Showing posts with label Leabhar Breac. Show all posts
Showing posts with label Leabhar Breac. Show all posts

17.10.25

Neamhshaolta ach daonnachtúil!

Ní dóigh liom go bhfuil traidisiún ficsean eolaíochta láidir sa Ghaeilge. B'fhéidir cuid de na scéalta ag Cathal Ó Sandair le Réics Carlo ach níl mórán eile. Bíonn orainn brath ar aistriúchán mar sin de gnáth.

Le déanaí tháining me ar an gceann seo a bhí i nGaeilge na hAlbain ag Tim Armstrong. Tá an-aistriú anseo déanta ag Eoin P. Ó Murchu sa leabhair 'Tinte na Farraige Duibhe.'*

Scéal faoi imeachtai agus daoine agus robait (nach fuaránach é!)  i bhfad ó shaol an lae inniú. Gach rud faoi smacht ag deachtóireacht de shaghas éigin. Scéal daoine atá ag iarraidh bheith saor ach atá a leanúint ag forsaí "an dlí". Scéal ar éalú agus aimsiú atá ann.

Agus ar a dturas bhí beirt agus robot agus i rith a chuid eachtraí leandáil siad i "San Fran Sioscó" áit inar bhuail siad le daoine nár thuig a dteanga. Sa leabhair tá Béarla San Fran Sioscó scríofa de réir na foghraíochta, foghraíochta na Gaeilge! Tá sé deachair iad a thuiscint ar dtús ach is deas mar cleas é.

  • "Bhuelcum tú ár humball hóm" mar shampla.
  • "'Bhír beac!' Tháinig 'Ille Cuipt isteach, agus Dé-Rac ansin faoi ualach málaí droma lána.
  • 'Siod dads heibhí' arsa Dé-Rac agus leag sé a mhála féin. 'Dúd, dhiú babhd de hól deam stór'"

Is eachtra maith é. Tá sé éasca le léamh. Is scéal a choinníonn d'aire an t-am ar fad é. Bíonn súil ag an léitheoir go n-éiríonn le laochra an scéil a bheith sona ag an deireadh agus a naimhde scriosta ar deireadh.

Bhain mé sult as.


*Tinte na Farraige Duibhe; Tim Armstrong; aistrithe Eoin P. Ó Murchu; Leabhar Breach (2020) ISBN 978-1-913814-03-8

18.8.22

Báisteach agus súil amháin.

 Beagnach mí ó scríos píosa anseo. Bhí muid ag taisteal!

Is maith a seans taisteal a thugann do dhuine leabhair a léamh. Is maith liom suí sa traen ag leamh - go mór mór anois nuair nach gá dom íoch as an dturas.

Léigh mé dhá leabhair a bhain le stair, nó réamstair ár dtíre. Is maith an rud é leabhair faoin sean-aimsear. Agus bhí an dá leabhair seo bainte le dhá thréimhse éagsúil. 

Thárla eachtraí sa chéad cheann in aimsir Chromail - (tréimhse 1648-53). Scéil chléirigh ag arm na hÉireann agus iad faoi ionsaí ag lucht Chromail agus a cháirde. Is cuimhin liom gur chuala mé go raibh sé de nós ag an uasal aicme in Éirinn cléireach a bheith acu ag scríobh síos a thárla dá thiarna. Bhí cléireach, a chuala mé, ag Aodh Mór Ó Néill agus é ar a thuras go dtí an Róimh agus dá bhar a chuid scríobhnóireachta tá eolas againn ar an olc agus ar an mí-ádh a thit ar an dturas sin. 

Mar sin atá sa leabhair, An Cléireachle Darach Ó Scolaí, agus istig ann tá an léiriú ar an saol. "Táimíd sa phuiteach leo, agus san draoib, agus sa chlabar," dár le hAlan Titley ina léirmheas agus b'fhíor dhó nuair a lean sé "(nach mór) duit tuáille a tharrangt chugat féin tár éis a léite d'fhonn tú féin a throimiú." Cheap mise go raibh an stíl scríobhnóireachta beagáinín trom ach chuile seans go iarracht ag an údar stíl an seachtú aois deag a léiriú. Mar sin féin níor chuir sé isteach ar rithim a scéil dom. Agus tá mé tirim arís!

Tá leabhair mar seo an tabhachtach dár liom mar cé gur úscéal atá ann tá léiriú ar ár stair féin. Rinneamar an-sceal leis an Ath Peadair, Niamh, agus mé ar scoil a thaitn go mór liom. Ba faoi aimsir Bhrian Boirmhe agus na Lochlainnaigh a bhí sé.  Is annamh a faightear scéal mar seo sa Bhéarla suite in aimsir stairiúl in Éireann - (tá mé ag smaoineamh ar obair Standish O Grady ach cé eile).

Bhí a dara leabhair an-difriúil - Tuatha Dé Danann. Scéal reamh-staire a bhí ann agus arís is maith an rud é sceal mar seo a insint arís agus arís eile. Tá sé istigh ionainn is dócha agus deintear tagairt do na scealtaí miotaseolaíocha seo anois is arís sa gnáth caint - Fir Bolg, Balor na Fomóraigh agus eile. Is maith mar sin fur thóg Diarmuid Johnson a pheann ina lámh leis a sceal a ath-insint. Cé gur i ngnáth caint an lae inniú atá sé á scríobh tá blas na seandálaíochta ann mar aon le blás sheanachaí éigin ag an tine oíche Gheimhridh.  Éist leis: "Níorbh fhada ansin gur éirigh an slua ina gcoinne, an dubhshlua dúr drochdhaite, an drong mhór mhallaithe, an díorma dalba dásachtach, fir agus fathaigh Fhine Fomhórach..." Ní fhéadach TG4 féin pictiúir níos fearr a tharaiscint dúinn.

Tá leabhair mar seo an tabhachtach mar a dúirt mé. Tugann siad cineál cúlra dúinn mar náisiún - bunús dúinn mar phobal.




1. An Cléireach, Darach Ó Scolaí, Leabhair Breach, - ISBN 978 0 898332 33 9 (Cead Eagrán 2007)
2. Tuatha Dé Danann, Seilbh Inse Fódla, Diarmuid Johnson, Leabhair Breach - ISBN 978-1-911363-20-0

3.1.22

Uasalaicme!

Tá mé díreach tár éis leabhair Mháire Mhac An tSaoi, Scéal Gearóid Iarla* a léamh. Leabhair deas a léiríonn saol nach bhfuil ann a thuile agus saol i dtréimhse nach bhfuil mórán eolas againn faoi. Ar bhealach cé gur úscéal atá ann, is leabhar filíochta gan filíocht é  chomh maith. Gach caibidil gearr so-léite agus uaireanta cuid dé filíochta an Iarla féin ann.

Chuir sé mé ag smaoineamh ar an saol Ghaelach a bhí ann fiú nuar a ghlac Rí Shasana "Tiarnas na hÉireann" ar féin agus fiú  go dtí teitheadh na nIarlaí sa bhliain 1607. Bhí uasal aicme ann le tréithe agus nósanna nach raibh ag na Sasanaigh nó fiú ag na huaisle i dtíortha eile san Eoraip. Cé go raibh sé chomh Gaelach sin bhí sé ina fear ionad don Rí Shasanach chomh maith. Léiríonn an leabhair seo cé chomh Gaelaithe is a bhí na Normánaigh chomh fada le deireadh réimis roga na Phlantagenet i Sasana ó Aonraí II chomh fada leis a triú Risteard a fuair bás sa pháirc úd i mBosworth. 

Ag aimsir Ghearóid Iarla (caoga bhliain roimhe sin) ba léir go raibh saol chomh Ghaelach agus ab fhéidir a bheith ag na huaisle. Bhí an altramas á chleachtadh i measc na huaisle - Gaelach is Normánach mar shampla. Agus ar ndóigh bhí meas acu ar an bhfilíocht - mar léirítear sa leabhair seo. 

Ach  is faoi Clann Tudor an dá Aonraí (VII & VIII) agus Éilís, a thosaigh an sléacht is an cos ar bholg ar an saol agus an intinn maorga Ghaelach - go fiú an lá atá inniú ann.

Pic: Galway Advertiser 30/12/2021
Agus mé a smaoineamh ar seo tháinig cóip den Galway Advertiser chugam agus istigh ann bhí cúntas ar Art Ó Laoghaire agus an caoine a dúirt a bhaintreach nuair a fuair sí é "Gan Pápa gan easpag, Gan cléireach gan sagart." Bhí léiriú ar an scéal agus bhuail smaoineamh céanna liom. An saol eile seo a bhí ag na huaisle in Éireann a bhí le feiscint i saol Airt Uí laoghaire, an oifigeach calma in Airm na hUngáire agus ag a ghrá gheal. 

Rud nach bhfuil fágtha anois faraoir. 

Is dócha gurb iad Chlann Eibhlín Dhuibh i measc na huaisle, na sean-uaisle seo a chleacht na sean nósanna Ghaelach. Ar bhealach bá é Dónal Ó Conaill an Uasal Ghaelach Deireannach agus gur fagadh na sean nósanna sin le nua-nósanna Uaisle Shasannach a ghlacadh. Narbh fhíor don gCraobhinn nuair a ardaigh sé an cheist beagnach céad tríocha bhliain ó shin? 

"If we take a bird's eye view of our island today, and compare it with what it used to be, we must be struck by the extraordinary fact that the nation which was once, as everyone admits, one of the most classically learned and cultured nations in Europe, is now one of the least so; how one of the most reading and literary peoples has become one of the least studious and most un-literary, and how the present art products of one of the quickest, most sensitive, and most artistic races on earth are now only distinguished for their hideousness."

Nach aisteach na rudaí thagann isteach i do chloigeann agus tú ag leamh leabhair! 

* Scéal Ghearóid Iarla, Máire Mhac an tSaoi, Leabhair Breach 2011, ISBN 0 898332 53 7

10.6.16

Sa tóir ar an rud nach bhfuil acu!


Cén fáth a scríonn daoine úrscéal? Uireanta nuair a léim ceann nua cuirim an cheist sin orm fhéin. Tárla sé dom nuair a léig mé An Strainséara le hAlbert Camus roinnt bhliain ó shin. Nó leabhair i mBéarla le Myles. Cén fáth ar chuir Cervantes peann le páir agus an chéad cheann a scríobh timpeall ceithre chéad bliain ó shin.

Bhí mé istigh i siopa Charlie Byrne i nGaillimh agus phioch me cóip de leabhar a cheap me nach mbeadh mórá deachtaireacht agam len é a léamh - léamh éadrom a bhí uaim! Thóg mé ceann a bhí gearr go leor 130 leathannach nó mar sin. Ainm thár a bheith aisteach air leis. Léas ar an gclúdach faoi, "Buachaill agus cailín sna déaga ar a gcamchuairt trí shráideanna fuara Bhaile Átha Cliath. Doras an t-ainm atá ar an mbuachaill, Fuinneog atá ar an gcailín. Cuireann siad aithne ar mhadra, Scuab. Tá an triúr acu ar a dteitheadh ó ghardaí, ó shagairt agus ó dhaoine fásta." Bhíos fiosrach.

"Doras Fuinneog Scuab" a bhí ar an leabhar agus é scríofa ag "Máistir i mbun pinn," Seán Mac Mathúna. Tá an scéal aisteach seo faoin mbeirt agus a gcuid eachtraí agus iad ag teitheadh ón saol chrua a bhí acu mar dhílleachtaí. Ag lorg faoiseamh agus a saol féin a caitheamh mar ba mhaith leo. Tugtar pictiúir maith dúinn ar na daoine aisteacha a bhuaileann leo agus cé go raibh cuid acu cineálta go leor leo (agus cuid eile nach raibh) bhí ortha éalú i gcónaí, eagla roimh chuile rud acu.

Seán Mac Mathúna
Pic: Seán Ó Mainín,Tuairisc.ie
Chuir an buachail agus an cailín aithne ar a chéile da réir a chéile agus chuireadar fios ar a mbuanna éagsúla. Rinneadar ceangal eatartha agus an madra Scuab a bhí buanna speisialta aige chomh maith.Tár éis an tsaol bhí mé ag iarraidh fháil amach cad a tharlódh ag an deireadh. Bhí a dturas trén leabhair spéisiúil, bhí comhbhá agam leo agus ní fhéadfainn an leabhair a chuir uaim go dtí go raibh sé léite ina iomláine agam. Agus bhí sé so-léite agus sásúil.

Ach fós tá an cheist sin i mo chloigeann - cén fáth a scrítear úrscéal?

Doras Fuinneog Scuab 
Seán Mac Mathúna.
Foilsithe: Leabhar Breac (2015)
ISBN 978-1-909907-57-7