amm. I ndairíre níor éirigh liom dul siar go dtí 2001 ach is dócha go raibh mé ró shean faoin am sin le rud fiúntacha a dheanamh ann.

Is cuimhin liom é ar chláracha cainte teilifíse leis a phíopa agus a smaointe faoi ionsaí ag cainteoir eile agus ní dhearna sé ach gal ar a phíopa. Bhí sé beasach i gcónaí agus ni labhródh sé nuair a thug an cathaoireleach cead dó. Ach ag an am céanna bhí tuairimí docht aige agus ní raibh sé sásta géilleadh don status quo riamh. Táid ann a deireann gur "Solzhenitsyn na nGael" é! 

Is beag teangabháil a bhí agam leis ó tús na seachtóidí - bhí timpist agam i 1971 i nGaillimh agus thug sé cuairt orm i agus mé san oispidéal ruda narbh gá dó a dheanamh ach ba mhór dom a chuairt.

Chuaigh an saol ar aghaidh ach níor chaill mé an creideamh in an-cuid dá chuid smaointe go mó mór an "Bundessache" - tabhacht dílárú agus an pobal.

Beidh an chomhra aige lena chomh-fealsúnaithe go sioraí.

An rud is truamhéalaí faoi imeacht Deasún Fennell ná nach bhfuil níos mó daoine, intleachtóirí, ag léamh a chuid tuairimí. Tá an iomarca ag sodar nó ar chosa in airde i ndiaidh fhealsúnacht an saoltaí, an dí-eaglaisí, go mór mór ó tíortha eile agus i mBéarla. Má tá duine míshásta le treo náisiún na hÉireann ní fhéadfadh sé níos fhearr na scrúdú ar shaothar an fhir seo. Dúirt Uachtarán na hÉireann: "Níl amhras ar bith orm ach go mbeidh inspioráid le fáil go leanúnach óna oidhreacht agus óna fhiosracht."

Tá súil agam go bhfuil an ceart aige!

ÓMÓS: ‘Tabharfar siar go Maínis thú, áit a gcaoinfear thú go hard’ – slán fágtha le Desmond Fennell, mórsmaointeoir Gaelach (Tuairisc.ie 19/7/2021)

19.6.21

Béile blasta i mBaile na hAbhann!

Tá muid anseo i gceantair Bhaile na hAbhann le beagnach cúig mbliana deag anois. Is beag áit gur féidir dul ann le haghaidh béile a bhí san áit. I ndairíre ní raibh ach siopa Uí Dhurcháin Tígh Dick atá ann leis an blianta agus is féidir rolla bhricfeasta blasta nó a fháil agus suí taobh amuigh ag bínsí ar thaobh an bhóthair.

Thosaigh Aonghus Eoin Garraí Glas ar thalamh a mhuintíre sa cheantair deich mbliain nó mar sin ó shin agus tá togha agus rogha na glasraí le fáil ag a shiopa bheag ann.

Osclaíodh Gastró Pub soir uaidh bliain nó dhó ó shin i dTír na nÓg roimh na paindéime. Ba gnáth teach tabhairne a bhí ann roimhe seo é agus ar ndóigh tá an t-ádh leo go bhfuil raidhse glasraí le fáil ón gcomharsa béal dorais! Tá bacús acu chomh maith.

Inné bhí áit nua ar oscailt dúinn. Is in Ionad Fíbín, ionad Ealaíona, san áit ina mbíodh Tígh Johnny Sheáin fadó atá POTA (@Potacafe ar twitter).  Bhí alt ar Tuairisc.ie ag caint faoin dtógra agus mar sin chinneamar dul soir len é a thriál!

Ar ndóigh de bharr na paindéime ní féidir ach ithe taobh amuigh go fóill. Bhíomar cuíosach déanach, tar éis a dó a chloig, ann. Bhí an bia chlár scríobha ar chlár dubh agus bhí rogha deas ann.

Bhí ceapairí ann sicín, portán nó cáis ghabhair Árainn. Bhí tostaí ann leis cáis nó bagún. Bhí chuile rud le fáil le sailéad séisiúrach ar ndóigh.

Bhí ocras orainn agus mar sin roghnaigh muid an "Tagine Uaineoil Chonamar le Cúscús Luibheach, Iógairt Velvet Cloud agus Collchnónna." Bhí cineal eagla orm mar tá goile beagáinín coimeadach agam agus bíonn eagla orm rudaí nua a thriál. Ní raibh fhios agam cén cineál rud a bhí i dtagine ach ní raibh eagla ar bith ar mo bhean roimhe.

Is dóch gur cineal stobhach atá ann agus buíochas le Dia bhí sé go deas gan an iomarca spíosraí istigh ann. Bhí an uaineoil an bhlasta agus bog le n-ithe agus ní raibh rud a bith fágtha inár ndiaidh.

Agus ansin na milseog! Faraoir bhíomar ró dhéanach don Píog Meireang Liomóide ach bhí mionbhruar Biobóige ann - le huachtair (d'eile?). Uaireanta bíonn biabhóg ró-mhilis agus uaireanta eile bíon sé i bhfad ró ghear ach anseo bhí an "géireacht" díreach ceart dom.

Bhí cupán deas espresso ansin agam mar críoch.

Bhi an áit taobh amuigh go deas agus bhí slua maith ann de gach cineal, "Ladies what lunch Conamara Style;" Daltaí scoile (tá an scoil trasna an bhothair) agus corr réalt teilifíse ó TG4 siar uaidh.

Tríd is trid bhaineamar an taitneamh as ár gcuairt ar Phota. 

Beidh muid thár n-ais.

30.1.21

Ag siúl!


Bhí an aimsir go dona i rith na seachtaine agus ní raibh seans againn dul ag siúl an 5km. Bhíomar istigh sa teach faoi dianglásáil ag an mbáisteach. 

Ach ar maidin bhí sé go deas. Griain ag taitneamh. Chuala mé lon dubh ag canadh i sceach ag tí Choilm. Bhí asail baillithee le chéile taobh le teach eile. 

Bhi an chuid amuigh ag siúl. Mar a deirtear thár timpeall anseo bhi an bóthar an-bhisí!

Chuaig me siar i dtreo Baile an tSléibhe agus thug mé faoi deara muileann gaoithe Ros a'Mhíl ag lúbadh go leisciúil agus ag amharch orm thar an aird.

Lá deas a bhí ann, lá earraigh thiar!

10.5.20

Ní tada é cúig gciliméadar.

Ligeadh amach muid ar an máirt seo caite. Bhí cead againn anois an teach a fhágáil agus dul cúig gciliméadar ón teach.

Chuamar siar go dtí an Ceathrú Rua ar an nDéardaoin. Ní raibh mé sa charr le breis is sé seachtaine roimhe. Bhí mé i ndán tiomáint fós - ní raibh an bua sin caillte agam agus mé úm clutharú na "bliainta" ó shin. Bhí sé suimiúil.

An domhain nua!
An chéad rud a thug mé faoi deara na na carranaí a bhí páirceáilte ós comhair na tithe. Sa sean-am bhíodh an chuid is mó de na carranaí imithe. Bhíodh na húinéirí ag a n-áit oibre - istigh sa cathair nó pé áit a bhíodh gnáth oibre ar siúl acu. Mar sin féin bhí corr carr á dtiomáint ar an mbóthar ach is dócha gur ag dul nó imeach ó siopa a bhí siad mar a bhíomar féin.

Bhí an siopa eagraithe ionas nach mbuailfeadh daoine lena chéile - an dá mhéadair dleathach agus eile. Shiúl mise chomh fada le Trá an Dóilín ansin. Bhí an lá go hálainn agus níor bhual mé le duine ar bith agus bhí sé íontach ciúin - ní raibh aon rud le ceol na n-éan a stopadh agus bhí siad glórach go lear agus mé ag dul siar.

Siopa Ionraic
An lá dár gcionn chuamar soir chom fada leis an nGarraí Ghlas. Tá siopa ionraic oscailte ag Aonghus Eoin agus neart stuif aige ann (ó chúl an tí!). Bhí plandaí, trátaí, spionáiste, borráiste, gleorán agus málaí duileoga sailéad. Is íontach an éacht atá déanta aige ansin ar "thalamh bhocht lom" Chonamara. Tá sampla simplí léirithe aige ar chonas talamh, nach raibh mórán meas ag an chuid air, a déanamh torthúil agus tairbheach. Tá píosa i leabhair de chuid Robert MacFarlane is é ag caint faoi thuras in eitleán go Leòdhas in Allban agus chuala sé duine ag breathnú anua ar an dtalamf futhu. "Níl tada ann!" Togann sé meon éigin le tuiscint nach tada atá ann ach fluirse agus saibhreas. Is léir go bhfuil an meon sin ag an fear óg seo.

Cheannaíomar ronnt stuif ansin agus is cosúil go raibh daoine eile ann romhainn mar bhí airgead agus nótái sa bhosca ann agus tá cuid dé ag déanamh a ngarraí féin glas chomh maith!

Ó shin stopmara ag an séipéil - Séipéal na Tulaí - agus dúramar "Heileo!" leis an Tiarna istigh. Ní rabhamar istigh sa séipéil ó thús mí Márta. Uaidh sin shiúlamar ó dheas go dtí an trá. Bhí radharc álainn ar chnoic Chontae an Chlár.

Radharc ó dheas ó Trá na Tulaí
Tá rud amháin maith ó thaobh na rialacha nua seo. Tugann sé seans dúinn eolas níos fearr a fháil ar an áit áitiúil. Roimhe seo ar ndóigh chuamar istigh sa cearr agus as go brách linn ar thuras chuig áit éigin álainn eile. Anois tá seans againn an áit álainn sa bhaile a fheiscint agus a bhlaseadh. Tugaim faoi dearadh ar an gcóras giolcireachta go bhfuil an chuid pictiúirí deas á roinnt ag daoine óna n-áit dhúchais féin: an "tada" thár timpeall orainn.

Tá muid ag foghlaim?


Tuar dhóchais! (18/4/2020)

20.4.20

Ar bhalla bhricí!

Bhí sé scamallach inne nuair a shiúl mé thar timpeal an tí. Tá balla bricí ar an taobh thiar den teach agus lána idir é agus an teach fhéin. De gnáth bhíonn gála gaoithe ag séideadh trén áit ansin.

Inné bhí sé ciúin go leor áfach agus thug mé faoi ndearadh go raibh rud éigin ina seasam ar an mballa. Bhí sé ag crith go mall sa leoithne bhog agus cheap mé gur féileacán nó leamhan a bhí ann.

Ghlach mé an pictiúir seo agus rinne mé é a googláil. Tá me ag ceapadh anois gur glasán (Hipparchia semele) atá ann. Deirtear go mbíonn sé le fáil i ndeisceart na tíre agus i mBoirinn chontae an Chláir. Deirtear leis go mbíonn sé deachar go leor é a fheiscint mar tá na dathanna an-chosúil le cairrige.  Deirtear nuair atá sé ag glacadh sos go gcoimeadann sé a chuid sciatháin go daingin le chéile ós a cionn (mar atá siad so pictiúir).

Ní raibh mé ró chinnte agus scríobh mé chuig Eithne Viney le cóip den bpictiúir agus cheap sise gur glasán a bhí ann chomh maith.

Cé nach bhfuil dáthanna ró gheal air cheapaim go bhfuil se dathúil mar fheithid ina bhealach féin.

• Féach chomh maith ar "Sos ar thaobh an bhóthar!" (11/8/2017)

4.4.20

Ileolai caillte!

Ní raibh mé le h-aon rud a scríobh faoin leabhair a bhí á léamh agam le cúpla lá anuas agus a chríochnaigh mé á léamh inniú*. Ach ansin inné tháinig an nuacht gur raibh an udar tar éis bás a fháil leis a víreas corónach i Londain. Saoi, Draoi agus cumadóir focail, léarscáilí agus ealaíontóir - ileolaí gan aon amhras a bhí i dTim Robinson.

Is cuimhin liom nuair a thanamar anseo go Conamara ar dtús cheannaigh mé a leabhrán bheag leis an map aon-orlach den áit. Cé go raibh sé i mBéarla bhí sé soiléar go raibh meas neamhgnách ar an áit agus ar a "eisintiúlachas" nó a bunbhrí. Bhí meas aige ar an talamh faoin a gcos idir cré agus carraig.

Ach thár rud ar bith eile, is dócha, bhí meas aige an oidhreacht agus seanachas a bhí le fáil i scéalta na ndaoine agus ardmheas ar an traidisiún a bhí léirithe in logainmneacha na háite. Chum sé focal faoi leith ar an obair a bhí idir lámha aige in Iarthair na tíre - "geophany" seachas "geography". Ní liníocht ach thaispeáint spiorad áite a bhí ar siúl aige.

Sa leabhair a bhí á léamh agam - an ceann deireannach a foilsíodh* - tá an omós, urraimeachas (má tá a lethéid d'fhocal ann) go soiléir ann. Tá an chaibidil deireannach san leabhair seo mar cineál tiomna nó uacht b'fhéidir sna cúrsaí seo.

"Among the historical roots of Ireland's carelessness of place is the retreat of its language and the accompanying anglicization of its placenames, which have been defaced, rendered dumb and sometimes reduced to the rediculous. To undo a little of this damage has been for me, an Englishman, a work of reparation." (llch 187)

In áit éigin eile scríobh sé "Irish placenames dry out when anglicised, like twigs snapped off from the tree".

Tuairisc ar TG4
Deirtear go bhfuil an nós ag na hÉireannaigh a rá go bhfuil Gaeilge maith nó a mhalairt ar dhuine agus nach ndeirtear a leithéid de rud i dtaobh aon theanga eile. Rud nach bhfuil fíor. Tá thogha an Bhéarla le fáil i scríobhnóireacht Tim Robinson. Saibhreas nach bhfuil le fáil go ró mhinic sa teanga sin.

Tá muintir Chonamara ach go h-áirithe brónach sna laethanta seo, mar atá muintir Árainn agus Muintir An Bhoirne.

Tá laoch eile liteartha caillte ar shala a cháirde Joe Steve Ó Neachtain i mí Eanáir agus Liam Mac Con Iomaire anuireadh. Go mbuaileadís le chéile sa saol eile ag roinnt agus ag saibhriú a chéile go deo.1

*  Experiments on Reality - Tim Robinson, 2019; ISBN: 978-1-844-88483-4;  Penquin Ireland
1  CF Pictiúr ag Seán Ó Mainnín tógtha i 2006 roinnte ar twitter.





23.2.20

Alliliú!

Tá an talamh báite leis an uisce. Tá garraí cuíosach mór ar chúl an tí sagainne. Nuair a bhíonn báisteach trom ann téann an cuid is ísle de faoin uisce. Braitheann sé ar ché chomh trom is atá an báisteach.

Bhí sé an throm i rith na coicíse seo caite agus mar sin tá beagnach leath de ngarraí faoi uisce. Anois is arís tagann cuairteoirí chun trial a bhaint as an lochán nua seo. Seacht mbliain ó shin tháinig Éigrit bán ar chuairt chugainn.

An tráth seo is lacha dubh agus bán atá ann. Tá sé ag snámh agus á bheathú féin le pé stuif atá sa bhféar faoin uisce. Seans gur lacha bhadánach atá ann ach níl mé ró chinnte. Tá mé beagnach cinnte nach mallard atá ann. Níl an pictiúir ró mhaith mar is trén bhfuinneog a tógadh é - bhí sé fós ag báisteach.

Má tá tusa cinnte céard ann tá ann abair liom.

Pé scéal é ghlaoghamar Daithí air! Má tá tú ag aois áirithe tuigfidh tú cén fáth!


14.8.19

"Tan" ar an gCéibh!

Bhí mé thíos ag Céibh Cheann an Bhóthar nó Céibh an Station inné nuair a thug me faoi dearadh go raibh péire shúl ag breathnú orm go fiosrach.
Cé thusa?
Éan a bhí ann, faoileán de short éigin.

Bhí faoileann bán ag snámh san uisce agus taobh leis bhí éan eile a bhí cosúil leis an ceann a bhí úm scrudú! Cheap mé go raibh sé aisteach go raibh dhá éan ag snámh le chéile mar sin agus iad chomh éagsúil ona chéile - ceann amháin bán le sciatháin liatha agus an ceann eile donn agus dorcha. Bhí eireaball dubh ortha leis.

Thár n-ais ag an teach dom thosaigh mé ag lorg eolas faoi chén chineál éin a bhí ionta. Bhí an ceann bán éasca go leor le deanamh amach. Faoileán scadán (Larus argentatus) a bhí ann. Ach céard faoin ceann fiosrach agus a ceann eile a bhí ag snámh leis an gceann bán?

Fuair mé amach gur faoileán scadán óg atá ionta. Is cosúil go dtógann sé roinnt blianta leis an dáth donn & dubh sin a chailliúnt ach diadh ar ndiaidh éiríonn siad níos gile go dtí go mbíonn siad fásta suas i gceart.

Is éan mór atá ann agus is minic a feictear ealtú ag ionaid dumpála ag lorg rud le n-ithe. Seo an dailtín a sciobann sceallóg amach as do lámh muna bhfuil tú cúramach. Is cosúil gur seo a thárla go Emma Ní Chearúil (@gingeripod) cupla lá ó sin i gcroí lár cathair Átha Cliath. N'fheadar an ceart "Tans" a thabhairt ortha - donn agus dubh is atá siad agus iad óg?

Ní nach íonadh tá conspóid ann in áiteanna toisc iad ag éirí ró-dhána ar fad agus polaiteoirí áirithe ag caint faoi iad a chiondíothú.

Cúntas ortha ar Birdwatch Ireland (Béarla)
Cúntas eile ortha ar shuíomh RSPB (An Bhreatain - Béarla)
Cúntas ar WIKIPEDIA an Bhéarla.

 Faoileán Scadán Fásta                                      (Pic le Kurt Kulac ar 2007-06-09)

22.6.18

Le taobh an bhóthair.

Inniú an lá is faide sa bhliain - lá ghrianstad an tsamhraidh. Cé nach raibh a lá ró the chuaigh mé amach ag siúl ar an  mbóthar ó dheas den tí. Tá neart bláthanna nó planndaí fiáin le feiscint. An ceannabhál ag luascadh sa leoithne bhog ag séideadh thár an talamh riascach agus bláthanna beag eile nach bhfuil a nainmneacha ar eolas agam.

Shuigh mé ansin ag breathnú ar an loch o bharr an chnocháin, thár fothraigh an tsean bhaile. Bhi chuile rud ciúin. Tá éis tamail bhogas thár n-ais i dtreo an bhaile "nua." Thugas faoi deara sean chara sna sceacha ar thaobh an mbóthar. Rósanna fiáine a bhí faoi bhláth. Ardódh sé do chroí iad a fheiscint agus na datanna álainn ionta.

Ní bhíonn siad faoi bhláth ach ar feadh tréimhse an ghearr i lár an tsamhraidh go bhfios dom. Ach deirtear sna leabhair go mbíonn siad faoi bhláth ó mí Meitheamh go dtí mí Lúnasa. Feirdhris an t-ainm atá air nó Rosa Canina (Béarla) do na luibheoilithe. Tá saghasanna éagsúla ann le dáthanna ó beagnach bán go dtí corcra mar atá an ceann seo.

Nach íontach iad!
An Sean Bhaile, Loch an tSean Bhaile agus Sléibhte na Boirne ar chúl ar fad!

10.6.18

Eachtrán ar thaobh an mbóthar!


Tá mé ag ceapadh go gairleoig fhiáin atá sa planda aisteach atá anseo agam.

Dár le Wild Flowers Ireland (@zoedev1174), Gairleog Mhuire (Allium vineale) atá ar seo agus tá siad le fáil i ndeisceart na tíre agus san oirther. Ach tá seo ar an gCaorán ar thaobh an bhóthar ós comhair á dteach-sa anseo i gConamara.

Tá boladh láidir gairleoige ón bplanda. Is féidir í a úsáid i gcúrsaí cócaireachta chomh maith. Baineadh úsáid as mar leigheas ar scoilteacha sa sean am.

Nach bfeiceann sé go deas - todhchaíoch  fiú?

13.5.18

Bromach nó searrach?

Saol nua ar an gCaorán!

Rugadh an searrach seo i ngarraí in aice linn cupla lá ó shin.  Nó is é sin a glaogh mé féin air ach ansin cuimhnigh go bhfuil oileán beag ó dheas uainn agus Oileán an Bhromaigh atá air.

An bromach é mar sin? Bhfuil aon difríocht idir an dá théarma?

Fannan sé (nó sí?) ina aice lena mháthar i gcónai. Féachann sé beagáinín chiotach nó amscaí anois - míshocair ar a chuid chosa. Tá siad beagáinín ró fhada agus ró thanaí dá chorp. Ar ball ar ndóigh beidh sé chomh maorga le breathnú air lena tuismitheoirí.

19.2.18

Achainí thochtmhar aniar!


Tá ráiteas éisithe ag coiste áitiúil Iorras Aithneach, Coiste Jabanna do cheantar Iorras Aithneach, le déanaí. Is fiú é a leamh.

Tá ár gcoiste nua bhunaithe dhá mhí ar an bhfód agus ceann de na chéad chéimeanna a bheartaigh muid a thógáil ná achainí tacaíochta a chur le chéile ag léiriú tacaíochta an cheantair do Pháirc na Mara i gCill Chiaráin.

De réir tuairisc Scoil Pobhail Mhic Dara i gCárna agus CLG Carna/Caiseal, go bhfuil os coinn 70% do dhaoine óga an cheantair tar éis fágáil le 30 tríocha bliain anuas agus go gcaifear stop a chur le sin sula mbeidh an tobar triomaithe amach go hiomlán in Iorras Aithneach.

Tá an sprioc do 1000 síniú bainte amach ag an gcoiste agus breis is 1250 síniú againn go dtí seo chun tacú le hÚdarás na Gaeltachta, Páirc na Mara a fhorbairt i gCill Chiaráin, Conamara, Co na Gaillimhe.

Deir Cathaoirleach an choiste Mícheál Ó Cadhain go bhfeiceann sé "Páirc na Mara mar cheann de na tograí a chuideoidh le fostaíocht sa gceantar agus fáiltíom sé go mór é".

Deir Rúnaí an choiste, Colm Ó Neasa, "Is deá chomhartha an méid sínithe a fuair muid mar gur léiríonn sé go bhfuil muintir an cheantair ag tacú go láidir le hÚdarás na Gaeltachta agus na pleananna atá acu do Pháirc na Mara".

Sna seachtainí atá amach romhainn beidh muid ag breathnú ar bhealaí eile chun fostaíocht a cruthú i gceantar Chárna agus Chill Chiaráin agus beidh muid ag iarraidh bualadh le hÚdarás na Gaeltachta, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus polaiteoirí áitiúla eile chun modh oibre is feiliúnaí agus is fearr a chur le chéile. Tá sé rí-thábhachtach nach dtitfidh ár n-achainí ar aon chluais bhodhar agus déanfaidh an choiste díograiseach a seacht míle dícheall chun amhlaidh a sheachaint.

Ba mhaith leis an gcoiste buíochas a ghlacadh le haon dhuine a shínigh an achainí seo anseo sa mbaile agus daoine ata ar imirce. Is cruthúnas é seo go bhfuil tacaíocht do Pháirc na Mara agus inár bhfís chun fostaíocht a chruthú sa gceantar.

Tá an achainí ar líne fós ar líne acu agus ní mór drioblóid ar éinne é a shiniú agus cuir leis an méid thuas 800 áitiúil agus timpeall 440 ar líne - níl sé ró éasca ceangal bhanda leathan a fháil in Iarthair Chonamara ar ndóigh!  Is féidir teach ar an achainí anseo Tacú le Údarás na Gaeltachta & Páirc na Mara i gCill Chiaráin!

Súil agam go mbeidh lucht pleanála i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh ag éisteacht!

Páirc na Mara, Cill Chiaráin
• Tá alt i mBéarla faoi seo le fáil anseo (This story in English):"But all these charms are fled "... maybe not?

6.1.18

Breabhsáilíthe sa lochán!

Tá sé de nós agam tiomáint go luath maidin Sathairn chuig an siopa leis an nuachtán a fháil. Tigh Dic nó Tí Dhurcháin atá ar an siopa áitiúil againn.

Ar thaobh na láimhe dheise agus mé ag tiomáint soir, tá lochán bheag. Tá sé idir Bánrach agus an casadh istigh chuig an Chloich Mhóir. Go luath ar maidin sular éiríonn an ghrian i gceart bíonn scáil na spéire le feiscint ann. Solas geal sa dorchadas!


Ar maidin áfach bhí ceithre chuairteoir istigh ann. Ní fhaca mé oiread agus eala amháin ann roimhe seo ach ar maidin bhíodar ann ag breabhsáil ar a suaimhneas. Stop mé an chearr agus ghlach mé pictiúir. Tá an radharc anois agam ní hamháin i mo chuimhne ach le roinnt leatsa anseo.

Is mé ag caint faoi Tí Dic tá dhá alt san eagrán deireannach d'irisleabhair bliantúil Chois Fharraige - Biseach 2017. Tá ceann amháin scríofa ag Ruaidhrí Ó Tuairisg ar an siopa féin, a stair agus na daoine a bhí ag freastail ar mhuintir na h-áite ó 1933 agus roimhe.

Ta an dara alt ag Áine Durkin (@miseÁine)* agus a cuimhne féin ar an siopa sa "sean-aimsir." Tá tagairt aici ar na rudaí a bhí le díol ann, cuile cineál rud -

"Ar na seilfeanna, bhíodh buataisí rubair, bróga, taephotaím, cloigne scuaibe urláir, sáspain, coinneoirí, buicéid ... measctha tríne chéile ar thaobh amháin den siopa, agus earraí mná ar nós 'girdles' agus 'drawers' ar an taobh eile.."

Mar a deireann sí féin "Tá an saol ag athrú agus tá ré na sean siopadóireachta beagnach thart' ach "i gcuimhne duine duine ar bith a théann siar ar bhóithrín na smaointe, ag cuardach creathnaí, carraigín, ronnaigh bhuí, ola mór..."

N'fheadair cad a bhí á chuardú ag na healaí sa lochán bheag ar thaobh na láimhe deise is mé ag lorg nuachtáin an lae soir i dTí Durkin, Baile na hAbhann.

* Tá cnuasach dánta scríofa ag Mise Áine foilsithe le deanaí, An Bhean Istigh, agus scríos píosa faoi anseo.

25.11.17

Comhrá dairíre!


Nach íontach an ceangal atá idir buachaill óg agus a Dhaideó?

Bhí comhrá dairíre ar siúl idir mise agus eiseann ar chonas a oibríonn chúrsaí taoide. Conas a bhíonn tionchar ag an gealacha ar líonadh agus trá na taoide. Ag siúl a bhíomar ar an mbóthar ó dheas i dtreo Thoit Chónáin agus Poll Aill an Arbhair.

Már a fheiceann tú bhí sé fuair agus baol bháistí ann agus gaoth láidir Shamhnach ag séideadh agus mar sin bhí muid clúdaithe go maith ina n-aghaidh lenár gcuid hudaíanna!

Ni raibh fhios ag ceachtair againn gur glacadh an grianghraf seo ag an am.

Sílim go bhfuil sé go deas!

17.10.17

Éan bán agus Scáthchruth!

Bhíos amuigh ag siúl um thráthnóna thart faoi Loch na Lannach in aice linn anseo. An chéad uair tár éis imeachta Ophelia ó thuaidh!



Ní raibh mórán uisce sa loch. Líonann sé dhá uair gach lá nuair a bhíonn lán mara ann. Ní raibh mórán damáiste déanta. Bhí sé léir go raibh a taoide árd go leor mar bhí feamain úr níos airde ná mar si gnáth ar a bhruach.

Éigrit (bán)
Thug mé faoi deara éin an-bhán ar carraig i lár. Is dócha gur éigrit a bhí ann. Bíonn ceann thíos ansin nó i gCuan Fhortail i dtreo Ros a'Mhíl. Bhí sé an fhad uaim agus ní raibh ach an fón agam le iarracht phictiúir a thógaint. Níl sé ró mhaith mar bhí orm an zoom a úsáid agus mar sin tá sé geamhach.

Cuig bliain ó shin thug éigrit cuairt orainn ar chúl an tí agus tá an scéal anseo (agus pic níos fearr!) - Éan bán i ndiaidh na stoirme.  (Mí na Nollag 2013)

Ach ar mo bhealach ar ais tháinig corr réisc ag eitilt isteach tár an éan eile ach níor chuir sé isteach air. Tháining sé isteach san uisce and seas ann. Ghlach mé pictiúir eile ansin den corr réisc ach gan an zoom a úsáid agus tá an pic ar bharr anseo agam. Is in aghaidh na gréine a thóg mé an pic agus mar sin is scáth in aghaidh an tuisce atá ann.

An féidir leat é a fheiscint? Tá sé san uisce i lár an phictiúir.


11.8.17

Sos ar thaobh an bhóthar!


Tá an fomhair faoi lán seoil anseo i nDeisceart Chonamara. Ach fós tá sé beagáinín ró luath le tosú ag bailiú sméara dubha. Tá roinnt le feiscint ach níl go leor le mórán subh a dhéanamh go fóill.

Tá sé de nós againn dul isteach i gCeantair na n-Oileán len iad a bhailiú agus tá cosán deas ag dul ó thuaidh ón dTrá Bhán ar imeal na farraige agus tá neart sceacha ann a bhíonn an torthúil.

Bhí an lá go deas agus thugamar faoi deara go raibh feilicháin agus feithidí eile ag eitilt ó craobh go craobh, ach buíochas le Dia ní raibh rian de na míoltógaí le feiscint.

Tháinig ceannaín beag in aice linn agus suí sé ar cloch ar thaobh an mbóthar. Ní suíann siad go ciúin fada go leor le pictiúir a thógaint agus san am a thógaim se orm mo fón a ullmhú bíonn siad imithe de gnáth. Ach bhí an t-adh liom an babhta seo!

Scríos chuig Ethna Viney (ón Irish Times) ag iarradh fháil amach an féileacán nó leamhan a bhí ann. Tháinig sí thár n-ais chugam go sciopadh le freagra.

Feilichán atá ann agus Donnóg an Bhalla atá air.  Bíonn sé ag eitilt ó mí Márta go dtí mí Mean Fomhair. Tá nós aige bolg le grian a dhéanamh ar chlocha nó ar bhallaí (ach sa chás seo tá a dhroim atá á thaispeáint do ghriain!) Tá ainm laidin ar ar ndóigh - "Lasiommata megera!"

Tá sé donn do chuid is mó agus spotaí oráiste air cuid acu i bhfoirm súl. Deirtear go mbíonn an dath liath ar an taobh eile den na sciatháin.

D'fhán sé ciúin an fhaid is a bhí mé ag tógaint an pictiúir.