Showing posts with label Réalteolaíocht. Show all posts
Showing posts with label Réalteolaíocht. Show all posts

7.7.17

Ad astra! Cuimhne bhuachalla óig ar réalteolaí!


Níor thug mé faoi deara na hainmneacha nuiar a ainmníodh foirgnimh nua in ollscoil éigin le deanaí. Bhí tuairiscí faoi sna nuachtáin agus iad ag déanamh mór den rud gur mná a bhí á chomóradh i dtrí chinn dóibh.

Fiú nuair a bhí tuít ó Harry McGee a rá go raibh duine acu gaolta leis níor thug mé faoi deara gur bhuail mé le ceann dóibh agus mé óg. Ní go dtí raibh giolch eile uaidh níos deanaí a dhírigh m'ard ar alt san a bhí san College News, "An Irish University Has Used A Brilliant Initiative When Opening 3 New Buildings," (Béarla).

Chuaigh mé chuig an alt agus léigh mé a raibh ann agus nuair a léigh mé an píosa ann faoi Mary Brück agus a chuid oibre i gcúrsaí réalteolaíochta.
Nuair a bhí mé óg bhí an-suim agam i gcúrsaí réalteolaíochta. Bhí mé ag léamh chuile rud faoi sna nuachtáin agus bhíodh cláracha do pháistí faoi ar Raidío Éireann. Is cuimhin go raibh bean ag caint ar an Raidío agus cheap mé gur Máire Brock a bhí uirthe. Ba cineál laoch don mbuachail beag 10 mbliana d'aois a bhí ionam ag an am. Is cuimhin liom go raibh sí ag obair lena a fhear chéile, Gearmánach san réadlann náisiunta (Béarla) i nDún Sionca. Mé ag ceapadh go rabhadar ina gcónaí ann chomh maith.

Rinne Uncail liom socrú dom dul go Dún Sionca agus rinneamar turas ar an áit. B'í "Máire Brock" a bhí mar treoirí dúinn. Is cuimhin liom gur mhínig sí dúinn an obair a bhí ar siúl le radaiteileascóp ann agus ag lorg eolais ar na réaltraí agus réaltnéalta. Ansin thóg sí amach chuig an teileascóp mór a bhí i foirgneamh le díon cruinneachánach air. B'shin an buach-pointe domsa - ag breathnú ar an ngealach tré  theiliscóp mór.

Mar dhuine óg is dócha nár thuigeas cé chomh mór is a bhí sí mar réalteolaí. Bhí sí an-dheas agus sásta bheith linn - ní raibh ach m'athair, m'uncail agus mé fhéin ann an oíche sin. Ba ocáid speisialta domsa í. Bhí sí foighneach leis an ceisteanna símplí a chuir mé uirthí agus ní dhearna mé dearmad ar an dturas sin thár na blianta. Anois is arís chonaic mé a h-ainm i dtuairiscí ó shin agus ansin tuairisc ar a bás beagnach 10 mbliain ó shin.

Tá áthas orm go bhfuil comóradh agus aitheantas a dhéanam uirthí i DCU agus níl se sin chomh fada san ó Réadlann Dhúin Sionca!

Bean deas séimh a bhí inti.

• Tá eolas fuithí le feiscint anseo sa chúntas irabháis ar shúiomh Cumann Réalteolaíochta Dhún Éideann. (Béarla)

@DublinCityUni @harrymcgee 

1.10.16

An sealgaire go luath!


D'éirigh mé go moc ar maidin agus bhí sé fós dorcha. Amuigh bhí an spéir glan lán réaltach. Ó dheas bhí an  réaltbhuíon mór an sealgaire Óiríon le feiscint go soiléir ann.

Bhi cion faoi leith agam ar Óiríon, nó Orion na Gréigise agus an Bhéarla, ó bhí mé óg.  Tá a ainm an chosúil leis an sloinne s'againne agus mar bhuachail óg tá rudaí mar sin an tabhachtach. Glach mé cineál seilbh ar Óiríon bocht.

Tá buntáiste leis chomh maith ós rud é go bhfuil sé chomh éasca é a aimsiú sa spéir, go mór mór i ndorachadas na hoíche sa bhfomhair agus sa Gheimhreadh, go mór mór ar oícheanta fuair gan scamall sa spéir.
Brú ar an bpic len é a fheiscint níos fearr

Sa Bhéarla tá aimneacha ar chodanna den réaltbhuíon áirithe seo. Ina lár tá "Crios Orion" mar shampla agus ar a thaobh ta claíomh a iompar aige. Ach sa Gaeilge tá ainmneacha eile, ceann acu nach nglachtar i bpárlúis lucht na galántachta! Thug na Gael "Buaile an Bhodaigh" ar "Crios Orion" na Sasanach. Ní claoimh atá aige dár linne ach "Slat an Rí!"

Réaltnéal Óiríon
Tá dhá cheann de na réaltanna í láidre sa spéir ann leis.  Betelgeuse (Alpha Orionis) ar a bharr ar chlé agus Rigel (Beta Orionis). Sé Betelgeuse an naoiú réalt is gile sa spéir agus dath dearg air. Ach tá Rige níos gile mar an seachtú réalt is gile sa spéir. Tá dath gorm air. Uaireanta áfach bíonn Betelgeuse, a athríonn ó am go chéile, níos gile ná Rigel.

Má fhéacann tú go cúramach faoin trí réalt a deineann Buaile an Bhodaigh (nó an Crios) tá ceann de na rudaí is suimiúla sa spéir - réaltnéal Óiríon. Sé ceann de na rudaí sa spéir atá staidear deanta air ag na réalteolaí agus tá an-chuid eolais faighte amach ar chonas a deintear réaltaí agus córas plainéidí.

Nach aistean na rudaí a thagann chun cuimhne ag éirí dom ar maidin?

Seans go mbeadh spéis sna haltanna seo chomh maith agat!
Trasdul Véinéis 2012 (6/6/2012)
Mars Álainn (7/1/2016)





7.1.16

Mars Álainn! @HiRISEIrish

Tá mé ag leanúint cuntas giolcaireachta le deanaí a roinneann pictiúirí ó Mars - an pláinéad dearg.

@HiRISEIrish atá ar an gcúntas agus bhaineean sé le tionscadal "Mars Álainn" (BeautifulMars) de chuid Olscoil Arizona sna Státaí Aontaithe. An aidhm atá leis an tógra na scaipeadh an smaoineamh  gur le gach éinne an teolas atá a bhailiú faoin bplainéad sin. Scaiptear an t-eolas i dteangacha éagsúla agus chuireann siad fáilte roimh éinne atá sásta cabhrú le NASA.

Is é an ceamara HiRISE (High Resolution Imaging Science Experiment), atá ar bord an Orbiter Taiscéalaíochta Mars, an ceann is cumhachtaí dá leithéid a sheoladh riamh chuig pláinéad eile. Leis an gceamara ardtaifigh sin is féidir dromchla a iniúcadh ar bhealach narbh fhéidir a dhéanamh cheana. Ar ndóigh cabhródh sé áiteanna a roghnú le leaindeáil amach anseo.

Seo scannán a roinn siad ar maidin:


Tá tuilleadh físeanna le feiscint ar YouTube HiRISE Gaeilge.




6.6.12

Trasdul Véineas 2012

Trasdul Véineas thar an ghriain inniú. Ní thárloidh sé aríst go dti an bhliain 2017. Thárla sé cheanna sa bhliain 2004 agus roimhe sin i 1882 & 1872.

Úsáidadh breathnaithe ar na turasanna le tomhas a dhéanamh ar an fháid idir an Ghriain agus muid fhéin. Deintear tomhas den am a thógann sé dul trasna drompla na gréine ó dhá phointe ar an domhain agus ansin le matamaitic ag úsáid an fhaid idir an dhá áit agus an t-am is féidir a dhéanamh amach cén fháid ata idir sinne agus an Ghriain. Timpeall 93miliúin míle nó mar sin.

Is dócha gurb é an iarracht is cáiliúla agus is cruinne ná an ceann a rinne Capt James Cook sa bhliain 1769 i dTahití. D'fhág sé tuairisc iomlán lais an Royal Society i Londain agus níos déanaí rinne Kepler na sumaí agus fuair sé an freagra 93m míle!